Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

réidh (100+)

+
abair
Abair é! Móin ar bith nach raibh tógtha roimh an doininn seo, tá sí réidh le triomach i mbliana
TUILLEADH (1) ▼
Tá sé réidh agam anois. Céard adéarfá faoi sin? An gceapfá go bhfuil sé maith go leor?
 
daba
Ara tá chuile dhuine siar ansin ag fáil an daba eile sin — an dole — ar feadh na bliana uileag, agus is cuma leo sin sa diabhal, ach gan é sin a bhaint dóibh (díobh). Dhá mbaintí, bheidís réidh le K. gan mórán achair. Dheamhan mórán gnaoi ag cuid mhaith acu cheana féin air, ach tá siad i bhfaitíos faoin dole ina dhiaidh sin
 
daigh
Ní fhaca tú aon fhear ariamh ab fhearr a bhíodh ná é go mbuaileadh an daigh é, ach ó bhuailfeadh, mhaithfeá do Dhia gan a bheith ag éisteacht leis go n-imíodh sí aríst. Ach ba bheag réidh an achair a thug sí dhó chor ar bith san aimsir dheiridh. Chothaíodh sí i gcónaí é
 
dáil
An bhfuil tú réidh? Freagra: I ndáil leis
 
dalba
Is dalba an airde atá sa reanglachán siúd. Bhuailfeadh sé a chloigeann go réidh socair thuas ar an áiléar sin. Níl airde ar bith in P. S. lena ais. Dhéanfadh sé siúd beirt mar é
 
Chuir sé an dallach dubh ort. Breá ar ghéill tú dhó. Nach simplí an mhaise dhuit é feasta choíchin. Ag tabhairt scilling do shomachán nach raibh aithne ná eolas agat air, ar chuntar go dtabharfadh sé cigarettes agat. Bhí baol air go deimhin. Tá tú réidh le do scilling anois. Caith sneachta ar a lorg — gheall an gasúr dó go raibh a fhios aige féin áit a bhfaighfí toitíní, agus mheall sé scilling ón bhfear
 
Tá a shliocht orm. Ní bhuailfear an dallamullóg chomh réidh sin ormsa aríst, agus ní bhuailfí orm an uair sin fhéin é murach go mb'éigean dom a bheith isteach is amach chuile phointe ag faire ar bhó a bhí i dtinneas lao
 
Nach é an dallarán ceart é má tá chuile dhailtíneach in ann imeartas mar sin air. Dheamhan splanc chéille a thiocfas go deo dhó. Tá sé réidh léithe
 
Dá mbeifeá an fhad ar neamhchodladh agus atá mise, bheifeá féin in do dhall dúda freisin. Níl a fhios agam ó fhlaithis Dé céard atá orm. Chuaigh mé ag an dochtúr agus thug sé cupla buidéal dom, ach bhí mé chomh maith dhá bhfuireasa. Níor chaith mé an ceann deiridh a thug sé dhom chor ar bith. Sin é an chaoi a bhfuil mé. Buaileann codladh mé mar seo agus bím in mo dhall dúda leis, ach ar an dá luath is a dtéim ar an leaba, imíonn sé d'aon iarraidh … Bím ag titim in mo chodladh agus airím ualach eicínt i mbéal mo chléibh, agus mar a bheadh pléascadh eicínt in mo phíobán. Dúisím suas de gheit. Uaidh sin amach, tá mise réidh le codladh
 
Déanfaidh an cogadh seo damáiste shula mbeidh réidh dhó
 
Sin é an uair a mbíodh an dántaireacht sa teampall seo thoir. Chloisfeá go réidh socair ag C. na gC. iad chuile uair dhá mbíodh prayers acu ann
 
daoire
Tá na beithígh réidh le daoireacht i mbliana. Deir siad go bhfuil an galra eile sin briste amach aríst i Sasana
 
daor 1
Is daor a íocfas tú ann má bhaineann tú léithe siúd. Ní hiúd iad an ribín réidh agat. Chuirfeadh a hathair siúd thar farraige thú (go talamh Van Diemen nó a leithide d'áit)
 
