Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

rud (100+)

+
abair
Abruighim mo rogha rud, ach 'sé an cás céadna dhom é. Ormsa a bhéas an milleán aige
TUILLEADH (4) ▼
Is iomdha rud is buaine ná an duine, mar adubhairt an té adubhairt é = is minic leagan mar seo dhá chur ar shean-fhocla, ar ghiotaí d'amhráin agus de scéalta, ar leath-fhocla, ar dheilíní, ná ar chaint ar bith a bhíos i mbéal daoine go minic
Ná h-abair rud mar sin ar chraiceann do chluas
Deirimse leat go gcuirfidh mise rud eicínt eile ar a aire
Bhí sé dhá fheiceál dom mar adéarfá, go n-eireochadh rud eicínt dom
+
'Ar ndú má's fíor do na sean-daoine ghnídís udhachtaí fadó ins na céad-déaga. Is beag na céad-déaga atá ann anois, ach thú fuaduighthe ag an séipéal cho luath agus a aireochthar an anáil imighthe asad. Ní fhéadfaidís gan rud eicínt a theacht orra an uair sin. Nach gcoinnighidís seachtain dhá dtórradh iad
TUILLEADH (1) ▼
Tá an scanrachán seo thoir ag dul ins na céad-déaga le obair. Nach dona na gnaithí atá air a bheith dhá chur fhéin thar fholann mar sin. Sínfidh na clochair siúd leis, feicfidh tú féin air. Níl rud ar bith indon fear a shníomh, ach ag briseadh cloch.
+
Níl rud ar bith is mire ná cut idir dhá theach
TUILLEADH (1) ▼
Tá sé ag iarraidh a bheith ag freastal do thalamh agus é leath na gcuarta imithe ag cruinneál an rud eile sin. Sin é teanam an dá chailleach agus gan aon-chailleach ag tíacht. Ach sén chaoi a mbeidh sé as a dheireadh, ní bheidh Mrucha ná Mánas aige
+
daba
Buaileadh isteach ar an straois mé le daba de rud eicínt. Sin é an uair ar chroch mé fhéin mo sheolta liom
TUILLEADH (1) ▼
Cheannóchthá é sin le "feaig" agus is beag an rud é. Fear ar bith a chaithfeas daba aige sin, beidh sé leis ar sheol na braiche
 
Is áidhbhéil na daibéid atá sé a bhaint. Cé'n chaoi a bhféadann sé fóide mar siúd a mhúnláil. Ní bheadh aon-ghoir agamsa a dhéanamh. Gheobhaidh sí rud le déanamh agus triomú, ar chaoi ar bith
 
Is fhearr duit leigean de do chuid daighce anois, agus a dhul a chodladh as réidhteach, nó má eirighimse aghad (chugad) cuimhneochaidh tú air. Níl aon-oíche ins an aer nach ar an gceird chéadna a bhíos tú, mara bhfaghaidh tú cead do chomhairle féin faoi 'chuile rud. Nach gránna an chaoi de do leithide de stócach a bheith ar an gceird sin feasta choidhchin.
 
Bhí mé thíos ann lá annseo anuiridh. Domhnach a bhí ann. Bhí sí ag strócadh ag iarraidh a dhul síos 'un bóthair. Ní leigfeadh an mháthair di. Bhí rud eicínt le déanamh: soithigh le nigheachán nó rud fánach ar aon-nús (nós). D'iarr an mháthair uirre é a dhéanamh. Dhá bhfeictheá cho daighceamhail agus a d'iompuigh sí ar a cois, agus siar léithe a chodladh. Dá mba mise an mháthair, bheinn dhá lascadh 'fhad's gheobhainn teas in a craiceann. Bhí sí do-chorruighthe freisin, ach níor leig sí amach mórán dhó (dhe) liomsa
 
Sin é a chuid daighceamhlacht'. Bíonn sé sin mar a bheadh múille scaithtí. Do dhubhshlán drannadh leis an uair sin. Má dhrannann, mo leabhar dhuit, go mbeidh rud ar a shon agad
 
