Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

seachtain (50+)

+
Ní baileach go bhfuil an tseachtain seo cho dona agus a bhí an tseachtain seo caite, ach dar mo leabhar níl mórán d'earasbár aice ach oiread
TUILLEADH (1) ▼
Tá sé ag baint earasbar amach ar an bplúr anois le seachtain = tuilleadh thar mar a bhíodh sé a bhaint amach cheana
 
Tá sé ag tarraint chloch le seachtain, fearacht's dhá mbeadh rún aige cró eile a dhéanamh annsiúd
 
Má chothuíonn sé fearthainneach mar seo, ní thriomóidh aon-fhód móna ná aon-tsop féir. Dhá dtugadh sé seachtain fhéin uaidh, ní bheadh aon-chailleadh air
 
focal
Tá sé i bhfocal agamsa le teacht ar páighe agam an tseachtain seo chugainn. Sé díol an diabhail é, má thugann sé uain d'aonduine eile. Ach tá an-sceannadh air. Ní féidir fir fánaí a fháil
 
Na tithe ósta sin thiar! Ara diabhal póilí ar bith a chuireas aon-chaidéis orra sin. Leigfidh siad isteach annsiúd cho follasach as comhair an tsaoil thú Dé Domhnaigh agus a leigfidís lá den tseachtain
 
Nach shin é a bhfuil d'fhortabháil ort aríst i mbliana: na cupla gitín fataí sin a bhaint? Feacha mise nach bhfuil sop raithní bainte agam fós, agus tá seachtain ar an bportach orm freisin!
 
Ní féidir gurb shin fothram gaoithe san doras iata. Feamainn dearg! Nar ba slán ceóil dhuit anois mar ghaoith! Ní iarrfadh muid aon-fheamainn dearg go ceánn seachtain eile
 
D'fhága an sneachta ar chnáimh mo dhroma mise le seachtain
 
D'fhága tú do chuid pinnsean gan tarraint an tseachtain seo caite = níor tharraing tú é
 
fága
Tá an fharraige ag míniú anuas aríst. Is furasta aithinte é, agus a bhfuil de na fágaí sin inti. Rinne an bádóir seól inniu, ach ní dheachaidh sé thar bharr na C. D'fhill sé ar ais aríst. B'oibrithe leis a bhí sí déarfainn. Tá sé saothraithe go maith ag an duine bocht agus fuiríocht caladh air annsin le seachtain.
 
Cé leis an cut dubh sin a bhfuil an fáinne bán ann (timpeall a mhuiníl). Tá sé taithí ar an tsráid seo le seachtain. Dhá bhfaghainnse leigean air, ní thiúrfadh a chosa fhéin abhaile é in mo dhiaidh
 
Fáinníonn sé (an lá) taca an ceathair a chlog anois. 'Ar ndú' céard tá lá Fhéil San Seáin ach seachtain eile
 
fána
Tá na runnaigh ag dul le fánaidh anois. Bhí siad annseo tá seachtain ó shoin (in Árainn) = ag dul isteach an cuan faoi dhéin Chois Fharraige agus na Gaillimhe; ag dul isteach leis an tuile agus leis an sruth chuig na cladaigh istigh
 
Tá sé ag fánaíocht síos annsin le seachtain, gan punta a dhéanamh = ag imeacht gan aon-bhuille maitheasa; ní mar a chéile é agus fánóireacht nó fánadóireacht amach agus amach; fálróid, siúl, fuaidreamh is mó atá i gceist le fánóireacht nó fánadóireacht, ach díomhaontas agus beagán oibre nó seachaint na hoibre le fánaíocht
 
Is olc é an scamall sin. Níl ann ach an fheoil. Tá ábhar fós inte. Is furasta aithinte é, agus an bhoiric atá uirre. Tá sé thar am aice imeacht. Ní raibh le déanamh agad ach a dhul ag an dochtúr léithe agus gan a bheith dhá buachailleacht níos fuide. Tá sí ag seadú ro-fhada. Nioscóid ar bith nach ndealóidh léithe in imeacht coicís nó trí seachtainí, ní ceart trust ar bith a bheith aisti
 