Má d'airigh tú faoi do neart chor ar bith é, breá nár thug tú an dara hairt dó. Ní tada eile a bhí ag teastáil uaidh. Muire muise, dhá gceapadh seisean go raibh aon fharasbarr aige ortsa, ní imeofá uaidh chomh réidh sin
 
de
Bhí an iomarca den chaint aici. Sin é a d'fhága réidh í
+
Níl na ceanna cruacháin ná na malraigh Cháit sin le n-ithe chor ar bith. Má bhuaileann siad go deo an duán agat, caith ag an deachma iad. A mhalrait níl le déanamh leo. Nach cloigeann ar fad é an ceann cruacháin. Bhí mé lá i mbliana ansin thíos ar an starráinín, agus bhí siad do mo bhualadh chomh tréan in Éirinn agus a bhí mé dhá gcaitheamh i bhfarraige. Ach dhá mbeinn ann go dtiteadh déidín agam, ní bhfaighinn priocadh ó thada eile. Ghliondáil mé suas mo dhorú faoi dheireadh le cantal, agus aníos liom. Ná bac thusa le lá ar bith a mbeidh bualadh ar a leithidí sin. Tá tú réidh le iasc an lá sin
TUILLEADH (1) ▼
Duine sa gcéad a dheirfiúr ó, a chuirfeas an saol thairis gan corrphoc eicínt dhá bhualadh. Caitear deachma na sláinte a íoc. Bíodh muid buíoch má éiríonn sé linn chomh réidh sin. Feiceann muid fir luatha láidre scolbánta ar na maidí chuile lá sa tseachtain. Nach bhfuil a fhios agatsa ansin go bhfuil sé mór ag seanchuaillí mar muide, a bhfuil leathchois linn istigh san uaigh cheana, a bheith ag casaoid
 
Fuair sé airgead mór ar an áit sin a dhéanamh. Is airgead mór é lena mheas mar sin, ach cár fhága tú an deachmaíocht ina dhiaidh sin. Tá sé réidh go leor cheithre mhíle punt a rá, ach ní bhfaighidh sé leithphínn dhe sin go mbeidh an chloch spideoige thuas aige, agus gan a fháil an uair sin fhéin ach a leath. Ní bhfaighidh sé an chuid eile nó go bpasálfaidh na hengineers é, agus b'fhéidir gur fada é sin. Dar brí an leabhair bhí costas freisin air
+
Ná bac leis an gcailín [...] le duine ó bhuailfeas sí aon uair amháin é. Níl leigheas i gcionn na heitinne. Duine ar bith a dtiocfaidh sí ina chrioslaigh is fear réidh é
TUILLEADH (1) ▼
Nach réidh a dhealaigh an triuch lena cuid patairí seo thíos. Dar príosta rinne sí éascaíocht mhór leo ar scáth coicíse. Is minic a chonaic mise ag baint ráithe mhóir fhada as gasúir í. Murar chas fear an chapaill bháin léithe (bíonn leigheas an triuch ag fear capall bán)
 
deamhan 1
Tá tú réidh le síocháin anois ná aon síocháin a fheiceáil ar an domhan. Dheamhan é muis nó go n-imí an ball dubh den fheadóig
+
déan 1
Gheobhaidh sé a sháith mhór le déanamh feicfidh tú féin air agus an bully seo anoir a chur in aer. Ní chuirfidh sé in aer é chomh réidh agus a chuir sé an dream eile. Ní raibh sna troideannaí eile sin dhó ach ag caitheamh dairteacha
TUILLEADH (1) ▼
Ná déan de mhoill anois ach thú a bheith réidh
 
Ná raibh Dia ag asail muise mura raibh sé ag baint deannaigh as ceathrúnaí an asail soir le fána. Feac láí a bhí aige agus níl aon iarraidh dhá raibh sé a thabhairt ar na heasnachaí dhó nach gcloisfeá go mín réidh socair thiar ag tigh Mh. 'Tabharfaidh mé ag an bpóilí tú,' adeireadh sé, agus díocas air leis an bhfeac
 
Coirce ar bith atá ar sraith tá sé réidh le triomach inniu. Rinne an tuile aoileach dhó (dhe) aréir agus níl an deannóid féin ann inniu le dhul thríd. Shílfeá go mbíonn scláradh gréine ann scaití ach is gearr a sheasas sé. Pé acu sin é, níl triomach ar bith ann
 
Tá déanta lena bhás. Níl aon tsúil go dtabharfaidh sé mórán leis an oíche leis. Tá srannán ann anois a chloisfeá go réidh socair amuigh ag céim na sráide. Chuaigh an ola air inniu
 
dearg 1
Shíl sé a thabhairt fúm dearg, ach ní dheachaigh leis. Bhí mise réidh faoina chomhair. Is togha scéiméara é
 
dearg 2
Beidh mé réidh leis an deargadh anocht. Má bhíonn féin ní miste sin liom, mar ní gan anró é
 