daigh
Sin doigh ó arainn nó rud eicínt mar sin. Ní brigh í ar chuma ar bith
 
'Sé Baile an Daighin é má dheanann siad rud mar sin: a chuid féin a bhaint de'n duine bocht. Ní fhéadfaidís a dheanamh. Nó dhá bhféadadh, is cneamhairí ar na h-ailt na dligheadóirí. 'Ar ndú ní dadaí eili iad
+
dáimh
Is mó an ghairm atá aice sin do'n té nach bhfuil gaol ná dáimh aice leis, ná len a muintir féin. Ach nuair a theastóchas rud eicínt uaithe, ní bhíonn aon-leisce uirre an gaol a mhaoidheachtáil mo léan!
TUILLEADH (2) ▼
Níl gaol dáimhe ná dúthchais ag an dá rud le chéile. Is féidir fear a chur amach as lóistín nó as seomra thíos inGaillimh dhá mbeadh a chíos íoctha aige faoi chéad. Níl i lucht seomraí mar sin ach poilitéaraí. Ach má tá fear pósta agus clann air amuigh faoi'n tír, is deacair é a chur amach. Níl mé ag rádh nach féidir é a chur amach, ach is deacair leis an Land Commission é a dhéanamh in a dheidh sin
Níl aon-mhaith dhuit a bheith ag caint mar sin. Níl gaol dáimhe ná dúthchais ag an rud sin leis an scéal ar ball. Scéal ann féin é sin. Níl an Government ná dream ar bith eile indon tada a dhéanamh faoi sin, nó go ndéanaidh na daoine fhéin é
+
Is ar an lann atá an greim daingean istigh ins an bhfeirc, aindeoin gur beag an rud í
TUILLEADH (1) ▼
Tá na Sasanaigh istigh sáthach daingean ar na Gearmánaigh le rud le déanamh a thabhairt dóib a gcur amach
+
Níor dhaighnigh an fear céadna rud ar bith (bith) ariamh nach scaoilfeadh in a dhiaidh
TUILLEADH (1) ▼
An gceapann tusa dá ndéantaí rud de'n tsórt sin nach hé an chóir a ndaighneochadh sé iad i leabaidh a lagachan. 'Sé d'aili
+
Cneámhaire dháiríre é má rinne sé rud mar sin = cneámhaire críochnuithe
TUILLEADH (1) ▼
Cén mhaith do dhuine a bheith in ainm agus a bheith ag déanamh rud nuair nach mbíonn sé dháiríre faoi
+
dairt
Is ag caitheamh dairteacha leis an ngealaigh dó é, a dhul ag saothrú an riasca' údan. Dheamhan fata a thiubharfas sé go bráth dó, dá gcuireadh sé a bhfuil d'aol i dtornógaí na h-Éireann air. Abruigheadh "fear na bhfataí" a rogha rud. Cé'n scil atá aige-sin ann ach an oiread liomsa, a leath-oiread sin féin! (níl aige ann)
TUILLEADH (2) ▼
Ara beannacht Dé dhuit, ní raibh ins an rud a bhí ann an uair sin ach caitheamh dairteacha, le h-ais na gCogaí a bhíos ann anois. Daoine a dhul amach ar aghaidh a chéile le claimhí, le sleaghachaí agus le tuaightí. 'Ar ndú, dheamhan deichneabhar a bheadh marbhuighthe seachtain. Is mó an t-ár a dhéanfadh "bomb" amháin anois ná a dhéanfaidís i gcaitheamh a saoghail. Seo é deire an domhain ach grásta Dé. 'Sé Cogadh an Domhain é: Cogadh na gCríoch a bhí tugtha síos ins an Targaireacht. Dheamhan ceo dhá raibh ins an targaireacht nach bhfuil istigh. Fainic thusa nach bhfuil
Ní raibh ins an "bpassáil" (scrúdú) sin ach caitheamh dairteachaí má's fíor dó fhéin, i gcomórtas an "phassáil" a chuaidh ar a mhac-seisean. Bhí Laidin ann agus Gréigis agus rud eicínt eile a dtugann siad Pat Tommy air … Sin é é — Botany. Pat Tommy arsa mise! M'anam dhá gcloiseadh Pat Tommy é dhá bhaint as a ainm, go bhfuigheadh sé faoi'n a foraí (fabhraí) é, hébrí (pé'r bith) céard a "phassáil" an mac
 
dall 2
Is beag an rud a dhéanfadh duine dall. Níl áit ar bith sa duine is lugha acmhuinn ná an tsúil
 
dall 3
Deir siad gur bhuail sí rud eicínt idir an dá shúil air, agus gur dhall sí é. Bhí sé dall go bhfuair sé bás
 
Ní bheadh lá maitheasa dhuit ag caint faoi rud[aí] mar sin le muintir na tíre seo. Dallaráin chearta iad. Éistfidh siad leat, beidh siad dhá leigean isteach i gcluais, agus amach ins an gcluais eile. Sin é an cha[oi] a bhfuil siad
 
dálta
Tá an mac sáthach síodamhail, ach níorbh é a dhálta sin ag an athair é an fhad agus a mhair sé, go ndéanaidh Dia trócaire air, mar sin féin. Ba mhór leis rud ar bith d'aon-duine. Mara bhfeiceadh sé ach an míol buidhe ar do chuid talmhana d'fhéachfadh sé len a dhíbirt, faitíos go n-eireochadh leat é a mharbhú. Sin é an sórt duine a bhí ann
 
