Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

geimhreadh (32)

 
Dúradh ariamh féin nach raibh samhradh an deágheimhreadh le moladh. Sin é dálta an tsamhraidh i mbliana é. Bhí an geimhreadh thar cíonn agus tá a shlio[cht] ar an samhradh!
 
Tá mé deallruighthe thuas ar an bportach ó mhaidin. Dar brígh an leabhair, b'fhuaire é ná lá geimhridh.
 
deán
Comhnuigheann an t-uisce igcomhnaí 'sa deán sin amuich ar an tsráid. Caithfidh mé a líonadh an geimhreadh seo chugainn má fhágann Dia an tsláinte agam
 
déan 1
Rinne sé an-gheimhreadh go dtí seo, pé'r bith cé'n chaoi a dtiocfaidh an t-Earrach. Deir siad nach mór dhuit a bheith ar do shon féin ar Earrach an Deagh-Gheimhridh. Níor moladh ariamh é
 
Ní fheicfeá tada ar an mbóthar feadh t'amhairc ach deannach. Bhí sé ag eirghe in a cheathannaí an uair a thiocfadh mótar ar bith. Dhallfadh sé thú agus mhillfeadh sé do chuid éadaigh. Na bóithrí sin a gcomhnuigheann an t-uisce orra agus a bhíos faoi dhraoib ar feadh an gheimhridh bíonn siad faoi dheannach mar sin i gcaitheamh an tsamhraidh. Níl na bóithrí "steamrolláilte" mar sin chor ar bith mara mbeidh bualadh mór orra go díreach
 
Bíonn laetheanta na sean-bhó i gcomhnuí an-deannachtach. Is dóigh gurb í an aimsir is measa a thugas sé uaidh ins an mbliain iad. Agus dheamhan uair ins an mbliain ach oiread is mó cruadhóige ná iad. 'Sé lár an Earraigh ceart é agus níl goir ar bith ag duine giota de lá a leigean thairis, mar leigfeadh sé ins an samhradh nó ins an ngeimhreadh.
+
Bhí sé an-deireoil i gcaitheamh an gheimhridh ach Diabhal mé gur chraith sé suas ó thainig an t-Earrach agus an lá breagh, agus go dteigheann sé amach aríst corr-uair
TUILLEADH (1) ▼
Tá sé ag coinneál deireoil go leór an duine bocht. Bhéarfaidh an geimhreadh seo a sháith le déanamh dhó. Dar príostaí bhéarfaidh
 
Cuirtear deasú orra 'chuile bhliain: na tithe a mbíonn na caghnaí agus na ceathrúnaí orra. Ní fuláir a ndeasú amach faoi Shamhain i gcóir an gheimhridh
 
