Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

rud (50+)

 
Nach tú atá ainbhiosach a dhul ag rá rud den tsórt sin i láthair comhluadair agus gan fiú is 'i gcead e (don) chomhluadar' a rá
 
Nach maith uait aisfhreagra a thabhairt do dhuine! Bhí rud le déanamh leat!
+
Níl rud ar bith is mó a bhfuil faitíos agam roimhe ná an fharraige
TUILLEADH (2) ▼
Coinnigh amach ón rud sin faitíos na timpiste. Ní bheadh a fhios agat céard é sin
Is fhearr dhom a dhéanamh as láimh faitíos na timpiste. An rud a théas i bhfad, téann sé chun righneadais — le faitíos nach ndéanfainn aríst é
 
fara
Shílfeá gur codladh corrach a dhéanfadh rud ar bith ar fhara, ach sé buac na gcearc é ina dhiaidh sin
 
Cén mhaith breáichte mura bhfuil rud eicínt ina haice? Dheamhan a dhath! Ní farasbarr breáichte a chuireas barr ar an bpota. Bíodh sí go breá nó ná bíodh, ach má tá sí ina gnaitheach maith agus an téagar a bheith sa sparán aici, déanfaidh sí cúis
+
Ní hé fearacht an fhir seo anseo Eón chor ar bith. Tá ciall ag Eón, rud nach bhfuil aige seo
TUILLEADH (4) ▼
Ní bheidh T. fearacht Mh. ag imeacht ag sceidínteacht leis an rud. Déanfaidh sé as láimh é, déanfaidh sin
Ní bheinnse fearacht cuid eile de na daoine chor ar bith. Níor mhaith liom ariamh an dá chroí a bheith agam. Déarfainn amach an rud gan frapa gan taca, sin nó ligfinn dó. Ní bheinn ag dul siar i mbéal duine agus ag maíochtáil leis, agus an buille feille a thabhairt dó taobh thiar dhá chúl ina dhiaidh sin
Dhá ndéanadh sé fearacht an rud a rinne sé cheana (fearacht mar a rinne sé cheana; fearacht cheana; fearacht an uair cheana), is mór a thabharfadh a mbeannacht dó. Rinne sé an grá dia an uair sin ar chaoi ar bith
Buaileann sé fearacht cloig ach ní hé an déanamh céanna atá air ina dhiaidh sin. Rud fada caol é
 
fear
D'fhearfadh rud den tsórt sin ar dhuine ina dhiaidh sin. Ná bíodh duine ar bith ag caitheamh i ndiaidh maith a dhéanamh ar strainséara. Níl a fhios agat cén uair a thiocfá ina líon aríst
 
Thiocfadh dhó an ceart a bheith aige ach ní feasach mé air. Is iomaí rud a d'fhéadfaí a dhéanamh i ngan fhios domsa
+
In a bhfiolladóirí mar sin a chaith S. Ph. Sh. agus a mhuintir ag imeacht ariamh. Rud ar bith a gheobhaidís ar sliobarna — agus mura mbeadh sé te nó trom — bhí sé ardaithe leo acu. Is leitheadaí a labhróidís ná duine ar fónamh ina dhiaidh sin
TUILLEADH (1) ▼
Cén sórt scilipéaracht atá ar an bhfiolladóir sin ansin? Ag forcamhás atá sé nó go n-éirí rud eicínt leis a ghoidfeas sé
 
Is gránna an rud a bheith chomh fiosach sin. Tá tú treanach ar sheanbhean, tá sin
+
fios
Níor chóir d'aon duine rud mar sin a ardú leis agus fios aige nach leis fhéin é
TUILLEADH (8) ▼
Ní bheadh aon ghnaithe ag aon duine bualadh faoin rud sin ach an té a mbeadh fios na róthlachaí aige. Is ceird chontúirteach í
Níl fios do labhartha agat chor ar bith. Breá ar dhúirt tú an rud sin leis?
Dhá mbeadh fios mo labhartha agamsa i mBéarla — rud nach bhfuil — thabharfainnse an teanga dhó, d'fheicfeadh sé féin air. Mura sonnta é!
Dhá mbeadh fios a bealaigh aici, ní scáth leith ar asal a ghabhfadh sí. Ní den chuibhiúlacht rud mar sin a dhéanamh
Níl fios brú(n) ná broscáin aige cá raibh sibh, agus ní fearr dhaoibh beirthe é. Fágaidh an scéal mar sin. An rud a bheadh a fhios aige siúd, is scéal ag an tír é, sea sin
Tabhair fios dom faoin rud atá le déanamh agam — inis dom
Níor mhaith liom fios a iarraidh ar aon duine faoi rud den tsórt sin, gan an-teanntás a bheith agam air
Ná habraíodh duine tada faoi aon duine. Níl a fhios go té sin. B'fhéidir gur rud eicínt a bheadh le rá fút féin
+
focal
Ní fhéadfadh sé gan an rud a mbeadh an urchóid ann a rá. Tuilleadh diabhail aige má fuair sé droimeáil. 'Sé a theastaigh uaidh. Beidh a fhios aige aríst nach mbriseann focal maith fiacla
TUILLEADH (7) ▼
Focla do charaid agus claíomh do namhaid, an dá rud is measa ar bith duit — cuireann caint do charaid amú thú; beidh sé ag borradh leat nó ag tabhairt moladh dhuit nach bhfuil tuillte agat, agus cuirfidh sé de do threoir thú
Fiacal con nó focal duine uasail: an dá rud is fealltaí ar bith
Na trí rud is fealltaí: cois chapaill, fiacail madaidh nó focal duine uasail
An dá rud is géire amuigh: dealg láibe agus focal amadáin
Níl mé in ann rud a thógáil focal ar an bhfocal mar sin
Sin é an rud adúirt sé go díreach glan. Nár lige Dia go gcuirfinnse cor an fhocail air. Tá seisean ar shlí na fírinne agus mise ar shlí na bréige
Ní féidir go mbrisfeadh sé a fhocal. Ba tútach an rud dó sin a dhéanamh
+
Rinne sé an choir. Is furasta a aithinte anois air é, ní dhá roinnt leis é. Foilsíonn Dia rudaí mar sin — agraíonn Dia rudaí mar sin ar dhuine (sa saol seo fhéin); is follasach é na rudaí a tharlaíos do dhuine go raibh Dia ag ídiú nó ag fearadh a dhrochghníomhra air
TUILLEADH (1) ▼
Nár lige Dia go bhfearfadh sé a chionta air. Tá an rud thart anois, agus níl muid ag guí an oilc dó, théis a ndearna sé orainn. Ach foilseeoidh Dia an chréatúlacht luath nó mall
 
