Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

samhradh (39)

 
abair
Dubhairt sé nach gcaithfeadh sé aon-triomach an samhradh seo. 'Sé adubhairt agus ní hé Dia. Mar is toil le Dia a bhéas sé sin
 
dán
Níl indán triomú ar mhóin i mbliana. 'Bhfeiceann tú an aimsir atá ag teacht? Dheamhan dhá uair gréine a bhí ann i mbéal a chéile an samhradh seo fós
 
dána
Níl cladaigh dána ar bith amach annsin ar ghualainn na h-áite seo. Tá lom trágha ann: trághannaí móra míne fad t'amhairc uait, agus bréidíní fairrge ag briseadh orra. Is mór an áilleacht iad sa samhradh
 
danra
Dithreabhach dan(d)ra í le cur amach ag obair. Chaithfeadh sí lá fada samhraidh annsin ag faire na splaince gan iarraidh buille maitheasa a dhéanamh. 'Sí atá coilgneach freisin má fhaghann duine ar bith aon-chaidéis dhá cuid díomhaointais
 
Dúradh ariamh féin nach raibh samhradh an deágheimhreadh le moladh. Sin é dálta an tsamhraidh i mbliana é. Bhí an geimhreadh thar cíonn agus tá a shlio[cht] ar an samhradh!
 
Ní fheicfeá tada ar an mbóthar feadh t'amhairc ach deannach. Bhí sé ag eirghe in a cheathannaí an uair a thiocfadh mótar ar bith. Dhallfadh sé thú agus mhillfeadh sé do chuid éadaigh. Na bóithrí sin a gcomhnuigheann an t-uisce orra agus a bhíos faoi dhraoib ar feadh an gheimhridh bíonn siad faoi dheannach mar sin i gcaitheamh an tsamhraidh. Níl na bóithrí "steamrolláilte" mar sin chor ar bith mara mbeidh bualadh mór orra go díreach
+
Bíonn laetheanta na sean-bhó i gcomhnuí an-deannachtach. Is dóigh gurb í an aimsir is measa a thugas sé uaidh ins an mbliain iad. Agus dheamhan uair ins an mbliain ach oiread is mó cruadhóige ná iad. 'Sé lár an Earraigh ceart é agus níl goir ar bith ag duine giota de lá a leigean thairis, mar leigfeadh sé ins an samhradh nó ins an ngeimhreadh.
TUILLEADH (1) ▼
Níl múr ar bith is deannachtaighe ná an múirín gréine 'ar ndú. "An múirín gréine an múirín is déine" adeir siad. Caitheann sé an bháisteach an-leathtromach amach ins an samhradh. Bheadh ráig dheannachtach annseo, agus dheamhan agus móide deoir ar bith b'fhéidir a bheadh thiar ar an gC. Bhí mé ag teacht anuas le fánaidh Cnoc Bh. lá. Tháinig sé in a bháistigh orm. Tabhair báisteach uirre: ní leigfeadh sí luch as poll na diabhal as Ifreann. Chuaidh mé ag tóruigheacht fascadh. Mo chreach an fascadh annsiúd. Ach mar sin féin shugh mé mé féin isteach in áit eicínt go leiginn tharm é. Bhí mé ag breathnú síos ar mhuintir Bh. ag obair ar na portaigh inG. na B. Leathnuigh m'amharc orm. An uair ba déine a bhí sé ag cur ins an áit a raibh mise, bhí siadsan ag obair thíos ar na portaigh. Dheamhan an sileadh a chaith sé ann ach in a scaladh gréine, th'éis gur gearr ó'n a chéile an dá áit. Ní fhaca mé ariamh in mo shaoghal sílim báisteach tí (ní) ba deannachtaighe ná a chonnaic mé an lá sin
 
Ní deá shamhradh ar bith é an méid atá c[aite] dhó, ach b'fhéidir go dtiocfadh uair bhreá fós
 
Bhfaca tú an chaoi a gcaitheann sé na scaltrachaí le goirid. Agus an chuma atá air ag báisteach. Dheamhan fiú agus an lá a tháinic aon-samhradh anois le chúig bhliana, a bhféadfá caitheamh dhíot le bruthghail. Ó, 'sé deireadh an Domhain é ach grásta Dé
 
'Sé indiu lá deireadh an tsamhraidh (lá deireadh an Charghais, na bliana, na míosa agus rl.)
 