Rud damáisteach é an poitín: fágann sé na daoine gan spré, ach breagh nach bhfanann muid uaidh. Ní chuireann sé aon-fhios orainn marach go dteigheann muid féin chuige, marach go dteigheann sin. Muid féin is measa
 
Is damanta an rud a rinne sé, a láimh a thógáil ag an sagart. Ní dhéanfainn é dhá ndéanadh Dia Diarmuid díom
 
damba
Bhí S. Mh. N. ag rádh liom go bhfaca sé damba ar abhainn i Meriocá agus go mbadh h-aoirde a bharr ná speiricín na J. inGaillimh. An gcreidfeá-sa an scéal sin. Ní chreidfinnse ar chaoi ar bith. Sílim gur do mo dhalladh le bréaga a bhí an ceann céadna. Chonnaic sé rudaí i Meiriocá nach bhfaca duine ar bith agus a liachtaighe sin duine ins an tír a shiubhail cho fada leis i Meiriocá
 
Má tá rud ar bith ann, ní fhéadfá gan é a fheiceál agus an tráth a dteagann tú abhaile. Bíonn sé an damhadh réag ort 'chuile oíche ins an aer
 
Go ndamnuighidh an catmara agad é, nach mbeireann air agus é a chaitheamh amuigh ar an tsráid, agus gan na daoine a bheith thar bharr a gcéille ag éisteacht leis istigh annseo. Is furasta aithinte go mba deas an t-amhantar a thug sí duit. Dhá mba rud ar foghnamh é, is fada go scarfadh sí féin leis
+
dán
"'Chuile shórt ag iarraidh a chórach féin agus an gadaidhe ag tuilleadh a chrochadh" Sin é atá ag luighe le dán agus ní hé an rud eile. Cé'n uair a chuala tú go raibh gadaidhe ar bith ag iarraidh a chrochadh. Dhá mbeadh, ní ghabhfadh sé ag gadaidheacht ("'chuile shórt ag iarraidh a chórach féin agus an gadaidhe ag iarraidh a chrochadh": ní raibh an cainteoir — bean as Muighinis — sásta leis an leagan sin)
TUILLEADH (11) ▼
Gan doubt. 'Sé an rud atá tusa a rádh atá ag luighe le dán agus ní hé an rud adubhairt seisean
An rud atá indán do dhuine caithfidh sé a dhul thríd (leath-fhocal) = an rud atá le h-aghaidh duine; an rud atá i gcinneamhaint duine; an rud atá ceaptha amach do dhuine roimh-ré
Is iomdha rud atá indán do'n duine ó lá a bheirthe go dtí lá a bháis = is iomdha tonnáiste atá in áirid dó ag an saoghal
Tá rudaí mar sin indán do dhuine. Ní mar is toil linne ach mar is toil le Dia, agus aithnigheann Dia A dhuine Fhéin
Níl indán an rud sin a dhéanamh go n-imighidh an ball dubh de'n fheadóig = go deo
Ní raibh indán é a mharbhú nó go ndéantaí an rud sin leis
Níl indán glanta dhóib. Sé a chosamhlacht é ar chuma ar bith, agus deir siad go mbíonn an chosamhlacht ann. 'Chuile lá beo a dteighim amach le soipín a bhaint asta (fataí i gcall a nglanta), teagann rud eicínt a chuireas as mo bhuille mé
Níl indán suaimnis duinn. Mara rud é, is rud eicínt eile é. Shíl mé nuair a d'imigh sí sin uainn go mbeadh linn, ach ó dhonacht maol is measa mullóg.
'Sé an chaoi a bhfuil an scéal sin má eirigheann rud duit le do chiontsiocair nó le do chionfaillighe féin, ní raibh ann ach go raibh sé indán duit. Sin caint ar sreath, adeárfainnse. Chonnaic mé laogh le T. Mh. annseo thuas dhá chailleadh le buinneach anuiridh. Ó'n lá ar bhuail sí é, go dtí an lá ar thug sí léithe é, dheamhan thiomanta purgóid ná buidéal a thug an fear sin do'n laogh sin, ná go fiú's a chur ar mhalrait féir ní dhéanfadh sé. Bhí mé féin agus é féin annsin thuas chois an chlaidhe ag breathnú air ag fáil bháis. "Ní raibh aon-dán eirghe dhó" adeir sé. "'Séard a bhí le déanamh leat" adeirimse "chúig bhliana príosúin a dhul ort"
Mara bhfuil indán agus go bhfeicfidh mé thú as seo go ceann seachtaine, teirigh ann agus abair an rud sin leo, agus cuir scéal agamsa cé'n toradh a fuair tú
Mara bhfuil i ndán agus go mbeadh rud ar bith air. Is mór an t-iongnadh liom nach dtáinic sé abhaile. B'annamh leis sin fanacht oíche ó bhaile muis
+
dána
Is dána an gasúr thú. Shílfeá go bhféadfá an rud adéarfaí leat a dhéanamh. Beidh a shliocht ort: má bhíonn cead do chomhairle féin agad, is de bhuidheachas duinne é
TUILLEADH (4) ▼
Deir tú leis an ainnle bhradach sin a thosuigh ag aithléigheamh orm. Anois an bhfuil biseach agad? Nuair a chuaidh mé dhá bhualadh, 'sé'n chaoi ar neartuigh sé ar a mhaidí. Sin é an malrach atá dána. Dubhairt mise go bhfágfainn é go dteagthá-sa agus 'cead agad do rogha rud a dhéanamh leis. Ná ceil an tslat air, anois. Ro-fhada a chosain mise é
Tá an spailpín sin ugainne cho dána le muic. Ní dhéanfaidh sé ach an rud a thogróchas sé féin
Is beag an mhaith de'n tsagart aon-cheo a rádh leis siúd ó a chaithfeas sé rud in a cheann. Tá sé cho dána leis an diabhal féin
"Tá rud dána drochmhúinte déanta agamsa agus fios a chur ort" adeirim féin, "ach inDomhnach a athair bhí sé ar a chailleadh nó facthas domsa go raibh" = rud sonnda sotalach
 
