Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

roimh (100+)

+
abair
Abair é! Móin ar bith nach raibh tóigthe roimh an doininn seo, tá sí réidh le triomach imbliana
TUILLEADH (1) ▼
Deir tú leis a bhí ar an bportach indiu roimh lá. A Dhia dhá thárrtháil muis! Is cor 'san saoghal é sin
 
Siúd í a raibh an daighce uirre. Dheamhan corruighe dhá cois a dhéanfadh sí, th'éis gur iarr an mháthair uirre a dhul amach agus na beithidhigh a bhleaghan. Agus chuala mé gurb éard a chuir uirre é in áit nach leigfidís ag céilidhe i nD. Ch. í an oiche roimhe sin. Í a leigean chuig céilidhe go D. Ch. deich míle bealaigh, má tá sé taobh leis.
 
dáil
Bhí mé indáil le roimhe sa mbaile. Is beag eile a bheadh agam agus bheinn roimhe
+
dairt
Níl neart ag duine a dhul an bóthar aca, nach bhfuil cluiche aca amuigh roimhe, len a dhalladh le dairteachaí agus le clocha. 'Siad na h-údair iad. Is maith an tógáil atá sé a thabhairt orra — gan smacht gan ceannús ceann
TUILLEADH (1) ▼
B'fhearr dó anois go díreach glan a dhul ag caitheamh dairteacha leis an ngealaigh ná a bheith ag iarraidh ceart a bhaint de'n tsean-lánamhain sin. Lá agus gur chinn siad sin ar bhaile cheana, tá sé fánach aige-san a bheith leo. Agus dar fiadh bhí "set" ar an mbaile sin roimhe seo nach raibh ar fóghnamh.
+
Chaitheadh muid a dhul amach leis an réalt ar maidin ag baint fhataí ins an am a raibh muid ar aimsir tigh Sh. Diabhal smid bhréige ins an méid sin. Is minic a bhí muid amuigh agus nach (nachar) léar duinn an láighe. Agus dhá mbeitheá ag déanamh áirneán domhain an oíche roimhe, nó amuigh ag ceol chaithfeá an mhaidin ag cuimilt sramaí de do shúile arae bheitheá in do dhall dúda le codladh. D'imigh an saoghal sin — míle buidheachas le Dia
TUILLEADH (1) ▼
Is aige atá a údar a bheith in a dhall dúda le codladh. Fear ar bith a bhíos in a shuidhe le giolcadh an éin 'chuile mhaidin. Ach marach gur muid féin a bhí ar cuairt ann aréir agus go raibh omós aige duitse, bheadh sé imighthe siar a chodladh i bhfad roimhe sin. Bíonn sé in a shráinn ag an h-ocht 'chuile oíche. Tá sé cho folláin leis an ngirrfhiadh. Is cóir adubhairt an fear fadó: teirigh a chodladh leis an uan agus eirigh leis an éan; Coinnigh do cheann agus do chosa tirm; Seachain na mná agus an t-ól agus go deo ná déan an t-ath-chodladh
 
Cé'n mhaith a bheith ag fuireacht leis. Nach bhfuil a fhios agaibh go ndéanfaidh sé sin an cleas a ghníos sé i gcomhnaí: gan a theacht nó go mbeidh sé an damhadh réag. Ní fhaca muide istigh roimhe ariamh é
 
Tá mé damnuighthe ag an liúiste (leoiste) sin thíos ag iarraidh tobac orm 'chuile oíche. Tá sé taithighthe annseo ar fad anois. Is dóigh go bhfuil cut (cat) crochta roimhe is 'chuile áit eile. Níl aon-ghean ag aonduine é a fheiceál ag teacht isteach ar cuairt chuige
 
daor 1
Ní thiocfadh teach an-daor ort roimh an gcogadh dhá mbeadh clocha agus gaineamh agad féin
 