deilbh 1
"An Crann Deilbh: de mhaidí coille a dhéantaí iad. Chaithtí a dtomhais le riail le fad áirid a bheith ionnta agus leithead áirid is na maidí treasna. Dhá chuaille a bheadh ann agus dhá mhaide treasna. Rinne P. M. Mh. ceann aca dhuinne annseo. Níl a fhios agam cá'il sé anois: ag imeacht is 'chuile áit a mbíonn deilbh le déanamh. Tá sé cho maith dhuinn anois sneachta a chaitheamh ar a lorg chreidim. Ní deilbh a dhéanfas muide go bráth aríst. Ní bheadh na gearrchaileadha sin indon aon-deilbh a dhéanamh … Cur síos an tSnátha ar an gCrann Deilbh (nó crann deilbhe; tá an dá leagan aige): an dá chuaille a chur in a seasamh annsin le balla: ceann ag corr na fuinneoige agus an ceann eile tuairim agus ag giall an dorais. Ní bheidís cho h-árd leis an áiléar sin baileach. An dá mhaide treasna a chur suas orra: ceann in íochtar agus ceann in uachtar agus iad ag dul isteach ionnta in eangaí mar a bheadh leabaidh. Bíonn rungaí ar nós dréimre 'san dá mhaide a bhíos in a seasamh ar a n-éadan: an t-éadan de na cuaillí a bhíos leat. Bíonn buimbiléad tuighe ar an urlár agus dhá cheirtlín shnátha air, i riocht agus nach mbeidh an snáth ag dul ar fud an tighe ort. Ní dhéanfadh sé cúis duit tuinte fada na h-óinsighe a bheith aghad! Annsin tosóchaidh tú ag cur an tsnátha síos ar an gcrann. Crios a dhéanamh an chéaduair. Comhairfidh siad an oiread seo banláí (bandles) de'n tsnáth — an méid banlá a bhéas le dul 'san eige (aige: /ɴ′eɡ′ə/) sin. Cuirfidh siad síos an snáth sin ar an gcránn agus beidh siad dhá chur sin síos choidhchin nó go mbeidh a ndóthain thíos. Tosóchaidh siad ar an bpionna (runga) íochtair ar an taobh seo — taobh na ciotóige — agus tiubharfaidh siad leo suas é ar na pionnaí — dhá chur orra ar fiar — ach gan snaoim (snaidhm) ar bith a chur air ar an bpionna, nó go dteighidh siad go bárr. Anonn treasna annsin agus anuas ar an deis chéadna ar an taobh eile ó runga go runga go dteagaidh siad go talamh. Anall treasna go dtí an áit ar thosuigh siad agus ar ais aríst ar an gcaoi chéadna, nó go mbeidh deireadh na gclannaí thíos. Bíonn dhá phionna dhéag suas ar aoirde na maidí. Scaithtí bheadh agus tuilleadh. Féadfaidh siad tuilleadh rungaí a chur ann de réir (léar adubhairt sé) mar a fheilfeas dóib. Tugtar céadta 'sa deilbh de'n eige 'léar (de réir) mar is maith leat leithead a bheith ann. Féadfaidh siad h-ocht gcéad (snáth) nó seacht gcéad a chur ann. Mara mbeadh ann ach seacht gcéad ní bheadh aon-leithead ag an snáth nuair a bheadh sé deilbhthe. Beidh leithead ag h-ocht gcéad. Nuair a bhíos an oiread seo clannaí thíos ar an gcrann buaileann siad sriongáinín ar an méid sin. Céad a bheadh annsin. Beidh fearas bárr leithid 'san éadach 'léar (de réir) mar a ghabhfas céadta ar an gcrann. Féadfaidh tú deilbh dhá shnáth a dhéanamh nó dhá shnáth dhéag nó scór má thogruigheann tú. Chonnaic mé 'chaon chineál aca. Bíonn chúig chlannaí fichead is 'chuile chéad. Ní fuláir fios a bheith agad cé mhéad céad ann shul a bhaineas tú de'n chrann deilbh é. Nach shin é an fáth a gcuirfidh tú síos air é. Comhairfear na clannaí amach in a gcéadta. Beidh an bhean nó an fear atá ag deilbh ag siubhal i gcomhnaí 'gcomhnaí. Ní fheilfeadh dhuit aon-bhuille marbh a leigint in do chuid oibre dhá mbeitheá ag deilbh. Is maith an píosa de lá a chaithfeá ag deilbh giota. 'San ngeimhreadh bheitheá an lá leis ar fad. … Nuair a thóigtear anuas de'n chrann é, bíonn an-fhad ann. Bhuailfeadh tú snaoim (snaidhm) nó crios ar 'chaon chloigeann dhe annsin, agus déanfaidh tú suas in a throisleáin é mar a bheadh gruaig mná ann go díreach. Sin í an eige. Tá sé faoi réir annsin le dhul ag an bhfigheadóir … Gan aimhreas is aon-tsnáth amháin a bhéas ann. Dhá mbriseadh an snáth 'san deilbh, ghreamóchadh sí ar an bpuínte de'n chuid eile de'n tsnáth é. Chuirfeadh sí snaoim (snaidhm) air … " (Giota faoi dheilbh shnátha a fuair mé ó m'athair. Rinne sé féin an obair go minic)
 
