Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Aer
1.
an rud atá faoi gcuairt dúinn idir a' talamh agus neamh, an rud atá as ar gcionn; an spéir, an tsíon.
+
Tá'n t-aer dubh le éanachaí = breactha, druidthe.
Bhí an t-aer dubh le éanachaí a' féithiú ó dheas.
TUILLEADH (8) ▼
Bhí an t-aer druidthe le géabha fiadháine (géabha riabhacha) a' dul ó dheas: ag imtheacht ó'n sioc atá siad, is dóigh
Tá an t-aer, sáthach dorcha anocht.
Shílfeá go bhfuil a' t-aer thiar a' glanadh, agus go bhfuil an duibhthean a' téalachan ó dheas. Ach tá sé 'cothú imbun na gaoithe mar sin fhéin.
Tá'n dubhachan ó cheann thoir go dtí ceann thiar an aeir (aer = spéir)
Bhí sé chomh maith fiachaint (fiachtáil = féachaint) le réaltógaí an aeir a ghealladh dhuit, leis a' rud a gheall sé.
Bhí seacht n-óige an aeir a' seinnm 'sna crainnte = spideoga, fainleoga, riabhóga, feadóga, fuiseogaí, glasogaí, buidheogaí (féach "óige")
Ní fhaca sé an t-aer le saoghal a's aimsir = níor chorruigh sé amach as an teach. Duine 'bheadh buailte suas.
'Ní leithne an t-aer ná'n timpiste' (sean-fhocal) = bíonn a' timpiste is chuile áit. Níl fhios ag duine cá'il fód na timpiste.
+
Tá sé chomh h-árd leis an aer = rud árd a' bith, duine, cnoc nó eile.
Tá a cheann buailte ar an aer aige; tá a cheann a' bualadh an aeir; a' scríobadh leis an aer; ag dul thríd an aer.
TUILLEADH (6) ▼
Tá caipín a' chnuic sin bord ar bhord le barr an aeir.
Dhá mbeitheá in do sheasamh ar a mhullach agus eisean a bheith in a sheasamh ar shimléar tighe. Dhiabhail, leagfá do láimh ar a' ngeala(igh) = dubhradh le greann faoi dhuine árd.
Thógfadh sé an gealach de'n aer, tá láimh chomh fada sin aige.
Dhá fhada (fhaide) suas a cheann is fuide ná sin an t-aer.
Níorbh fhearr liom a teanga níos goire dhom ná'n t-aer = bean a mbeadh teanga ghéar aice.
Is cumasach an stuithneachán fir é: tá a chloigeann buailte ar an aer.
·
Ní mórán meas atá agam ar an aer dearg sin. Ní fhaca mé 'riamh é, gan a bhuidéilín a bheith leis = tagann báisteach as an aer dearg nó néalta dearga a bheith ar an spéir.
An t-aer dearg thiar, gealach a's grian; An t-aer dearg ó thuaidh, bainne ag na bua(ibh); An t-aer dearg ó dheas, mil ag gach meach (beach); An t-aer dearg thoir, sneachta go frogh (Ceathramha faidhligheachta ar an aimsir).
+
Ní raibh le feiceál agam go bun an aeir ach daoine.
Tá an ghrian ag bun an aeir anois, agus is gearr go dteighe sí faoi.
TUILLEADH (7) ▼
Caithfe sé go bhfuil sé siar go maith sa lá, mar tá'n ghrian ag bun an aeir.
Tá'n duibhthean ag bun an aeir (ag íochtar an aeir); tá sé dubhachan ag bun an aeir. Is gearr uainn a' braon.
Ní móide go ndeanfadh sé brígh báistighe. Tá sé 'gealachan aríst ag bun an aeir.
Ní thaithnigheann na cosa gréine sin imbun an aeir liom. Tá sé tolgadh báistighe déarfainn.
B'fhurasta d'aithinte ar a raibh de shaighneáin trathnóna aréir ag bun an aeir, go raibh an tuairt seo air.
Tá bogha ceatha a' cruthú imbun an aeir. Déanfa sé ráig eile
Tá sé an-dúinte imbun an aeir thiar. Níl 'trust' a' bith agam as, nach lá sa gclaidhe dhéanfadh sé = tá'n t-aer thiar ar fad plúchta, agus 'sé mo bharamhail go ndéanfa sé lá báistighe go faoithin dhe.