Tá an iascach caithte idtraipisí le deireannaighe ó a thosuigh an fuadach ar an móin. Roimhe seo ghabhfadh fear suas taca Dhomhnach Chrom Dubh agus bhainfeadh sé dhá shleaghán mhóna l'aghaidh na teine. Thriomóchadh anna na Féile Míchil dó í. Dheamhan buille a ghnídís i gcaitheamh an tsamhraidh ach mathshluagh aca thíos ar 'chuile charraig annsin thíos ag iascach. Is deacair fear a fheiceál anois ann
 
Caithfidh mé carr an asail a dheisiú amach faoi chomhair an tsamhraidh
 
diaidh
Chaith sé an samhradh indiaidh an asail = le obair áirid eicínt, cuirim i gcás ag tarraint mhóna, fheamainne nó aoiligh nó a leithide
 
Ní dhéanfaidh mé dearmad ar an am a mbíodh sé ag imeacht leis an m. beag. Chlis an "jaunt" agus b'éigin dó imeacht le capall diallaide. Ins an samhradh a bhí ann agus thóig an diallaid ar fad é, agus b'éigin dó imeacht annsin druimnochttha uirre. Tháinig sé aníos an boithrín trathnóna amháin agus é cróilighthe uiliog. "Fagh diallaid árd" adeir M. B. leis "agus ní ghoillfidh sé cho mór ort. Sin nó gheobhaidh mé snáth leoin duit ó Mh. Mh. Ph." D'imigh sé mar a bhuailfeá ar an gcluais é agus níor labhair sé linn aríst go ceann leath-bhliana
 
Cladach díbeartha é. Tá sé ar aghaidh na righteachta ceart. Badh é do chloch neart seasamh ann lá geimhridh. D'fhuadóchadh an sinneán de do bhonnaidheachaí thú. Dheamhan thairis sin de ghaisce insan samhradh féin é
 
Ní dhéanfaidh tú aon-chúis th'éis do dhichill. Má's leat an áit sin a réidhteach fan go samhradh agus dóigh an sraith-aiteann agus na bunannaí sin 'dtigh diabhail as. Maidir le go gcuirfidh tú as mar sin iad, tá sé fánach agad
 
Dhéanfadh dídean ar bith duine ins an samhradh. Bím féin an-bhruithte istigh. Dhá mbeadh ceann de na cábáin sin agam a bhíos ag na saighdiúir bhainfinn an-cheart dhe, le codladh amuigh
 
díle 1
Comhnuigheann an díle uisce ar an mbóthar sin go síorruí. Bíonn sé faoi uisce ar fad ins an ngeimhreadh an uair a scéitheas an abhainn. Níl neart aige múirín a chaitheamh ins an samhradh féin, nach mbíonn sé druidthe le balláin mar adeir an t-Árannach
 
Tá an aimsir an-dí-mheasctha. Ní túisce in a shamhradh ná in a gheimhreadh é. Bhí scathamh de'n trathnóna indé go h-aoibhinn, ach chuaidh sé ar ghála annsin ag dul a chodladh dhuinn. Is aimsir í nach bhfuil muiníneach chor ar bith
 
dioc
Dar príosta bíonn sí ag imeacht i lár an tsamhraidh agus an dioc sin uirre. 'Bhfuil ágóid ar bith is fuaire ná í. Ní cheapfainn é
 
díon 1
Tá caitheamh agus cáineadh ar an tuighe anois, ach sílim in a dhiaidh sin agus uiliog nach raibh díon ar bith a chinnfeadh uirre. Bhí teas agus teolthuidheacht innte ins an ngeimhreadh agus fionnfhórtas ins an samhradh. Ba é an teach ceann-tuighe teach na h-áite seo. An bhfeiceann tú céard atá aca anois: ballaí "concréte" a dheallróchadh madadh uisce agus na "tileíní" suaracha sin, atá ar bogadh le 'chuile shinneán. D'fhéadfá rud eicín a dhéanamh le díon oíche ghártha, ach ní fhéadfaidh tú tada a dhéanamh le sclátaí ach seasamh in do bhoideoide ag breathnú orra dhá bhfuadach. Ach an leabaidh a thomhais na daoine dhóibh féin codluighidís anois innte. Sin é adéarfainnse
 
Gheobhfá neart diúilicíní annsin thíos ar an Leic Pháirteach am ar bith san Earrach ná sa Samhradh. Chuala mé fear ag rádh nuair a bhíos sé ag tuileadh gur maith an dóigh breac fanacht caithte i bpoll (an dorugha a bheith caithte ann) dhá mbeadh carraig nó leac in aice leis a bheadh faoi dhiúilicíní. Deir sé go dteagann na blátháin agus na ballaigh agus na truisc stupóige isteach ag ithe na ndiúilicíní. D'fheicfeá iad ag imeacht do na clocha leis an taoille tuile. Is minic a chonnaic mé iad ag eirghe do na clocha agus ag dul ag sireoireacht sa taoille. An bhfaca tú an oscailt bheag atá isteach ann. L'aghaidh beatha is dóigh é sin
 
dochar
Is beag an dochar duit náire a bheith ort ag leaduidheacht istigh annsin lá breagh samhraidh i leabaidh dhuit a dhul amach igcíonn do chuid oibre. Meastú an bhfuighidh tú beatha ó Neamh annsin ar do ghugaide!
 