Níl moill ar bith ar an deireannas an t-am seo — i lár an gheimhridh thall
 
diaidh
Níl an tsean-chrupach siúd ach indiaidh a chéile. Mara bhfuil aon-cheann aige thairti siúd, tá sé d'fhuireasbhaidh bó — tá sin. Ní sháróchaidh sí siúd geimhreadh eile go deo
 
Cladach díbeartha é. Tá sé ar aghaidh na righteachta ceart. Badh é do chloch neart seasamh ann lá geimhridh. D'fhuadóchadh an sinneán de do bhonnaidheachaí thú. Dheamhan thairis sin de ghaisce insan samhradh féin é
 
díle 1
Comhnuigheann an díle uisce ar an mbóthar sin go síorruí. Bíonn sé faoi uisce ar fad ins an ngeimhreadh an uair a scéitheas an abhainn. Níl neart aige múirín a chaitheamh ins an samhradh féin, nach mbíonn sé druidthe le balláin mar adeir an t-Árannach
 
Tá an aimsir an-dí-mheasctha. Ní túisce in a shamhradh ná in a gheimhreadh é. Bhí scathamh de'n trathnóna indé go h-aoibhinn, ach chuaidh sé ar ghála annsin ag dul a chodladh dhuinn. Is aimsir í nach bhfuil muiníneach chor ar bith
 
díon 1
Tá caitheamh agus cáineadh ar an tuighe anois, ach sílim in a dhiaidh sin agus uiliog nach raibh díon ar bith a chinnfeadh uirre. Bhí teas agus teolthuidheacht innte ins an ngeimhreadh agus fionnfhórtas ins an samhradh. Ba é an teach ceann-tuighe teach na h-áite seo. An bhfeiceann tú céard atá aca anois: ballaí "concréte" a dheallróchadh madadh uisce agus na "tileíní" suaracha sin, atá ar bogadh le 'chuile shinneán. D'fhéadfá rud eicín a dhéanamh le díon oíche ghártha, ach ní fhéadfaidh tú tada a dhéanamh le sclátaí ach seasamh in do bhoideoide ag breathnú orra dhá bhfuadach. Ach an leabaidh a thomhais na daoine dhóibh féin codluighidís anois innte. Sin é adéarfainnse
 
dlús
Tá an sagart ag iarraidh dlúthais a chur léithe (scoil nuadh). Tá sé ag iarraidh í a bheith déanta roimh an ngeimhreadh, i gcruth agus go gcoiscfidh sé aistir do na gasúir
 
dlúth 2
Is maith an éadáil go deimhin é an leámháinín scagach sin. Níl clúdadh ar bith ann faoi chomhair an gheimhridh. Breagh nach bhfuightheá giota breagh dlúth agus gúna mar é seo a dhéanamh dhó
 
1
Sin é an faisean atá aca uiliog anois; iad a bheith faoi dhóghadh gréine ó bhonn go baithis. Deir siad gur congnamh mór do'n tsláinte é. Tuiteann an sean-chraiceann díob, agus annsin cuimligheann siad ola dhóib féin a thugas dath buidhe orra. An t-ath-chraiceann a theagas orra in a dhiaidh, tá an-teacht aniar ann ar fhuacht an gheimhridh. Dheamhan a fhios agam beirthe é, ach de réir mar chloisim ag caint an dream seo eile
 
Sháruigh sé doininn an gheimhridh, tá sé cho dona sin
 
Bíonn slaghdán uirre siúd i lár an tsamhraidh. Mara chéile aice samhradh agus geimhreadh. Aithníonn an donacht 'ar ndú' a duine féin
 
'Sé J. a bhí doscudhach leis an té a bheadh in a bhuachaill aige. Amach le hóró lae ins an samhradh agus leis an réalt ins an ngeimhreadh. Agus dá seasfá ná dhá suidhtheá chor ar bith, leigfeadh sé uaill ort a thóigfeadh de chothrom talmhana thú.
 
