Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

láir (9)

 
daba
Dhéanfadh sé dúchan an tsaoil, ach ní bhíonn cuma curtha ar fhata ar bith ina dhiaidh. Bhí sé dhá lá ar páí agam sa ngarraí sin thiar anuraidh, agus b'éigean dom a bheith ag fuagairt air chuile mhionóid, na dabaí móra righne siúd atá sa gcúl láir a mhionú. Dheamhan an láí fhéin a chuirfeadh sé thríob
 
danra
Ní raibh de chailleadh chor ar bith ar an mbarr uachtair. Diabhal mé go raibh, agus an mhóin roinnt sceiteach féin — briosc adéarfá. Ach nuair a theann mé síos sa mbarr láir agus sa mbarr íochtair, bhí sí danra a dheartháir — danra. B'éigean dom cosa i dtaca a chur orm féin ar an mbinse leis an sleán a chur thríthi. Rinne an barr íochtair puca críochnaithe dhíom
 
das
Tharraing mé das amuigh ar an gcúl láir sa ngarraí sin thoir inniu, agus bhí cuasnóig fhataí faoi, agus gan oiread méaróige i gceachtar acu. Sin é anois a ndéanfaidh siad de bhiseach i mbliana
 
Is furasta a aithinte anois cé hé searrach na dea-lárach — is furasta a aithinte cé hé an fear atá cneasta macánta, nó ar dhual dó an gníomh a bheith ann, nó is féidir a shaoradh ón místaid
 
An té nach bhfuil déanamh na maitheasa ann, is beag an ghnaithe atá aige ansiúd. Siúd é an áit a mbeidh a fhios cé hé searrach na dea-lárach. Dheamhan triúr ar do bhaile a sheasfadh ann uair an chloig
 
Dheisigh sé é féin amuigh i ngob na curaí, ach ní túisce a bhí carraig Bh. na T. bailithe amach againn ná ba mhian leis athrú go dtí an seas láir
+
'Is breá an láir de chapall í ach a feiceáil droimnochta,' adeireadh P. Sh. Dh. le capaillín beag dubh nach dtabharfá do sheacht mallacht uirthi a bhí aige fadó. 'Ach, dar brí an leabhair a Sheáin, cuireann an gléas as a slacht ar fad í'
TUILLEADH (1) ▼
Bhí mé istigh ar an sidewalk agus dheamhan easna dhó nár scríob le mo threabhsar: puicneach mhór rua agus spéacláirí air. 'Is diachta dhuit,' arsa mise, 'nár mharaigh droimnochta mé ó chuir tú do láimh ann. Ach teara amach as an mótar sin,' arsa mise, 'agus traíálfaidh (try) mé anseo thú agus ansin a bheidh a fhios cé hé searrach na dea-lárach.' Dheamhan thú ná mé adúirt sé ach lascadh leis aríst agus níor fhiafraigh sé amháin ar éirigh aon scríobadh dom. Nach dona a chruthaigh mé nár thug suas don phóilí é. Sin é a bhainfeadh an sodar as deirimse leat
 
'Anois b'fhéidir, is gearr go mbeidh a fhios cé hé searrach na dea-lárach,' adeir P. Ch. agus an bheirt ag tarraingt ar a chéile agus ag cur gotha troda orthu féin. Ach ní ghabhfaidís le chéile ina dhiaidh sin. Bhí claonadh ag chaon duine acu ón gceann eile