→
duine
sean (50+)
Nach tú atá ainbhiosach a dhul ag rá rud den tsórt sin i láthair comhluadair agus gan fiú is 'i gcead e (don) chomhluadar' a rá
+
→
athfhéar
Shílfeá go bhfuil athfhéar anseo istigh agat. Diabhal mé má mhaireann dó sin, gur gearr go bhféada tú a spealadh!
TUILLEADH (1) ▼
Is olc é an t-athfhéar sin ag gamhna beaga. Tá sé an-cheasúil agus dúnann sé a ngoile
+
→
faiteach
Bhíodh muid an-fhaiteach fadó. Dhá bhfeiceadh muid póilí ná sagart ag teacht, ghabhfadh muid thar claí nó go dtéidís tharainn. Tá teanntás thairis sin sna daoine anois
TUILLEADH (5) ▼
Is bocht an chaoi do dhuine a bheith chomh faiteach sin ar fad. Céard a fhéadfas aon duine a dhéanamh ort?
Airíonn an giorria sin nach bhfuil aon chú agamsa. Deirimse leat dhá mbeadh go mbeadh sé faiteach thairis sin. Agus deir tú liom go raibh sé amuigh i nGarraí na hIothlann. Sách gar do na tithe a mhaisce. Gabhfaidh scaoll ansin gan mórán achair muis má mhairimse.
Tá sé sin chomh faiteach agus nach bhfuil teacht i láthair ar bith ann. Ní dhéanfaidh sé aon chúis —coimhthíoch, cúthaileadas air
Tá na caoirigh sin thuas an-fhaiteach má airíonn siad an madadh in éindí leat
Níor fhan focal ar bith cainte aige ar a dhul suas ar an stage dó. Bhí sé ina fhudar fadar. Tá sé rófhaiteach le aghaidh na ceirde sin. Níorbh fholáir do dhuine an-cheann a bheith air le seasamh in áit den tsórt sin. P. L. an buachaill!
+
→
faitíos
Baol air sin aon chaidéis a chur ar mhuintir Nia! Tá an faitíos mór air ó bhuail siad cheana é
TUILLEADH (39) ▼
Tá fonn air a dhul go Sasana ach tá faitíos imirce air ina dhiaidh sin
Tá faitíos a bhriseadh air má théann sé ag obair chomh moch sin
Diabhal plé a bheas agamsa le scadáin le mo ló aríst. Féacha an bhail a chuir siad cheana orm … Beannacht Dé dhuit a dhuine sin. Chuir siad go doras an bháis mé. Scadáin lofa a d'ith mé. Agus níor ghlac mé éiseal ná a dhath leo agus mé dhá n-ithe. Ach ní íosfaidh mé aríst díobh le cúnamh Dé. An té a bhuailtear sa gceann bíonn faitíos air
Fainic a mbeadh aon fhaitíos ag an gcapall sin roimh an steamroller. Mura bhfaca sí ariamh í, b'fhearr dhuit duine eile a thabhairt leat dhá cinnireacht thairti
Bhí an fear thiar dhá chaidhleadh le clocha. Dheamhan d'fhaitíos a bhí air (aige) roimhe ina dhiaidh sin!
Chuirfeadh sé faitíos ort breathnú air, bhí sé chomh hoibrithe sin
Saighid an madadh sna caoirigh agus cuirfidh sin faitíos orthu
Ag iarraidh faitís a chur orm a bhí sé ach níor chuir sé faitíos ar bith ormsa, ná ní chuirfeadh dá mbeadh sé ag scilligeadh cainte ó shin
Cuireadh faitíos ormsa cheana sa ngleann sin, agus tabhair faitíos air! Ba faitíos dháiríre é. Ní raibh mé chugam fhéin go ceann bliana aríst — faitíos neamhshaolta — faitíos taibhsí — atá i gceist anseo
Beidh tú amuigh nó go gcuirtear faitíos ort! Nach bhfuil a fhios agat go bhfuil an bóithrín sin síos síúil, fuagraí muid dea-chomharsanacht orthu, agus síocháin barainneach inniu Dé Máirt!
