Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

mion (50+)

 
Dhá mbeadh sé fearacht an drad atá agamsa nach féidir liom aon-cheo a changailt leis, mara mbeidh sé cho mion le snaoisín! Sé a bhfuil agadsa fiacail fhabhtach amháin.
 
fliuch 1
Tá sé cho maith dhuit an mhin choirce sin a fhliuchadh = a cur ar bogadh in uisce nó i mbainne
 
An corpadóir bradach! Sé cóir Dé é an méid sin a eireachtáil dó. Ba bheag aige fhéin dícheannadh a dhéanamh ar chréatúir bhochta. Chuir sé an bhaintreach sin thuas de dhruim tí. Chuir sé faoi ndeara di páipéar a shaighneáil dó ar a cuid talúna agus gan a fhios aice céard a bhí ann, ach gur theastuigh cupla cloch mhine uaithe l'aghaidh a háilín … Ach foillsíonn Dia an éagcóir míle glóire agus moladh leis fhéin. B'fhéidir go bhfuigheadh an cneamhaire ar a mhéis fhéin anois é, agus ní ag amhdú an oilc é, ní mór linn dó
 
fág
Ní fhágfadh an madadh mion mullóg dhíot le chéile murach gur éirigh Dia liom go dtáinig mé ann
 
Chreidfinn go raibh coill le bruach na fairrge fadó. Is minic a d'fheicfeá mion-charcaireacha, a's maidí giúmhasaighe i mbarr na trághadh, ach a dhul síos buille domhain.
 
Dar mo choinsias ní cumaoin dó, a dhul a' cainnt ar an airgead atá ormsa, a's a liachtaighe uair roimhe seo, nach raibh luach cloch mhine aige, ach léar (de réir) mar bhínnse a' tabhairt dó. Ach is beag a' lúth atá aige, breathnú siar air sin, anois, ó thálta (thárla) rud a bheith aige fhéin.
 
Tá sé ar a' gcéithireacht chéadna i gcomhnuidhe — a' mion-chasacht leis mar sin.
 
Níor mór na mion-chlascannaí a shioscadh a's a thógáil go maith 'chuile bhliadhain, nó déanfa na h-íochtair siúd cíb ar éigin.
 
Thosuigh sí a' réabadh, a's ag gabhail le buile, ar a' dá luath a's a raibh sí faoi'n gcarr, a's níor fhága sí mion-molthóg de'n ghléas, nar bhris sí in a chithréabachaí.
 
Níor thug tú abhaile leat, go bhféadfá aon-cheo a chasadh liomsa. Dream gnaoidheamhail, amuigh a's imbaile, iad mo mhuinntear-sa, ní hé sin do lucht na bhfaochan, a's na mine buidhe é.
 
baile
Tá go leor tamhnóga a's mion-bhailteachaí thart annsin, nach bhfuil fhios aghamsa chor a' bith.
+
Is deas a' rud, bólacht, féar maith agus gabhaltas; Cruithneacht a's eorna le gearradh; Min ins a' gcómhra, 'gus teine trathnóna; A's dídean d'fhear bóthar a's bealaigh (Rafteri — Caismirt an Phótaire leis an Ól)
TUILLEADH (1) ▼
Is gearr uaidh anois, cheapfainn. Tá sé ar a mhine-ghéire a' giorrú an bhealaigh. = is beag a' seadh a thiubhras sé anois. Tá sé a' teannadh leis an mbás.
 
beo 1
Naoi lá a sheasfas a' cogadh adeir a' tar(n)gaireacht. Ní mór do chuile dhuine trí mhaingín min' choirce a thabhairt leis, a's a dhul síos in ua(mh)ain thalmhana go mbeidh sé thart. Ach is aoibhinn do'n té a bheidheas beo. Beidh saoghal na bhfuigheall aige.
 
binse
Is deas a' bhail é sin ar fhear atá in a chuid alluis ar bhinnse portaigh ó mhaidin — min bhuidhe a thairgeachtáil dhó tráthnona.
+
brád
Shílféa nach raibh ann ach mion-bhrád, a's d'fhliuch sé go craiceann mé 'na dhiaidh sin.
TUILLEADH (1) ▼
Tá mion-bhrádán ann, ach níl sé an-trom.
 
Chonnaic mé gasúr le M. J. indiu inGaillimh, a's tá boimbiléad de chloigeann air slán a' tsamhail, atá chomh mór le máilín leithchéid mine.
 
aer
Cuireadh in aer 'chuile fhear ar a' bhfeadhain aca(b) leis an 'mine' = h-árduigheadh nó marbhuigheadh chuile dhuine dá raibh ann.
 
aice 2
'In aice mine is fusa fuinnt' (sean-fhocal)
 
Fainic a' mbuailfeadh cailleach E. an inghean thall ort. Tá sí ar a mine-géire ag iarraidh duine bunúsach a dheanamh amach di.
 
Is furasta buinneán breagh mná a fhaghail, ach cé'n mhaith sin. 'Ní breaghaichte a ghnío(nn)s brochán ach min' adeir siad.
 
buíog
Thosuigh na mion-chlocha siúd a' tuitim in a mbuidheagrachaí.
 
ailleog 1
Sí'n ailleog a fuair sé thiar ag na mine a rinne a chreach.
 
aire
Is maith aireach nach mór dhuit a bheith ar a lota sin, mar tá na giarsaí in a min le na cianta = caithfe tú 'bheith aireach go maith ar an lota sin, mar tá na saltrachaí atá dhá choinneál suas a' lobhadh le fada.
 