Dheamhan neach an aoin istigh ar an mbaile nach bhfuil foirgthe le fliú. Bhuail sé muid tá mí ó shin, ach m'anam go bhfuil muid ag fuasaoid aríst. Níl rud ar bith chomh haiféalach leis. Mura bhfuil ag Dia déanfaidh sé creach shul má stopfas sé.
+
foirm
Tá foghlaim ortsa, bail ó Dhia agus ó Mhuire ort, ach más in í do chuid cainte anois go raibh dhá Naomh Pádraig ann, ná bactar leat! Nach deas uait a dhul ag cumadóireacht … Eiriceach a bhí sa té adúirt é sin. Níl an rud sin i gclár ná i bhfoirm, agus ná géill thusa don fhear sin. Nár chuala muid ariamh nach raibh ann ach aon Naomh Pádraig amháin, moladh go deo leis
TUILLEADH (1) ▼
Bhí "Gaeilgeoirí" — brat acu — timpeall air seo thíos tráthnóna agus é ag inseacht dóibh. Go deimhin má bhí fhéin, ní raibh an rud a bhí sé a inseacht i gclár ná i bhfoirm. Ach cuireadh síos ar na leabhairíní é. Tiocfaidh siad leis!
 
Dhá mbeadh an creideamh sách follasach ina n-intinn, ní dhéanfaidís rud mar sin. Ba bheag an baol orthu
 
Is deacair dó freastal do chuile rud agus a bhfuil ag fortabháil air. Ní teallach atá sé a thógáil ach dhá theallach. Ar ndóigh ní bheadh clann na deirfíre beo chor ar bith dhá uireasa
 
Ná déanaidh fraiseach den bhraon fuisce sin anois. Is maith an rud riar a thabhairt dóibh. Tá a gceart i dhá ghloine.
+
Shantaigh mé é a fhreagairt faoin rud adúirt sé ach thug mé cead a chinn dó ina dhiaidh sin
TUILLEADH (4) ▼
Hé brí cé a chuir suas leis an ngasúr an rud sin a rá is mór a bheas le freagairt aige
Freagróidh Dia ort rud den tsórt sin a rá
Ní ligfeadh an faitíos dom cleas den tsórt sin a dhéanamh faitíos go bhfreagródh Dia orm é. Ba bheag a shúil le Dia a bheadh ag duine ar bith a chuimhneodh ar a leithide de rud a dhéanamh — ba beag sin
Feictear domsa go bhfuil rud eicínt ag freagairt amach ansin ón gclochairín. Níl aon mhullán ansin? An bhfeiceann tú anois é. Is geall le bairille é. Fuisce! Rum b'fhéidir!
+
Is olc an rud a bheith ag iascach ar pholl gan freagairt (seanfhocal) — má bhíonn duine ag caitheamh dúthracht le saothar ar bith nach mbíonn aon bhalachtáil air, ná nach bhfaigheann sé aon ugach uaidh, b'fhearr dó ligean dó
TUILLEADH (2) ▼
Tá sé ag líochán an chosáin ina diaidh sin leis an fhad seo aimsire agus gan d'aird aici sin air ach an oiread is dhá mba madadh é. An leadhb! Breá nach ligeann sé di fhéineacht nuair nach bhfuil sí ag tabhairt aon ugach dó. Is olc an rud a bheith ag iascach ar pholl gan freagairt
Cáid ag dul chuig an gcoláiste sin anois é? … Seacht nó hocht de bhlianta. Agus gan aon chosúlacht air críoch ar bith a bheith air fós! Éiríodh sé as agus iarradh sé an dole. Ba é ba somhaoiní dhó. Is olc an rud a bheith ag iascach ar pholl gan freagairt.