Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

tosach (50+)

+
Bhí faitíos aige roimh an deartháir, ach chuaigh ag an bhfonn ar an bhfaitíos air in a dhiaidh sin, agus thosaigh sé ag spochadh léithi. Diabhal easna den deárthair nach dteagann isteach, agus nach mbeireann air …
TUILLEADH (2) ▼
B'fhada a chaith sí idir fonn agus faitíos, ach chuaigh ag an bhfonn ar an bhfaitíos uirre san deireadh, agus m'anam ón diabhal go ndeachaidh sí ag an damhsa. Tháinig an t-athair i lár an mheán-oíche thall agus fás fuinnseóige aige, agus thosaigh sé ag gleáradh an dorais leis …
Thosaigh sé ag rith le faitíos
 
Bhí an t-urlár cho fliuch sin aige agus go mb'éigin dó a bhaint cúig nó sé de chuarta. Chuir sé líméar faoi, ach dheamhan maith a bhí ann. Bhí an ceann le fánaidh ag an uisce anuas annsiúd air. Thosaigh P. N. ag flithmhagadh faoi agus ag rádh go mba cheart dó a chrochadh agus farúch a chuir faoi mar a chuireas muinntir an Achréidh faoi na cruacha. Ba bheag nachar speir sé é.
 
Chuala mé go raibh sé leis an gcailín aimsire a dhíbirt ach a bhfádh na gasúir scoile scíth. A fhearacht siúd, ba bheag a theastaigh sí uaidh ó thús deireadh go tosaigh, marach a chuid ealaoine. Nach raibh a ndóthain aca fhéin ann, má bhí fonn oibre orra
 
Bhí sé fhéin ar an teile ag gabhail an bháid agus an fear fobhairne chun tosaigh ag crapadh an tseóil chinn. Sin é an uair a tháinig an chuaifeach. Scuab sí an fear fobhairne i bhfairrge. B'fhada a chaith sé as cionn uisce i sruth na stiúrach. Chaith an fear eile ceann téide chuige, ach níor eirigh leis a tapú
+
Thosaigh sé ag fuiléimneach ar fud an tí, le teann taighd. Is uaidh a theastódh an iarraidh!
TUILLEADH (1) ▼
Thosaigh an capall ag fuiléimneach agus ag fiodarinnce ar fud an gharraí cho luath agus a chuir mé isteach an bhearna í. Dheamhan a leithide de mhacnas! Shílfeá nach bhfaca sí an áit amuigh cheana le mí. Neart díomhaontais!
 
fána
Tá an chú sin caite le fánaidh ar fad. Shílfeá go mbeadh sí níos teangmháilte ná sin as a tosach. Meastú an gortú a d'eireódh di. Baineadh cupla treascairt aisti agus í ag coráil an ghirria an lá cheana, ach shílfeá nach raibh tada uirre ach go raibh sí buille beag cróilithe go ceann dhá lá.
 
Cuir crudh in a thosach, a's déan smeach eicínt oibre, nó'n leat fanacht annsin do chaidhfte, mar d'fhan tú indé.
 
ceal 1
Is fadó an lá a chuirfinn tosaigh ar na bróga sin, marach cheal gan fad méire de cheap agam, le tada a dheanamh.
 
Cá'ide eile a bheidheas tú ar a' gcipiléaracht seo. Cuir crudh 'na thosach, a's bíodh sé críochnuighthe trathnóna ambáireach ar 'fhad. Shílfeá go mbadh chóra dhuit náire 'bheith ort, a's an t-achar atá tú in ainm's a bheith in' éadan, a's gan déanamh ná leath-dhéanamh fós air.
 
Ní raibh smid a' bith aige i dtosach, le coimhightheas tá mé 'ceapadh, ach 'san am ar bhain sé amach, tháinic a' díle cainnte air in éindigh. Dheamhan a leithide de chlaibín muilinn a chuala tú ariamh, igcaitheamh do shaoghail.
 
Bhí tosach mór agamsa orra(b) leis a' gcloich-neart.
 
Mar gcuire tú tosach ar a' gclársach de bhróig sin agad, is gearr go mbí do chois ar a' talamh.
 
'Bhfuil fhios céard tá le déanamh leis an asal sin, cosacáin a chuir air, a's a smut a bhualadh ar a chois tosaigh, in aice sin. Mara múine sin é, caith le gunna é. Níl aon-gharrdha ar a' mbaile nach bhfuil ina bhéal in áirde aige.
 