+
Shílfeá gur anuas as mullach an aeir a thuit mé aige, bhí an oiread sin fáilte aige rómham = nuair a chuirfeadh duine an-fháilte romhat.
Dheamhan aithne bhí air, nach anuas as mullach an aeir a thuit sí aige, leis an ngairm bhí aige fúithe.
TUILLEADH (2) ▼
Shílfeá gur anuas as mullach an aeir, a thuitea(nn)s duine aige, bíonn sé chomh faoilidh fáilteach sin
Ní fhéadfadh sé a leath-oiread cumaoin a chuir orm, dhá dtuitinn anuas as mullach an aeir chuige.
+
Thuit réaltóg anuas ó mhullach an aeir, agus driobaill soluis uirre ; 'bhfeiceann tú an réaltóig sin thoir imbuaic an aeir = sa bpuinnte is aoirde.
Bhí an ghrian imbuaic an aeir = sa bpuinnte is aoirde de'n aer.
TUILLEADH (2) ▼
Chloisfeá i mullach an aeir a' grágghail é.
Chlois(f)í an allagar a chuir sé as i mullach an aeir.
+
Chuir sé an oiread iongantais orm, a's dhá dtuiteadh an t-aer ar a' talamh.
Níorbh iongantaighe liom a' t-aer a' tuitim ar a' talamh ná'n chainnt a chaith sé
TUILLEADH (5) ▼
Pádraic: ní bheadh fhios agad nach dtuitfeadh sé. Seán: dhá dtuiteadh an t-aer ar an talamh cé'n chaoi mbeadh sé? (ní dóichide do'n aer tuitim ar a' talamh agus ní dóichide do'n rud atá i gceist agadsa tárlú ach oiread)
M'anam gurb shin é 'dhá dtuiteadh an t-aer ar an talamh'
Tá'n scéal sin fearacht le 'dhá dtuiteadh an t-aer ar a' talamh'.
Sé'n cuirigcás sin 'cuirigcás go dtuitfeadh an t-aer ar a' talamh'.
Tá'n scéal sin a fhearacht ag an té a bhíodh a' rádh 'má thuiteann a' t-aer ar a' talamh'.
+
Idir a' t-aer a's an talamh = samhluighthear gur b'sheo leath-bealaigh idir na flaithis agus an domhan seo.
Nuair a bhí Dia a' caitheamh Aingeal an Uabhair agus na h-aingle eile amach as na Flaithis, dubhairt Mícheál Árd-aingeal leis, dhá leanfadh Sé Dhá láimh, gur gearr go mbeadh na Flaithis bánuighthe Aige. 'Mar tá siad bíodh siad, mar sin' a deir Dia. Agus an chuid acab a bhí in Ifreann, d'fhanadar ann; an chuid acab a bhí ar Neamh, d'fhanadar ann, agus an chuid acab a bhí idir a' t'aer 'sa' talamh d'fhanadar ann, agus tá siad idir a' t-aer a's a' talamh ó shoin (Sliocht as scéal faoi 'n gcaoi ar caitheadh Aingeal an Uabhair as na Flaithis).
TUILLEADH (9) ▼
Deir siad nach bhfuil righeachan a' bith le na bhfuil d'ainsprideannaí idir a' t-aer 'sa talamh, agus nach bhfágfaidís duine 'bith beo, marach a' súil go leigfe Dia isteach go Flaithis iad Lá an Bhreitheamhnais.
Is mó na h-ainsprideannaí adeir siad atá idir a' t-aer a's an talamh ná in Ifreann fhéin.
Ag imtheacht idir a' t-aer a's a' talamh chonnaic sé an 'rud' sabhála Dia sin
Sin é an chaoi bhfeicfe duine iad, idir a' t-aer 's'a' talamh diúltaigheamuide dhóib!
Chonnaic sé an sonnda a' dul thairis; idir a' t-aer 'sa' talamh — a cheann ionann's buailte ar an aer aige, agus a cosa indáil le scríobadh na talmhana.
Tá Prugadóir (Purgadóir) idir a 't-aer 'sa' talamh deir siad.
Chuala muid ariamh gur idir a' t-aer 'sa' talamh a bhí Prugadóir.
Idir a' t-aer 'sa 'talamh atá na h-anamnachaí bochta a' cuir a bpiorfhiachaí dhíob (féach piorfhiachaí)
Má bhíonn piorfhiachaí le cuir (dh)íot agad, a' faghail bháis dhuit idir a' t-aer 'sa' talamh a chaithfeas tú iad a chuir (dh)íot.