Tá sé de dhánacht sna bruacháin sin rud ar bith a dhéanamh. 'Bfhaca tú céard a rinne siad annseo thuas?
+
danra
h-Iarradh air fanacht ins an mbaile. Bhí siad in a suidhe go te, agus 'ar ndú is dó a shroichfeadh a raibh ann. 'Deile, agus é in a bhior in aon-tsúil. Ach ní bheadh aon-tsástuigheacht air go dtugadh sé ruaig go Sasana. Is glas iad na cnuic i bhfad uainn 'ar ndú'. Duine aerach a bhí ann, agus bhí an dream a bhí i Sasana dhá shaghdadh. D'imigh leis. Chaoin a mháthair uisce a cinn ag iarraidh a choinneál, ach ba bheag an mhaith dhi é. Dheamhan ar dhubhairt an t-athair drúcht ná báisteach ach "A chomhairle féin do mhac dhanra" adeir sé "agus ní bhfuair sé ariamh níos measa". B'fhíor dhó. Fuair sé fód a bháis i Sasana. Dhá mhí a bhí sé ann an uair a thuit ceann de na rudaí eile sin air — na "bombs"
TUILLEADH (7) ▼
Fuair tú amach é muis an té a bhfuightheá slad-mhargadh uaidh, an fear is dan(d)ra ins an tír faoi rud a cheannacht uaidh. An bhfaca tú an bulán a bhí thoir ar an aonach aige aonach beag na Samhna anuiridh. Bhí scoilteadh déanta againn míle uair, agus gan eadrainn ach leath-choróin. Thiubhrainn dó de "lucpine" é, ach ní leigfeadh sé lag labhartha as an airgead adubhairt sé é, th'éis go ndeacha mé ar ais aige cúig nó sé de chuarta. Sin é a bhí dan(d)ra agad!
Tá an bheirt lobhtha le airgead. D'eireochadh dóibh agus gan sac ná mac ná muirghín orra, agus slí an airgid aca. Dhá dteagaidís go dtí thú in a dheidh sin ag ceannacht rud uait, is danra a leanfaidís thú ná an té nach mbeadh sciúrtóig aige. Caithfidh duine eicínt fós orra go spóirteamhail. Níor tháinig cruinneadóir ariamh nach dtiocfadh scaipeadóir in a dhiaidh
Nach danagra an mhaise dhó é anois, agus gur bhac sé mé anuiridh faoi rud an bhóthair a thógáil taebh amuich de'n pháirc sin thoir aige. Theastuigh sé uaim l'aghaidh múirín. Níor chóir damhsa (dú-sa) stopadh dhó — ní raibh aon-bhaint aige dhó ach an oiread liom-sa — ach leisce na sáruigheachta mar sin féin, stopas.
Níl aon-fhód talmhana ag gabhail leis nach bhfuil deacair dan(d)ra mar sin, faoi bhruibh, faoi dhriseachaí, faoi chíb ar éigin, faoi 'chuile mhíle rud dhá dhonacht. 'Ar ndú marach é a bheith in a fhear cho maith agus atá sé, ní bheadh sé indon giota fataí a chur beag na mór. Agus cloisfidh tú daoine dhá cháineadh in a dheidh sin, agus ag rádh go mbadh cheart dó dubhachan a dhéanamh. Dubhachan mo chreach! Ar an talamh siúd
Is dan(d)ra an diabhal de rud an tiúb seo a bhaint amach anois agus an "puncture" a dheasú. Níl ann ach go bhfuil an "tyre" indiaidh a chéile agus mara gcuirtear isteach an tiúb go fíor-stuama aríst tiocfaidh sí amach agus pléascfaidh sí … Bí áirdeallach!
Ní fhaca tú aon-rud ariamh is dan(d)ra ná bó le fata a dhul in a muineál. Bhain mise as bó liom féin cheana é gan fód móna ná ceo. Choinnigh Séan sin annsin dom í agus é ina scurach. Chuir mé mo láimh siar go dúdán innte. Ba chontabhairteach an cleas le déanamh é …
Tá obair na móna féin sáthach dan(d)ra. Tírtheál mhór a fhaightear uaithe. Ach dar mo choinsias tá iarmhuis uirre le blianta beaga anuas an té a chaithfeadh léithe. Theastuigh rud eicínt ins an tír dhona seo.
+
daoire
Is deacair maireachtáil anois agus a (len a) dhaoireacht agus atá 'chuile rud
TUILLEADH (1) ▼
Tá an chaint sin ceart go leor. Bhí earradh ar bith a bheitheá a cheannacht ar a dhaoirse le linn an chogaidh cheana. Ach níor thaise do'n rud a bheitheá a dhíol é. Bhí lán laidhre ar ghamhainín, ar mhuic, ar chaora agus ar 'chuile shórt nídh. Breathnuigh ar na h-aontaigh anois. Dheamhan ar fiafruigheadh dhíom cá raibh mé ag dul le trí aonach. Tá láimh na dóghadha ceart go leor, ach ní fheicim cá'il láimh na tárrthála
 
