Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

geimhreadh (50+)

 
fág
Níor fhága an chasacht sin mé i gcaitheamh an gheimhridh. Tá sí ina leannán agam
 
Bhí sí sin ina beathach chomh tógtha agus d'fheicfeá in do shiúl ionsaí nuair a cheannaigh sé ina gamhain í, ach chuirfeá amach i bhfáinne anois í. Níl bior eanga uirthi. Is beag an dochar di: cuibhrithe sna breaclachaí siúd ó tháinig an geimhreadh agus gan aon ghabháil a chaitheamh ariamh aici. Go deimhin ba chóir dhó náire a bheith air, amhgar a thabhairt do bheathach ar bith mar siúd
 
Dheamhan mórán atá dhá fhálróid ag na caoirigh sin muise mar nach mórán talúna atá aige théis a dhíchill le tabhairt le fálróid dóibh. Dheamhan slí do choise de thalamh ar an mbaile sin. Nach bhfuil sé sáinnithe uilig ag mac Bh. Dh. dhó féin. Ach tá mé ag ceapadh go mbíonn cead scoir ag na caoirigh ansin sa ngeimhreadh, mar a bhíodh san áit seo a bhfuil tú ann fadó.
 
cab
Bhí tuile na habhann an geimhreadh seo caite cab ar chab le barr an chnocáinín sin. Ba in é an fuarlach agat a mhic ó!
 
calm
Is olc é an calm geimhridh!
 
Ní caochphoill fhéin atá ann ach na caothachaí eile sin. Ba mhór an chontúirt aon bhó a chur ann sa ngeimhreadh.
 
Níor tháinig aon earrach go hiomaí, is coimhthí ná é. Dheamhan earrach ar bith nach dtiocfadh cuid mhaith breacaimsire, ach níl sé ag tabhairt lá ar bith uaidh i mbliana. Ach ar chuala tú ariamh: seachain earrach an dea-gheimhridh. Níor tháinig aon gheimhreadh le mo chuimhnese ba bhreátha ná é.
 
Is diabhaltaí an coimhthíos atá san uair an tráth seo bhliain. Ar ndóigh, is geall leis an ngeimhreadh é.
 
Tá cead scoir acub ó tháinig an geimhreadh, agus níorbh fholáir cosacáin a chur orthub anois ó tá fás ag tosaí.
 
I nDomhnach is cosnochta a bhíodh muid sa ngeimhreadh freisin. Nuair a thagadh sioc, d'fháisceadh muid buadáin ar ár gcosa le teas a dhéanamh dhóibh. Ach níl aon acmhainn ag aos óg ar fhuacht anois mar a bhíodh an uair sin
 
Is air atá cosúlacht an gheimhridh!
+
Seachain earrach an dea-gheimhridh. Chuala mé chuile lá ariamh é.
TUILLEADH (1) ▼
Má thagann an geimhreadh go maith, san earrach a thabharfas sé cothromacan síne na huaire uaidh. Luíonn sé le réasún, mura dtuga sé an drochaimsir uaidh sa ngeimhreadh, go gcaithfidh sí a theacht san earrach.
 
I nDomhnach, 'sí an chéithireacht chéanna a bhíos ormsa samhradh is geimhreadh, ní ag ceasacht ar Dhia é!
 
baile
Is gearr a aireos muid an geimhreadh ag sciorradh isteach anois. Nach bhfuil Lá Samhna ar ghort an bhaile againn!
+
Níl sé inrásta ag an bhfia an bealach sin a shiúl amach sa ngeimhreadh, nuair a bhíonns dubhluachair na bliana ann agus an easca báite.
TUILLEADH (2) ▼
Ní thabharfadh asal srathar agus cléibh ann anois, tá an bealach chomh bog sin. Beidh sé báite ar fad nuair a bhéarfas an geimhreadh orainn.
Ní mó ná go siúilfeadh an fia ann sa ngeimhreadh, ní áirím bealach cairr a bheith ann.
+
Is measa é ná coraice dhubh an gheimhridh le fearthainn agus gairfean. Nach ag séideadh báistí atá sé le coicís i mbéal a chéile!
TUILLEADH (3) ▼
Coraice dhubh an gheimhridh a bhí ann, agus caitheadh na créatúir amach as an teach, agus fáisceadh glas air ina n-aghaidh. Dheamhan créatúlacht a chonaic tú ariamh mar é, agus gan teach ná áras acub ná áit a gcuirfidís thartub an oíche.
Geimhreadh! Is beag an bhrí é fós go dteaga coraice dhubh na bliana.
Tá díth céille ort ag baint do dhrár dhíot féin, go gcaitear coraice dhubh na bliana ar aon nós. Dar ndóigh, níor tháinig táirm ar bith ar an ngeimhreadh fós. Amach romhat atá a mhic ó!
 
crinn
Déarfainn má thagann cruatan mór ar bith an geimhreadh seo go dtabharfaidh sé cnáimh le crinneadh dhuit é a shárú. Tá leathchailleadh maith cheana fhéin ort, ach giorróidh an fuacht seo leat (as greann)
 
beo 1
Dheamhan maidin beo nach n-éiríonn sé ag an sé a chlog — samhradh is geimhreadh.
 