Is gearr go mba cheart d'fhataí céad-fhómhair a bheith in alt a mbainte anois. Dhá bhfaghadh an currach sin thíos againne seachtain eile gréine, bheadh fataí ann. Ach is mór an caraos a dhul dhá mbaint nó go mbeidh siad méaduithe
 
Níl dosán feamainn dearg ann, th'éis a raibh de ghaoith andeas ann le seachtain.
 
feoil
Má theagann tú seachtain ag scaradh móna agamsa bainfidh sin an fheóil dhíot, feicfidh tú fhéin air
 
fiacha
Mhaith sé na fiacha dhó in omós seachtain oibre
 
flaisc
Chuala mé go ndearna sé flaisc an tseachtain seo caite = ráig óil; "tear"
 
fleaim
Is fadó an lá nach raibh flam ar bith ann. B'fhéidir go ndeachaidh sé ar athrú béasaí. Ní bhíodh seachtain ar bith roimhe seo nach gcloisfeadh duine go mbíodh sé ag troid = duine tugtharach d'achrann; é leighe faoi anois
 
fleasc
Tá fleasc eicínt air seo thíos le seachtain. Briste amach leis an gcailín atá sé. M'anam gur chuala mé go raibh an brachán dóirthe
 
fogha
Bhí sé ag cur foghairt arúir sa mbró nuair a tháinig mé cho fada leis. "Ní bheadh aon-deoir fuisce poitín agad" adeirim féin? "Tá", adeir sé, "maran fada leat fanacht léithe seo". "Ab shin é an chaoi a bhfuil sé?" adeirim féin. "Sé" adeir sé. "Trí seachtainí ar chuma ar bith" = le haghaidh iarraidh fuisce a bhí sé ag meilt
 
Diabhal claidhe ar aon-gharraí ag gabhail linn ach claidhe a bhéas foghluithe. Dhá bhfaightí am air, níor mhór seachtain a chaitheamh dhá mbiorú = beidh beithigh indon a dhul isteach thar na claidheachaí, agus foghail a dhéanamh sna garrantaí
 
Falmhaíodh an cladach d'fheamainn an tseachtain seo caite
 
D'ól mé dhá fhoracún le seachtain, agus má d'ól féin ní fearrde sin mé
 
Bhí a fhios agam go raibh an rud sin ar a intinn i gcaitheamh na seachtaine, agus nach híontach an fhosaíocht a bhí air in a dheidh sin, nach gcainteódh sé as a bhéal air. Tá sé an-dorcha
+
fraigh
Cuirfidh seachtain eile go frogh é. Má bhíonn an uair cóiriúil l'aghaidh saoirsinne tiúrfaidh sé cúnamh maith air ar chaoi ar bith
TUILLEADH (2) ▼
Beidh sneachta go frogh amáireach. Go deimhin is furasta a aithinte air é. Tá sé ag tolgadh le seachtain. Bhainfeadh scráib an fuacht as an uair
Ní fhéadfá a dhul isteach go dtí béal na brocaí dhá bhfaightheá Éire bronnta ort. Tá frogh dhriseachaí ar an aill, agus níor mhór dhuit seachtain dhá mbaint di. Nach maith a bhí a fhios aige (sionnach) cá ngabhfadh sé "ar fascadh"
+
D'fhuagair sé faoistean an tseachtain seo = phuibligh an sagart ón altóir go mbeadh faoistean ann an tseachtain seo
TUILLEADH (1) ▼
D'fhuagair sé (an sagart) troscadh an tseachtain seo
 
fuagra
An raibh aon-fhuagra faoi aon-chruinniú thuas ar na "pólannaí" le seachtain?
 