dáta
D'íoc tú roimh an dáta é, nachar íoc
+
de
Má tá sé roimhe níl rud ar bith is fhearr dhó na a chur dheith (dhe, dhó)
TUILLEADH (1) ▼
B'fhearr dhuinn go fada dhaoinn (dhínn) ná romhainn é = ceann oibre eicínt atá le déanamh. B'fhearr déanta í ná í a bheith le déanamh
+
Bhíodh ar an daoine deachmaí a íoc roimhe seo, ach ní fhaca mise ariamh iad. Ní raibh mé beirthe ná go ceann dhá fhichead bliain in a dhiaidh. Ní mó ná m'athair — go ndéanaidh Dia maith air — a chonnaic iad. É sin féin, ba tanuidhe é déarfainn. Ach chuala mé sean-daoine ag caint orra. Tá sé na cianta cairbreacha ó a bhí na deachmaí sin ann — nach bhfuil?
TUILLEADH (2) ▼
Níor chuala mé gur tóigeadh deachmaí annseo ariamh ach bhídís annsin thoir ar Dhúithche an Bh. Na ministéaraí a d'fhaghadh iad sin, nach h-iad. Dheamhan mórán a chuala mé ariamh fútha. Tá siad sin caithte suas le saoghal agus aimsir … Ó'n droch-shaoghal ab eadh? Bail ó Dhia ort. Tá agus i bhfad roimhe. Rugadh m'athair — beannacht Dé len 'anam — trí bliana roimh an Droch-Shaoghal (1846-1847) agus ní raibh siad ann len a línn. Cá'id ó a bhí oiche na Stoirme Móire ann? … Céad bliain díreach. Bhuel is roimhe sin a bhí na deachmaí ann, má's fada gearr roimhe é, sin rud nach feasach dom. Ach fiafruigh de Sh. Ó. Ch. é. Sin é an fear a innseochas na h-údair (dh)uit … Tá aois mhór agamsa air, ach má tá féin, níl mé ach ar chosa bacóige len a ais. Tá údar aige faoi 'chuile shórt ó'n Díle
Anois atá sé ag íoc deachma na sláinte. Thug sé sin droch-thúnnáiste dhó fhéin as a óige, agus ní fhéadfadh sé rith leis. Chaithfeadh sé a dhul roimhe uair eicínt. Dheamhan fear dhá bhfuighidh an túnnáiste nach bhfágfaidh sí a shéala air luath nó mall. Is olc an rud í an chois fhliuch, agus an ghail bhruithte as do chuid éadaigh thuas ar do chraiceann. Ba shin é a fhaisean sin muis. Ní bheadh géilleamhaint ar bith aige d'athrú éadaigh ná stocaí. 'Sé an chaoi a dtosóchadh sé ag flith-mhagadh fút faoi. "Níl siad ag cur tada asam dhom" adéarfadh sé. 'Ar ndú' bhí an scéal sin ceart go leor, go dtí leis an aimsir. Sin é an buille
 
Is deagh-dhíolaidhe é anois le goirid. Fadó ní íocfadh sé tada. Bhíodh a raibh de lucht siopaí annseo thoir roimhe 'chuile uair dhá dteigheadh sé soir ag fuagairt fiacha air, ach ba bheag an mhaith dóibh sin.
+
déan 1
Tá sé bog te ag dul ann anois, ach feicfidh tú féin air, go ndéanfaidh sé intinn eile roimh thrathnóna, agus nach ngabhfaidh sé ann
TUILLEADH (2) ▼
Is beag 'faitíos roimh Dhia agad a bheith ag déanamh bréag mar sin
Bhíodh sí sin an-fháilidhe roimhe seo, ach rinne sí "búrla" ó a d'eirigh siad suas ins an saoghal
 
Ba é an fear deireannach déidheannach é a tháinic. Bhí an altóir ar fad tóigthe roimhe
 
"Cuir do shrón romhat agus déanfaidh sí eolas"
+
deara
'Sé an chéad uair ar thug sí faoi deara go raibh rud eicínt ag dul di an lá ar cuireadh Sean-Mh. Ar éigin a rinne sí an baile an lá sin le pian ghártha a tháinic in a ta[obh. Dhá] dteigheadh sí roimhe an uair sin féin, bhí aice, ach d'fhága sí mar [...] cion faillighe, go dtí ráithe in a dhiaidh sin
TUILLEADH (1) ▼
Cheal nachar thug tú aon-bhlas faoi deara aréir? An bhfaca tú í ag síneadh an leabhair chuige? Scríobh sí rud eicínt ar phísín de pháipéar roimhe sin, agus bhí an páipéirín sin ins an leabhar. Chuirfinn a bhfuil istigh agus amuigh agam go (gur) b'éard a bhí ar an bpáipéirín sin rádh leis castáil léithe anocht in áit eicínt. Ní raibh aon-deis eile aice é a rádh leis as coinne na máthar. Is dall an mhaise dhuit é, marar thug tú an méid sin faoi deara. Is maith a bhrath C. é. Nach bhfaca tú an fad a bhí sé a bhaint as a mhuineál ag iarraidh amharc a fháil isteach ar an leabhar
 