Is furasta faitíos a chur air sin. Torann ar bith a chloisfeadh sé taobh istigh de chlaí, thitfeadh sé as a sheasamh!
Má théann faitíos air — agus is furasta sin a chur air — ní labhródh sé níos mó
Bhí faitíos aige roimh an deartháir, ach chuaigh ag an bhfonn ar an bhfaitíos air ina dhiaidh sin, agus thosaigh sé ag spochadh léithe. Diabhal easna den deartháir nach dteagann isteach agus nach mbeireann air …
Chuaigh an faitíos go smior ann an oíche sin, agus níor scar sé leis ó shin
Sin é an uair a d'imigh an faitíos díom, agus níor imigh go dtí sin
D'fhan faitíos air go ceann bliana ina dhiaidh sin
Ní mór duit faitíos a choinneáil air sin, nó éireoidh sé in do mhullach
Is beag a fhaitíos ort a dhul dhá dhéanamh sin aríst agus an liúradh a fuair tú cheana faoi
Nach beag a fhaitíos é, a Thiarna Dé, a dhul amach an tráth sin d'oíche!
Is lú faitíos Seán ná Pádraig, agus ní dhéanfadh Seán é ina dhiaidh sin
Ba fear i bhfaitíos mise ar chaoi ar bith nó gur chrap an anachain sin (duine drochmhúinte) leis
Is fear gan faitíos (gan mórán faitís, gan a dhath faitís srl.) thú agus a dhul abhaile in t'aonraic an bealach sin chuile oíche san aer
Is duine gan aon fhaitíos é roimh Dhia ná Mhuire agus caint mar sin a rá leis an sagart
Dúirt sé é sin as faitíos
Bhí mé faoi fhaitíos an uair sin — bhí faitíos orm
Murar thug sé sin aon ugach dó faoin inín, tá faitíos mo chroí orm dó nach bhfaighidh sé bean ar bith
Ná bíodh faitíos ort. Beidh an scéal sin ceart — don't worry!
Is mór m'fhaitíos nach ndéanfaidh sin cúis
D'fhan sé as an teach sin ar an bpointe faitíos tinnis — ar fhaitíos ag dtógfadh sé an tinneas a bhí ann
Níor mhór dhuit clúdú thairis sin a chur ort fhéin faitíos slaghdáin
Breathnaigh amach i ndiaidh an asail sin ar fhaitíos na fálach thuas (fc. fálach)
Dún an doras sin faitíos na heirimisce (faitíos na fálach thuas)— faitíos gadaíochta dá bhfágtaí oscailte é
Cuir an sceach sa mbearna faitíos na heirimisce. Tá asail ag fálróid ar na bóithrí sin agus ghabhfaidís isteach ann ar an bpointe. Cén bhrí ach dhá leagaidís an claí thoir agus a dhul san iothlainn!
Ná fág an t-airgead sin ansin faitíos na heirimisce. Cá bhfios duit cé a bhuailfeadh isteach agus a chuirfeadh crúib air i ngan fhios duit. Ní fear cneasta é gach fear dhá dteagann ar do theallach!
Ná cuir na beithígh sin sa ngarraí siúd thuas inniu faitíos na heirimisce. Is fánach an chaoi a ngabhfaidís i mbradaíl sna goirt atá ag an gC. ansiúd lena n-ais. Caithfidh mé na claíochaí a bhiorú as seo go tráthnóna
Ná fág an seaicéad sin leis an tine ar fhaitíos na heirimisce. Ghabhfadh na cait sin ag macnas leis ar an bpointe, agus ní chónóidís go streachlaídís isteach i gceartlár na coigilte é. Triomóidh sé amárach amuigh ar an tom
Bain amach an briogadáin sin as roth an bhicycle faitíos na timpiste — ar fhaitíos go leagfadh sé thú. Deirtear faitíos na timpiste freisin in áit faitíos na fálach thuas agus faitíos na heirimisce. 'Sé is minice ag aos óg, in áiteachaí go háirid
Coinnigh amach ón rud sin faitíos na timpiste. Ní bheadh a fhios agat céard é sin
Cuir géibheann ceart air faitíos na timpiste. Tá na hasail sin mallaithe. D'imeoidís uait os comhair do dhá shúl