Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

thuas (50+)

 
Tá an chliath fágha ar an gceann-fhearann thuas san ngort. Ba chóir dhuit í a thabhairt anuas
 
Tá na caoirigh sin thuas an-fhaiteach má airíonn siad an madadh in éindigh leat
+
Breathnaigh amach indiaidh an asail sin ar fhaitíos na fálach thuas (fc. fálach)
TUILLEADH (1) ▼
Ná cuir na beithigh sin san ngarraí siúd thuas inniu faitíos na heirimisce. Is fánach an chaoi a ngabhfaidís i mbradaíl sna goirt atá ag an gC. annsiúd len a n-ais. Caithfidh mé na claidheachaí a bhiorrú as seo go tránóna
 
Lá fearthainneach go leór a bhí san lá inné. Ba bheag nar phréach sé mé. Bhí mé ar aghaidh na riteacht' annsiúd thuas
 
fios
Dhá laghad fios dhár thug an ceann thuas dom, níor thug an ceann thíos a leath oiread dom
+
An corpadóir bradach! Sé cóir Dé é an méid sin a eireachtáil dó. Ba bheag aige fhéin dícheannadh a dhéanamh ar chréatúir bhochta. Chuir sé an bhaintreach sin thuas de dhruim tí. Chuir sé faoi ndeara di páipéar a shaighneáil dó ar a cuid talúna agus gan a fhios aice céard a bhí ann, ach gur theastuigh cupla cloch mhine uaithe l'aghaidh a háilín … Ach foillsíonn Dia an éagcóir míle glóire agus moladh leis fhéin. B'fhéidir go bhfuigheadh an cneamhaire ar a mhéis fhéin anois é, agus ní ag amhdú an oilc é, ní mór linn dó
TUILLEADH (1) ▼
Má tá Dia thuas foillseóidh Sé É fhéin ar an bhfear sin faoin anshógh a leig sé ar a athair agus ar a mháthair.
 
M'anam nach beag dom a bhfuil ag fortabháil orm cheana agus gan tusa a dhul ag cur tuilleadh orm. Cén chaoi a bhféadfainnse a bheith san áirdeall ar do chuid beithioch. Tá mo chuid fhéin ag déanamh cír tuaifill díom. Má ba leat féarach a cheannacht, bhí agad é a fháil in aice láthair: sin nó leigean dó ar fad. Bheadh bó trí lá báite nó bascha annsin thuas shul má gheobhfaí í
 
Is deacair dhó féar ná fóthair a bheith aige lá agus gur fhága sé an garraí sin thuas gan baint, nó gur lobh sé ar a chois. Sin é a chleas chuile bhliain: Ag imeacht ag cipiléaracht, agus ag biorú claidheachaí nuair a bhí aige a ghnatha a dhéanamh
 
Ba cheart go mbeadh an pramsálach sin thuas ag P. go maith ag bualadh "ailí". Ní cheal macnais air muis
 