dearg 2
Ní mór dhaoib a bheith ag gluaiseacht le deargadh maidne. Tá aistir fada romhaibh
+
Sin deargán. Bhíodh an-tóir ag daoine roimhe seo air, ach ní hé an oiread sin a mbíonn a bplé anois leis
TUILLEADH (1) ▼
Ó a stór, roimhe seo a bhíodh na rudaí ann! Ghnidheadh muid bocstaí agus pruchógaí, agus deargán. Ghabhfá síos ag an gcladach agus bhainfeá glac dhuilisc agus thiubharfá abhaile é agus dhéanfá deargán dó (de), agus dheamhan annlann go h-éag mar é. Bhíodh an-"hate" air
+
dearmad 1
Mo dhearmad! Chuaidh mé siar ann in a dhiaidh sin aréir, agus fuair mé istigh romham é
TUILLEADH (2) ▼
Nach h-iad na dearg-dhiabhail anois iad, aistir a bhaint asamsa siar go D. an Fh. ar scáth na cupla scillingín "dole" sin. Bhí sé thiar romham i dteach an phosta ann, ach b'fhurasta a chomhaireamh nuair a bhí mé san mbaile: 'chuile bhean ósta agus a h-ailp fhéin as. Orra féin a bhí an dearmad. Ach cuirfidh mise geall gur beag an dearmad uatha a bhéas orra. Má chuireann siad scilling agad le cois, is maith luath a bhéas leota de pháipéar amach in a coinne aríst, agus ní go teach posta Dh. an Fh. a chuirfeas siad é ach oiread! = moltanas ar fheabhas na Stáit-Sheirbhíse é seo
Rinne sé dearmad, agus tá sé sin ag dul roimhe ó shoin = is minic adeirtear seo faoi bhean a chur ó chrích
 
Ní le deárún ar bith a casadh an l. sin aniar inniu. Cuirfidh sé cloch báiteach san mbaithis ag duine eicínt roimh thráthnóna. Is air nach bhfuil an mhoill
 
Ionntuigh ar thaobh na deasóige ach a dtigidh tú go dtí an cras-bhóthar, agus déan ar t'aghaidh síos. 'Sé'n chéad teach é a fheicfeas tú romhat ar an árd
+
B'fhurasta deatach a leigean le gaoith roimhe seo, ach ó a dhaoirsigh an tobac, ní fheicfeá an oiread sin dhe.
TUILLEADH (2) ▼
Níl an puth féin deataighe againn anois ó a thóig J. Dh. láimh as cionn an tsimléir. Tharraingeochadh sé páiste de'n teallach anois. Roimhe sin bhíodh púir dheataighe ar fud an tighe i gcomhnaí. Bhí muid in ainriocht aige
Theastóchadh ó dhuine eicínt deatach a bhaint as, ar scáth a bhfuil d'fhaitíos aige roimh an mbaile seo. Airigheann sé na daoine go dona: sin é atá air. Tá an stramhasachán sin thiar ag M. T. cho dona leis 'chuile orlach
 
