Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

ubh (8)

 
damh
Cuir Gaeilge air: "an ox ate a raw egg in Heaven" ("d'ith damh ubh amh ar neamh"). (Níl ann ach cineál tomhaise a cumadh ar mhaith le na fuaimeannaí is cosúil. An té nach mbíonn sé aige comhairtear go mbíonn sé ar bheagán Gaeilge, nó nach bhfuil an "chruadh-Ghaeilge" aige)
 
dán
Níl indán mise a mharbhú, adeir an fathach, go mbuailtear ar an mball dóráin atá ar mo chích dheis mé le ubh d'uibheachaí na lachan sin
 
Má's deagh-dhíoluidhe féin é, is dó is fusa. Cuireann sé dhá fhuireann muc amach 'chuile bhliain agus níl seachtain ag eirghe ar an mbean nach mbíonn seifte Gaillimheach aice. Tá sí indon a dhul Gaillimh ar Sheascach na gCearc féin, agus gan ubh na eirín ag daoine eile le cur isteach ar a gcroidhe, ní áirighim a ndíol. Is furasta dhá leithidí sin a bheith glan ins na siopaí
 
Sin í an ubh dheireannach dhéidheannach anois 'san teach agus gan a fhios cé'n uair a bhéas ach oiread. Tá na cearca fré chéile gaibhte ó bhreith
 
Ara a dhearbhráthair mo chroidhe tú tá déidín tuithte ag a bhfuil ins an teach seo cheal "fags", agus é ag cínnt orra aon-cheann a fháil. Ní cheal a shaothruighthe é muis. Chuaidh duine aca soir cho fada le tigh Bh. N. an oíche cheana, ach dheamhan ceann adeirigh leis ach an oiread. Reicfidís istigh ins an teach thú an uair a bhíos siad dhá bhfuireasbhaidh. Ní mian leo buille maitheasa a dhéanamh. Tháinic mé isteach an lá cheana agus ubh agham a fuair mé beirthe. Hébrí cé'n chaoi ar sciorr an focal uaim féin gurb sheo é Seascach na gCearc — leath-fhocal é atá agham — "m'anam nach hé" adeir sé "nach (ach) Seascach na "bhfags" agus an tobac". Tá a fhios ag mo chroidhe go mbeadh truaighe agad dóib scaithtí an uair a bhíos siad lá nó dhó dhá bhfuireasbhaidh
 
Tá sé cho díogáilte (giogáilte) le eireoig; tá sé cho gíogáilte le ubh eireoige = déanta suas, puinteáilte, sceacháilte mar a bheadh sicín bliana nó a h-ubh. Bíonn an eireog mín sceacháilte as a cuid cleiteadhacha agus as a cuid clúmhaighe. Ní bhíonn an galra cleiteach uirre
 
"Hector" ceart í sin. Maidir le goid a dhearbhráthair mo chroidhe thú, ghoidfeadh sí an ubh ó'n gcorr agus an chorr in a diaidh. Ach thiocfá ó'n ngoid féin marach an teanga atá aice. Sciollfadh sí thú go dtí an cnáimh. Diúltaigheamuid di agus do 'chuile dhuine dhá cineál
 
droim
Dar diaguidhe, dhéanfadh an cráidhteachán sin slí amach ar dhruim an diabhail, ní hé amháin a mhalrait. Bean ar bith a bhí ag cur trí scóir uibheacha go G. chuile Shatharn dhá n-eirigheadh ar a súil an geimhreadh seo (gha)bh thart! Sin í an cailín nach ndrannann Seascach na gCearc len a cuid cearc. Ní hé sin do chuid eile againn muis. Ní raibh ubh le cur ar a mbéal againn ó lá 'eil Míchil go Lá 'eil Bríde