réidh (50+)
→
fara
Tá Micil réidh le gort agus garraí feasta. Dheamhan lúd ar bith fanta ann. Caithidís ar an bhfara anois é, thálta (ó thárla) nach bhfuil sé indon aon-cheo a dhéanamh
→
feáin
Ní raibh fíth ná feáin air mara dteigheadh sé ar an bportach ag tógáil mhóna ar maidin. Diabhal aithne air nach tirm a bhí sí! "Dhá mba triomach go Nollaig é anois", adeirimse "dheamhan fód den tsraith siúd a bheadh le dhul i gcruach". Síleann sé má theagann anna mar sin go dtriomódh sí ar an bpuinnte. Tá sí réidh leis go haithbhliain muise
→
freagair
Déan go réidh siar annsin. Is fánach an chaoi a dtreascróchaí thú i bhfad uainn an anachain. Áit achrannach é. Tá go leór sean-bhunannaí crainnte ag freagairt ann
→
frídeoir
Chuaigh sí go frídeóir i bhfarraige ar an gcéad-amhóig in Éirinn. Shíl mé go raibh muid réidh. Dheamhan muise gurb shin é an lá a raibh mise idir an t-aighre agus an tanaí ceart críochnaithe. Ach d'eirigh linn a ceannsú in a dheidh sin
+
→
fág ag
Fágfaidh mé an Luan ag an gcladach. Is beag eile a bhéas déanta agam ach a mbeidh mé réidh leis an tráigh = ag obair san gcladach a bhéas mé Dé Luain
TUILLEADH (1) ▼
D'fhágfainn trí phíosa a bheith san ngarraí sin. Tá sin ann go réidh
+
→
fág gan
"Ag treabhadh an tsléibhe agus an talamh réidh a fhágáil gan cur" (sean-fhocal) = duine a níos obair dheacair nuair a d'fhéadfadh sé a dhéanamh ar éascaíocht, nó nuair ab fhusa dó rud eicínt eile a bheadh i mbéal a láimhe agus a dhéanfadh cúis cho maith céanna a dhéanamh. (Measaim gurb é an t-údar a bhí leis go saothraíodh pailitéaraí go leór tamhnachaí agus talamh sléibhe tá céad agus céad go leith bliain ó shoin. Thugadh na tiarnaí cead dóibh sin a dhéanamh agus ní chuiridís mórán cíosa orra idtosach. Déantas na fírinne thugaidís ugach dóibh a dhul ag saothrú na ndiomallachaí sléibhe ar a gcuid dúicheannaí. Tá go leór sean-tamhnachaí agus sean-talamh bán ar shléibhte fós a saothraíodh ar an gcaoi sin, cé go raibh togha na talúna ar chuideannaí eile den dúiche ag dul un báin, cheal tionóntaí, nó de bharr cíos ro-throm. Ar an dá luath agus a mbíodh áitiú réasúnta déanta ag na pailitéaraí ar an sliabh, chuireadh na tiarnaí measadóirí amach agus d'fháisctí cíos agus airgead acraí orra. Ba mhinic a lascfaidís leo annsin go dtí tamhnaigh eile ní b'fhuide ó láthair le éadan a chur ar an obair aríst)
TUILLEADH (3) ▼
Cén catmara atá ar an bhfear seo thíos a dhul ag cur an tabhairt sin air fhéin le leasú go barr an bhaile, suas ar sean-spíontán fliuch báite, agus neart garrantaí bán de scoth na talúna annsin siar aige. 'Ar ndó sin é: ag treabhadh an tsléibhe agus an talamh réidh a fhágáil gan cur
Shílfeá gur mór an dícéille atá air a dhul ag cur anró air fhéin ag baint fheamainne le curach, agus dalladh feamainn dubh — airde crann loinge dhi — thíos annsin thíos aige ar chongar. Ach ní minic leis an gceann céanna gan an chontráil a dhéanamh. Oibríodh sé leis. Ag treabhadh an tsléibhe agus an talamh réidh a fhágáil gan cur. Sin é a fhearacht aige sin é
Más leat airgead a dhéanamh, breá nach suas ar na portaigh a theigheas tú, agus neart móna a bhaint. Is samhaoiní dhuit í ná na faochain agus ná an carraigín sin. Agus is lú anró í as deireadh na cúise. Sé an chaoi a bhfuil sé agadsa: ag treabhadh an tsléibhe agus an talamh réidh a fhágáil gan cur
+
→
fág
Marach gur eirigh liom a theacht i láthair, sin ní fhágfá. Bhí tú réidh leis. Mharódh sé thú ar bhall na háite
TUILLEADH (3) ▼
Ó a dhiabhail nach hé a thug faoi. M'anam más thíos a fríodh é, gur thuas a fágadh, agus é siúd réidh leis. Ar chuala tú feannadóir ar bith ariamh a sháródh é?
Fágfaidh an ragairne réidh thú as a dheireadh = giorróidh sí leat; tiúrfaidh sí bás duit
Sin é a d'fhága réidh é, nach ndeachaidh sé roimhe in am (roimh thinneas etc.)
→
fálróid
Ní miste dhuit faoi chaora ná faoi ghamhna. Tá siad indon ag aistreán ar bith. Ach an áit a mbeidh capall a fhálróid (a shiúl, leigthe amach ann) ní mhór dhó a bheith réidh go maith. Is furasta capall a threascairt. Ní dhéanfaidh dhi a bheith i gclochair, ná ar strapaí
→
cab
Tá'n fánán aníos líonta (le clocha) aníos cab ar chab le ucht an aird. Is beag an caitheamh le fánadh a bheidheas ann, ach iad siúd a bheith réidh leis."