Dhá dteagadh deibhil ar bith d'fhéadfadh dream eicínt a dhul amach cho fada leo, ach ní raibh aon-bhád dhá rinneadh (dhár dearnadh) ariamh indon é a mharaidheacht (bharraidheacht?). B'fhada a chaith duine aca ar an gcarraig: nó gur árduigh an taoille tuile léithe an duine bocht. Ach cé'n neart a bhí air. Céad fáilte roimh Ghrásta Dé
+
Tuiteann déidín le gortú freisin. 'Bhfeiceann tú mac Th. G. annsin thiar ar bhuail capall de chic é isteach ar an ngiall. Níor chorruigh sé an giall go ceann fada. Bhí sé tugtha suas do'n bhás agus gan súil ar bith len a theacht. Chaith dochtúirí seachtain dhá láimhseáil, dar diaguí shrian sé as faoi dheire. Sílim nach dteagann sé roimhe, ná a dhath
TUILLEADH (2) ▼
Bhí sé annseo anuiridh agus dheamhan lá beo ach an Domhnach féin nach mbíodh sé thíos ag ceann an bhóthair roimhe fhear an phosta. Ag fanacht le scéala faoi'n "dole" a bhíodh sé, agus bhí an-mhoill air ag teacht. Shíl mé go dtuitfeadh déidín aige faoi dheire thál (ó thárla) nach raibh sé ag teacht
Tá sé in a mhaide seaca thoir annsin ag an mbinn ó mhaidin ag faire uirre a theacht amach. Mara dteagaidh sí amach muise roimhe an oíche, tuitfidh déidín aige. Tuilleadh ghéar de'n diabhal aige. Breagh nach bhfanann sé thiar ins an mbaile, maran fada aniar atá a chosa dhá thabhairt annseo
+
deifir
Is mó an deifir a rinne tusa ná mé ag imeacht as an mbaile mór, agus bhí mé sa mbaile romhat in a dheidh sin
TUILLEADH (1) ▼
Gabh siar roimh an sagart agus déan deifir a chur leis. Mara gcuiridh ní bhéarfaidh sé beo air
 
deil 1
An mar sin atá tú! Níor leag tú aon-láimh ar an bhfeac fós agus gur shíl mise go mbeadh deil agad ann faoi seo. Sílim go bhfuil drugal ort an láighe a chur isteach le faitíos roimh an Earrach. Do leithide de scrománach luath láidir!
 
D'fheicinnse deileadóirí ar na h-aontaí roimhe seo ag díol túirní agus rothaí túirní ach ní fhaca mé aonduine dhá ndíol anois leis an tsíorraíocht. Bhí mná aráin agus abhrais ann an uair sin, ach cá'il an bhean óg in do thír inniu a bhfuil a fhios aice le breith ar thúirne agus próiste a shníomh. Tuinnte fada na h-óinsí a bheadh in a diaidh, dhá mbuaileadh sí faoi
 
Ní liomsa is fhearr dó muise a dhul ag déileáil, mara bhfuil sé ag tuaradh srón bhriste dhó féin. Má tá, beidh fáilte roimhe = plé
 
Tá faobhar ar a deimheas aice anois. Feicfidh tú píosa sciolladóireacht annseo roimh an oíche, nachar chuala tú a leithide ariamh má ionnsuigheann sí féin agus an rúisc thuas a chéile. M'anam, nach hí an ribín réidh í an bhean thuas muise ach an oiread leis an gceann síos, má bheodhuigheann sí féin amach 'un siúite. Bhí an chéad eádradh de'n achrann seo [...] indé … Cearca 'd'eile … nach hé an sionnach a fhéadfas a [...] a dhéanamh fútha!
+
Ní fheicfeá lucht déirce ag tóruidheacht anois chor ar bith mar a bhíodh roimhe seo
TUILLEADH (1) ▼
Níl léigheamh ar bith uirre — níl sin. Deir tú léithe an oíche faoi dheireadh a chuir fios ar cháca, ar uibheachaí agus ar shiúcra anoir chugainn in áit ar casadh clann J. L. 'na tighe aice. Chuaidh mé fhéin soir ann ar cuairt d'fhuireasbhaidh mo chuid tae, arae d'árduigh sí léithe an t-aon-cháca a bhí fuínte ins an teach. Ara a mhic ó, ar a theacht faoi'n dorus dom, bhí na mílte fáilte romham, agus ní maith a bhí mé istigh ar lom an urláir nó gur cuireadh isteach ag ól tae mé. Siúd é an áit a raibh biadh gan chuntas ag Feara Fáil. Déirce dhá chuid féin do'n bhacach arsa tusa
+
Cé'n faitíos atá ort roimh an sagart. 'Ar ndú' ní bhéarfaidh sé ar dheireadh ort!
TUILLEADH (6) ▼
Tá a dheireadh féin roimh 'chuile dhuine = bás nó slí bháis
Chuir sé deireadh leis an duine bocht sin, ach tá a dheireadh fhéin roimhe-san freisin
Fág faoi Dhia é. Tá a dheireadh féin roimhe. Má rinne sé an chréatúlacht, agróchaidh Dia air é
D'imigh sé roimh an deireadh = roimh an gcrích; sul a raibh an rud thart nó críochnuighthe
Bainfidh mé cupla boirdín (feamainne) roimh dheireadh an rabharta
An madadh faoi dheireadh a bhí agam, d'imigh sé le dúchas nó diabhal eicínt, agus níor facthas ariamh é. An ceann roimhe sin mharbhuigh mótar é. Níl na mádraí ag eirghe liom
 