+
Tá báisteach ar an aer anocht = is furas aithne ar an aer go gcaithfe sé báisteach.
Tá'n gealach ar an aer le uair a' chluig = in a suidhe
TUILLEADH (7) ▼
Tá'n ghrian go h-árd ar an aer fós (nó árd ar a' spéir).
Chomh cínnte a's tá grian ar aer, sin é atá ann
Chomh 'siúráilte' a's tá grian ar aer tiocfa sé anocht.
Bhí sé ina hóró lae, agus an ghrian ar an aer.
Ba bheag le go raibh an ghealach ar an aer, nuair a chorruigh sé amach
Bíonn an ghrian árd ar an aer agus a' lá ársuighthe go maith, shul is mian leis an leaba fhágáil.
Tá'n ghrian maoluighthe siar go maith ar an aer anois.
+
Tá an-dubhachan 'san aer thiar (thoir).
Tá'n ghrian siar (íseal, anuas) sa'n aer anois.
TUILLEADH (11) ▼
D'eirigh sé suas 'san aer = d'eirigh sé de chothrom talmhan.
Bíonn na h-éanlaith ar eiteallach san aer = sa spéir.
Chonnaic mé 'aeroplane' a' dul siar 'san aer (spéir freisin; bíonn a' dá leagan chomh coitchiannta le na chéile annseo)
Nach áidhbhéil a' lear uisce atá 'san aer, míle buidheachas le Dia! = déarfaidhe nuair a chaithfeadh sé báisteach mhór.
Ní fhéadfadh mórán eile báistighe bheith 'san aer, th'éis a dhichill = nuair a chaithfeadh sé go leor tuilteadh.
Tá mianach seaca 'san aer anocht = é fuar, mar bheadh sioc air.
Tá rosamh (smúit, ceo, etc), san aer (féach "rosamh")
Tá fuacht an gheimhridh 'san aer anocht.
Bhí an-ghoile agam ann, marab é an t-aer a rinne dhom é.
Níl gaimh a' bith 'san aer adeir siad in Árainn — ní call aon-bhó a chuir isteach ann, i gcaitheamh na bliadhna.
Tá'n slaghdán bradach sin ag imtheacht 'san aer = ní call é 'thógáil ó dhuine eile, tá síol an ghalra ar eiteallach thart 'san aer.
+
Tá speiricín a' teampuill mhóir an-fhada suas san aer (féach speiricín)
Tá'n buimbiléad siúd ar bharr a' tighe achar maith 'san aer (in aer = an-árd: (féach buimbiléad).
TUILLEADH (11) ▼
Is aoirde 'san aer é ceann a' teampaill mhóir adeir siad, ná barr loch Coirib.
Sí'n ceann is fuide suas 'san aer í.
Is mór an ínntreacht (inntleacht) atá ag daoine agus a bheith indon a dhul suas 'san aer mar sin.
Bhí sé fad t'amhairc suas 'san aer.
Tá a bharr an-árd in aer.
Tá tighthe in Ameriocá agus is áidhbhéil go deo an aoirde 'san aer atá siad.
Tá sé an-aoirde 'san aer, ach níl tiughas na téagar a' bith ann = fear árd.
Tá sé sínte san aer, ach níl reimhreacht biorán stoca ann = fear leigthe árd, caol.
Tá sé in a shlait 'san aer, ach 'sé mo mheas, go bhfuil sé lag ins na glúine = tá sé árd, ach measaim go bhfuil sé lag.
Tá sé indon cloch a chuir an-achar (an-aoirde) 'san aer.
Teigheann urchar gunna an-aoirde san aer.
+
Níl aon duine faoi bhéal an aeir, is grinne ná é = níl aon duine faoi'n ngréin ghil is grinne ná é.
Má tá sé faoi bhéal an aeir an té is uilce ná é, is iongantas é.
TUILLEADH (2) ▼
Níl a mhacsamhail de leaduidhe faoi bhéal an aeir.
Dhá gcuirteá slat ar chuile ríoghacht faoi bhéal an aeir, ní bhfuightheá aon dream a bheadh ionchurtha síos leo(b) sin.
+
Níl aon áit faoi'n aer is breaghcha ná é = faoi bhéal an aeir.
Sé'n talamh is fearr faoi'n aer é.
