Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

samhradh (40)

 
abair
Dúirt sé nach gcaithfeadh sé aon triomach an samhradh seo. 'Sé adúirt agus ní hé Dia. Mar is toil le Dia a bheas sé sin
 
dán
Níl i ndán triomú ar mhóin i mbliana. An bhfeiceann tú an aimsir atá ag teacht? Dheamhan dhá uair gréine a bhí ann i mbéal a chéile an samhradh seo fós
 
dána
Níl cladaí dána ar bith amach ansin ar ghualainn na háite seo. Tá lom trá ann: tránnaí móra míne fad t'amhairc uait, agus bréidíní farraige ag briseadh orthu. Is mór an áilleacht iad sa samhradh
 
danra
Díthreabhach danra í le cur amach ag obair. Chaithfeadh sí lá fada samhraidh ansin ag faire na splaince gan iarraidh buille maitheasa a dhéanamh. 'Sí atá coilgneach freisin má fhaigheann duine ar bith aon chaidéis dhá cuid díomhaointis
 
Dúradh ariamh féin nach raibh samhradh an dea-gheimhridh le moladh. Sin é dálta an tsamhraidh i mbliana é. Bhí an geimhreadh thar cionn agus tá a shliocht ar an samhradh!
 
Ní fheicfeá tada ar an mbóthar feadh t'amhairc ach deannach. Bhí sé ag éirí ina cheathannaí nuair a thiocfadh mótar ar bith. Dhallfadh sé thú agus mhillfeadh sé do chuid éadaigh. Na bóithrí sin a gcónaíonn an t-uisce orthu agus a bhíos faoi dhraoib ar feadh an gheimhridh, bíonn siad faoi dheannach mar sin i gcaitheamh an tsamhraidh. Níl na bóithrí steamrolláilte mar sin chor ar bith mura mbeidh bualadh mór orthu go díreach
+
Bíonn laethanta na seanbhó i gcónaí an-deannachtach. Is dóigh gurb í an aimsir is measa a thugas sé uaidh sa mbliain iad. Agus dheamhan uair sa mbliain ach oiread is mó cruóige ná iad. 'Sé lár an earraigh ceart é agus níl gair ar bith ag duine giota de lá a ligean thairis, mar ligfeadh sé sa samhradh nó sa ngeimhreadh
TUILLEADH (1) ▼
Níl múr ar bith is deannachtaí ná an múirín gréine ar ndóigh. "An múirín gréine an múirín is déine" adeir siad. Caitheann sé an bháisteach an-leatromach amach sa samhradh. Bheadh ráig dheannachtach anseo, agus dheamhan is móide deoir ar bith b'fhéidir a bheadh thiar ar an gC. Bhí mé ag teacht anuas le fána Cnoc Bh. lá. Tháinig sé ina bháistigh orm. Tabhair báisteach uirthi: ní ligfeadh sí luch as poll ná diabhal as ifreann. Chuaigh mé ag tóraíocht foscadh. Mo chreach an foscadh ansiúd. Ach mar sin féin, shúigh mé mé féin isteach in áit eicínt go liginn tharam é. Bhí mé ag breathnú síos ar mhuintir Bh. ag obair ar na portaigh i nG. na B. Leathnaigh m'amharc orm. Nuair ba déine a bhí sé ag cur san áit a raibh mise, bhí siadsan ag obair thíos ar na portaigh. Dheamhan an sileadh a chaith sé ann ach ina scaladh gréine, théis gur gearr óna chéile an dá áit. Ní fhaca mé ariamh in mo shaol sílim báisteach tí (ní) ba deannachtaí ná a chonaic mé an lá sin
 
Ní dea-shamhradh ar bith é an méid atá caite dhó, ach b'fhéidir go dtiocfadh uair bhreá fós
 
An bhfaca tú an chaoi a gcaitheann sé na scaltrachaí le gairid. Agus an chuma atá air ag báisteach. Dheamhan fiú agus an lá a tháinig aon samhradh anois le chúig bhliana, a bhféadfá caitheamh dhíot le brothaíl. Ó, 'sé deireadh an Domhain é ach grásta Dé
 
'Sé inniu lá deiridh an tsamhraidh (lá deiridh an Charghais, na bliana, na míosa srl.)
 
Tá an iascach caite i dtraipisí le deireanaí ó thosaigh an fuadach ar an móin. Roimhe seo, ghabhfadh fear suas taca Dhomhnach Chrom Dubh agus bhainfeadh sé dhá shleán mhóna le aghaidh na tine. Thriomódh ana na Féile Míchil dó í. Dheamhan buille a ghnídís i gcaitheamh an tsamhraidh ach mathshlua acu thíos ar chuile charraig ansin thíos ag iascach. Is deacair fear a fheiceáil anois ann
 
Caithfidh mé carr an asail a dheisiú amach faoi chomhair an tsamhraidh
 
diaidh
Chaith sé an samhradh i ndiaidh an asail — le obair áirid eicínt, cuirim i gcás ag tarraingt mhóna, fheamainne nó aoiligh nó a leithide
 