Ní dhéanann sé buille maitheasa ach ag cur caoi ar an "mbicycle" atá aige, ag cur iongáis agus freigisí air. Agus ní túisce thuas aige iad ná anuas aríst
+
fág
Thug S. garbh faoi A. é. Más thíos a fríodh é (A.) thuas a fágadh é = cuireadh malrait córach air; más molta a bhí sé roimhe sin cáinte a bhí sé anois, agus a leithide sin. Ciallaíonn sé san leagan áirid seo go dtug S. droch-dhíol cainte ar A., nó gur chuir sé droch-bhail air
TUILLEADH (12) ▼
Ó a dhiabhail nach hé a thug faoi. M'anam más thíos a fríodh é, gur thuas a fágadh, agus é siúd réidh leis. Ar chuala tú feannadóir ar bith ariamh a sháródh é?
Fuair an ceann seo den phobal inniu é ón sagart. Más thíos a fríodh iad is thuas a fágadh iad aige siúd. 'Ar ndó' dheamhan leath chirt aige leo, níl sin
Ara a dhearthair ó mo chroí thú, ní raibh mo chois istigh agam, nuair a d'áitigh sí mé. Más thíos a fríodh mé thuas a fágadh mé ar chaoi ar bith. Ach d'airigh sé gur in a theach fhéin a bhí sé. Níor mhór dhó!
Más thíos a fuair mé é is thuas a d'fhága mé é. Roinn mé an onóir leis = rinne mé an-sciolladóireacht air
Dhá gcuimhníodh sé ar an arán a hithiodh, ba bheag a luadh aige a dhul tharmsa gan cuireadh a thabhairt dom. Agus a liachtaí lá oibre a thug mé dhó. Ba dona é scathamh marach mise. Más thíos a fuair mé é is thuas a d'fhága mé é = bhí a chuid oibre gan déanamh. Rinne mise dhó í
Bheadh an bhróig millte aige marach thusa. Más thíos a fuair tú í, is thuas a d'fhága tú í = fuair tusa í, agus droch-bhail uirri, agus chuir tú caoi cheart uirri
Bíodh sé buíoch do T. faoin bhféar ar chuma ar bith. Más thíos a fuair sé é is thuas a d'fhága sé é = bhain sé nó chrap sé an féar dó, nó chuir sé caoi cheart air
Ba dona an teach a bhí annsin nó go ndeachaidh inín S. Th. isteach ann. Má tá bráigill orra inniu dise is cóir dóibh a bheith buíoch. Más thíos a fuair sí é (an teach) is thuas a d'fhága sí é.
Más thíos a fuaireadar a chéile thuas a d'fhágadar a chéile. Bhí an-fháilte aca roimh a chéile = le luthgháire fáilte.
Diabhal a leithide de chaismirt agus a bhí aca! Más thíos a fuaireadar a chéile (is) thuas a d'fhágadar a chéile = ropadar a chéile le caint agus aithis
Más thuas a fuair sé í, thíos a d'fhága sé í. D'innis sé dhi cé hí fhéin (deirtear mar seo é freisin scaithtí)
Más thíos a fuair sí é thuas a d'fhága sí é. Bhí an oiread ríméid uirri go dtáinig sé agus gur mhúch sí é le póga
 
Dhá mbeadh fáideóg san laimpín atá thuas annsin, is iomdha leas a dhéanfadh sé ag dul ag breathnú ar bheithigh san oíche. Bíonn lóchrann breá air
 
Bhí fear in a shuí thuas ar fháinneóig an "lorry" agus greim aige ar an gcruib. Dar fiadh ba chontúirteach an áit a raibh sé. Is fada go suidhinn ann. B'fhearr liom míle uair é a shiúl ná a bheith ar an strapa sin
 
Caithfidh mé eirí le fáinniú lae amáireach agus a dhul indiaidh coiníní. Tá foghail déanta aca san ngeamhar sin thuas
+
Breathnuigh amach faitíos na fálach thuas. Tá an cneamhaire d'asal sin, agus a cheann síos thar chlaidhe gharraí T. Mh. aige ar feadh an lae. Má theigheann sé in a chuid síol féir siúd, is measa duit é a tharraint ort ná an t-Ábhairseoir
TUILLEADH (5) ▼
Tóigfeamuid an féar le faitíos na fálach thuas. Níl aon-deá-ghothadh ar an spéir sin ó dheas. Níorbh fhiú dhuinn a leigean amach beag ná mór ar scáth an scaláinín sin
Breathnuigh ar na claidheachaí faitíos na fálach thuas. Tá an bhrotuinn sin thíos taithithe ag an gcladach d'acht agus go háirid, indiaidh feamainn dearg, agus leagfaidís bearna ann ar an bpuinnte. B'aisteach go dtáinig siad (na beithigh) anois le trí lá indiaidh a chéile. Marach go bhfuil bearna leagha ann, ní chorróidís as an ngarraí
Chreidim gur fearr dom an citil a fhiuchadh faitíos na fálach thuas. Thiocfadh dóibh seo a bheith isteach puinte ar bith, agus dheamhan agus móide, in a leabaidh sin, a mbeidís isteach go mbeadh an dubh ar an oíche. Ní hionann a dhul 'na bhaile mhóir agus a fhágáil.
Ní chuirfidh muid níos mó sprae (spray) ar an ngarraí siúd faitíos na fálach thuas. Gabhfaidh sé rite linn an oiread a bheith againn agus a riarfas uiliog é (an cur ar fad). M'anam muise nach ndéanfadh ceobáinín beag eile aon-dochar don gharraí siúd féin, mar go bhfuil muid gann
Socruigh an clog sin anois go siúráilte ar fhaitíos nach n-aireódh muid eirí le fálach thuas ar bith. Ba bheag nach raibh mé mall ag an Aifreann Dé Domhnaigh seo caite. = sleamchúis; go gcodlódh muid thar an am
 