TUILLEADH (4) ▼
Níl a leithide de bhodach faoi'n aer.
Ní bhfuightheá anglóir faoi'n aer is measa ná é.
Tá na daoine is feilmheanaighe agus as subháilcighe faoi'n aer ann.
Má tá sé in áit a' bith faoi'n aer, tá sé ro-ghar dhúinn = droch-dhuine, no duine narbh fhearr beo é.
+
Is fhearr dhuit a dhul amach faoi'n aer, a's gan a bheith cruptha istigh annsin i gcomhnuidhe.
B'fhearr liom féin amuigh faoi'n aer, ná istigh.
TUILLEADH (6) ▼
Dhéanfadh sé maith do dhuine bheith amuigh faoi'n aer scaithtí
Is mór a' follántas, bheith faoi'n aer indiu.
Amuigh faoi'n aer, atá sé ag obair in Ameriocá = mar bheadh sé le obair thalmhan, 'déanamh bóthair etc.
Nuair a thiocfas an lá breagh in aice chongnamh Dé, féadfa tú siubhal isteach 's amach faoi'n aer.
Ba mhór a' rath ort, corr-gheábh, a thabhairt amach faoi'n aer, (fh)arrus a bheith cuibhrighthe istigh annsin igcomhnuidhe.
Is suarach an ailím do dhuine a bheith amuigh i gcomhnuidhe faoi aer na h-oidhche.
+
Níl aon cheo ó aer go talamh nach bhfuil fhios aige (ó neamh ná néal) = tá sé eolusach ar 'chuile mhíle rud.
Níl aon ghabha ó aer go talamh a sháróchadh é.
TUILLEADH (11) ▼
Níl aon scéal ó aer go talamh nach n-innseochadh sí dhuit pé'r bith, cá gcloiseann sí iad = bíonn chuile bharr-nuaidheachta agus chuile chuid aithris aice.
Sé'n sean-fhear is rianamhla ó aer go talamh é = níl seanchus ná scéal a' bith a' gabhail uaidh; tá fiannuidheacht agus scéalta i mbárr-bhachall aige.
Níl aon áit ó aer go talamh nar shiubhail sé.
Níl aon-stolcáinín fir ó aer go talamh is urchóidighe ná é sin, le cur chuige ná uaidh.
Níl aon-amhrán ná port ó aer go talamh, nach bhfuil ar bharr a ghuib aige.
Ní feasach mé ó aer go talamh, céard a bhí sé a dheanamh ann.
Níl aon-rud ó aer go talamh, nach bhfuil a láimh ann = bíonn a phléidhe le chuile obair, a's chuile chúrsa dhá mbíonn ag imtheacht.
Cá bhfios domsa ó aer go talamh, céard a thug anoir iad.
Ní bheadh fhios agad ó aer go talamh, céard a dhéan(ann)s siad lena saothruigheann siad.
Ní thuigim ó aer go talamh cé'n ciméar a bhuail é, gur phós sé an scubaide sin.
Ní bheadh fhios ag duine ó aer go talamh, cé'n deis mhaireachtál' atá air.
+
Bhí sé 'cur uisce go h-aer = duine bheadh a' cur uisce árd 'san aer de'n bhóthar nó de'n chriathrach agus é siubhal air.
Tá sé 'cur móna go h-aer = sleaghdóir ar a mhine-ghéire baint mhóna.
TUILLEADH (4) ▼
Bhí sé 'cur creafóige go h-aer = duine a' spréidheadh nó a' fódú talmhan go tréan.
Bhí sé 'cur feamuinne go h-aer = dhá líonadh, dhá píceáil etc.
Chuir sé clocha go h-aer = duine a' cur amach blaisteannaí', nó a' plé le clocha; nó capall is na caor-theinte ar bhóthar garbh etc.
Bhí an 'lorry' a' cur leath-chlocha go h-aer, le neart siubhail.
+
Níl puth as aer = lá lag
Níl flaim as aer (fuaim Bhéarla ar a' bhfocal flaim = flam) = tá calm, "lagar" nó téagla ann.
TUILLEADH (14) ▼
Ní raibh puth as aer {("lá lag" a thiubhradh bádóirí air).
Ní chorróchadh sé amach dhá mbeadh puth as aer (flaim, siolla, geoladh, dionnóid, smeáthamh).
