→
duine
sean (50+)
Nach tú atá ainfhiosach a dhul ag rádh rud den tsórt sin i láthair comhluadair agus gan fiús "i gcead e (don) chomhlódar" a rádh
+
→
athfhéar
Shílfeá go bhfuil ath-fhéar annseo istigh agad. Diabhal mé má mhaireann dó sin, gur gearr go bhféada tú a spealadh!
TUILLEADH (1) ▼
Is olc é an t-ath-fhéar sin ag gamhna beaga. Tá sé an-cheasúil agus dúineann sé a ngoile
+
Tá ceann-fhearann (ceann-fhearainn) ann = an leath-fhód le claidhe; an chiúiseóg a fhanas timpeall le claidhe gan treabhadh nó gan cur i bpáirc. Ach in Iarthair na Gaillimhe (le farraige. Tá an chiall réamhráite i Muigh Cuilinn agus inGnó Mhór) tugtar amanntaí é, ar na cúilíní beaga — agus iad ingreamús dá chéile — a bhíos in aice le claise an tsrotha nó le claidhe san áit nach dteigheann na hiomrachaí díreach. Sórt ladhrógaí nó crúbáin iad. Idtalamh nach dtreabhtar ní fhágtar mórán de chiúiseóig le claidhe ann, agus b'fhéidir gur ingeall air sin a haistríodh an t-ainm. Na daoine a thugas "ceann-fhearann" ar áiteachaí mar seo, "an leath-fhód le claidhe" a thugas siad ar an "headland" féin
TUILLEADH (1) ▼
Loic na fataí ar fad ar an gceann-fhearainn sin thíos.
+
→
faiteach
Bhíodh muid an-fhaiteach fadó. Dhá bhfeiceadh muid póilí ná sagart ag teacht ghabhfadh muid thar claidhe nó go dteighdís tharainn. Tá teanntás thairis sin sna daoine anois
TUILLEADH (5) ▼
Is bocht an chaoi do dhuine a bheith cho faiteach sin ar fad. Céard a fhéadfas aonduine a dhéanamh ort?
Airíonn an girria sin nach bhfuil aon-chú agamsa. Deirimse leat dhá mbeadh go mbeadh sé faiteach thairis sin. Agus deir tú liom go raibh sé amuigh i nGarraí na h-Iothlann. Sách gar do na tithe a mhaisce. Gabhfaidh scaol annsin gan mórán achair muis má mhairimse.
Tá sé sin cho faiteach agus nach bhfuil teacht i láthair ar bith ann. Ní dhéanfaidh sé aon-chúis = coimhthioch, cuthaileadas air
Tá na caoirigh sin thuas an-fhaiteach má airíonn siad an madadh in éindigh leat
Níor fhan focal ar bith cainte aige ar a dhul suas ar an "stage" dó. Bhí sé in a fhudar fadar. Tá sé ro-fhaiteach l'aghaidh na ceirde sin. Níorbh fhuláir do dhuine an-cheann a bheith air le seasamh in áit den tsórt sin. P. L. an buachaill!
+
→
faitíos
Baol air sin aon-chaidéis a chur ar mhuinntir Ní! Tá an faitíos mór air ó bhuail siad cheana é
TUILLEADH (38) ▼
Tá fonn air a dhul go Sasana ach tá faitíos imirce air in a dhiaidh sin
Tá faitíos a bhriseadh air, má theigheann sé ag obair cho moch sin
Diabhal pléidh a bhéas agamsa le scadáin le mo ló aríst. Feacha an bhail a chuir siad cheana orm … Beannacht Dé dhuit a dhuine sin. Chuir siad go doras an bháis mé. Scadáin lofa a d'ith mé. Agus níor ghlac mé éiseall ná a dhath leo agus mé dhá n-ithe. Ach ní íosfaidh mé aríst díobh le cúnamh Dé. An té a bhuailtear san gceann bíonn faitíos air
Fainic a mbeadh aon-fhaitíos ag an gcapall sin roimh an "steam-roller". Mara bhfaca sí ariamh í, b'fhearr dhuit duine eile a thabhairt leat dhá cinnireacht thairti
Bhí an fear thiar dhá chaidhleadh le clocha. Dheamhan d'fhaitíos a bhí air (aige) roimhe in a dhiaidh sin!
Chuirfeadh sé faitíos ort breanú air, bhí sé cho hoibrithe sin
Saghd an madadh sna caoirigh agus cuirfidh sin faitíos orra
Cuireadh faitíos ormsa cheana san ngleann sin, agus tabhair faitíos air! Ba faitíos dháiríre é. Ní raibh mé chugam fhéin go ceann bliana aríst = faitíos neamh-shaolta — faitíos taibhsí — atá i gceist annseo
Beidh tú amuigh nó go gcuirthear faitíos ort! Nach bhfuil a fhios agad go bhfuil an bóithrín sin síos sidhiúil, fuagraíomuid deá-chomharsanacht orra, agus síochán barainneach inniu Dé Máirt!