Tá sí réidh le deasú anois ó d'imigh an ciseadóir. Sin é an buachaill a dheasódh í. Dhéanfadh sé ciseog nua di
+
An té a mbeidh déidín tite aige ná bac thusa leis. Má bhíonn sé tite ceart aige, is fear réidh é. Dochtúirí na cruinne ní leigheasfadh é. Má ghníonn an giall crapadh tá sé craptha, agus ná bac thusa lena thabhairt ar ais, mar níl aon ndán ar ais dó. Déarfaidh do rogha dochtúr leat é cuirfidh mise geall
TUILLEADH (2) ▼
Go sábhála Dia sinn: déidín tite aige. Má tá muise, is fear réidh é. Céard a d'éirigh dhó? Ar ndóigh ní hí an spalla a buaileadh air thoir anseo is ciontaí. Chaithfeadh sé go raibh tsiocair (siocair) eicínt aige thairis sin. Is deacair le déidín titim. Chuala mise cheana gur buaileadh iarraidh d'ord ceardchan ar an gC. a bhí thuas anseo agus é sínte ar an mbóthar. Cuireadh cnáimh a ghéill as áit agus ina dhiaidh sin féin dheamhan déidín a thit aige. Murab in í a dhóthain de shiocair castar leis é, ach bhí giall cruaiche aige siúd, deir siad
Dheamhan duine muise as an teach a thiocfas a (do) chúnamh dó dhá dtiteadh déidín aige ag forcamhás orthu. Nach réidh a gheobhadh sé daoine ag dul dhá marú féin dósan agus gan é ach ag magadh fúthu aríst ar fud an bhaile. Chuaigh beirt as an teach dhá lá le coirce aige anuraidh agus 'sé an seamsán a bhí aige soir faoi na bóithrí aríst go mb'fhearr dóibh a bheith ag déanamh rud eicínt ó tharla nach raibh aon choirce acu féin. Ag ceapadh go dtabharfadh muide lá don fhear sin aríst!
+
deilbh 1
Dá mbeinn réidh le chuile dheilbh eile go dtí an churaíocht, ní leathanró í sin a dhéanamh. Ach bíonn duine meata ag dul i dtrá, agus ag tógáil clascannaí, agus ag biorú claíochaí, agus ag déanamh crúbáin
TUILLEADH (2) ▼
Dhá mbeadh chuile dheilbh eile réidh, ní bheifí i bhfad leis an teach, ach cí Dia go mearódh an téisclim duine. Tá mise thar bharr mo chéille ag na faileannaí beaga sin atá le déanamh
Bhí chuile dheilbh eile déanta aige san oíche Dia Domhnaigh ach an pota a leagan síos, agus bhí sé le sin a dhéanamh an oíche sin. Ba cheart dó a bheith réidh faoi seo. Mura dtapaí tú é mar sin féin, dheamhan an striog a bheas aige. Ní túisce réidh anois é ná bhíos an iarraidh fuadaithe cruinn baileach. Mura bhfaighe tú aon deoir aigesean, tá tú réidh lena fháil in aon áit eile
+
Tá faobhar ar a deimheas aici anois. Feicfidh tú píosa sciolladóireacht anseo roimh an oíche, nár chuala tú a leithide ariamh, má ionsaíonn sí féin agus an rúisc thuas a chéile. M'anam, nach í an ribín réidh í an bhean thuas muise ach an oiread leis an gceann síos, má bheoíonn sí féin amach chun siúite. Bhí an chéad eadra den achrann seo [...] inné … Cearca deile … nach é an sionnach a fhéadfas a [...] a dhéanamh fúthu!
TUILLEADH (1) ▼
Más ag dul thart an bóthar féin a bheas sé, bíonn deimheas air féint a gcloisfeadh sé focal ar bith ag ceann bóithrín nó áit den tsórt sin. Agus siúlann sé chomh mion chomh réidh, agus go sílfeá gur ag iarraidh éalú ar dhuine a bheadh sé. Ar ndóigh, d'éireodh dhó: 'sé an dearcadóir atá sa mbeairic anois é
+
Tá na bróga seo réidh sna deiriúchaí théis go sílfeá go bhfuil na huachtair go maith
TUILLEADH (2) ▼
Bainfidh ceann eicínt acu amach é, má théann siad chun dlí, ach i ndeireadh na scríbe, is cuma eatarthu é. Is beag is fiú an áit nuair a bheas na dlíodóirí réidh leis
Ba mhór an cur chun deiridh air leis an scaradh nach raibh bara aige. Ní bheadh stró ar bith í (móin) a scaradh ansiúd le bara. Tá plás réidh ann
+
deis
Dhá mba mise thú, ní ligfinn an deis uaim. Ní móide go bhfaightheá chomh réidh aríst í
TUILLEADH (3) ▼
Níl cinneadh go deo lena bhfuil de dheis ag an bhfeairín sin muis. Agus ina dhiaidh sin agus uileag, tugadh boiseog sa tóin dó amach as do pharóiste gan aon bhean a thabhairt dó. Dhá dteagadh ceannaí ceirteacha timpeall muis, is maith réidh a d'éireodh ceann leis, is maith sin
Níor bheag dó an deis a bhí air agus gan tusa a dhul ag déanamh tuilleadh air. Más thuas a frítheadh é, thíos a fágadh é, nuair a bhí tusa réidh leis
Seas ar an taobh seo agus píceáil amach ar do dheis í. Nach feasach duit gur in aghaidh deise atá tú ag píceáil anois. Shoraidh dhíot nach nglacann go réidh thú féin, agus gan furú mar sin a bheith ort. Is iomaí oíche ag an teampall orainn
 