'Sé an chéad-fhear i gcomhnuí é a dhaoirsigheas 'chuile rud. Níl aige ach leide a fháil go bhfuil rud len a árdú, agus daoirseochaidh sé ar an toirt é. Is beag is mian leis an gcneagaire a thabhairt muis ar an rud a bhéas sé a cheannacht uait. Dheamhan "stickéara" gan chrochadh is measa ná é ar an gcaoi sin
 
B'fhéidir go bhfuil leabhra aca, ach 'mo choinsias má tá, ní le t'aghaidh-sa ná l'aghaidh aon-duine eile iad. Níl sé cruthuighthe ar an talamh indiu an té a thiubharfas ceann de na leabhra sin amach an dorus. Daoine daoitheamhla mar sin iad faoi'n rud atá aca. Ba deas ba mhian leo an rud a bheadh ag duine eile a fháil iad féin muis. Ach tá rud le déanamh leo: cor in aghaidh an chuir agus cam in aghaidh an chaim a thabhairt dóib
+
daol
In a daolannaí a bhíos pian an chancair sin ar dhuine. Tagann sí de phlimp agus faghann duine fuarú uaithe ar an gcóir chéadna. Bíonn sí an-ghártha de'n tsaoghal. Chonnaic mé B. Ph. léithe — go ndéanaidh Dia grásta air. Bhí mé féin agus é féin i gciúin-chomhrádh thiar ar an teallach mar tá mise agus thusa anois bail ó Dhia ort. Dheamhan aithne ceo a bhí air. De ghorta an gharta tháinic an daol air. Mhaithfeá do Dhia gan a bheith ag éisteacht leis an screadach léithe. Bhain sí tuairim agus dhá uair an chluig as, agus chlaochmuigh sí annsin aríst. Ach ó theigheas an rud sin (cancar) in ainsil ar dhuine is gearr an mhoill a fhaghas sé ó'n bpian. Tagann na daolanna air 'chuile phuinte
TUILLEADH (5) ▼
Bhí an bheirt againn ag teacht as Gaillimh oíche agus sé an áit ar bhuail an donacht é ag Áirdín an D. Badh é an rud ba tobainne é a chonnaic mé ariamh: daol ceart. Bhí sé domhain go maith ins an oíche agus an áit sin sáthach uaigneach freisin. Ní raibh mé in mo bhambairne ariamh go dtí an oíche sin: gan fios agam a dtiocfainn ag iarraidh an tsagairt dó nó an bhfanfainn in a chionn. Ach d'imigh sí aríst cho tobann agus a tháinig sí, cho luath agus a bhí an daol sin dó (dhe) aige
Fuair sí daol ó rud eicínt agus an súnás atá uirre indiu = mar dhóigh dhe go bhfuair sí droch-iarraidh (droch-scéala, scéala nar thaithnigh léi, gur cuireadh múisiam mór uirre, gur chuir rud eicínt callóid intinne uirre agus rl.).
Marach go bhfuair sé daol ó rud eicínt ní bheadh sé ag imeacht ar an gcóir sin le seachtain: gan buille maitheasa a dhéanamh, ach soir agus anoir an bóthar agus síos go cladach. B'fhéidir gurb í an cailín atá aige i M. atá ag dul ag pósadh nó ag déanamh roghain ar fhear eicínt eile. Níl aon-duine in Éirinn is fusa a shaghdadh ná é 'ar nú (ar ndóigh).