Nach hé a bhéas deireannach air agus an t-aistir atá roimhe!
+
Bhí deireannas lae ann, agus gan iad ag teacht. Thóruigh muid go h-íseal agus go h-árd in a ndiaidh, ach chinn orainn aon-amharc a fháil orra. "Ní áit buaile ná sean-bhaile dhuinn an áit seo níos fuide a Ph." adeirim fhéin. "Cá bhfios nach romhainn 'san mbaile a bheidís sin." Agus b'fhíor dhom. Bhí an bheirt gróigthe istigh ar an teallach romhainn
TUILLEADH (3) ▼
Caithfidh muid imeacht roimh an deireannas
Tá bealach fada roimhe. Tiocfaidh sé 'un deireannadais air ar an mbóthar = béarfaidh an deireannadas air ar an mbóthar
Tá an iascach caithte idtraipisí le deireannaighe ó a thosuigh an fuadach ar an móin. Roimhe seo ghabhfadh fear suas taca Dhomhnach Chrom Dubh agus bhainfeadh sé dhá shleaghán mhóna l'aghaidh na teine. Thriomóchadh anna na Féile Míchil dó í. Dheamhan buille a ghnídís i gcaitheamh an tsamhraidh ach mathshluagh aca thíos ar 'chuile charraig annsin thíos ag iascach. Is deacair fear a fheiceál anois ann
+
deis
Níl aon deis mhaireachtála aige ach ag imeacht mar sin indiaidh a chinn roimhe, agus lá oibre a dhéanamh annseo agus annsiúd ar lóistín na h-oíche agus ar lón an bhóthair
TUILLEADH (2) ▼
Is mór a thuit siad indeis le gairid, té (cé) go mb'fhurasta cur aca roimhe seo. Ach tá na caisleáin ag tuitim agus na cairn aoiligh ag eirigh mar adeir an ceann eile
Níor fhága sé sop feamuinne ins an gcladach anuiridh nachar sciob sé. Dheamhan sop muis. Bhí an snáth bailighthe aige i gcomhnaí uair roimhe lá, agus ba dona an deis a chuir sé uirre in a dheidh sin: a fágáil in a meall thuas ar bruach nó gur lobh sí — gur lobh 'chuile dhosán ariamh di. B'fhearr leis sin féin chreidim, ná a feiceál ag dul 'un sochair do'n chomhursa
 
An taobh eile! Deiseal! Breagh nach mbreathnóchthá romhat? Ní fhaca mé aon-fhear ariamh is mí-stuama ná thú
 
'Séard a bhí sé a dhéanamh ag deisiú cochaill le dhul ag saghdadh. Sin é an fear agad, agus deireadh a gcuid alluis tugtha ag a bhfuil 'san tír ag crapadh móna roimh na tuiltí
 
Cé'n mhaith ins an tubaiste d'fhear a bheith deiseamhail, má bhaineann sé an craiceann dó féin ag saothrú na deise. Is beag an tsamhaoine d'aonduine é féin a chur síos ins an talamh fiche bliain roimh an ám. Ba mhaith le cuid againn sásamh eicínt a bhaint as an saoghal an fhad agus a bheadh muid ann. Is iomdha lá ins an reillic orainn mar adeir an ceann eile
 
deoch 1
Sin é an chaoi. Bíonn gairm roimh an bhfear mór igcomhnaí: "an té atá thuas óltar deoch air", a mhic ó, mo chroidhe
 
deoir
B'fhéidir go raibh cótaí díonmhara ann roimhe seo, ach ní ó a tháinig an cogadh é. Tá ceann agamsa, agus ní fhágann sé deoir amuigh nach leigeann sé isteach
 