Is furasta faitíos a chur air sin. Torann ar bith a chloisfeadh sé taobh istigh de chlaidhe, thuitfeadh sé as a sheasamh!
Má theigheann faitíos air — agus is furasta sin a chur air — ní labhaireóidh sé níos mó
Bhí faitíos aige roimh an deartháir, ach chuaigh ag an bhfonn ar an bhfaitíos air in a dhiaidh sin, agus thosaigh sé ag spochadh léithi. Diabhal easna den deárthair nach dteagann isteach, agus nach mbeireann air …
Chuaigh an faitíos go smior ann an oíche sin, agus níor scar sé leis ó shoin
Sin é an uair a d'imigh an faitíos díom, agus níor imigh go dtí sin
D'fhan faitíos air go ceann bliana in a dhiaidh sin
Ní mór duit faitíos a choinneál air sin, nó eireóidh sé in do mhullach
Is beag a fhaitíos ort a dhul dhá dhéanamh sin aríst, agus an liúradh a fuair tú cheana faoi
Nach beag a fhaitíos é, a Thiarna Dé, a dhul amach an tráth sin d'oíche!
Is lú faitíos Seán ná Pádraig, agus ní dhéanfadh Seán é in a dhiaidh sin
Ba fear i bhfaitíos mise ar chaoi ar bith nó gur chrap an anachain sin (duine drochmhúinte) leis
Is fear gan faitíos (gan mórán faitiais, gan a dhath faitiais etc.) thú agus a dhul abhaile in t'aonraic an bealach sin 'chuile oíche san aer
Is duine gan aon-fhaitíos é roimh Dhia ná Mhuire, agus caint mar sin a rá leis an sagart
Dúirt sé é sin as faitíos
Bhí mé faoi fhaitíos an uair sin = bhí faitíos orm
Marar thug sé sin aon-ugach dó faoin inín, tá faitíos mo chroí orm dó, nach bhfuighe sé bean ar bith
Ná bíodh faitíos ort. Beidh an scéal sin ceart = don't worry!
Is mór m'fhaitíos nach ndéanfaidh sin cúis
D'fhan sé as an teach sin ar an bpuinnte faitíos tinnis (.i. ar fhaitíos ag dtóigfeadh sé an tinneas a bhí ann)
Níor mhór dhuit clúdadh thairis sin a chur ort fhéin faitíos slaghdáin
Breathnaigh amach indiaidh an asail sin ar fhaitíos na fálach thuas (fc. fálach)
Dúin an doras sin faitíos na heirimisce (faitíos na fálach thuas) = faitíos gadaíochta dá bhfágtaí oscailte é
Cuir an sceach san mbearna faitíos na heirimisce. Tá asail ag fálróid ar na bóithrí sin, agus ghabhfaidís isteach ann ar an bpuinnte. Cén bhrí ach dhá leagaidís an claidhe thoir agus a dhul san iothlainn!
Ná fág an t-airgead sin annsin faitíos na heirimisce. Cá bhfios duit cé a bhuailfeadh isteach agus a chuirfeadh crúib air ingan fhios duit. Ní fear cneasta é gach fear dhá dteagann ar do theallach!
Ná cuir na beithigh sin san ngarraí siúd thuas inniu faitíos na heirimisce. Is fánach an chaoi a ngabhfaidís i mbradaíl sna goirt atá ag an gC. annsiúd len a n-ais. Caithfidh mé na claidheachaí a bhiorrú as seo go tránóna
Ná fág an seaicéad sin leis an tine ar fhaitíos na heirimisce. Ghabhfadh na cait sin ag macnas leis ar an bpuinnte, agus ní chomhnóidís go strachlaídís isteach i gceartlár na coigilte é. Triomóidh sé amáireach amuigh ar an tom
Bain amach an briogadáin sin as roth an "bhicycle", faitíos na timpiste = ar fhaitíos go leagfadh sé thú (deirtear "faitíos na timpiste" freisin in áit "faitíos na fálach thuas", agus "faitíos na heirimisce". Sé is minice ag aos óg, in áiteachaí go háirid)
Coinnigh amach ón rud sin faitíos na timpiste. Ní bheadh a fhios agad céard é sin
Cuir géibheann ceart air faitíos na timpiste. Tá na hasail sin mallaithe. D'imeóidís uait as comhair do dhá shúl