Badh mhór a' chóisir bainse í. Bhí carrannaí ó Mhullach an aird go dtí Gleann an Fhóidín, agus (d)ar ndú (ndóigh) mo léan, bhí J. i dtosach cóisreach. Dheamhan gna(ithe) a dhéanfaidhe dhá uireasbha.
+
baile
'Tosach buin a's téagair, a's an baile mar a chéile' = leagan i gcártaí, a's cluithche nó bun dhá thionnscailt as a' nuadh.
TUILLEADH (3) ▼
'Tosach buin é — 'tosach buin a's téagair' adeir sé, 'as an baile mar a chéile.
'Tosach buin a's téagair' aríst é, a's an baile mar a chéile'.
Chreidim go bhfuil sé 'in a thosach buin a's téagair, a's an baile mar a chéile aríst'.
 
Dheamhan a raibh ann ach beodhchan beag, i dtosach, ach neartuigh sí, go raibh sé in a ghála, a's in a gheal-stoirm as a dheire. Tá mé 'ceapadh go mb'éigean do'n bhádóir a chuaidh siar taca am dinnéir rith cladaigh a thabhairt dó fhéin. Ní dhéanfad sé choidhchin é in éadan na stoirme siúd.
 
aicis
Ní thiocfa an aicís 'un tosaigh ná 'un tairbhe d'aon-duine. = ní bhuachfa aon-duine aon-cheo ar an aicís. (Tiocfa — igcomhnuidhe i gCois-Fhairrge in áit racha, Thiocfadh = rachadh; thiocfainn = rachainn agus rl. Ní chloistear "racha" ná aon-chruth de chor ar bith, ar éigin, mara mbeadh leaganachaí, ar leith cuirim igcás 'racha mé imbannaí gurab é a ghoid é, rachainn faoi dhuit agus a leithidí. Cloistear in amhráin ann é freisin, agus thiocfadh dhó a bheith ag aos scoile de bharr na leabhar. Tiocfa nó gabhfa in áit)
+
buinne 1
Níl call tosaigh a' bith acab, ach buinnidheachaí a chuir isteach 'sna buinn, nach leigfe dhóib eirighe.
TUILLEADH (3) ▼
Níl a dhath maitheasa dhuit tairngí a chuir innte. Eireocha sí aríst. Níor mór stuádháil nó buinne a chuir isteach faoi'n tosach, le na choinneál fáiscthe síos.
Ní bheidh an tosach sin luighteach ceart ar a' mbonn, go gcuire tú buinne eatorra(b). Dá mbeadh stuadháil a' bith sean-leathair ann, dhéanfadh sé cúis.
Dheamhan díon deor 'sna bróga seo, ó cuireadh tosaigh orra(b) go h-áithrid. Is beag a' mhaith tosaigh a chuir ar a leithidí, má bhíonn na buinn scartha chor a' bith. Níor mhór buinnidheachaí a chuir ionnta(b) in aice sin."
+
amuigh
Tá sé chomh maith againn eirghe as a' tógáil, go n-íocamuid a bhfuil amuigh orainn i dtosach.
TUILLEADH (1) ▼
Dubhairt sé nach 'dtrustfadh' sé mé faoi níos mó a thabhairt dom, go n-íocainn cuid dhá raibh amuigh orm 'n tosaigh.
 
Is fánach a' chaoi 'tugadh a' leas ainm sin air i dtosach, agus nach maith a ghreamuigh sé dhó (a d'fhan sé air) ó shoin.
 
ard 2
Nuair ab íseal do'n phóilidhe, b'árd do'n tinncéar, agus choinnigh sé an tosach sin i gcomhnuidhe air.
 
Bhuail an roth tosaigh, faoi chloich ghéir, a chuir anuas mé.
 