Cuirtear amach (aige) ag an scoil anois iad agus gan iad ach in a ndeolcacháin. Roimhe seo, bhídís suas in a bhfir óga agus in a mná óga sul má theighidís ann. Ach d'fhanaidís ann dá réir — go mbídís indon an máistir a bhualadh.
+
dia 1
Breagh nachar chuir tú Dia isteach romhat ag teacht duit = breagh nachar dhúirt tú "bail ó Dhia oraibh" ag teacht isteach duit
TUILLEADH (2) ▼
Dia linn agus Muire! Breagh nach mbreathnaíonn tú romhat! Ach ní thú is measa ach an dream a d'fhága an stól i lár an bhealaigh
Thug Dia dhom go raibh mé imithe roimh an mbáistigh = d'eirigh Dia liom go raibh mé imithe roimpe
+
dia 2
Leig sé an Aoine air féin gan a dhul siar in a choinne, agus ná raibh ann mara raibh sí díolta ag an bhfear thiar roimhe
TUILLEADH (1) ▼
Ní fhaca mé ó'n Diardaoin roimhe sin é
+
diaidh
Dhá mbeinnse cho críonna roimhe agus a bhí mé in a dhiaidh, is fada go mbeadh mo láimh ann, ach ní fhaghann duine ar bith a chomhairleachan in aisce chreidim
TUILLEADH (25) ▼
Dubhairt Mac Dé nuair a bheadh an dá mhíle seo caithte (suas go dtí 2000 A.D.) nach raibh a fhios cé's mó a bheadh in a dhiaidh ná roimhe
D'imigh gasúr de thamhnóig shléibhe thuas annsin an bhliain cheana. Dheamhan a fhios agam nach as L. é. Ceann eicínt de na tamhnachaí iargcúlta sin ar chaoi ar bith. Ní raibh sé ach h-aon déag nó dó dhéag de bhlianta. Tháinig sé abhaile deich mbliana ina dhiaidh sin, agus níor aithin duine ar bith é, nó gur leig sé a aithne leo. Shíl siad gur báidhte nó marbh a bhí sé le na cianta roimhe sin. Bhí dalladh airgid aige
Bíonn sprus mór airgid anois indiaidh na móna ó a thosuigh an cogadh. Roimhe sin dheamhan mórán a bhíodh dhá barr ná cuid de mhórán
Déarfainn leis an gcaoi a bhfuil cois indiaidh na cois' eile aige nach lughar leis an sioc ná a dhul 'na chladaigh. Bíonn an-drugal aige roimh an gcladach i gcomhnaí. Guróir an-fhuar é. Dar príosta muis' níl an fheamainn an-te indiu
"Is fhearr breathnú amháin romhat ná dhá bhreathnú in do dhiaidh" (sean-fhocal) = is fhearr duit cuimhniú ar an rud atá fút a dheanamh, i riocht agus gurb í do chríonnacht a dhéanfá, ná a bheith in aithmhéala faoi agus é déanta agad. Ní miste dhuit cé'n smaoitiú a dhéanfas tú annsin air, bíonn an anachain déanta
Ní anois atá agad a bheith ag cuimniú air. Breagh nachar bhreathnuigh tú romhat shul a ndearna tú é. Is minic a chuala tú gur fearr breathnú amháin romhat ná dhá bhreathnú in do dhiaidh
Tá sé mall agad anois fios a bheith agad céard a bhí agad a dhéanamh, agus an rud déanta. B'fhearr dhuit breathnú amháin romhat an uair sin, ná dhá bhreathnú in do dhiaidh anois
Sásuigh thú féin go maith anois agus ná bí in aithmhéala aríst. Má ghníonn tú an pósadh uair amháin, níl aon-scaoileadh indán duit mara scaoilidh an bás thú, 'sábhálaidh Dia sinn. Mar sin, breathnuigh romhat go maith. Deir siad gur fearr breathnú amháin romhat ná dhá bhreathnú in do dhiaidh, agus go dtugann an duine dona dubh-léim. Má cheapann tú nach bhfeileann an bhean duit, fág 'do dhiaidh í. Sin é a bhfuil in a thimcheall
Níor bhreathnuigh sé roimhe féin in am. Anois bíodh sé ag breathnú in a dhiaidh go mbeidh sé tuirseach. 'S aon-mhaith amháin dó é
