Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

uair (50+)

+
Feicfidh tú fhéin nach gcuirfidh sé aon-araoid ormsa. Tá an faitíos mór air, ón uair údan ar bhuail mé dual na druinne air
TUILLEADH (2) ▼
Sin é an uair a d'imigh an faitíos díom, agus níor imigh go dtí sin
Bhí mé faoi fhaitíos an uair sin = bhí faitíos orm
 
Níl garraí ar an bhfeáin agam nach bhfuil foirghe mar sin. Dheamhan uabhar i dtada ar chuma ar bith, ach i ngiosadáin. Níl ann ach an uair a bhíodh feamainn ghaineamh ag dul idir stucaí go mbíodh an talamh salach. M'anam gur sailighe go fada anois é tharéis nach bhfágtar gionnóid shalachair ann
+
Tá feánach diabhalta ólta aige inniu. Is bocht nach mbeadh agus é in a éadan ó uair an darna hAifreann. Bánóidh sé é fhéin leis. Níl sé ag tógáil ceann ar bith anois as = taoscán; bleánach; scallach maith
TUILLEADH (1) ▼
Bhí feánach mór "meaingiols" san gcarr ag teacht aniar aige, hébrí cá bhfuair sé iad. Tá "meaingiols" sna bólaí sin siar chreidim. Ní bhíonn siad dhá bhfuireasa aon-uair
+
M'anam nach hé fearacht cheana é, má bheirimse ort ann aríst, nach ngabhfaidh sé cho saor leat agus a chuaigh sé an uair dheireadh = leig mé uaim réidh go leór thú an uair cheana, ach ní hamhlaidh a bhéas sé aríst
TUILLEADH (2) ▼
Dhá ndéanadh sé fearacht an rud a rinne sé cheana (fearacht mar rinne sé cheana; fearacht cheana; fearacht an uair cheana), is mór a thiúrfadh a mbeannacht dó. Rinne sé an grádh-diadha an uair sin ar chaoi ar bith
Ólfaidh sé fhéin uilig é, fearacht an uair cheana. Dheamhan thiomanta deóir a fheicfeas aonduine go deó dhó (dhe) sin
 
fear
D'fhearfadh rud den tsórt sin ar dhuine in a dheidh sin. Ná bíodh duine ar bith ag caitheamh indiaidh maith a dhéanamh ar stráinséara. Níl a fhios agad cén uair a thiocfá in a líon aríst
 
Is diabhlaí an uair í le fearthainn agus le fliuchán = gála agus báisteach
+
Bhí sé fhéin ar an teile ag gabhail an bháid agus an fear fobhairne chun tosaigh ag crapadh an tseóil chinn. Sin é an uair a tháinig an chuaifeach. Scuab sí an fear fobhairne i bhfairrge. B'fhada a chaith sé as cionn uisce i sruth na stiúrach. Chaith an fear eile ceann téide chuige, ach níor eirigh leis a tapú
TUILLEADH (1) ▼
Bhí mé uair ag fanacht le fear fobhairne a chuirfeadh an churach siar a chúnamh dhom, ach diabhal duine a bhí ag teacht. "Buailfidh mé fhéin faoi", adeirimse faoi dheireadh agus faoi dhó. "Rinne mé cheana é gan fear fobhairne ar bith". Ach m'anam má rinne narbh é an lá sin é. Dhá mbeadh breith ar m'aiféala agamsa agus mé leath cuain choinneóinn stuaim ar an bhfoighid, agus ní chorróinn as an áit a raibh mé. Bhí farraige ghárha ann agus an sruth i m'aghaidh
+
focal
Ag gabhail an fhocail a bhí sé an uair sin = rud adéarfá i gcaint nó i sáraíocht, agus bheitheá ag iarraidh an ghaimh nó an bhrí áirid a bheadh leis an rud sin a bhaint as, nó a thláthú anuas, nó a athrú; a dhul siar ar scéal nó ar chaint agus athrú fánach a chur ann
TUILLEADH (2) ▼
Ag iarraidh a bheith ag gabhail an fhocail a bhí sé an uair sin. Bhrath sé nachar thaithnigh sé linne gur dhúirt sé gur thug na deirbhshiúrachaí a raibh d'éadach san teach leo, tharéis na sochraide. Chuir sé luighe eicínt eile air in athuair. Sea a mhaisce! Len a níochán, agus ní len a choinneál a thug siad leó é. Nach tráthúil! Breá nachar nigh siad é san áit a raibh sé?
Tá láimh agus focal tugha aige di go bpósa sé í faoi cheann bliana. Ach cá bhfios cá mbeidh sé sin an uair sin. Ná bac le saighdiúr!
 