'Dhá mbeadh sé cur shneachta, a's gan flaim as an aer; ach é tuitim in a chárnaí le grasta Mhic Dé' (as sean-amhrán — "Caitlín Triall". Flaim — an fhuaim Ghaedhilge a chuala mé thuas air, ach flam igcomhnuidhe sa gcainnt i gCois-Fhairrge)
Níl smeáth(amh) nó dionnóid as aer anocht.
Ní thiocfadh sé 'un fairrge, dhá mbeadh smeáth(amh) as aer.
Dhá mbeadh puth as aer, ní chorróchadh sé amach de leic an teallaigh
Ag Curra(igh) an Chaisleáin a tháinic an lagar (i.e. téagla) orainn, agus ní raibh flaim as aer uaidh sin aniar.
Bhí lán a' tseoil (i.e. de chóir) againn go Matal, ach níor fhan puth as aer, uaidh sin amach.
Is maith a shaothruigh na bádóirí an geábh sin, le lagar. Ní raibh smeáth(amh) as aer acab.
Is aoibhinn a' lá é. Níl dionnóid as aer.
Níor shéid aon-lá as aer, ba mheasa ná é = droch-lá báistighe, nó gála.
Níor shéid sé deoir as aer nach bhfuair mé = fuair mé an bháisteach ar fad.
Badh í an oidhche ba mheasa 'shéid as aer í le báist(igh) agus clocha sneachta
Níor shéid a leithide de bháisteach as aer ariamh; níor shéid sí as aer ariamh, báisteach ba mheasa ná í.
+
Níl deoir as aer anois; níl braon, sileadh, snig, as aer anois" = níl sé a' báisteach.
Ní chuirfe (shéidfe, chaithfe etc) sé deoir as aer anocht.
TUILLEADH (10) ▼
Tá sé triomuighthe anois. Níl sé 'cur deoir as aer
Ní chorróchadh sé amach, dhá mbeadh deoir as aer.
Má bhíonn cosamhlacht deoir as aer air, 'sí an áit istigh 'áit
Ní raibh oiread a's deoir as aer, agus ní thiocfadh sé amach na dheidh sin d'uireasbha a chóta mór.
Ritheann sé isteach, má fheiceann sé deoir as aer.
Ní túisce deoir as aer aige, ná seo isteach é.
Ar an dá luath a's a gcaithfe sé an chéad deoir as aer, d'fhágfadh sé na seacht sratha ar an iomaire, faitchíos a bhfliuch(f)aidhe é.
Níl aon deoir as aer nach leigeann sé isteach = droch-chóta, droch-theach droch-bhróig etc.
Ní chaitheann sé deoir as aer, nach bhfuil istigh.
Ní choinneochadh an tuighe sin deoir as aer amach
+
Tá éadtromán an aeir briste = déarfaidhe seo nuair a bheadh an-bháisteach ann {{(féach éadtromán).
Níor mhór píosa a chur ar éadtromán an aeir = nuair a bheadh síor-bháisteach ann.
TUILLEADH (7) ▼
Is mór atá éadtromán an aeir a' leigean thríd le scathamh; níl díon deor in éadtromán an aeir le goirid = tá'n aimsir briste ar fad le báistigh.
Tá sé imthighthe a' deasú éadtromán an aeir, mar ní raibh 'chuid móna 'triomughadh dhó = dubhradh ingreann faoi dhuine a raibh sé 'cínnt air, a chuid móna a thriomú le báistigh.
Is géar a theastóchadh deasú ó éadtromán an aeir ar an aimsir seo = aimsir bháistighe.
Thiar atá an poll in éadtromán an aeir; thiar atá éadtromán an aeir pléasctha (tugtha uaidh; fabhtach etc) = déarfaidhe seo nuair a bhainfeadh sé tamall maith báistighe amach as gaoith aniar.
Ní taobh le poll atá sé (i.e. eadtromán an aeir) ach criathruighthe uiliog = seo mar fhreagra ar dhuine adubhairt go raibh poll ar éadtrom an aeir.
Tá éadtromán an aeir ar an-chaoi = aimsir bháistighe.
Tá'n t-éadtromán seo atá ag an bhfear thuas a' leigean braonacha móra thríd le seachtmhain = seachtmhain a' báisteach imbéal a chéile.
+
Bolg an aeir = eadtromán an aeir; na néalta.
Tá bolg an aeir briste = an-bháisteach ann. (Baintear leas as "bolg an aeir" mar éadtromán an aeir" 'sna somplaí réamh-ráidhte).