Tá fálróid mhór ar mhaor. An maor sin a bhí thuas ag S. i bhF. dúirt sé linn thíos annsin anuiridh go mbíodh siúl deich míle air chuile lá, agus len a chois scaití. Tá an domhnaíocht chaorach annsiúd. Agus caithfidh sé aithne chinn a bheith aige ar chuile cheann ar an bhfeáin aca
+
fána
Bhí sé thuas ag deasú an tsimléir agus thuit sé anuas le fánaidh an tí. Nach maith a chuaigh sé as?
TUILLEADH (1) ▼
Tá an liúdramán mór seo thuas le fánaidh ar fad anois. Na cléibh a rinne é sin air. Sé an portach an buachaill aige!
 
Shílfeá go bhfuil sé thuas ag imeacht in a spailpín fánach anois (fc. fán, fánaí)
+
féar
Tá féar gortach thuas i mbarr an bhaile = cíb ar éigin; sórt féar beag gann gágach garbh a fhásas ar mhótaí agus ar thuláin ar na barra garbha; glaoitear scaití ar fhéar a bheadh mar é é i móinéir nó in áit ar bith (ach ní thiúrfaí cíb ar éigin air san gcás sin); ní thugtar ar ocras é a bhuaileas duine amuigh; sliabh gortach é sin
TUILLEADH (1) ▼
Ná bac len a bhfuil d'fhéar againne i mbliana! An dá phriobán sin thuas, agus gan orra sin fhéin ach féar gortach = bun-fhéar gann; ní cíb ar éigin
 
fíóg
Dhá bhfaghainn glac fhíógaí le rópaí a chur ar na cocaí féir sin amuigh! Ba cheart go mbeadh dalladh aca thuas i mbarr an bhaile agadsa
+
Tá cupla caolóid choirce curtha annsin thuas aige, agus sin é 'méid.
TUILLEADH (1) ▼
Chuir muid neart fataí spréidhte amach ó na caolóideachaí luirg sa ngarrdha sin thuas, a's muid a' cur a' choirce i mbliadhna.
 
Níl aon-chapall cruthuighthe indon tonna meadhchain a thabhairt a' charcair údan, a's ná creid thuas ó aonduine go bhfuil.
+
Nach diabhaltaidhe righte an áit ar dearnadh a' teach an chéad uair, thuas ar an gcarracán garbh siúd. Is suarach a' t-iongnadh go mbeadh faitchíos gála fhéin air, a's a laghad fasca a's tá ag a theach.
TUILLEADH (1) ▼
Thuas ar charracán atá imbarr a' bhaile a bhíos an teine chnámh aca(b). Dhá mbeadh gaoth ruadh na Féile Sin Seáin ann ar chaoi ar bith, dheamhan splannc a d'fhágfaidhe 'na craiceann nach bhfuadóchthaidhe soir a's siar.
+
ceal 1
Is duine dona a bheadh cheal teine a's a' méid coille atá 'tuitim in a críonach annsin thuas.
TUILLEADH (1) ▼
Má tá ceal orm, ní cheal móna é ar chaoi ar bith. InDomhnach chuirfeadh a' portach atá annsiúd thuas agham móin go barr-bachall
+
Dheamhan a bhfaca tú a leithide de chiseach déanta d'aon-rud ariamh mar tá déanta de'n gharrdha fataí sin thuas ag caoirigh Ch. Níl aon-mhaith iad 'fhuagairt di. Brath mór atá agham iad a thiomáilt (thiomáint) chuig an ngarrdha gabhann.
TUILLEADH (1) ▼
Tá mé in mo chiseach le fliuchán. Níl snáth thuas ar mo chraiceann nach bhfuil bog, báithte.