Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

láir (17)

 
Ní raibh ceapadh 'bith fhéin agamsa, go raibh an brochán dóirtighthe, mar bhí siad chomh mór le chéile, le láir bhán a's coca féir.
+
buinne 1
Na h-easnachaí a sáithtear sa talamh idtosach. Annsin cuirtear buinne béil air — h-ocht slata déag. Sin é buinne na h-ocht slata déag. Cuirtear aríst as a chíonn sin h-ocht slata déag eile. Sin é an buinne láir. Slat eile a sháith annsin le taobh 'chuile easna, go gcuirfeá h-ocht slata déag eile ann. Sin iad na slata táis. Tóigtear a' buinne táis leob, a's bíthear dhá bhfígheachán go mbíonn siad caithte. Buinne tónach a chuir air annsin. Nuair a bheadh sin réidh aghad, na slata a bheadh 'sna taobhannaí a leagan anonn a's anall air, a's na slata éadain 'fhigheachán orra(b) sin, go gcuirfeá an tóin air: i gciseoig, séard a chuirfeá buinne in uachtar ar a' gcaiseal leob sin. 'Séard é fígheachán a' chléibh — buinne h-ocht slata déag, fígheachán nó buinne cheithre shlat, fhigheachán dhá shlat. 'Sé fígheachán a' dá shlat, a' figheachán singil — níor mhór cheithre slat l'aghaidh buinne. Buinne cam a chuirtear ar chléibhín ime: árduigheann a' caoladóir taobh de'n chliabh roimh an taobh eile (Cuir síos ar fhigheachán a's ar bhuinní an chléibh, ó chaoladóir — S. Ó. C. é an sliocht réamhráidhte).
TUILLEADH (1) ▼
Breagh nach dtóigeann tú an buinne láir feasta? Tá sé in am aghad.
 
Tá buinneán de láir annsin thiar ag mac Ch. Ph., agus is áidhbhéil an (h)ioscar siubhail atá aice, bail ó Dhia uirre!
 
airigh
Ní aireochadh sé an cuaille cúraic (comhraic) údaidh a bhuail Céadtach, nar fhága searrach i láir, laogh i mbó ná páiste i mbroínn 'fhoisceacht seacht míle dhó
 
fiach 1
Tá an fiach dúisithe agam i ngarraí Sh. Uí E. faoi dheire thiar thall, agus tá sé in am sin aige. Shíl mé nach mbeinn amuigh as inniu. Dhá mbeadh an garraí Láir siúd thuas curha agam anois, bheinn díreach leo (sin é a gcuirfinn d'fhataí)
 
fír
Aithneóidh tú i gcomhnaí searrach na deagh lárach. Beidh fír ann.
 
Tá an garraí siúd thíos snámhta ar fad. Tá fuarloch ar an gcúl thoir agus ar an gcurrach láir = é sceite; tuile air]
 
daba
Dhéanfadh sé dubhachan an tsaoghail, ach ní bhíonn cuma curtha ar fhata ar bith ina dhiaidh. Bhí sé dhá lá ar páighe agam 'sa ngarrdha sin thiar anuiridh, agus b'éigin dom a bheith ag fuagairt air 'chuile mhionnóid, na dabaí móra roighne siúd atá 'sa gcúl láir a mhionnú. Dheamhan an láighe fhéin a chuirfeadh sé thríob
 
danra
Ní raibh de chailleadh chor ar bith ar an mbarr uachtair. Diabhal mé go raibh, agus an mhóin roint sceithteach féin — briosc adéarfá. Ach an uair a theann mé síos ins an mbarr láir agus ins an mbarr íochtair, bhí sí danra a dhearbhráthair — danra. B'éigin dom cosa idtaca a chur orm féin ar an mbínse, leis an sleaghan a chur thríthe. Rinne an barr íochtair puca críochnuighthe dhíom
 
das
Tharraing mé das amuigh ar an gcúl láir isan ngarrdha sin thoir indiu, agus bhí cuasnóig fhataí faoi, agus gan oiread miaróige (méaróige) i gceachtar aca. Sin é anois a ndéanfaidh siad de bhiseach imbliana
 
Is furasta aithinte anois cé hé searrach na deá lárach = is furasta aithinte cé hé an fear atá cneasta macánta, nó ar dhual dó an gníomh a bheith ann, nó is féidir a shaoradh ón místáid
 
Dheisigh sé é féin amuigh ingob na curaighe, ach ní túisce a bhí carraig Bh. na T. bailighthe amach againn ná ba mhian leis athrú go dtí an seas láir
+
"Is breagh an láir de chapall í ach a feiceál dromnochttha" adeireadh P. Sh. Dh. le capaillín beag dubh nach dtiubharfá do sheacht mallacht uirre a bhí aige fadó. "Ach, dar brigh an leabhair a Sheáin cuireann an gléas as a slacht ar fad í".
TUILLEADH (1) ▼
Bhí mé istigh ar an "side walk" agus dheamhan easna dhó nar scríob le mo threabhsar: puicneach mhór ruadh agus spéacláirí air. "Is diachta dhuit" arsa mise "nar mharbhuigh druimnochttha mé ó a chuir tú do láimh ann. Ach teara amach as an mótar sin" arsa mise "agus traoálfaidh (try) mé annseo thú agus annsin a bhéas cé hé searrach na deagh-lárach." Dheamhan "thú ná mé" adubhairt sé ach lascadh leis aríst agus níor fhiafruigh sé amháin ar eirigh aon-scríobadh dom. Nach dona a chruthuigh mé nar thug suas do'n phóilí é. Sin é a bhainfeadh an saghdar as deirimse leat
 
An té nach bhfuil déanamh na maitheasa ann, is beag an ghnatha atá aige annsiúd. Siúd é an áit a mbeidh a fhios cé hé searrach na deagh-lárach. Dhea[mhan] triúr ar do bhaile a sheasfadh ann uair an chluig
 
"Anois b'fhéidir, is gearr go mbeidh a fhios cé hé searrach na deagh-lárach" adeir P. Ch. agus an bheirt ag tarraint ar a chéile agus ag cur gothadh troda orra féin. Ach ní ghabhfaidís le chéile in a dheidh sin. Bhí claonadh ag 'chaon duine aca ó'n gceann eile