TUILLEADH (2) ▼
Is cumasach a' bolg atá aige mar aer, agus é bheith indon streall a choinneál caithte anuas igcomhnuidhe.
Tá sé in am ag a bholg a bheith ídighthe (bolg an aeir) feasta = th'éis scathamh mór a thabhairt a' báisteach.
2.
a.
+
Bíonn sé ag imtheacht agus a cheann in aer aige = duine bródamhail, postamhail.
Tá sí chomh spéireamhail a' breathnú agus a ceann in aer aice.
TUILLEADH (2) ▼
Imthigheann sé agus a chloigeann thuas san aer aige, gan beannú do dhuine ar bith.
Bhfuil aithne agad air sin a d'fheicfeá a' siubhal soir a' bóthar agus a chloigeann thuas 'san aer aige.
b.
+
Chuir sé clocha in aer indiu = phléasc sé, nó bhris sé, clocha, nó chuir sé de'n bhóthar iad le teann imtheachta.
Tá sí indon claidhtheachaí a chuir in aer = bó bhradach nó beithidheach bradach a' bith nó duine, a leagfadh claidhtheachaí.
TUILLEADH (18) ▼
Beidh tighthe in aer, de bharr na stoirme seo = leagtha.
Chuir an 'bomb' an teach fré chéile in aer = leag sé é.
Cuireadh in aer 'chuile fhear ar a' bhfeadhain aca(b) leis an 'mine' = h-árduigheadh nó marbhuigheadh chuile dhuine dá raibh ann.
Chuir sé in aer é le cuaibhtheach amháin de dhorna (dorn) = leag sé é le na shean-dorna.
Ní raibh an bheirt achar a' bith inglacamus lámh, nuair a chuir Seán in aer é = leag; shín; d'fhága ar lár.
Ba ghearr an mhoill air é 'chuir in aer = é leagan; a shraith a fhágáil ar lár.
Ní bhfuair sé tolgán a' bith fhéin an béinneach mór a chuir in aer.
Cuirfe sé in aer é, as a dheire feicfe tú fhéin.
Tá sé in am an 'Government' seo a chuir in aer freisin = iad a chaith(eamh) amach; iad a chuir de dhruim seoil.
Sin é an buachaill nach mbeadh a' súmsacht leis, ach é chuir in aer d'aon-iarraidh (súmsacht; muga-maga; gan a neart fré chéile a chuir sa troid)
Ní bhfuair sé crathadh a' bith é chuir in aer (crothadh; tolgán; deacracht)
Chinn air é chuir in aer, aindeon nach cheal a fhiachan' é (a fhiachtála: fiachan = fhéachaint) = d'fhéach sé go bog a's go cruadh le na leagan ach chinn dubh a's dubh air.
Is géar a theastu(igh) sé ó'n gceann céadna a chuir in aer.
Chuir sé an coca féir in aer d'aon ghualainn amháin = thug sé gualainn do'n choca féir agus leag sé é.
Ar chuala tú go bhfuil an chéibh in aer aríst ag an stoirm aréir?
Chuir an sinneán mór a bhí ann trathnóna indé, a raibh de stocaí sa ngort in aer = leag sé iad.
Sé'n gála a chuir in aer an stáicín coirce, ach ar ndú (ndóigh) b'fhurasta cuir chuice
Tá sé in aer aríst ag an ngála
c.
+
Cuirfe an geímhreadh seo sean-daoine in aer = caillfidhear iad.
Má mhaireann an aimsir seo ibhfad, beidh sean-bheithidhigh craithte in aer = caillte.
TUILLEADH (3) ▼
Ó sháruigh sí an 'tSean-Bhó', is deacair í 'chuir in aer = ó tháinig sí slán ó fharradh "Laetheanta na Sean-Bhó", tá sé doiligh a marbhú.
Tá sé roighinighthe (sean-chapall) agus is doiligh í 'chuir in aer.
Deir siad gurb é 'gairbhshion na cuaiche' a chuir in aer í = dubhradh ingreann faoi shean-bhó a bhí ar a cailleadh le fada. Ní bhíonn mórán gangaide ingairbhshion na cuaiche agus dhá mbeadh seasamh ceatha a' bith innte thiocfadh sí uaidh.
d.
+
Caitheadh in aer ar fad é = h-eirigheadh as; rinneadh neamh-shuím de; caitheadh i gcártaí é. Leigeadh as.