→
caidéis
Déan do bhealach a's ná cuir caidéis ar aon duine, a's ní chuirfe aon-duine aon-chaidéis ort. Níl buille 'bith is fhearr ná'n buille réidh
→
carcair
Bhí mé 'déanamh amach gur carcair ghiumhasaighe a bhí ann idtosach, ach níorbh eadh ach donn-réidh.
→
carraera
Chuala mé go raibh na carraeraí atá ar na bóithrí a' ceasacht páighe an tseachtmhain seo (gha)bh thart, a's go raibh siad a' brath air tabhairt suas, mara bhfaghaidís árdú. Tá siad réidh leis déarfainn. 'Séard a dhéanfar na bóithrí a chaitheamh suas ar fad.
→
catóg
Ach a mbeidh na h-éadaighe sruthlaighthe agad, scarfa tú ar na catógaí iad, a's beidh réidh-thriomach maith orra(b) trathnóna.
Má chuaidh siad amach faoi na tamhnachaí coimhightheacha sin, caith sneachta ar a lorg. Tá tú réidh leo(b) = caoirigh strae.
Má chuireann tú araoid a' bith ar a' gcoinicéar siúd, ní bheidh agad, ach malrait, ní bheidh sin. Mar sin, 'sé mo chomhairle dhuit leigean di, ar fad. Níl buille ar bith is fhearr ná'n buille réidh
+
→
coirpéis
Tá moill air, shul (dh)á mbeidh ceann air. Níl a' coirpéis fhéin réidh fós, ní áirmhighim a' ceann.
TUILLEADH (1) ▼
Dhá mbeadh cupla cúrsa eile air, bheadh an choirpéis réidh, ach beidh moill ar a' gceann.
→
comaoin
B'fhearr dhuit gan a bheith buailteach, nó gheobha tú an té a thiubhras cumaoin do láimhe dhuit as a dheire. Níl buille ar bith chomh maith leis a' mbuille réidh.
+
→
cora
Tá réidh-charra fhánach ann, ach is deacair thú fhéin a thabhairt tirm uaithe, is deacair sin.
TUILLEADH (1) ▼
Ní bheadh aon-mhaith aige ann, go mbuailfeadh sé carra chainnte ar fhear an Achréidh ach sílim nach an-bhuidheach a bhí sé dhó fhéin, 'san am a raibh fear an Achréidh réidh leis.
Breagh nar ghlac tú go réidh é, a's gan a bheith mío-chontanásach. Is suarach a' t-iongnadh gur bhuail spadhar fhéin é.
M'anam ná bacadh sé le na chuid mío-chontanáis i láthair Mh. Mh. Bh. Ní shiúd é an ribín réidh le cur chuige ná uaidh.
+
→
baile
Baile réidh rosach é an S. = baile nach bhfuightheá mórán cuntanáis ann, mara mbeitheá indon cur ar do shon féin, a's tú teann in airgead, i riocht's nach mbeitheá tuilleamach ar aon-duine (féach "réidh")
TUILLEADH (2) ▼
Níl muinntear na mbailte seo réidh leis a' gcur fós.
Tá tusa ro-sháithteach ar fad. Feicfe tú fhéin, go bhfanfa tú sa mbaile feadh's mise a bheith réidh leat.
→
bannaí 1
Marach mise 'bheith faoi bhannuidhe, bheadh scéal aige air. Deirimse leatsa nach mbead sé buidheach dó fhéin, nuair a bheidhinnse réidh leis.
+
→
bealach
Nuair a bhrisfeas tú amach ar a' mbóthar, beidh an bealach réidh faoi do chois, uaidh sin amach = ní áit gharbh a bheidheas le siubhal agad.
TUILLEADH (4) ▼
'Bhfuair tú an bealach go réidh? = 'bhfuair tú eolus a' bhealaigh go réidh.
Ní bhfaighe sé cead a bhealaigh chomh réidh a's shílea(nn)s sé féin. Beidh cóirí catha thairis sin air.
Scaoilfinn bealach leis a' mbuachaill sin, dhá mbeadh fhios agham, go bhfaghainn aon-bhuachaill eile go réidh. Dheamhan a' fiú deich triuf é. Is mó atá sé sa mbealach orm.
Mara bhfagha sé aon-bhean ins na bealaighe sin anois, tá sé réidh léithe.
+
→
beann
Is gearr go mbí sí réidh anois: tá sé 'cur stráca na binne. (tuigheadóir).
TUILLEADH (1) ▼
Tá'n bhinn ó dheas, réidh aige anois go cloch spideoige.
→
beart
Sé'n beart is fhearr dhuit é 'ghlacadh go réidh. Dheamhan maith 'bith dhuit a dhul 'un droch-(mh)úineadh leis. Má theigheann, ní bhainfe tú ceart a' bith dhe.
→
crinn
Deirimse leat gur thug sé cnámh le crinneadh do Sh. Mh. a bheith réidh in am. A's ní bheadh marach a bhfuair sé de chongnamh.
+
Bím plúchtaí ar fad, amanntaí, nuair a bhuailea(nn)s an racht mé, a's tagann an oiread crochaillí aníos as mo mhuineál, a's bíonn cliar in mo phíobán, ach dheamhan cailleadh a' bith a bhío(nn)s aríst orm, nuair a fhaghaim réidh an achair.
TUILLEADH (1) ▼
Is mór an uais é; a' caitheamh amach crochaillí ar an urlár. Ghlacfá col leis, go réidh.
+
→
beo 1
Má tá aithinne 'bith beo innte, b'fhéidir go ndeargfadh sí fós, ach í 'shéideadh a's réidh an achair a thabhairt di.
TUILLEADH (1) ▼
M'anam muise mara gcuire tú i bhfocal anois go beo, tapa í, go mbeidh tú réidh léithe. Chuala mé go raibh sí ídighthe aige, go dtí mála amháin.