Chuala mé P. Gh. ag rádh go raibh a athair agus sean-fhear eicínt eile ag siúl amach as Gaillimh oíche. Thosaigh a athair ar an scéal i mbéal B. na T. D'ól siad pionnta i mB.; péire ag an S.; ceann tigh Bh.; tigh Ph.; tigh J; tigh W. Uí Fh. Níor tháinig iadadh air ar an bhfad sin ach ag innseacht an scéil! "An bhfuil aon-bhaol ort fós", adeir an fear eile leis ag bóthar Ch. "Níl" adeir sé. "Gabhfaidh muid an timpeall mar sin Bóthar an T. agus síos D. Fh." adeir an ceann eile. Chuaigh. Ag Bóithrín Ch. a bhí siad ag scaradh ó chéile. "Ceadh nach bhfuil sé gar dhá bheith críochnuithe feasta", adeir an fear a bhí in éindigh leis. "Níl mé ach cur éadain air" adeir sé. "Tá triúr de na fathachaí marbh, agus bhí seachtar ann". Ba shin é an Fiannaí!
 
finne
Buí a bhí sí chun tosaigh agus tá sí ag dul 'un finne anois = tá gruaig fhionn ag teacht uirre; is beag a bhíos eatorra
 
Spréach sé nuair a chaith an ceann eile an chaint sin, agus thosaigh sé ag fiodarinnce ar fud an sráide. "Dhá mbeadh an glamaire agamsa annseo", adeireadh sé, "chuirfinnse riocht air nach ndéarfadh sé é aríst"
 
Cho luath agus adúirt seisean an focal sin san gcúirt d'fhastuigh an breitheamh an focal, agus thosaigh sé dhá chur idteannta faoi. Sin é an focal a d'fhága caite é. Ní raibh fios a labharha aige in a dheidh sin
 
frapa
Bhí an scéal fuaruithe agus an troid thart nuair a thosaigh P. ag cur frapaí faoi aríst. Níor mhinic leis an réiteach a bheith san áit a mbeadh an ceann céanna, arsa tusa
+
istigh
Pádraic: A Sheáin a mbeidh tú istigh ambáireach. Teastuigheann tosach ó mo bhróig; Seán: Má's istigh nó 'mu(igh) mé déanfa mé an méid sin
TUILLEADH (1) ▼
Cuirfe mé geall gurab é Johanny a bheidheas istigh gnoithteach, th'éis a bhfuil 'un tosaigh air fós.
 
Is fadó an lá ó a thosaigh sé ag fabhtú = ag lobhadh nó ag dul chun mífhollántais istigh ann
 
Má bhíonn tú ag cur suas fhaobhair choíchin cuir an speal ar do dheis i dtosach
 
fiú
Is beag is fiú mo phunt ach a mbeidh tosaigh bróg ceannuithe as = is punt sporha a bhéas ann
 
Tabhair cic don mhadadh bhradach sin agus ná bíodh sé ag forcamhás mar sin ort agus thú ag ithe do bhéilí. Thú fhéin a mhill é. Nó gur thosaigh tusa ag caitheamh giotaí aráin aige, bhí sé sin an-mhúinte. Luighfeadh sé san gclúid
 
fód
Ní chuirtear fata ar bith annsin siar ar an bhfód — igcraiceann ná eile. Tá a shliocht orra: bíonn fataí aca anois, ó thosaigh siad ar an socrú. Dheamhan fata ar bith a bhíodh fadó ann — cúr láin
+
Cho luath agus a thosaigh sé ag baint na bhfóideógaí, bhí a fhios agam féin cén froisín a bhí in áirid dom, agus chrap mé liom ar an toirt. Ghlaoidh sé orm cupla uair, ach níor leig mé orm fhéin gur chuala mé beag ná mór é.
TUILLEADH (1) ▼
Ní raibh mé achar ar bith ag caint leis, nuair a thosaigh sé ag baint fóide faoin "bpump". Ach d'fháisc mé fhéin ag maircíocht ar an "mbicycle" agus d'fhága mé annsin é. Síleann sé fós gurb agamsa atá sé
+
feasta
Sé díol an diabhail é mara bhfuil sé críochnaithe feasta (.i. anois nó roimhe seo). Níl aon-sop féir san tír nach mbeadh bainte agam fhéin ó a thosaigh sé air sin
TUILLEADH (1) ▼
Tá sé in am agad tuirse a bheith ort feasta, agus cho moch agus a thosaigh tú ag obair inniu
 
Tá sé (madadh) ag cur fuar-chruit air fhéin anois ó thosaigh tú dhá shlíocadh. Ní hé a shlíocadh a dhéanfainnse muis ach an bhróig a thabhairt ar an tsráid dó
 
Ní mór daoibh crú a chur in a thosach agus é a leagan amach nó beidh an corp seacha. Tá sé fuaraithe le fada