Ní dhéanfaidh mé dearmad ar an am a mbíodh sé ag imeacht leis an m. beag. Chlis an jaunt agus b'éigean dó imeacht le capall diallaite. Sa samhradh a bhí ann agus thóg an diallait ar fad é, agus b'éigean dó imeacht ansin droimnochta uirthi. Tháinig sé aníos an bóithrín tráthnóna amháin agus é cróilithe uileag. 'Faigh diallait ard,' adeir M. B. leis, 'agus ní ghoillfidh sé chomh mór ort. Sin nó gheobhaidh mé snáth leoin duit ó Mh. Mh. Ph.' D'imigh sé mar a bhuailfeá ar an gcluais é agus níor labhair sé linn aríst go ceann leathbhliana
 
Cladach díbeartha é. Tá sé ar aghaidh na riteachta ceart. Ba é do chlochneart seasamh ann lá geimhridh. D'fhuadódh an soinneán de do bhonnaíochaí thú. Dheamhan thairis sin de ghaisce sa samhradh féin é
 
Ní dhéanfaidh tú aon chúis théis do dhíchill. Más leat an áit sin a réiteach, fan go samhradh agus dóigh an sraithaiteann agus na bunannaí sin i dtigh diabhail as. Maidir le go gcuirfidh tú as mar sin iad, tá sé fánach agat
 
Dhéanfadh dídean ar bith duine sa samhradh. Bím féin an-bhruite istigh. Dhá mbeadh ceann de na cábáin sin agam a bhíos ag na saighdiúir, bhainfinn an-cheart dhe le codladh amuigh
 
díle 1
Cónaíonn an díle uisce ar an mbóthar sin go síoraí. Bíonn sé faoi uisce ar fad sa ngeimhreadh nuair a sceitheas an abhainn. Níl neart aige múirín a chaitheamh sa samhradh féin nach mbíonn sé druidte le balláin mar adeir an tÁrannach
 
Tá an aimsir an-dímheasctha. Ní túisce ina shamhradh ná ina gheimhreadh é. Bhí scaitheamh den tráthnóna inné go haoibhinn, ach chuaigh sé ar ghála ansin ag dul a chodladh dhúinn. Is aimsir í nach bhfuil muiníneach chor ar bith
 
dioc
Dar príosta bíonn sí ag imeacht i lár an tsamhraidh agus an dioc sin uirthi. An bhfuil ágóid ar bith is fuaire ná í. Ní cheapfainn é
 
díon 1
Tá caitheamh agus cáineadh ar an tuí anois, ach sílim ina dhiaidh sin agus uileag nach raibh díon ar bith a chinnfeadh uirthi. Bhí teas agus teolaíocht inti sa ngeimhreadh agus fionnórtas sa samhradh. Ba é an teach ceann tuí teach na háite seo. An bhfeiceann tú céard atá acu anois: ballaí concrete a dheallródh madadh uisce agus na tileíní suaracha sin atá ar bogadh le chuile shoinneán. D'fhéadfá rud eicín a dhéanamh le díon oíche ghártha, ach ní fhéadfaidh tú tada a dhéanamh le sclátaí ach seasamh in do bhoideoide ag breathnú orthu dhá bhfuadach. Ach an leaba a thomhais na daoine dhóibh féin, codlaídís anois inti. Sin é adéarfainnse
 
Gheofá neart diúilicíní ansin thíos ar an Leic Pháirteach am ar bith san earrach ná sa samhradh. Chuala mé fear ag rá, nuair a bhíos sé ag tuile gur maith an dóigh breac fanacht caite i bpoll (an dorú a bheith caite ann), dhá mbeadh carraig nó leac in aice leis a bheadh faoi dhiúilicíní. Deir sé go dteagann na blátháin agus na ballaigh agus na troisc stopóige isteach ag ithe na ndiúilicíní. D'fheicfeá iad ag imeacht de na clocha leis an taoille tuile. Is minic a chonaic mé iad ag éirí de na clocha agus ag dul ag sirtheoireacht sa taoille. An bhfaca tú an oscailt bheag atá isteach ann. Le aghaidh beatha is dóigh é sin
 
dochar
Is beag an dochar duit náire a bheith ort ag leadaíocht istigh ansin lá breá samhraidh i leaba dhuit a dhul amach i gcionn do chuid oibre. Meas tú an bhfaighidh tú beatha ó neamh ansin ar do ghogaide!
 
doirb 1
Tá na poill chriathraigh sin faoi dhoirbeachaí as cnáimh éadain, ach dheamhan thairis sin de dhochar iontu. Dhá mbeadh an-spalpadh ann sa samhradh, d'ólfaidís deochannaí iontu, ach ní líonann siad an-mhór ina dhiaidh sin. Scaití. Téann sé an-dona do chuid de na beithígh thar a chéile
 
dol 1
Bhí an t-ógánach seo thoir ag rá liom go mbeadh an-dol máistrí scoile ag teacht amach i mbliana. Beidh a mhac féin réidh an samhradh seo sílim. Cén ghnaithe atá ag teacht amach acu, agus gan aon scoil lena n-aghaidh. Nach bhfeiceann tú an bheirt seo thuas atá réidh le trí bliana, agus é ag cinnt orthu aon scoil a fháil fós
 