Ná bac le uair bhreá cho uain agus a bhéas an fothramán céatach seo ag cladaigh!
 
Is cuma leis an mac atá san teach seo é, ach ag imeacht ag pramsáil leis. Dheamhan amharc a fheictear air aon-oíche Dhomhnaigh go mbíonn sé an h-aon a chlog ar maidin, ná an uair sin fhéin scaití
 
Féadfaidh duine a bheith fial frasach nuair a thiocfas an ócáide air, agus is corr-uair é sin. Ní hé gach aon-lá a maraíonn Páidín iasc adeir siad
 
Bíonn an t-uafás go deó fruigisí aige ar an bpaidrín. Diabhal sinnsir dhá dtáinig ariamh leis nach gcuireann sé faoi bhrí na guidhe. Choinnigh sé dhá uair ar ar nglúine muide. Mh'anam gurb shiúd é a rinne an ránn dó agus nach hí Áine den fhaoistean
 
fág i
Sílimse go bhfuil sé deich míle. Deir tusa nach bhfuil sé ach hocht míle go leith. Fágamuid in a hocht míle go leith é. Deir tusa go siúilfeadh bean trom trí mhíle san uair. Ach m'anam nar shiúil tusa aon-hocht míle go leith in imeacht dhá uair: gurbh fhada uait é
 
fága
Tá an fharraige bainte. An bhfeiceann tú a bhfuil d'fhágaí inti. Tá tuilleadh den uair mhóir air
+
fág
Níor fhága an fuacht an uair le linn an tsneachta fhéin = níor imigh an fuacht as an uair de bharr an tsneachta. (Deirtear go mbaineann sneachta an ghaimh as an aimsir)
TUILLEADH (1) ▼
Níor fhága an ghangaid a theanga aon-uair dhá dhonacht dhá mbeadh sé
 
Ní bhíonn rud óg ar bith cho fágha leis an naoineán. Breanaigh an t-uan, an laogh agus an searrach! Bíonn a gcosa déanta aca faoi cheann uair an chloig th'éis a mbreithe. Ach cáid a bhíos páiste ag tónachán agus ag lámhacán sul a dteaga siúl dó? Bíonn sé scathamh maith.
+
Dhá bhfeictheá é agus cnáimh aige agus é dhá chrinneadh. Chaithfeadh sé go raibh an fheóil an-roighin ar an gcnáimh. Bhí sé leis ar feadh uaire. Ní thiúrfá de shamhail dó ach cut ag cangailt fáideóige
TUILLEADH (1) ▼
Ní raibh mé ariamh gan an choinneal nó a hábhar ach uair amháin agus rinne mé fáideóg; ní raibh mé ariamh gan an choinneal nó a hábhar ach uair amháin ar choinnigh mé fáideóg = ní raibh mé ariamh gan an choinneal nó a hábhar nó má bhíos ní raibh Fionnán gan broibh (ainm áite) (Fc. "coinneal", "ábhar")
+
Th'anam ón riabhach é mar scéal, cáil do chíonán? … Fáinne óir ort! Ní raibh tú ariamh gan an choinneal nó a hábhar. Bhí tú tráthúil leis an gcíonán an uair sin ar chaoi ar bith
TUILLEADH (2) ▼
Chuir muid an loch i bhfáinne cupla uair = siúl timpeall uirre
Trí huaire a chuireas siad (na capaill) an cúrsa i bhfáinne san Rása mór i mBaile an Bhriota.
 
