mion (50+)
→
fearacht
Dhá mbeadh sé fearacht an drad atá agamsa nach féidir liom aon cheo a changailt leis mura mbeidh sé chomh mion le snaoisín! 'Sé a bhfuil agatsa fiacail fhabhtach amháin
→
fliuch 1
Tá sé chomh maith dhuit an mhin choirce sin a fhliuchadh — a cur ar bogadh in uisce nó i mbainne
→
foilsigh
An corpadóir bradach! 'Sé cóir Dé é an méid sin a éireachtáil dó. Ba bheag aige fhéin dícheannadh a dhéanamh ar chréatúir bhochta. Chuir sé an bhaintreach sin thuas de dhroim tí. Chuir sé faoi ndeara di páipéar a shaighneáil dó ar a cuid talúna agus gan a fhios aici céard a bhí ann ach gur theastaigh cupla cloch mhine uaithi le aghaidh a háilín … Ach foilsíonn Dia an éagóir míle glóire agus moladh leis fhéin. B'fhéidir go bhfaigheadh an cneámhaire ar a mhéis fhéin anois é, agus ní ag amhdú an oilc é, ní mór linn dó
→
fág
Ní fhágfadh an madadh mion-mullóg dhíot le chéile marach gur eirigh Dia liom go dtáinig mé ann
→
comaoin
Dar mo choinsias, ní comaoin dó a dhul ag caint ar an airgead atá ormsa agus a liachtaí uair roimhe seo nach raibh luach cloch mhine aige ach léar (de réir) mar a bhínnse ag tabhairt dó. Ach is beag an lua atá aige breathnú siar air sin anois, ó thálta (tharla) rud a bheith aige fhéin.
Thosaigh sí ag réabadh, agus ag gabháil le buile, ar an dá luath is a raibh sí faoin gcarr, agus níor fhága sí mion mullóg den ghléas nár bhris sí ina chíréabachaí.
→
abhaile
Níor thug tú abhaile leat go bhféadfá aon cheo a chasadh liomsa. Dream gnaíúil, amuigh is i mbaile, iad mo mhuintearsa, ní hé sin do lucht na bhfaochan agus na mine buí é.
+
→
bealach
"Is deas an rud bólacht, féar maith agus gabháltas; Cruithneacht is eorna le gearradh; Min ins an gcomhra agus tine tráthnóna; Agus dídean d'fhear bóthar is bealaigh" (Raiftearaí — Caismirt an Phótaire leis an Ól)
TUILLEADH (1) ▼
Is gearr uaidh anois cheapfainn. Tá sé ar a mhine ghéire ag giorrú an bhealaigh — is beag an sea a thabharfas sé anois. Tá sé ag teannadh leis an mbás.
→
beo 1
Naoi lá a sheasfas an cogadh adeir an tairngreacht. Ní mór do chuile dhuine trí mhaingín min choirce a thabhairt leis agus a dhul síos in uamhain thalúna go mbeidh sé thart. Ach is aoibhinn don té a bheas beo. Beidh saol na bhfuíoll aige.
→
binse
Is deas an bhail é sin ar fhear atá ina chuid allais ar bhinse portaigh ó mhaidin — min bhuí a thairgeachtáil dhó tráthnona.
Chonaic mé gasúr le M. J. inniu i nGaillimh agus tá buimbiléad de chloigeann air, slán an tsamhail, atá chomh mór le máilín leithchéid mine.
→
aer
Cuireadh in aer chuile fhear ar an bhfeadhain acub leis an mine— hardaíodh nó maraíodh chuile dhuine dá raibh ann
→
buail ar
Fainic an mbuailfeadh cailleach E. an iníon thall ort. Tá sí ar a mine géire ag iarraidh duine bunúsach a dhéanamh amach di.
Is furasta buinneán breá mná a fháil, ach cén mhaith sin. Ní breáichte a ghníonns brachán ach min, adeir siad.
→
aire
Is maith aireach nach mór dhuit a bheith ar an lota sin mar tá na giarsaí ina min le na cianta — caithfidh tú a bheith aireach go maith ar an lota sin mar tá na saltrachaí atá dhá choinneáil suas ag lobhadh le fada
→
anáil
Ba mhaith an scéal dó fhéin gur faoina anáil adúirt sé é, mar ní fhágfaí mion mullóg dhe i ndiaidh a chéile ansiúd dhá gcloistí é.
→
ard 1
Tá an bóthar faoi mhion-aird uileag — tá an cuimse ard beag ann. (mionarda freisin — iolraidh — aird nó árda)
→
athraigh
Déan réiteach leis an máilín mine sin anois mar ní bheidh a athrú le fáil agaibh go dtí mí ó inniu
Dhá mbeadh aon cheo ar shúil capaill nó bó, cuirtear foghairt fúithi: bun sailí (slat shailí) a dhó, agus a mheilt ansin, nó go ndéanfaí chomh mion le snaoisín é; slám salainn a fháil agus é a chruachan, agus an salann agus mionbhas na sailí a shuaitheadh go maith; cleite a fháil ansin agus an meascán sin a chur isteach i dhá cheann an chleite; ansin é a chur faoi shúil an chapaill nó na bó leis an gcleite. Má bhíonn salachar faoin tsúil, nó scamall nó fionn nó péarla uirthi, is leo sin a chuirtear foghairt ina súil
An-áit é ag fáiteallaí maith le dhul isteach ann (le pósadh ann). Ach m'anam nach mór dhó a bheith ina fháiteallaí mhaith. Bheadh duine ar a mhine ghéire ann chuile lá sa mbliain, ach bheadh rud dhá bharr aige freisin. Tá slí an airgid ann
→
faobhar
Dá mhine ghéire dhá gcuirfidh tú faobhar uirthi ansiúd (speal), beidh an faobhar caite aici ar an toirt aríst. Bainfidh buin chréachtachaí agus feadógaí di é
→
farc
Ara beannacht Dé dhuit, níl cleith thuas ar a chaolachaí nach bhfuil farctha as éadan (teach). Breathnaigh ansin! An bhfeiceann tú a bhfuil de mhin déanta ag an rata sin?