Ní fheicfidh tú aon bhiseach air sin an fhad is a bheas grian ag dul deiseal. Tá sé réidh leis
+
deo
Tá tú réidh leis go deo — ní bhfaighidh tú é choíchin
TUILLEADH (1) ▼
Tá tú réidh leis anois go deo deo
+
dia 2
Tá tú réidh leis anois go Luan an Bhrátha ─ Lá Philipe an Chleite; lá an Luain
TUILLEADH (2) ▼
Tá mise réidh leis an ngrifisc sin aríst go lá an Luain, agus a údar agam faraor
Má fheiceann tú deireadh Sathairn ag teacht anuas, tá tú réidh le triomach a fháil an lá sin
 
diabhal 2
Bíodh an diabhal aige anois! Tá mise réidh leis
 
Is maith diabhlaí réidh leis rud a dhéanamh — síleann sé go bhfuil sé furasta rud a dhéanamh
+
diaidh
Is diabhlaí an t-uafás a bhíos ort. Nach bhfuil a fhios agat go ndéanfaidh mé é ach a mbeidh mé réidh go dtí é. I ndiaidh a chéile a dhéantar na caisleáin. Níl aon tsástaíocht agatsa ann mura ndéantar chuile shórt de léim
TUILLEADH (2) ▼
Chuaigh sé i ndiaidh a mhullaigh ann agus tuilleadh ghéar den diabhal aige! Ní raibh sé gafach le comhairle, agus tá a shliocht air anois. Bainfidh sí siúd deatach as. Ní raibh breith bonn báis aige nó go bpósfadh sé í sin. Spéir na gréine a bhí inti a mhic ó, má b'fhíor dó féin. Déanfaidh sí siúd spéir na gréine dhó (dhe) shula bheas sí réidh leis
Tá caitheamh i ndiaidh a chéile acu. Ach tá siad réidh le chéile anois. Tá chaon duine acu pósta le duine eile
 
Caith sneachta ar a lorg anois. Tá tú réidh lena fháil. Dheamhan fáil muis, dhá ndéanadh Dia dearmad ort. Breá ar thug tú uait é an chéad lá
 
'Sé a rinne díbheirgeach ar an mbó é agus gob an chorráin a chur dhá bháthadh ina glota. Tá sí réidh sílim. Ní bhuachfaidh an fear ar leis í aon phínn go deo uirthi. Shílfeá nach ndéanfadh sé cleas mar sin, faoi nach ndearna an bhó foghail ar bith, ach a dhul thar claí isteach sa gcimín. Diabhal mé go ndéanfadh duine rud as taghd b'fhéidir dhá mbeadh ciseach déanta de chur — ach talamh bán. Is daor a bheadh sí air muis, murach go raibh sí istigh ar a chuid talúna féin. Ach ní bhfaigheadh an ceann eile (an té ar leis í) comhaireamh na sop. Bhí an bhó ar chuid an fhir eile agus mhionnódh sé siúd, ní dhá roinnt leis é, a dtáinig ariamh le é féin a shaoradh. Is air nach mbeadh an mhoill
 