Is ait an fátallach farraige thú bail ó Dhia ort má d'eirigh leat an méid sin éisc a thabhairt leat as "cur oíche". Dheamhan a mbeadh sé ag tuilleadh in imeacht seachtaine
 
fás 2
Tiúrfamuid cead fáis do na mangachaí inniu. Fan go dtí trathnóna eicínt i lár na seachtaine agus tiúrfamuid geábh in a ndiaidh
 
Tharraing sé amach daba muicfheola, agus dheamhan focal ar bith bréige a dhéanfas mé leat. Ba mhór an uais í! Bhí na cnuimhe innte. Bhí go corpanta. Diabhal blas di siúd nach raibh seachtain fínithe. Chuir sé síos dá róstadh í, agus thosuigh sé dhá placadh, agus na cnuimhe ag snámh ar fud an phláta. Déarfá go raibh coimpléasc aige sin! Ní fhéadfainn fhéin a bheith breathnú air! Chuirfinn mo liathachaí amach!
 
Dhá mbeadh an bhróig sin seachtain ar do chois d'fhairsingeódh sí
 
Chaith sé seachtain ag béal an bhóthair ag faire orm chuile oíche i bhfaltanas go n-ionnsuíodh sé mé. Ach níor thug mé an dóigh dhó. D'fhan mé uaidh
 
fiach 1
Ní raibh ann ach go mbeadh suaimneas aige san teach feadh agus an dearthair a bheith díbrithe aige. Tá sé díbrithe anois, ach ní raibh an teach in a bhrachán ariamh mar a bhí sé le seachtain: é fhéin agus an mháthair in adhar an chochaill. 'Ar ndú nuair a fháitear an chú ní fháitear an fiach, adeir siad
 
fill
A, tá mé gan filleadh ná feacadh le seachtain ag rúitín atá agam. Breathnuigh uirre sin (cois)! Nach bhfeiceann tú in a spól í
 
fiú
Ba mhór ab fhiú don mhóin, dhá bhfaghadh sí seachtain eile mar seo
 
fothach 2
Cén sórt fóthach é sin ort: ag imeacht ag puthaíl i gcomhnaí. Tá an chasacht sin in a lionnán agad le sé seachtainí, agus beidh sí scathamh eile in do chrioslaigh, mara dtuga tú aire di, agus gan a bheith ag imeacht ag "rantáil" de shiúl oíche
 
frigh
Ní dhearna sé faic na fríde le seachtain = fionna feanna
+
fuath
Glacfaidh sé fuath don gharraí sin muis. An chéad uair a mbéarfaidh mise istigh air (asal) ann, cuirfidh mé glas san gcró air, agus dheamhan amach a ghabhfas sé go ceann seachtaine, ná greim a gheobhas sé len ithe
TUILLEADH (1) ▼
Ní bheadh fios fuath ná fionnóige agad faoi mholt beag a d'imigh uaim, tá seachtain ó shoin. An comhartha cluas a bhí air: béim san gcluais dheas. Cloigeann dubh a bhí air, agus é i gcruth mhaith
 
Dhá mbeidís indon foirseadh leó go ceann trí seachtainí eile, bheadh muid i dtús féir agus níor bhaol dóibh (eallach). Bhí neart farae againn muise, marach go ndeárnadh plaicín gabhair dhó
 
Ní bheadh tolgán ar bith agam seachtain i mbéal a chéile a chaitheamh ag iompar ualaigh, ach níl mé fulannach chor ar bith ar obair na láighe. Dheamhan ar thaithnigh sé ariamh liom thar obair ar bith
 
Níor mhiste do dhuine agaibh a dhul suas leis an gcarr lá eicínt an tseachtain seo agus an fuighleach móna siúd a thabhairt anuas, nó goidfear í
 
fáth
Níor thaobhuigh sé chor ar bith le seachtain muid, agus is maith an fáth (é; atá leis sin). D'fheiceadh sé an ceann eile ag triall orainn chuile oíche = bhí údar maith, nó fáth maith leis