→
feadán
Bhí an oiread pislíní lena bhéal agus a bheadh de mhin as feadán muilinn — an áit a ligeann an muileann an mhin amach
→
foighid
Ní raibh foighid ná fuireach uirthi go dtugadh sí Sasana uirthi fhéin. Ach dhá mhine ghéire dhá raibh sí ag imeacht, ba mhine ghéire ná sin í ag teacht agus a leath sciathán briste. Is olc a théas uabhar do na daoine
+
→
fuin
Dhá bhreácha í Máire, ní fhuinfeadh sí cáca gan min; dhá bhreáichte de bhean í Máire Eoin, ní fhuinfeadh sí cáca gan min — ní breáichte a níos brachán ach min; is fuar an rud clú gan chuid; níl aon mhaith sa mbreácha gan teannadh ar a cúl
TUILLEADH (6) ▼
Bean bhreá í, ach cén mhaith sin nuair nach bhfuil aon spré aici. Dhá bhreácha í Máire, ní fhuinfeadh sí cáca gan min
Dhá bhreácha í Máire Eoin, ní fhuinfeadh sí cáca gan min. Beidh an bhean ceart go leor má bhíonn a dóthain airgid aici. 'Sé an t-airgead an bhreácha
Caithfidh tú fuint de réir na mine — nuair a stopfas an síol stopfaidh an fuirseadh; ní fhéadfaidh do dhola a dhul thar do shlí; ní fhéadfaidh tú a chaitheamh ach a bhfuil agat
Tá sé fánach againne a bheith ag comórtas le Muintir Ch. Tá beirt acu sin ina máistreásaí scoile, agus chuile dhuine sa teach ag saothrú. Níl pínn ná bonn dhá shaothrú sa teach seo. Agus caithfidh duine fuint de réir na mine
B'fhearr liom an ceann eile a cheannacht murach chomh daor agus atá sé. Ach caithfidh duine fuint de réir na mine
Is doiligh dhúinne airgead a chaitheamh ar theach nua. Tiocfaidh muid leis an seanteach go ceann tamaill eile. Caithfidh duine fuint de réir na mine
→
fódaigh
D'fhódaigh mise agus S. G. an dá chúl thiar de Gharraí na Sceach Bheag lá cheana. M'anam gur le bheith ar ár mine ghéire dhúinn a rinne muid é
→
danra
Níl aon fhear goirt ná portaigh in Éirinn a chinnfeadh air ach tá sé danra leis an gcladach a shamhlú leis. Ní mian leis a dhul ann chor ar bith. Chaith mé trí nó ceathair de laethantaí anuraidh ar mo mhine ghéire ag iarraidh é a shaighdeadh amach sa trá, ach dheamhan dul muis, nó go raibh an rabharta cúlta. Ba bheag an mhaith dhó a dhul dhá mheath féin ann an uair sin
→
daor 2
Daoradh é, ach dúirt siad go raibh saochan céille air agus cuibhríodh é. Dheamhan steamar eile a d'éirigh dhó, théis go ndearna sé spólaí dhá mháthair. Dá mbeinnse i gcathaoir an bhreithimh, bheadh scéal aige air. D'fhéadfá a rá nach mórán scrupall a bheadh orm faoina dhaoradh. D'ordóinn tua an bhéil mhóir a fháil — an tua a ndearna sé féin an choir léithe — agus é a cheangal béal faoi ar bhord, agus gan mion mullóg dhó (dhe) a fhágáil i ndiaidh a chéile leis an tua … Dar a shon go n-agródh Dia orm é ach an oiread is a d'agraigh sé airsean é.
+
→
deannach
Mheil an learaí (lorry) in aghaidh an bhalla é go raibh sé ina mhin. Rinne sé deannach muilinn dó (dhe). Ní raibh cnáimh ina chorp i ndiaidh a chéile. Deirim leat nach raibh
TUILLEADH (1) ▼
Ní fhágfainn mion mullóg dó gan streachailt óna chéile. Dhéanfainn deannach muilinn dó (de). Dhéanfainn cac leicín dó (de)
An bhfuil a fhios agat nuair a fuair an cat scilling cén chaoi ar chaith sé í? Inseoidh mise sin duit: bonn ar amharc a bheith aige san oíche chomh maith leis an lá, bonn ar dhearmad bhean an tí, agus bonn ar shiúl mion — 'sé dearmad bhean an tí, an bainne a fhágáil siléigeach, nó gan aon chlár a chur ar an gcanna
→
deimheas
Más ag dul thart an bóthar féin a bheas sé, bíonn deimheas air féint a gcloisfeadh sé focal ar bith ag ceann bóithrín nó áit den tsórt sin. Agus siúlann sé chomh mion chomh réidh, agus go sílfeá gur ag iarraidh éalú ar dhuine a bheadh sé. Ar ndóigh, d'éireodh dhó: 'sé an dearcadóir atá sa mbeairic anois é
→
deis
Chaith mé an lá ar mo mhine ghéire. Bhí a shliocht orm: is beag le go raibh mé in ann mo sheanbháinín a iompar abhaile tráthnóna