Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

rinnce (7)

 
ardán
'Tá mo theach ar an árdán a's a dhá cheann sa ngaoith; a's cead rinnce ar na bóithrí le stóirín mo chroidhe' (sliocht as "Taobh thall de'n Chlaidhe Teorann").
+
Go deimhin ní damhsa atá aige ná tada dhá shórt, ach bíonn sé ag fiod-rinnce leis mar sin. Tá sé sách maith. Déanfaidh sé muide
TUILLEADH (4) ▼
Is beag is call dó a ól nuair a bhíos sé ag fiod-rinnce
Nach deacair a bheith ag iarraidh maitheasa ar na gasúir sin anois? Sin a thomhais ort cén cheird a bhí orra ar a theacht isteach dom: ag fiod-rinnce ar mo chóta nua. Má chuaigh leó castar liomsa é muis
Ná bí ag siocadh liom chor ar bith adeirim leat nó cuirfidh mé ag fiod-rinnce thú ar fud an tí = tiúrfaidh mé buille duit a chuirfeas ag léimneach le pian thú
Ag fiod-rinnce le olc a bhí sé an uair sin. Is furasta é chur san gcruth sin
 
Ara tá siad deas duiniúil shoir agaibhse ní dálta na slóchtaithe é. Ní bheadh a fhios agad cén puinnte a dtiúrfadh an slóchtaí sáth scine dhuit. Feacha P. Nach bhfuil an t-aibheirseóir ag rinnce san dá shúilín siúd atá aige!