Deir siad go dtug an sagart díbliú an mhí-ádh air inniu. Rug sé air ag teacht amach as tigh Bh., agus más thuas a frítheadh é, is thíos a fágadh é shula bhí sé réidh leis. Tá teanga nimhe neanta ag an sagart sin nuair a áitíos sé duine. Sagart soineanta go leor é nó go mbaintear as é, ach má bhaintear, bí ar do shon féin ansin
+
Má bhíonn tú réidh 'sé do dhícheall é. Tabharfaidh sé rud le déanamh dhuit freisin, dar mo choinsias
TUILLEADH (1) ▼
Níor fhéad mé aon chaoi a chur uirthi théis mo dhíchill. Tá an feire uileag réidh. B'fhéidir dhá dtugtá ag gréasaí maith í go ndeasódh sé fós í, ach drochsheans. Ná bac leis an leathar atá amuigh anois! Ní fiú do sheacht mallacht é
 
díle 1
'Siad na dílte seo a fhágfas an t-arbhar réidh. Bhí sé ar a leathghlúin cheana ach sínfidh sé ar fad anois. Cén bhrí ach má theagann stolladh gaoithe. Sin é a dhéanfas a chreach ar fad
 
Chuala mé go minic go raibh geis ar an gcnocán sin: go raibh sé síúil. Deir chuile dhuine go raibh rudaí dhá fheiceáil ann. Ach ní raibh géilliúint ar bith aigesean do chúrsaí den tsórt sin. Bhí rachmall an airgid air, agus chaith sé ina cheann teach nua a dhéanamh. Ní bheadh aon shásamh aige ann go ndéanfadh sé ar an gcnocán sin é, théis go raibh chuile dhuine ag cur aithne air gan drannadh leis. Más é an tAthair M. féin é — 'sé a bhí anseo an uair sin — chuala mé gur dhúirt sé leis go mbeadh sé in aiféala mura bhfágadh sé an cnocán agus a raibh ann lena n-anó féin. Ach ní raibh aon chomhairleachan ina chionn ó chuirfeadh sé roimhe rud a dhéanamh. Bhí sé chomh dána le múille. Réab sé an cnocán as a lúdrachaí ar aon nós, agus rinne sé an teach. Tá sé fuar folamh ansin ó shin, mar a fheiceas tú féin é. Dheamhan duine a chónaigh ariamh ann sílim. Maraíodh an mac shul má bhí sé déanta. Sách fánach a maraíodh é freisin. Ord a thit den scafall air. Buaileadh síos an iníon agus chaill sé an domhnaíocht airgid léithe, ach ní dhearna sí aon mhaith ariamh. Thit binn an tí go talamh shul má bhí sé réidh. Shílfeá go mba in é a dhóthain de thaispeánadh, ach chuaigh sé ina éadan as dúshlán in athuair. Ní fhaca sé an chloch spideoige ariamh air. Bhí sé ag déanamh créafóige. Ón lá ar thosaigh sé ag orlaíocht ar an gcnocán sin — shílfeá gur beith a bhí air é — níor fhan rud istigh ná amuigh aige nár tháinig an díleá air. D'imigh a raibh aige agus ar chruinnigh sé go crua — d'imigh sé ina ghlae ghlas. B'éigean don bhean agus don chuid eile den chlainn lascadh leo as ar fad sa deireadh. Bhí an díleá ar a gcuid os comhair a dhá súil. Níl a fhios agam an raibh an oiread acu agus a thug go G. iad. Má bhí, dheamhan tada leis é. Níl duine ar a shliocht inniu; i gcruthúnas nach ceart d'aon duine a dhul ag cur araoid ar an slua sí — diúltaí muide dhóibh agus fuagraímid dea-chomharsanacht orthu!
+
Thug sé guth orm nach ndeachaigh mé a chúnamh dhó ab ea! Nach raibh sé ag dilleoireacht liom ar feadh na hoíche aréir Pádraic a ligean leis, ach m'anamsa nach (nár) ligeas, ná dheamhan ligean. Is dona na gnaithí a bheadh orm, agus an sláimín féir atá agam féin caite ansin thoir fós faoi fhliuchán agus faoi amlua. Níor mhór le cuid de na daoine dá bhfágthá do chuid oibre fhéin ansin agus a dhul in éindí leosan go mbeadh a gcuid oibre féin réidh
TUILLEADH (1) ▼
Lig de do chuid dilleoireacht anois liomsa nó beidh rud ar a shon agat. Diabhal bréag nach mbeidh. Ní mise an ribín réidh agat má bhaineann tú asam é
 
Nuair a thiocfas an scéal faoin mbreitheamh ansiúd, is beag an mhaith dhuit tosaí ag dilleoireacht agus ag rá: 'd'fhága sé agam é,' mura bhfuil páipéir agus dintiúirí agat air de réir an dlí. Ní hé an dlí an ribín réidh deirimse leat. Ar chuala tú ariamh é: "téann an dlí do na daoine bochta mar a théas uisce an earraigh do na cearca"
 