Ó rud eicínt nar thaithnigh leis anois a fuair sé an daol sin muis. An inghean atá ag cur a cosa uaithe aríst ag iarraidh a dhul go Sasana. An t-am deire a ndearna sí Sasana a shamhailt leis, bhí sé ag dul ins na fraghthachaí go ceann míosa, agus thagadh daolanna an diabhail ann dhá gcainteá (gcaintightheá) ar aonduine a bhí i Sasana leis. Tá sé caithte in a cheann críochnuighthe aige gur indiaidh Ph. Mh. atá sí ag dul ann; agus 'chuile eallach aige ach é sin
Tá daolanna ag teacht ann len a dhul ag déanamh an rud = cuireann sé goithtí air fhéin go dtiocfaidh sé dhá dhéanamh bog te ar an toirt; tugann sé obainneacha a dhul dhá dhéanamh
+
daor 1
Má leanann sé ro-dhaor mé, déanfaidh mise rud leis. Tugaimse raithneach na ngarrantaí sin thuas dó 'chuile bhliain. Dheamhan dosán di a bhainfeas sé len a mharthainn aríst, má bhíonn sé ro-ghéar é féin liomsa
TUILLEADH (1) ▼
Tá siad cho daor le uibheachaí seisiúin (an uair a bhíodh an Seisiún Ceathramhnach inGaillimh, bhíodh uibheacha daor. Ach tugtar údar eile leis. Fc. ubh); rud a bheadh an-daor; is daor an éadáil é (iad); is daor an ailím é; tá sé cho daor le dhá uibh ar an bpighinn; is daor an spóla (spóilín) é; tá sé cho daor le daor; tá siad in a n-ór, tá siad cho daor sin
 
Dheamhan an bhfuil daor-bhasctha chor ar bith de'n rud = tá an rud maith go leor; dheamhan an bhfuil caill ar bith ar an rud.
+
dáta
Is fada an dáta ó a bhí an rud sin amhlaidh = is fadó an lá
TUILLEADH (1) ▼
Tá an rud sin as dáta anois = as faisean; ní hé an gnás é níos mó
 
Tá sí sáthach dathamhail ag fear ar bith. Agus tá cúntanás aice le na daoine rud nach bhfuil ag cuid mhaith dhá samhail. Is minic, adeir siad, gránna geanamhail agus dathamhail dona
 
de
Má tá sé roimhe níl rud ar bith is fhearr dhó na a chur dheith (dhe, dhó)
 
deacair 1
Deacair air, le rud a dhéanamh!
+
deacair 2
Is deacair rud mar sin a dhéanamh. Is cuma céard adéarfas tusa, feicimse gur deacair a dhul in aghaidh sagairt in a dheidh sin
TUILLEADH (2) ▼
Sin é an rud atá dhá dhéanamh deacair
Tá sé deacair ag fear aonraic freastal do 'chuile rud
 
Tá do dhá dhíol deáchainte uiliog agad. Breá nach bhfanann tú thoir ar do bhaile fhéin agus a dhul ag deáchaint leó, go bhfeice tú cá'id a éistfear leat. Ba ghearr go mbeadh rud ar a shon agad, deirimse leat!
 