doirb 1
Tá na puill chriathraigh sin faoi dhoirbeachaí as cnáimh éadain, ach dheamhan thairis sin de dhochar ionnta. Dhá mbeadh an-spalpadh ann 'san samhradh, d'ólfaidís deochannaí ionnta, ach ní líonann siad an-mhór in a dheidh sin. Scaithtí. Teigheann sé an-dona do chuid de na beithidhigh, thar a chéile
 
dol 1
Bhí an t-óganach seo thoir ag rádh liom go mbeadh an-dol máistirí scoile ag teacht amach imbliana. Beidh a mhac féin réidh an samhradh seo sílim. Cé'n ghnatha atá ag teacht amach aca, agus gan aon-scoil len a n-aghaidh. Nach bhfeiceann tú an bheirt seo thuas atá réidh le trí bliana, agus é ag cínnt orra aon-scoil a fháil fós
 
Ní bheidh aon-cheo de bharr na móna mara bhféadaidh duine caitheamh léithe dólámh. Fadó, ní bheadh call duit a dhéanamh ach a baint agus thriomóchadh sí uaithe féin, ach tá a fhios ag mo chroidhe go dtigeann an oiread doininne anois 'sa samhradh agus nach mór giollacht mhaith féin a thabhairt di, nó ní thriomóchaidh sí
 
Bíonn slaghdán uirre siúd i lár an tsamhraidh. Mara chéile aice samhradh agus geimhreadh. Aithníonn an donacht 'ar ndú' a duine féin
+
Tá tusa ag rádh go bhfuil tú féin doscúdhach. Tá tú buille doscúdhach freisin. Ach bhí mise ag caint le sagart a bhí thart annsin ins an samhradh. Bhí sé ag cur caoi dhom ar a shaoghal fhéin shul 'á ndeacha sé ina shagart. Bhí sé ins an gCogadh Mór agus amuigh ins an mbriseadh. Th'éis an chogaidh bhí sé ag obair i gcineál eicínt teach lóistín i Sasana agus ní bheadh a fhios agad cé'n puínte a mbainfí an bhaithis asad ann. Bhí 'chuile chineál duine dhá dhonacht ag tarraint ann: "murdaróirí", gaduidhthe agus mar sin. D'fhan sé ann in a dheidh sin. Nar dhoscudhach an mac é sin. Agus tá sé in a shagart anois, agus ina thogha sagairt, cheapfainn
TUILLEADH (1) ▼
'Sé J. a bhí doscudhach leis an té a bheadh in a bhuachaill aige. Amach le hóró lae ins an samhradh agus leis an réalt ins an ngeimhreadh. Agus dá seasfá ná dhá suidhtheá chor ar bith, leigfeadh sé uaill ort a thóigfeadh de chothrom talmhana thú.
+
dreas 2
Mara n-eirighidh creataigh an tsamhraidh léithe, ní bhíonn dreas ná teas innte. Caithfidh tú an ghrian a thapú nuair a bhéas sí ársuighthe, má's leat móin mhaith theine a bheith agad, agus gan a bheith fearacht Ph. Á. a thriomuigheadh í ar anna beag na Féile Michil
TUILLEADH (1) ▼
Dheamhan a fhios agam. An mhóin atá is na portaigh sin aghainne, ní chuirfeadh grian na n-Indiachaí aon-dreas uirre. Chonnaic mé annsin le cupla bliain í, agus dheamhan ceo triomaigh dhár chaith sé ar feadh an tsamhraidh nach bhfuair sí. Fuair sí creataigh ó'n ngrian ceart go leor, arae bhí sí bainte an chéad choicís de Bhealtaine. Ach do cheann finne ní lasfadh í in a dheidh sin. Ní bheadh call dom sagart ar bith a thaobhachtáil marach a mbaineadh sí d'eascainí agus de mhionna móra asam ag iarraidh a deargadh 'chuile mhaidin
 
droim
Tháinig sé annseo thoir ins an samhradh anuiridh. Chuaidh cúigear nó seisear againn soir aige, ag iarraidh oibre air. Gheall sé dhuinn go ndéanfadh sé cat agus dá rioball ach a dteigheadh sé go Baile Átha Cliath. Ach ní bhfuair muid tochas a (ar) ndroma ó shoin. Scéal ná scuan féin níor chuir sé chugainn
 
druas
Ní bhíonn ann ach druas beag san ngeimhreadh, ach bíonn an-drúcht ann 'san samhradh. D'fheicfeá drúcht maidineachaí samhraidh, agus thiubharfá an leabhar gur báisteach a bheadh caithte aige
 
'Ar ndú 'ba mhó ba gheall le lá dubhgheimhridh an lá inniu ná le lá samhraidh. Dar fia is caillte an aimsir í an tráth seo bhliain
+
Gabhfaidh an Chincís amach an-fhada ins an samhradh, mar bhí an Inid deireannach
TUILLEADH (1) ▼
Chuaidh an droch-aimsir an-fhada amach ins an Samhradh imbliana. Beidh moill ar an bhfoghmhar, dhá réir
 
Is maith an tamall de lá a chaith an easóig leis an gcoinín shul a bhí dul aice air. Ach chriog sí é ins an deireadh, in a dheidh sin. Fágann sí an coinín ag tabhairt na gcor i gcomhnaí, dhá gcaitheadh sí lá fada samhraidh leis
 
Teigheann na fataí go samhradh orainn 'chuile bhliain = ní bhíonn siad ídighthe againn go Samhradh