Is fada í ina diocach mar sin. Na scoilteachaí atá dhá dhéanamh uirthi. Ní fhaigheann sí réidh an achair chor ar bith anois uathu
+
An nóiméad a dtéann sé sin isteach sa ngarraí, teagann díocas air agus tabhair díocas air. Dheamhan a fhios agam ina dhiaidh sin, nach mó a dhéanfadh fear nach mbeadh a leathoiread díocais air — a ghlacfadh an saol go réidh. Is beag a bhíos de bharr an uafáis go minic, agus nuair a bhíos obair féin déanta, is obair gan slacht í
TUILLEADH (4) ▼
Bíonn díocas ar an aineolaí i gcónaí, go dteaga sé isteach ar an obair. Glacann sé é féin go réidh ansin, agus is fearrde é freisin é. Ainneoin a bhfuil de dhíocas air seo thíos, is suarach le rá an fhoghail atá déanta aige le dhá lá. Diabhal mé dá mba gasúr a bheadh ann go mbeadh an oiread céanna déanta aige
Díocas iascaigh atá air. Ní bheadh fí na feáin air inné mura bhfágainn mo ghort agus a dhul amach in éindí leis. Chuaigh, mar is le bheith in m'amadán dom é. Dheamhan an priocadh féin a d'éirigh linn. Bhí sé ag stróiceadh liom inniu freisin, ach thug mé don diabhal é. Tá sé réidh go leor aigesean nach bhfuil imní goirt ná sléibhe air, ach ní hé sin domsa
Ach a mbeire sé siar ar an áit dheacair agus ar an dearglaoch, rachaidh mise faoi dhuit go mbainfidh sin an díocas dó (de). Tá sé réidh go leor ag sleádóir cora mhóna a chur aníos in áit éasca, ach is é an dearglaoch agus an fheoil chapaill atá in ann fear a chur ar a mhiotal. Chonaic mise sa bportach s'againn féin anuraidh é
Is beag eile díocais a chuirfeá san iarraidh nuair a d'fhágfá réidh é. Tá réiteach maith air mar atá sé — tá sé leathmharbh
 
Níl fear ar bith is pointeáilte ná é. Caithfidh sé seachtain anois ag cur díon ar an iothlainn sin, agus dhá diogáil agus dá sceacháil nó nach mbeidh bunchleite isteach ná barrchleite amach inti! 'Sé a chuaigh le P. Ch. ceart. Séard a bhí a dhéanamh anois nuair a bheadh sé réidh agus na claíochaí biorraithe aige, brúisc a leagan ann oíche eicínt agus asail T. a scaoileadh isteach inti. Bheadh athobair air ansin ag diogáil aríst
 
díol 2
Chuaigh sé ag déanamh ball séire ormsa oíche anseo a ndeachaigh sé thart deireanach. Bhí seanasal dubh agam an uair sin agus é thiar ansin thiar i ngarraí an bhóthair. Bhí seanasal eile ag J. Th. sa ngarraí ó thuaidh. Sheol sé anuas é agus isteach in mo gharraíse agus deir tú le céard a rinne sé, ach driobaill an dá asal a cheangal dhá chéile le píosa róipín. Murach gur éirigh lena hasail a bheith an-tsean agus an-tsocair, diabhal mé go mbeadh an dá dhrioball tarraingthe amach ón dúid acu as a chéile ar maidin, mar chuir sé an ceangal cráite orthu. D'fhan mar sin go ceann seachtaine agus siar liom féin oíche agus níor chónaigh mé ariamh gur thug mé a chapall amach glan as an ngarraí, agus as go brách liom gur fhága mé thuas in éindí le na caiple féaraigh ar chuid M. Ph. í. Rug mé ar bhromach réidh go leor, agus as go brách liom anuas aríst gur fhága mé istigh thiar sa ngarraí aige é, an áit a raibh an capall. 'Bailíodh leat,' anois arsa mise. Bhí cupla uair lae ann feadh is mé a bheith sa mbaile. Ba é déanamh an mhagaidh díol an mhagaidh an mhaidin sin ar chaoi ar bith
 
Is deacair díolaíocht a dhéanamh leis an sagart atá agaibhse. Deir siad go bhfuil sé an-ghéar faoi airgead agus go mbíonn sé ag banrán i gcónaí i gcónaí, nach bhfaigheann sé a cheart. Is beag an tuarastal a íocas muide anseo chor ar bith. Tá sé réidh go leor a chuid a thabhairt don Athair P.
 