Marar bhreathnuigh sé roimhe, féadfaidh sé breathnú in a dhiaidh anois, ach sin é a bhfuil de mhaith dhó ann. Ní fheicfidh sé aon-sciúrtóg dhá chuid airgid go h-éag. Is maith nach mór do dhuine a bheith ins an áirdeall air féin ag plé le cneamhairí
Níor bhreathnuigh sé roimhe nó in a dhiaidh, ach imeacht leis gan méir a bhaint dhá shrón gur shiubhail sé isteach ins an teach
Ná breathnuigh romhat ná in do dhiaidh anois go dteighidh tú ann agus go bhfaghaidh tú é sin domsa
Céard atá muid a dhéanamh? Ag cruinniú romhainn agus ag bailiú in ar ndiaidh, a dheirbhshiúr = déarfadh dream nó duine é a bheadh ag cruinniú airgid, nó lucht iarrtha a gcodach etc.
Ag cruinniú romhainn agus ag bailiú in a' (ar) ndiaidh atá muid ó mhaidin. Má 'seadh féin is beag atá dhá bharr againn
Tá muid ag cruinniú romhainn agus ag bailiú in ar ndiaidh ó mhaidin indiu; agus 'sé a bhfuil againn fós coróin. Tá faitíos orm nach mórán gnaoi atá ag muintir na h-áite seo ar a' (ar) gcuid spóirteannaí. Dhá dteigheadh fear thart l'aghaidh "elections" nó rud mar sin, is maith teann an spaga a bheadh trathnóna aige.
Ba deacair é sin a choinneál ins an mbaile roimhe seo, ach níl aonduine ina dhiaidh anois
D'imigh leis indiaidh a chinn roimhe = gan áit áirid ar bith a bheith aige le dhul, ach imeacht roimhe le toildheona Dé (chonnaic mé [an] leagan imbéal a chinn roimhe, ach indiaidh a chinn roimhe atá againne)
Chaith an t-athair amach é gan oiread agus a bheannacht a thabhairt dó, agus d'imigh leis indiaidh a chinn roimhe. Casadh ag obair ag céithearnach láidir é a raibh inghean aige. Birín aon-tsúil a bhí ins an inghean agus nachar ghlac sí grádh dhó, agus nachar phós sí é. Tháinig sé ar ais annseo ar cuairt suim achair blianta in a dhiaidh sin, agus é in a dhuine uasal. Ba mhaith an mhalrait aige sin é. Deir siad gur fearr an t-ádh ná eirghe go moch
Ghread leis indiaidh a chinn roimhe. Bhí an oíche ag teacht air agus an lá ag imeacht uaidh nó gur tháinig sé go dtí teach scolóigín a bhí chois an bhóthair
Níl aige le déanamh anois ach imeacht indiaidh a chinn roimhe ag tóraidheacht a fhortúin mar a ghnídís fadó. Is beag an tsamhaoine dhó ar aon-chor fanacht annsiúd níos fuide
An ag imeacht indiaidh do chinn romhat atá tú, nó céard a thug an bealach seo thú
Imighim indiaidh mo chinn romham mar sin scaithtí, ag fálróid liom.
Ná cuirigidh an iomarca araoid air. Tá sé dubh-stuacach. Dheamhan a fhios agaibh nach imeacht indiaidh a chinn roimhe a dhéanfadh sé. Dhéanfadh ar an toirt, dhá gcaitheadh sé in a cheann é. Is air nach mbeadh an mhoill
Chaith sé an oíche ag imeacht indiaidh a chinn roimhe ins na sráideannaí, agus gan aon-fháil aige ar a theach lóistín nó go ndéanadh sé lá. Níorbh fhéidir áit ar bith a dhéanamh amach ann ag an dubhachan eile sin — an "black-out"
Is minic ariamh a ghlan fear leis indiaidh a chinn roimhe agus ní fhaca sé aon-lá de'n ádh ariamh ach é. B'fhéidir go dtiocfadh an té sin abhaile blianta in a dhiaidh sin agus é in a ridire. Ní bheadh sé ach beo bocht, dhá bhfuirigheadh sé ins an mbaile i gcomhnaí