Ní raibh aon-ghangaide ann, ach go raibh sé an-deáchainteach mar sin. Sháródh sé críochnuithe thú scaithtí. Ní fhéadfá rud ar bith a rá nach mbéarfadh sé thall ar theanga ort
+
Níor chuala mé gur tóigeadh deachmaí annseo ariamh ach bhídís annsin thoir ar Dhúithche an Bh. Na ministéaraí a d'fhaghadh iad sin, nach h-iad. Dheamhan mórán a chuala mé ariamh fútha. Tá siad sin caithte suas le saoghal agus aimsir … Ó'n droch-shaoghal ab eadh? Bail ó Dhia ort. Tá agus i bhfad roimhe. Rugadh m'athair — beannacht Dé len 'anam — trí bliana roimh an Droch-Shaoghal (1846-1847) agus ní raibh siad ann len a línn. Cá'id ó a bhí oiche na Stoirme Móire ann? … Céad bliain díreach. Bhuel is roimhe sin a bhí na deachmaí ann, má's fada gearr roimhe é, sin rud nach feasach dom. Ach fiafruigh de Sh. Ó. Ch. é. Sin é an fear a innseochas na h-údair (dh)uit … Tá aois mhór agamsa air, ach má tá féin, níl mé ach ar chosa bacóige len a ais. Tá údar aige faoi 'chuile shórt ó'n Díle
TUILLEADH (12) ▼
Is fadó fiannach an lá ó bhí na deachmaí sin ionn. Ní hé an ministéara a chruinnigheadh chor ar bith iad, ach bhí proctéara aige a theigheadh thart. Chuala mé an tsean-mhuinntir ag rádh go mbíodh conacra acu thíos i mB. an Ch. agus go bhfágaidís na h-iomrachaí annsin gan baint go dtigeadh sé féin agus go mbaineadh sé iad. Gach deichmheadh h-iomaire a d'fhágaidís aige. Deantaí an cleas céadna le na stucaí coirce: stoca as 'chaon deich stuca a fhágáil gan tárlúghadh, nó go dtugadh an proctéara leis é. Badh shin é dualgas an mhinistéara. Bhí na daoine in ainm agus an teampall gallda a chothú freisin. Thigeadh na sagairt annsin, agus chaithfidís a ndualgas féin a fhaghail: coirce freisin. Sin é an uair a raibh an chreachadh ionn. 'Chuile dhuine agus a bhuille féin ar an duine bocht. Ba doiligh dhó é a sheasamh eatorra … Ní raibh cur in aghaidh dualgas an tsagairt chor ar bith, ach chloisinn na sean-daoine ag rádh go mbídís ag blaodhach i dtóin an phroctéara an uair a thigeadh sé i gcoinne an deachma, nó dhá dhalladh le scrathachaí ó chúl an chlaidhe. Bheadh rud ar a shon agad dá mbeirtí ort. Chuirfí isteach thú (ins an bpríosún). Ach ní raibh baoghal orru siúd go raibh siad cho h-adhartha agus go mbéarfaí orru. Measaim go mbíodh an ministéara féin ionn scaithtí, mar chuala mé P. N. ag rádh an uair a bhí siad in a bputaigh, go gcuirtí suas leo a dhul isteach ar chúla an chlaidhe ag fuagairt indiaidh an mhinistéara: "a mhinistéirín cá'r fhága tú do bhean?" Deir siad gur sagart a d'ionntuigh, a bhí ins an ministéara a bhí annseo … (Cunntas faoi na deachmaí ins an gceanntar sin ó Sheán Ó Bheáin, Páirc Gharbh, Cearnmór, Baile an Chláir)
Ní raibh cuimne ag duine ar bith dhá raibh suas le mo línn-se ar na deachmaí nó má bhí, is beag a chuala mise fútha, ach an focal a chloisteáil mar sin go díreach. Chuala mé an focal 'chuile lá ariamh, agus bhí a fhios agam go mbadh tuarastal é a d'fhaghadh na ministéaraí, ach níor chuala mé thairis sin d'fháirnéis air. Dheamhan cuímne agam ar rudaí mar sin chor ar bith. An rud a d'innseochthá dhom indé, ní bheadh a fhios agam é aríst ambáireach
Fág ag an deachma é sin. Ní fiú an tairbhe an trioblóid. Thiocfá ag mianadóireacht annsin ar feadh an lae agus ní bheadh tada déanta agad ann in a dheidh sin. B'fhearr duinn go fada a' ndúthracht a chaitheamh le rud eicínt a mbeidh tairbhe eicínt dhá bharr ná ins an tsean-ghrainseach shalach sin
