múineadh (24)
An té atá contanásach, a's a iomchruigheas é fhéin go múinte, ní racha aon-araoid air, in aon-áit.
+
→
bealach
Fuair sé a bhealach fhéin ro-mhór, a's sin é 'd'fhága gan smacht gan múineadh é.
TUILLEADH (1) ▼
Ní raibh aon-bhealach múinte le aon-duine, dhá dtáinic ar a chine ariamh = ba daoine mío-mhúinte 'chuile dhuine dhá dhreám.
→
bratainn
Ní feasach mé beo, cé'n chaoi 'bhfuil sé chomh múinte a's tá sé, a's gur tóigeadh é istigh i gceartlár na brothtuinne sin.
→
aer
Tugann a' máighistir dual na druinne dhó chuile lá 'san aer ag a' scoil, agus má thugann féin, tá sé 'cínnt air aon-bhlas múineadh a' chuir air
→
aermáil
Is mairg nach dtiubhradh cead aeramála dhó: feicfe tú fhéin air, go múinfe an saoghal é, agus nach múineadh in aisce é, ach an oiread.
→
buille
Hébrí cé'n comh-oide múinte a bhí aige, tá sé indon buille na snighe a thabhairt uaidh i gcomhnuidhe = pé'r bith cé mhúin a' deagh-chainnt nó'n nathuidheacht dó, bíonn brabach cainnte i gcomhnuidhe aige ar 'chuile dhuine eile.
+
→
aire
Ba bheag an mhaith aithne a chuir air, aire a thabhairt dó fhéin, ach tá sé múinte ag a' saoghal anois.
TUILLEADH (1) ▼
B'fhéidir go mbeadh fhios aige le aire a thabhairt dhá chuid airgid aríst, 'ní múinte go meallta' mar adeir a' fear fadó
→
aranta
Bhí múineadh ar fhear a's leanbh aca(b) nach bhfaca mé ar a lán; Gach uile nídh dhár thaithnigh liom gan gársamhlacht, gan grabaireacht; Gan focal ar bith arranta, ach a ndéanadh muid de ghreann (sliocht as "an bás" — Colm de Bhailís) (Taghd, fearg nó olc atá i gceist le "arrannta" thuas).
→
fiannach
Is fada fiannach a chaith sé ag múineadh scoile annseo thíos. Ní feasach duit céard is cor dó chor ar bith anois, nó an maireann sé? Má mhaireann, is maith an aois atá aige
→
fuis
Ná bac leis an múineadh atá gasúir a fháil anois. Gaeilge ar fad, agus gur an iomarca dhi atá aca cheana. Tá a mh'anam a dhá ndíol. Fuis fais uiliog í an Ghaeilge chéanna. Dheamhan lá den ádh a chonnaic mé ar an saol ó a thosuigh sí ag teacht amach
Tá chuile dhuine ag gabhail leis deá bhéasach. Ní bheidís aige siúd mara mbeadh. Thóig sé go bog múirneach, múinte iad. Tá a shliocht orra
→
deara
Madadh ar bith a dtiubharfar faoi deara dhó fanacht ag forcabhás ort agus thú ag ithe do dhinnéir, is madadh millte a bhéas ann. Níl le déanamh le madadh, ach cur faoi ndeara dhó luighe ins an gclúid agus a smut in a chrúib, cho uain agus a bhíos duine ag ithe a bhéilí. Má thugann madadh faoi deara dhó féin é sin a dhéanamh uair amháin, beidh sé múinte go bráth
Ní leanfaidh an diabhlánach de mhadadh sin tada, agus nuair a leanfas féin bíonn sé ro-ghéar. Níor múineadh ceart i dtosach é
→
dian
Th'éis gur ag maor a bhí sé, níl múinte 'e rath dhó. Ná bac le madadh ar bith a bhéas ro-dhéan. B'fhearr dhuit uait é
→
dilleoir
Nach tú an dilleoirín i gcomhnuí. Ceadh nach mbeitheá mar a bhíos 'chuile ghasúr go lághach múinte agus gan a bheith ag tógáil an chloiginn orm mar sin. Nach bhfuil a fhios agad go maith go bhfuightheá é, dá mbeadh sé ann, agus ó thárla nach bhfuil go gcaithfidh tú déanamh dhá fhuireasbaidh a bheith agad. Nó an bhfuil maith ar bith a bheith leat. Má fheiceann t'athair in do dhilleoirín mar sin thú leagfaidh sé ort, creid mé dhuit ann. Agus ní choisneochaidh mise aríst choidhchin thú mar (a) rinne mé an oíche cheana
Chloisinn T. ag cur caoi fadó ar fhear a marbhuigheadh annsin. Fear a bhí ag déanamh aithgiorra thrí na páirceanna, a bhí ann. Bhí uaisle eicínt amuigh le caiple rása timcheall an tighe mhóir annsiúd. Dhá múineadh le h-aghaidh rástaí a bhí siad chreidim. Rinne duine aca anonn caol díreach ar an bhfear bocht a bhí ag dul treasna. Dheamhan fios rúin ná soiscéil a bhí ag mo dhuine bocht. Ná raibh ann nach gcuireann an duine uasal an capall in a mhullach agus choinnigh sé an capall ag talltú air nó gur mharbhuigh sí é. Tabhair thusa marbhú druimnochttha ar sin. 'Sé a bhí druimnochttha. Amuigh ar lom na páirce. "Murder" a bhí ann — ní tada eile. Bhí an dlí ar fad aca fhéin an uair sin. Cho uain agus a mhair an sean-Bh. dhá bhfeiceadh sé duine ar a chuid talmhana nach scaoileadh sé faoi leis an ngunna.
→
déan 1
Tá an sean-fhaoilleán ag múineadh "flyála" don fhaoilleán óg. An bhfeiceann tú é. Níl a sciatháin déanta ag an gceánn óg fós
→
dún
Dúin do bhéal agus bíodh múineadh ort! Ag tabhairt ais-fhreagraí ar dhaoine is sine ná thú féin!
+
Nach breagh nach mbeadh múineadh ort, agus fanacht in do shost. Ní fhéadfaidh aon-duine smid a rádh agadsa. Tá tú ag dul roimh 'chuile dhuine
TUILLEADH (1) ▼
Eireochaidh mé as ar fad, agus innis thusa é, ó atá tú ag dul romham le 'chuile chor. Ní fhaca mise do mhacsamhail ariamh. Ní féidir dhá fhocal cainte a rádh ins an áit a mbeidh tú, nach gcuirfidh tú duine de dhruim seoil. Níl smearadh múinte ort
→
téigh ó
Deir tú leo a chum do Shean-Mh. gur isteach ins an gColáiste ag múineadh Gaedhilge in áit Ph. Dh. a d'imigh T. Agus dheamhan asna dhó nachar chreid é. Níl míádh ar bith ag dul uatha. Chuimneochaidís ar rud ar bith. Ná h-iarr in a ndiaidh é.