Ní bheidh aon cheo de bharr na móna mura bhféada duine caitheamh léithe dólámh. Fadó, ní bheadh call duit a dhéanamh ach a baint agus thriomódh sí uaithi féin, ach tá a fhios ag mo chroí go dtigeann an oiread doininne anois sa samhradh agus nach mór giollacht mhaith féin a thabhairt di, nó ní thriomóidh sí
 
Bíonn slaghdán uirthi siúd i lár an tsamhraidh. Mar a chéile aici samhradh agus geimhreadh. Aithníonn an donacht ar ndóigh, a duine féin
+
Tá tusa ag rá go bhfuil tú féin doscúch. Tá tú buille doscúch freisin. Ach bhí mise ag caint le sagart a bhí thart ansin sa samhradh. Bhí sé ag cur caoi dhom ar a shaol fhéin shula ndeachaigh sé ina shagart. Bhí sé sa gCogadh Mór agus amuigh sa mbriseadh. Théis an chogaidh, bhí sé ag obair i gcineál eicínt teach lóistín i Sasana agus ní bheadh a fhios agat cén pointe a mbainfí an bhaithis asat ann. Bhí chuile chineál duine dhá dhonacht ag tarraingt ann: murdaróirí, gadaithe agus mar sin. D'fhan sé ann ina dhiaidh sin. Nár dhoscúch an mac é sin. Agus tá sé ina shagart anois, agus ina thogha sagairt, cheapfainn
TUILLEADH (1) ▼
'Sé J. a bhí doscúch leis an té a bheadh ina bhuachaill aige. Amach le hóró lae sa samhradh agus leis an réalt sa ngeimhreadh. Agus dá seasfá ná dhá suífeá chor ar bith, ligfeadh sé uaill ort a thógfadh de chothrom talúna thú
+
dreas 2
Ní bhíonn dreas ná teas i móin ar bith nach gcuirfidh grian an tsamhraidh creat uirthi. Bhain mé ansin thuas anuraidh í taca Dhomhnach Chrom Dubh, agus má bhain féin, chaithfeadh sí stráisiún thíos ag cnádadh shul má thiocfadh aon lasair uirthi. Ba bheag ab ionann í féin agus móin tús bliana
TUILLEADH (2) ▼
Mura n-éirí creataí an tsamhraidh léithe, ní bhíonn dreas ná teas inti. Caithfidh tú an ghrian a thapú nuair a bheas sí ársaithe más leat móin mhaith thine a bheith agat, agus gan a bheith fearacht Ph. Á. a thriomaíodh í ar ana beag na Féile Michil
Dheamhan a fhios agam. An mhóin atá sna portaigh sin againne, ní chuirfeadh grian na nIndiachaí aon dreas uirthi. Chonaic mé ansin le cupla bliain í, agus dheamhan ceo triomaigh dhár chaith sé ar feadh an tsamhraidh nach bhfuair sí. Fuair sí creataí ón ngrian ceart go leor, arae bhí sí bainte an chéad choicís de Bhealtaine. Ach do cheann fine ní lasfadh í ina dhiaidh sin. Ní bheadh call dom sagart ar bith a thaobhachtáil murach a mbaineadh sí d'eascainí agus de mhionna móra asam ag iarraidh a deargadh chuile mhaidin
 
droim
Tháinig sé anseo thoir sa samhradh anuraidh. Chuaigh cúigear nó seisear againn soir aige ag iarraidh oibre air. Gheall sé dhúinn go ndéanfadh sé cat agus dá rioball ach a dtéadh sé go Baile Átha Cliath. Ach ní bhfuair muid tochas a (ár) ndroma ó shin. Scéal ná scuan féin níor chuir sé chugainn
 
druas
Ní bhíonn ann ach druas beag sa ngeimhreadh, ach bíonn an-drúcht ann sa samhradh. D'fheicfeá drúcht maidineachaí samhraidh, agus thabharfá an leabhar gur báisteach a bheadh caite aige
 
Ar ndóigh ba mhó ba gheall le lá dubhgheimhridh an lá inniu ná le lá samhraidh. Dar fia is caillte an aimsir í an tráth seo bhliain
+
Gabhfaidh an Chincís amach an-fhada sa samhradh, mar bhí an Inid deireanach
TUILLEADH (1) ▼
Chuaigh an drochaimsir an-fhada amach sa samhradh i mbliana. Beidh moill ar an bhfómhar dhá réir
 
Is maith an tamall de lá a chaith an easóig leis an gcoinín shula bhí dul aici air. Ach chniog sí é sa deireadh ina dhiaidh sin. Fágann sí an coinín ag tabhairt na gcor i gcónaí, dhá gcaitheadh sí lá fada samhraidh leis
 
Téann na fataí go samhradh orainn chuile bhliain — ní bhíonn siad ídithe againn go samhradh