D'fhan riar beag in mo dhiaidh. Chinn orm í a bhailiú ar fad (a bheith indon a cur ins an ualach). Níl innte ach conuas ar aon-chor. Má ghním malach eile di, ní bheidh mé ach ag cur anró orm féin, mar ní choinneochaidh na gadracha maoil ins an maoil í. Nach fearr duinn a fágáil annsiúd ag an deachma. Caithfidh an dul-amú rud eicínt a fháil
Péire dhó féin, ceann do Sh., ceann do A., ceann do mhac P. Bh., ceann do Mh. Mh. N.; cé mhéad sin fágtha ins an gcuain … Péire. Tugadh sé an péire sin do'n deachma. Ní fuláir rud eicínt a thabhairt do'n deachma. Mara chéile 'chuile choileán aca go tóin. Níl barr ag ceachtar aca ar a chéile. Tá mise ag déanamh roghain ar an gceann crón. Ní fhaca mé aon-chú chrón ariamh nach mbeadh thar cíonn.
Céard a dhéanfar leis an munachar féir a d'fhan d'fhuighleach ins an ngarrdha sin thiar. Ní thuillfidh sé ar an gcoca, agus níl cion coicín dó féin ann. Teastuigheann rud eicínt ó'n deachma ar aon-chor
Níl duine ar bith do'n bhuidéal seo — an bhfuil? Nach mé a rinne an flaisc. Is mór is fiú nach dtaobhuighim tighthe ósta ach go h-annamh. Is furasta aithinte agus mé a bheith ag glaodhach pórtair le cois mar sin. Teastuigheann rud eicínt ó'n deachma hé brí é
Beidh coirce le cois — cupla stuca. Ní thiocfaidh ar an gcruaich seo thar sheacht nó h-ocht de bhearta eile. Sílim gur ceart go dtiubharfadh an méid sin congnamh maith uirre. An méid a bhéas le cois ab eadh? Dheamhan a fhios agam féin céard a dhéanfas muid leis sin, mara gcaithidh muid ag an deachma é. Teastuigheann rud eicínt ó'n deachma
Sin í anois an chreach rointe (conách iascaigh) cé's moite de'n dá bhod ghorma seo agus ní ghlacfaidh an cut féin iad. Tá ar ndóthain againn le tabhairt dó dhá bhfuireasbhaidh. Bíodh aca. Tá rud eicínt ag teastáil ó'n deachma. Caithfeamuid chuige iad. Caithfidh cheana. (Chaith siad uatha iad. Ní thiubharfaidís abhaile iad)
Tá 'chuile thomsachán anois idtoll a chéile, ach an méid féir ascalla a d'fhan ingarrdha Sh. Uí E. Ní bhacfamuid leis an scaipiúch sin sílim. Teastuigheann sé ó'n deachma. Bíodh sé aige. Ní éadáil ar bith dhuinn a dhul ag cur dhá aistir eile orainn fhéin, thríd na h-aistreáin sin siar, ingeall ar an méid sin. Ach dá mbeadh sé istigh ar chlár na h-iothlann, ní léar dhom go mbeidh aon-áit len a chur. Cuirfidh a bhfuil againn mullach ar na cocaí. Cuirfidh agus beidh rud eicínt d'fhuighleach freisin
Ní bhainfidh muid an portaichín ó thuaidh chor ar bith i mbliana. Tá sé lom-lán le dearg-laoch agus an charcair bhán sin, agus sháróchadh sé duine ag iarraidh ceart a bhaint dó (de). Fanadh sé annsin. Ní mór do'n deachma rud eicínt, mar adeireadh S. Dh. fadó. Bhaineadh S. Dh. a mbíodh de phortaigh ag gabhail leis 'chuile bhliain, ach dheamhan fód ar bith a thriomuigheadh dó mar nach dtugadh sé aon-ghiollaidheacht di. Ní dhéanadh sé ach a baint agus cead aice fanacht annsin agus triomú uaithe féin. An uair a bhíodh sí uiliog in a scaradh ar an bportach aige indeireadh bliana, agus 'chuile fhód eile ar phortaigh craptha, dá gcásuigheadh duine an mhóin le S. Dh. 'sé'n leath-fhocal a bhíodh aige i gcomhnuí: "ní mór do'n deachma rud eicínt". Ba ghroidhe an duine é S. Dh.
Ní cás dó é má tá sé ar a shean-léim aríst. Tá sé luath láidir bail ó Dhia agus ó Mhuire air, agus ní bhfuigheadh sé tolgán ar bith i rud fánach de'n tsórt sin. Ach diabhal mé an aos óg féin go gcaitheann siad deachma na sláinte a íoc freisin, cho maith le sean-riadairí mar mé féin arb é mo chrann é feasta choidhchin a bheith anshóighteach. Dheamhan a fhios agamsa nach goilleamhnaighe aríst an óige ar an saoghal seo ná na seandaoine