Bhí fear in a shuí thuas ar fháinneóig an "lorry" agus greim aige ar an gcruib. Dar fiadh ba chontúirteach an áit a raibh sé. Is fada go suidhinn ann. B'fhearr liom míle uair é a shiúl ná a bheith ar an strapa sin
+
Bhí sé fánach agam a bheith ann in imeacht uair an chloig. Ní bheadh ná le bád aeir
TUILLEADH (2) ▼
Teagann sé ar cuairt corr-uair, ach is fánach é = is tanaí é; is annamh é
Uair fhánach a fhaghas muid aon-leitir as Meriocá anois = i bhfad ó chéile
 
fánaí 1
Fir fánaí a rinne a raibh d'obair annsin ariamh. Mara b'ea ní hiad fhéin é. Ní leigfeadh an spreallaireacht dóibh mórán a dhéanamh. Ní raibh d'fhear fánaí ach scilling san ló an uair sin. Deich bpínne ag baint fhataí, agus chuirfí anuas ar dhá thistiún thú ó bhaileódh sé lá Fheil Mártan. Is deacair a rádh nach mba suarach an saol é
 
fán
Is mór an chéim síos dó é go gcaithfidh sé a dhul le fán. Chonnaic sé an dá shaol a mhaisce. Cuimnímse ar an uair nach mbeadh call dó sin cois a chorraí den chois eile ach neart buachaillí agus cailíní aige le chuile shórt a dhéanamh dhó. Ach tá na caisleáin ag tuitim agus na carnaoileachaí ag eirí
+
féar
Cén uair a bhéas na muca sin le díol má fhágann Dia againn iad? Faoi Shamhain seo chugainn. Céard a thóigfeas na daoine idir dhá am … Faghann na ba bás an fhad agus a bhíos an féar ag fás
TUILLEADH (1) ▼
Tá moill ar mhóin shul a mbeidh sí le díol. Faghann na ba bás an fhad agus a bhíos an féar ag fás. Mara dteighe an uair ar thriomach thairis seo dheamhan fód móna a bhéas in alt a díolta go bhfeice tú achar
 
An bhfaca tú aonduine cho mór-fhoclach léithe ó a rugadh thú? "Cailleadh sé bhudóig bhreá ar Sheán anuiridh le ceathrú ghorm". Cén uair a bhí sé bhudóig ag Seán? Fear atá ag iarraidh a chodach, nó indáil leis. Nach simplí a cheapas sí na daoine a bheith?
 
Shíl mé go srianfainn abhaile é, ar chuma eicínt, ach th'éis cupla uair do mo chaidhleadh le báisti(gh), ba mhaith liom agam tigh Bh. N. Mh. Chaith mé cupla uair ann go dtáinic aith-deal aige.
 
Ar a' dá luath a's ar fhuagair mé air, sheas sé suas in a chaidhfte, a's níor fhan smid aige. Bhí sé 'gabhail na h-uaire móire air, déarfainn, ach inDomhnach ba bheag sin aghamsa.
 
Theigheadh mná ar cúlóig an uair sin (fadó) chomh maith le fir. Bhíodh pillín acab a chuiridís fútha(b) fhéin thiar ar chairthín an chapaill. Cé'n bhrigh go dtosuigheadh an choimhlinnt. An té 'cuirfidhe anuas an uair sin, d'fhéadfá-sa a rádh go mbeadh a shraith ar lár, ar chuma ar bith.
+
calm
Tá sé in a chalm aríst th'éis na h-uaire móire.
TUILLEADH (2) ▼
Cothú na h-uaire móire, calm a' trathnóna = cothú na h-uaire móire an trathnóna a bheith go breagh.
Is olc a' rud lá cailm ar a' bhfairrge. Dhá dhonacht an uair mhór, b'fhearr liom fhéin go fada í, ná seal cailm.
+
Ní fhaca mé ariamh an camán luaithe sin 'sa teine, nach droch-uair a bheadh air. Tá dalladh dhe ann anocht muis.
TUILLEADH (4) ▼
'D'fhága an chearc cleite in a diaidh a's tá an camán luaithe sin sa teine'. Sin é adeireadh S. 'ndéana Dia grásta air i gcomhnuidhe, nuair a bhíodh droch-uair air.
Cothú na h-uaire móire an camán luaithe sin a fheiceál sa teine muis. Má thagann mórán eile mar an aimsir seo, go bhfoire Dia ar a' saoghal. Ní bheidh duine ná beithidheach ann.
Tá na riascannaí gorma sin sa teine anocht. Le neart uair' bhriste a bhío(nn)s an camán luaithe sin innte i gcomhnuidhe.
Is olc a' chosamhlacht a' camán luaithe sin muis. Tuille de'n uair mhóir. Ach grásta Dé, ní eireocha sé as a ngairbhshion chor a' bith.