Bhain sé díol an gheimhridh de raithneach agus d'fhága sé in aon bhratscair amháin í ansin thiar sa scaineamháin gur lobh chuile bhlas di.
+
bruach
Bíonn an easca sin buntirim go maith sa samhradh. Well bheadh sí in araíocht í a shiúl. Ach sa ngeimhreadh, ní shiúlfadh an fia í. Bíonn na feadáin atá inti ag cur thar bruach (fc. feadáin)
TUILLEADH (3) ▼
Bíonn an chlaise mhór sin thar bruach i gcónaí sa ngeimhreadh mar is uirthi atá a bhfuil d'uisce ó bhrollach an chriathraigh anuas ag teacht
Cuireann an lochán sin thar bruach i gcónaí le tuile mhóir agus sceitheann an bóthar. Thiocfá go glúine sa log sin sa ngeimhreadh.
Nach diabhaltaí an tuile a bhí thíos i gCill Dara an geimhreadh seo chuaigh thart. Dúirt ceannaitheoir ar an aonach liom gur líon sí isteach sa teach aige agus go raibh sí bruach ar bhruach le posta na leabthan sa seomra a bhí le talamh. Déanann sí mínós i gcónaí sna taltaí íseala sin.
+
aer
Tá fuacht an gheimhridh san aer anocht.
TUILLEADH (1) ▼
Cuirfidh an geimhreadh seo seandaoine in aer — caillfear iad
 
Nuair a bhí mise ag éirí suas, dheamhan bróig ná stoca a d'fheicfeá ar aon ghasúr sa tír ach iad ag imeacht cosnochta, geimhreadh is samhradh chomh maith le chéile. Nuair a thiocfadh sioc mór ansin, chuirfidís buadáin ar a gcosa — súgáin fhéir, nó strácaí de mhálaí — le teas a dhéanamh dhóibh ar an bhfuacht.
 
buail
Bhuail an samhradh an geimhreadh fhéin le gairfean — sháraigh sé
 
buille
Ní bhíonn buille ar bith ar lucht an tsléibhe i gcaitheamh an gheimhridh — ní bhíonn orthu obair ná luain a dhéanamh
+
amach
Bíonn cosúlacht an gheimhridh air ó Fhéil Muire Mór amach.
TUILLEADH (2) ▼
Is gearr a bheas an geimhreadh ag dul amach anois — dhá chaitheamh.
Níor tháinig geimhreadh ar bith fós — romhat amach atá sé.
 
Tá sé ligthe amach ina cheathrú gheimhridh aige (fc. ceathrú)
 
ana
Ní hé nádúr na huaire go dtabharfadh sé ana breá uaidh an tráth seo bhliain — agus é i lár an gheimhridh thall.
 
Is mór adéarfá leis an ngeimhreadh, ach dhá dhonacht é, is corruair a d'fheicfeá athrúintí mar seo air
 
An bhfuil caint ar bith go dtiocfaidh bróga anuas aon cheo go gairid, mar is géar a theastódh péire maith uaim leis an ngeimhreadh seo a bharraíocht.
+
farae
Níl aon ghnaithe do bheithígh sa ngeimhreadh agat san áit seo mura mbeidh neart farae agat
TUILLEADH (1) ▼
Ná bac le seascachaí anois d'uireasa neart farae sa ngeimhreadh. Fadó ligeadh muid amach ar an sliabh iad agus cead acu beatha a bhaint as a gcrága, agus diabhal dhá shuaite chloíte dhá mbeidís, go bhfaightheá imeacht orthu. Ach dheamhan mórán áirge beart cnámha (beithígh caite) a thabhairt chuig aontaí anois. Mura mbeidh siad chomh sleamhain anois agus go sciorrfá dhíobh, níl aon fhiafraí orthu
 
Feamainn gheimhridh; feamainn an tseanleasaithe — an fheamainn a thigeas sna cladaí ó dheireadh an fhómhair go Lá Fhéil Bríde. Feamainn dearg, troscar trá srl.
 
A Thiarna, a Thiarna, nach deacair a rá nach bhfuil an fear sin folláin? Fear ar bith a théas ar snámh geimhreadh agus samhradh chomh maith le chéile
 
fuagra
Tabhair fuagra dhó amárach ceangal a chur ar na caoirigh sin aige agus gan iad a bheith ag dul i mbradaíl orainne níos mó. Shílfeá gurb é lár an gheimhridh atá aige ann le go mbeadh cead scoir mar sin acu
 
Mura bhfuil rud ar bith níos fóintí le déanamh aige anois, ach a dhul ag cur chrainnte, is fánach an fear é. Caitheann sé an geimhreadh chuile bhliain ar an gcipiléireacht sin, agus ní bhíonn sop seanleasú amuigh aige ach a dteagann earrach. Mo chreach é.
 
Ó chraptar an fómhar, ní bhíonn moill ar bith ar an ngeimhreadh ag teacht isteach
 
Dhá mbeadh corrphínn ag teacht isteach, chuirfeadh sé an geimhreadh tharainn — bheadh muid in ann cúis a dhéanamh le beagán airgid anois agus aríst go gcaití an geimhreadh
 
Tá S. Gh. sin faoi fheadáin ar fad. Níl a fhios cén t-eallach a bháitear sa ngeimhreadh ann