Cailleann an dreancaid a gaimh san ngeimhreadh. Is leath-tógáil ar an dreancaid an teas agus an bhruthghail
+
droim
Dar diaguidhe, dhéanfadh an cráidhteachán sin slí amach ar dhruim an diabhail, ní hé amháin a mhalrait. Bean ar bith a bhí ag cur trí scóir uibheacha go G. chuile Shatharn dhá n-eirigheadh ar a súil an geimhreadh seo (gha)bh thart! Sin í an cailín nach ndrannann Seascach na gCearc len a cuid cearc. Ní hé sin do chuid eile againn muis. Ní raibh ubh le cur ar a mbéal againn ó lá 'eil Míchil go Lá 'eil Bríde
TUILLEADH (3) ▼
Ní fheicfeá an oiread ag tabhairt bearradh droma ar na caoirigh anois agus a thugadh fadó, igcruthamhnas duit go gcaithfidh sé nach bhfuil an aimsir cho fuar agus a bhíodh sí roimhe seo. Ní túisce lá Samhna ar fáil fadó, ná a chloisfeá 'chuile fhear a mbeadh caoirigh aige ag rádh: "sin é in a Shamhain é. Ní mór dhom an bearradh droma a thabhairt ar na cupla caora seo, nó ní sháróchaidh siad an geimhreadh". Is beag an bearradh droma atá anois ann, mara bhfuil sé ag lucht an tsléibhe. Ach ní fuláir dóibh sin é. Tá an fuacht mór faoi shliabh
B'annamh liom muise an bearradh droma a thabhairt ar na caoirigh, ach tháinig sé an-fhuar i mbliana. Ba é a chosamhlacht an uair sin faoi Shamhain go dtiubharfadh sé geimhreadh cruadh uaidh. Ach inDomhnach shílfeá nachar tháinig sé cho dona sin fós, mara romhainn amach atá
Deir daoine go gcoinnigheann an bearradh droma siar na caoirigh, ach ní mheasaim féin go gcoinnigheann. Is fad ar a shaoghal é, má tá indán agus go mbíonn geimhreadh cruadh ann. Agus níl aon-gheimhreadh dhá bhfuil ag toidheacht anois nach geimhreadh cruadh é. Feacha an geimhreadh anuiridh …
 
Dhá mbeitheá ag siubhal ó mhaidin go faoithin ann, ní fheicfeá aon-chnoc ach druimíní beaga agus gan ceachtar aca níos aoirde ná D. an Fh. R. thuas annsin, ná cho h-árd sin féin. Tír an-réidh go deo í, ach bheadh sí an-uisceamhail ins an ngeimhreadh, cheapfainn
 
druas
Ní bhíonn ann ach druas beag san ngeimhreadh, ach bíonn an-drúcht ann 'san samhradh. D'fheicfeá drúcht maidineachaí samhraidh, agus thiubharfá an leabhar gur báisteach a bheadh caithte aige
 
dul
Níl dul ar bith ar mhuinntir Árann Mhór, mar teigheann an "steamer" isteach ar an gcéibh aca. Ná ar mhuinntir Inis Saor ach an oiread. Tá an fhairrge tíre deas cineálta ann, agus féadann sí (an "steamer") a dhul ar ancoire. Ach bíonn laethanta san ngeimhreadh, agus ní bheadh aon-ghoir aice an t-oileán seo a thaobhachtáil beag ná mór. Bíonn an sunda sin thoir bainte ó íochtar
 
Níl de mhuinghnín an tsaoghail aige anois ach an bhó, agus an dubhradán suaidhte de bhulán siúd, agus is furasta cur aca (chuca) sin. Má bheireann droch-gheimhreadh orra is mór m'fhaitíos nach sáróchaidh siad é. B'iongantas é dá sáruigheadh agus cho mór agus a chuaidh an mhí seo caithte tríotha
 
Chuaidh sé an-dubhshlánach do'n gharrdha ach níor mhór do sin agus cho crosta agus a bhí sé. Dar fiadh tá stócáil mhór déanta anois aige. Má fhaghann sé geimhreadh eile air, beidh sé in araidheacht a chur ar fad