Tá an t-aer sin thiar sách diúltach i gcosúlacht. Ná bac leis ó chuaigh sé ar an gclaochmú seo. Ní fheicfidh tú aon lá ar fónamh aríst i mbliana. Tá tú réidh leis
+
dligh
Ní dhlífinn an lá sin féin dó muise, ach nach raibh neart agam air. Dheamhan ceo de mo chuid féir a bhí in iothlainn agam, ar an ngairfean mór sin a tháinig faoi Fhéil Michil anuraidh. An chéad lá breá a scal as aer, thapaigh mé é. D'iarr mé air a theacht ag déanamh an choca liom. Tháinig. Bhí muid réidh ardtráthnóna. Meas tú nach raibh sé ag ligint goib agam (chugam) aríst i gcaitheamh na bliana, nó go mb'éigean dom faoi dheireadh agus faoi dheoidh, a dhul lá leis in ómós. Sin é an C. agat
TUILLEADH (1) ▼
Dá mbeadh sí gan a dhlíochtáil dúinn chor ar bith, níor cheart di a choinneáil. Is mór leis amach as an teach seo ar rug a crúib air, agus níor scar sí leis. Ach dar lomlán an leabhair, ní bhfaighidh sí an méid seo chomh réidh sin, dá mba isteach os comhair Sh. F. a thabharfaí í. Rófhada a bhí na daoine ag tabhairt aird ar a cuid iarratais — sea sin
 
dochar
Tá foghail mhór déanta ort, agus ní hé a d'fheil duit a dhuine bhoicht, ach níl rud ar bith is fhearr duit anois ná an buille réidh. Nuair is mó an dochar sea is fhearr an fhoighid
 
docht 1
Ní ól ar bith é an lemonade bradach sin. Bhí mé thoir ansin lá in éindí le M. B. agus le S. Ó. C. agus J. N. Chaith mé an lá ag ól an lemonade: buidéal ar an bpionta leosan. Chuir sé docht orm faoi dheireadh. Dheamhan deoir a bhí mé in ann a dhéanamh thríom síos aige. Shíl mé go raibh mé réidh. Dúirt D. liom a dhul amach agus an t-uisce a fhágáil ag scairdeadh as an tap go ceann scaithimh. Sin é an uair a tháinig sé
 
docht 2
Docht le meirg atá sé. Ní thiocfaidh sé sin dó (dhe) go réidh
+
Ní hiúd é an ribín réidh le dhul go dtí leac an doichill aige. 'Sé an chéad mhaith a dhéanfas sé fiafraí dhíot céard atá tú a iarraidh. Ní bheidh ach faonoscal ar an doras aige, agus fanóidh sé féin taobh istigh. Dheamhan beannú ná beannú a rinne sé d'aon fhear ariamh
TUILLEADH (2) ▼
Nuair a bhíos an píobán réidh calctha air, tá sé siúd in ann é a chur síos píobán an doichill. Murach go bhfuil, ní bheadh sé in ann an oiread de scaird a ól. Mo chroí ón diabhal, nach dtoillfeadh sé i ndabhach
Chreidim go bhfuil an dá bhealach ann — an Daingean agus an Ceann — mar adeir an bádóir. 'Sé an píobán réidh píobán na beatha, agus an píobán eile — píobán an doichill — ceann na hanála
 
Hé brí céard a dhéanfas tú ná bí doicheallach leis. Cuir fáilte roimhe agus iarr isteach é, agus tairg cupán tae dhó. Ansin inis dó a bhfuil le rá agat, go mín mánla gan focal aranta ar bith. Ar a bhfaca tú ariamh ná téirigh chun drochmhúineadh leis mura gcinne ort. 'Sé an buille réidh an buille is fhearr
+
dóigh 1
Boss réidh go leor é. Mura bhfeiceadh sé thú ag déanamh dóighe den scéal ar fad ní abródh sé tada. Bhí mé féin agus M. Bh. ansin thiar anuraidh ag baint chlocha reatha i ngarraí D. Shuigh muid síos agus na piocóideachaí caite uainn againn. Diabhal easna dhó nár théaltaigh aniar, agus ní fhaca muid ariamh ariamh é, gur rug sé ceart críochnaithe orainn. Meas tú céard a rinne sé: a dhroim a thabhairt dúinn ar an toirt … Chaithfeadh sé T. Mh. a bhriseadh. Rinne sé sin dóigh dhó (dhe) amach is amach. Fear ar bith a leagadh an bara uaidh os a choinne agus a chuireadh péire uillinneachaí air fhéin ag dradaireacht le chuile bhean a théadh thart an bóthar
TUILLEADH (2) ▼
Ba mhaith an dóigh grinn do dhuine a bheith ag breathnú air ag cur na tuí. Dheamhan blas ariamh ach a bualadh síos ina straoilleogaí mar a bhí sí agus scoilb a fháscadh inti. Is breá slachtmhar an teach a bheas aige ach a mbeidh sé réidh
Is dona an dóigh dhó a dhul ag turnae (aturnae) faoin scéal mura bhfuil fianaisí (fianaise) aige thairis sin air. Tá sé breá go leor a bheith ag caint anseo ar leic an teallaigh, ach níl sé chomh réidh sin ceart a bhaint den bhreitheamh ná de na dlíodóirí a bhíos ansiúd. Chabálfaidís thú ar iontú an tsoip
 