Tá siubhal chomh mion aige, agus go dtiocfadh sé ort gan aireachtáil (féach "mion")
 
aire
Ní mó ná dhá mbeadh a' tSeamair Mhuire agad, go bhféadfá aire a thabhairt duit fhéin anois ar bhóithrí Chois-Fhairrge, aon-oidhche Dhomhnaigh, le a mbíonn de mhion-achrann ann.
 
amuigh
Tá cuid mhaith amuigh aige, de bharr mine, (plúir), nach bhfuil na daoine indon 'íoc.
 
anuas
Tá'n mhin-bhuidhe anuas tigh Sh— = tá sí saorsuighthe ann.
 
anáil
Ba mhaith an scéal dó fhéin gur faoi'n anáil adubhairt sé é, mar ní fhágfaidhe mion-multhóg dhe indiaidh a chéile annsiúd dhá gcloistí é.
 
ard 1
Tá'n bóthar faoi mhion-áird uiliog = tá an cuimse árd beag ann. (Mion-árda freisin — iolraidh — aird nó árda)
 
Déan réidhteach leis a' máilín mine sin anois, mar ní bheidh athrú le faghail agaibh go dtí mí ó indiu.
 
Dhá mbeadh aon-cheo ar shúil capaill nó bó, cuirtear foghairt fúithe: bun sailí (slat shailí) a dhóghadh, agus a mheilt annsin, nó go ndéanfaí cho mion le snaoisín é; slam salainn a fháil, agus é a chruachan, agus an salann agus mionús na sailí a shuathadh go maith; cleite a fháil annsin agus an mioscán sin a chur isteach i dhá cheann an chleite; annsin é a chur faoi shúil an chapaill nó na bó leis an gcleite. Má bhíonn salachar faoin tsúil, nó scamall nó fionn nó péarla uirre, is leo sin a chuirtear foghairt in a súil
 
An-áit é ag fátallaí maith le dhul isteach ann (le pósadh ann). Ach m'anam nach mór dhó a bheith in a fhátallaí mhaith. Bheadh duine ar a mhine ghéire ann 'chuile lá sa mbliain, ach bheadh rud dhá bharr aige freisin. Tá slí an airgid ann
 
féith 1
Cnaipín beag cruadh a tháinig ar thaobh mo choise annsin agus thosuigh sé ag ithe roimhe. Níor chomhnuigh sé go raibh sé in a fhearsaid san bhféith. Tháinig an draoi fola. Ní raibh inte ach mion-fhéith. Níor mhór domsa nach raibh, nó ní fhanfadh aon-deóir fhola ag gabhail liom.
 
ith
Ní fhéadfa tú a bheith ag feadghail agus ag ithe mine (sean-fhocal)
 
ídigh
Tá'n mála mine ídighthe go dtí sin = caithte.
 
Dá mhine ghéire dhá gcuirfidh tú faobhar uirre annsiúd (speal), beidh an faobhar caite aice ar an toirt aríst. Bainfidh buin chréachtachaí agus feadógaí di é
 
farc
Ara beannacht Dé dhuit níl cleith thuas ar a chaolachaí nach bhfuil farcha as éadan (teach). Breathnuigh annsin! An bhfeiceann tú a bhfuil de mhin déanta ag an rata sin?
 
Bhí an oiread pislíní len a bhéal, agus a bheadh de mhin as fiodán muilinn = an áit a leigeann an muileann an mhin amach
 
Ní raibh foighid ná fuireach uirre, go dtugadh sí Sasana uirre fhéin. Ach dhá mhine ghéire dhá raibh sí ag imeacht, ba mhine ghéire ná sin í ag teacht agus a leath sciathán briste. Is olc a theigheas uabhar do na daoine
 
frigh
Dhá mbeitheá sách grinn, d'fheicfeá na frídeachaí sin amanntaí i min
 
Bhí mion-fhuasaoid aige shílfeá nach raibh muinntir an tí ag caitheamh sách maith leis, agus ní cháinfeadh sé iad, th'éise sin
+
fuin
Dhá bhreácha í Máire, ní fhuinfeadh sí cáca gan min; dhá bhreaichte de bhean í Máire Eóin ní fhuinfeadh sí cáca gan min = ní breaichte a níos brachán ach min; is fuar an rud cliú gan chuid; níl aon-mhaith san mbreácha gan teannadh ar a cúl
TUILLEADH (6) ▼
Bean bhreá í, ach cén mhaith sin nuair nach bhfuil aon-spré aice. Dhá bhreácha í Máire ní fhuinfeadh sí cáca gan min
Dhá bhreácha í Máire Eóin ní fhuinfeadh sí cáca gan min. Beidh an bhean ceart go leór, má bhíonn a dóthain airgid aice. Sé an t-airgead an bhreácha
Caithfidh tú fuint de réir na mine = nuair a stopfas an síol stopfaidh an fuirseadh; ní fhéadfaidh do dhola a dhul thar do shlí; ní fhéadfaidh tú a chaitheamh ach a bhfuil agad
Tá sé fánach againne a bheith ag comórtas le Muintir Ch. Tá beirt aca sin in a máistreásaí scoile, agus chuile dhuine san teach ag saothrú. Níl pínn ná bonn dhá shaothrú san teach seo. Agus caithfidh duine fuint de réir na mine
B'fhearr liom an ceann eile a cheannacht marach cho daor agus atá sé. Ach caithfidh duine fuint de réir na mine
Is doiligh dhuinne airgead a chaitheamh ar theach nua. Tiocfamuid leis an sean-teach go ceann tamaill eile. Caithfidh duine fuint de réir na mine