Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

seifte (15)

 
Bíonn slí agus seifte ag an muinntir sin soir chuile lá dhá n-eiríonn ar a súil, ní hé a fhearacht sin againne é
 
Tá muinntir na tíre seo maith go leor. Tá móin aca, agus nuair nach mbíonn aon-seifte eile aca, bíonn na cupla scillingín "dole" sin ann. Ach an limistéar sin ó Gh. go M. tá sé foirgthe ar fad. Níl móin ann, agus níl dole ann. Tá cíos agus airgead acraí an-trom orra. Agus diabhal an talamh é a bhfuil aon-ghaisce ann ag tabhairt chruithneacht ná "beet". = creachta
+
Ní bheidh mo bhealach do'n bhaile mór aríst go ceann fada, mar dheamhan seifte agam, le mé 'tharraingt ann.
TUILLEADH (1) ▼
Dhá mbeadh bealach duine Gaillimh, go minic, is iomdha rud a gheobhfadh sé ann ar shlatmhargadh, ach níorbh fhiú de dhuine an t-aistear a chuir air fhéin, scáth rudaí fánacha, mara mbeadh slighe a's seifte aige, le na thabhairt ann.
 
airigh
Aireocha na daoine é, má stoptar na busannaí, mar b'iomdha slighe a's seifte beag a bhfaightheá lán laidhre inGaillimh air, fharrus é chaitheamh uait ag cneamhairí an bhaile sin thoir (I leaganachaí de shamhail an phéire dheire sin, cialluigheann "daoine", "muid" nó "muinntear na h-áite seo" nó "muinntear an tighe seo". Ní chialluigheann sé na daoine i gcoitchinne. Tá an sainiú céille sin an-choitchiannta leis ar fud na Gaillimhe fré chéile)
 
amach
Níl seifte 'bith anois ag na daoine (againn), agus an dula amach céadna i gcomhnuidhe orainn.
+
Is deacair seifte a dhéanamh amach, agus gan cearc a' gabhail liom a' breith.
TUILLEADH (1) ▼
Cá ndéanfa mise seifte amach l'aghaidh chuile shórt?
 
Bhí an seachadadh amach ceart go leor, aimsir a' chogaidh, nuair a bhí airgead ag na daoine chomh fairsing le spréidh-mhóin, ach caithfear fanacht le seifte anois (féach "seifte")
 
M'anam go ndeirim leat gur seifte fáltasach iad na faochain an té a mbeadh ionú aige caitheamh leo. Ach níor mhór do dhuine cúnamh maith
 
ith
Cá bhfaighe sé luach rud le n-ithe agus gan slighe ná seifte ó neamh aige = cá bhfaighe sé luach bídh, agus gan aon-mhaoin ná deis airgid aige.
 
Má's deagh-dhíoluidhe féin é, is dó is fusa. Cuireann sé dhá fhuireann muc amach 'chuile bhliain agus níl seachtain ag eirghe ar an mbean nach mbíonn seifte Gaillimheach aice. Tá sí indon a dhul Gaillimh ar Sheascach na gCearc féin, agus gan ubh na eirín ag daoine eile le cur isteach ar a gcroidhe, ní áirighim a ndíol. Is furasta dhá leithidí sin a bheith glan ins na siopaí
 
'Bhfuil a fhios agad cé'n chaoi ar chaith mé an lá: ag dul ag dlaoithiú sailighe l'aghaidh ciseáin. Tá rud beag seifte aice féin, agus dheamhan a dhath de chiseán aice a d'iomchróchadh Gaillimh aon-tSatharn beo é. Deir siad go bhfuil ciseáin dhá ndíol i nGaillimh, ach mo chreach mhaidne, ní saill gan fiacha iad sin
 
dol 1
Níl aon-tSatharn dhá n-eirigheann ar a súil nach mbíonn seifte aice, agus teagann 'chuile leithphighinn di abhaile cé's moite de bheagán a chuireas sí amach ar tae [is] siúcra ("groceries"). Nach dtiocfadh céad mine ráithe uirre, agus í gan sac gan mac gan muirín. Níl aon-dola uirre ar fiú trácht air
 
Is deas an chaoi atá air anois, agus é taobh le roghain an dhá dhíogha: an talamh a dhíol agus imeacht, nó an talamh a thabhairt do J. in ómós na bhfiacha atá amuigh aige air. Tuilleadh géar do'n diabhal aige ó a chaithfeas mé a rádh leis! Bhí slí agus seifte aige annsin, agus tháinig an oiread aige ó'n dream a bhí i Sasana le trí bliana agus a d'íocfadh a raibh amuigh ar an mbaile. Ach b'fhearr leis ag imeacht dhá ól, agus ag "gobaireacht" má b'fhíor dó féin. Badh shin í an gobaireacht eile muis. 'Chuile shórt dhá raibh sé a cheannacht dhá bhánú. Nach bhfaca mé é ag díol dhá bhulán annsin thoir imbliana a cheannuigh sé an t-aonach roimhe sin, agus bhí sé deich scilleacha an ceann briste ionnta. Cé'n chaoi a bhféadfadh fear de'n tsórt sin cúis ar bith a dhéanamh!