dóigh 3
Ab iad a dhó a rinne tú (bróga). Tá siad réidh ón bhfeire amach ar aon chor
+
Tá tú réidh le dhul ann ar an doininn seo. Caith as do cheann é
TUILLEADH (1) ▼
'Sí an doininn seo a fhágfas arbhar réidh. Ná bac anois leis. Tá tú as aon cheo a bhailiú air
 
doirb 1
Doirb! Mo chreach mhaidne thú. Leann rua a d'ól sí. Sin é an doirb atá uirthi! Tá sí réidh freisin. Níl i ndán traoitheadh di … Muise diabhal an féidir gur dhúirt sé leat gur doirb a ghlac sí. Is cosúil gur airigh sé simplí thú. Tá leann ansin thoir i mbairillí le seachtain, agus is dóigh go bhfuair sí a bholadh
 
doirg
Nach doirg an mhaise dhuit é. Bíodh foighid agat, bíodh sin. Níl mé féin réidh fós leis
 
dóirt
Ní ag ligean thríd atá sé ach ag dórtadh. Ní choinneoidh an soitheach seo aon deoir uisce dhaoibh níos mó. Tá sé réidh leis, mura dté an-stoipéad ann. Ar an gcaoi sin féin tá sé réidh. Tá an iomarca méide sa bpoll atá air
 
dol 1
Bhí an t-ógánach seo thoir ag rá liom go mbeadh an-dol máistrí scoile ag teacht amach i mbliana. Beidh a mhac féin réidh an samhradh seo sílim. Cén ghnaithe atá ag teacht amach acu, agus gan aon scoil lena n-aghaidh. Nach bhfeiceann tú an bheirt seo thuas atá réidh le trí bliana, agus é ag cinnt orthu aon scoil a fháil fós
 
Is tú atá gairgeach i nDomhnach. Glac go réidh thú féin. Níor thuill muid do chuid ropaireachta chor ar bith uait
 
Donóidh sé thú má fhaigheann sé ligean ar bith ort. Mar sin bí ar t'airdeall féin. Ní hiúd é an ribín réidh agat chor ar bith
+
Donn réidh uilig a cuireadh d'adhmad ar an teach seo. Níl aon taobhán giúsaí ag gabháil leis. Cuirfidh mé geall leat nach bhfuil. Tá a shliocht air: chomh luath agus a tháinig aon deoir den bháisteach anuas ann, thug na rataí uathu. An bhfeiceann tú an dhá chúpla sin ansin. Dheamhan a fhios agam cén pointe a dtiocfaidh siad anuas faoin mullach orainn
TUILLEADH (2) ▼
Tá an donn réidh an-ghann ar ghualainn na giúsaí. Níl portach ar bith suas ansin nach bhfaightheá carcair ghiúsaí ann, ach do dhúshlán faigh maide donn réidh in áit ar bith thart anseo anois. Is fadó ariamh an lá nach bhfaca mé aon cheo dhi
Is mór den donn réidh sin atá thíos ar an gcúltrá thiar. Nuair a d'fhuadófaí an gaineamh di (den trá) de bharr stoirme nó bogadh le tír, agus nach mbeadh inti ach an bonn dubh sin ar nós na móna, bíonn an donn réidh leis agus í i ngreamús thíos sa móin. Bheadh ceathair nó cúig de throithe den ghaineamh imithe shula d'fheicfeá iad. Níl in ann an trá a nochtadh ach oibriú na farraige. Má ghabhann tú síos aríst théis stoirme, feicfidh tú féin iad ach é a bheith ina dhíthrá