Nach iongantach a caitheadh na damh(n)saí in aer ar fad, agus a raibh de thóir orra(b) tamall = nach mór a' t-iongnadh gur leigeadh asta ar fad etc.
TUILLEADH (15) ▼
Is diabhaltaidhe a chaith siad na cártaí in aer ar fad.
Bhíodh togha imirt annsin, muis, nó gur caitheadh in aer í.
Bhíodh an-tsiamsa ar na cleis ag na tórruidheachaí fadó, ach caitheadh in aer ar fad iad, le scath(amh) blianta anuas.
'nús (nós) chuile shórt eile a tháinic do'n tír ariamh, chaith siad na báiridheachaí féin in aer.
Tá'n troid caithte in aer aige = tá cúl mór tugtha aige dhi; tá sé eirighthe aiste.
Tá'n t-eirghe amach agus an aerighil caithte in aer aige ó phós sé = bhíodh an-tóir aige bheith siubhaltach agus 'imthighthe' shul (dh)á(r) phós sé, ach d'eirigh sé as sin.
Tá'n t-iascach caithte in aer ar fad aca(b) ar an saoghal seo.
Sílim nach hé an t-achar is fuide go gcaithtear an 'dole' céadna in aer ar fad = go n-eirightear as.
Tá'n mhairtfheoil caithte in aer uiliog, agus b'fhurast aithinte
Tá'n pósadh caithte in aer aríst = bhíodar le pósadh, ach tá an cleamhnas briste aríst.
Bhí fhios agam go maith go gcaithfeadh sé an scoil in aer as a dheire = go n-eireochadh sé aisti.
Bhí sé igceist go raibh sé siúd le dhul na shagart, ach 'sé mo mheas gur chaith sé in aer aríst é.
Thosuigh sé ar theach, ach beag a rinne sé dhi, nuair a chaith sé in aer é.
Fuair sé obair i nGaillimh, ach ba gearr a bhain sé aiste gur chaith sé in aer í.
Má chaith sé an saothrú sin in aer, níl aon-mhaith a bheith ag iarraidh maitheasa air.
3.
+
Bhí fuisce go h-aer ann = bhí fuisce go barr-bachall ann; bhí neart fuisce ann.
Tá airgead go h-aer aige, agus má tá fhéin is air is fhearr an aghaidh é.
TUILLEADH (5) ▼
Tá móin go h-aer againn fós.
Bhí fataí go h-aer aige idtús bliadhna, a's is deacair a chreisteamhaint go bhféadfadh sé caith(eamh) a chuir ionnta(b) ar fad.
Bhí sé ina dhamhsa go h-aer ann ar a theacht domsa.
Tá féar go h-aer aca(b) annsiúd fós, hérbí (pé'r bith — fébrí, cérbí, cébí) cé'n t-uabhar atá orra(b) nach bhfanann ann (beithidhigh)
Tá coirce go h-aer ann = fásta an-árd.
+
Mhol sé go h-aer é = níor fhága sé fuigheall molta air.
Tá siad molta go h-aer aige.
TUILLEADH (2) ▼
Mhol sé teach na bainse go h-aer.
A mhic ó mo chroidhe, 'siad atá molta go h-aer aige
+
Tá lá go h-aer fós ann = neart lae; níl baoghal air a bheith in oidhche; tá lá go Baile Átha Cliath fós ann.
Cé'n smál a bhí orraí(bh) scuireadh chomh luath seo, agus lá go h-aer fós ann.
TUILLEADH (2) ▼
D'eireochaidís as obair agus lá go h-aer ann.
Dhá mbeadh lá go h-aer ann, badh é an mhaith amháin é, mar ní dhéanfaidís buille th'éis an sé 'chlog.
4.
Lá (oidhche, etc) san aer = 'chuile lá beo, chuile lá dhá n-eirigheann air, chuile lá dhár dhealbh an ghrian.
+
Níl aon lá 'san aer, nach gcaitheann sé píosa annseo = 'chuile lá.
Níl aon-oidhche san aer, nach ndéanann siad geábh imeartha.
TUILLEADH (14) ▼
Níl aon-Aoine 'san aer, nach dteigheann sé i gcoinne an phinsean.
Sin í a cheird chuile Dhomhnach 'san aer — a' biorrú chlaidhtheachaí
Níl Domhnach 'san aer, nach gcaitheann sé cupla urchar iascaigh.
Sé'n teach ósta 'áit chuile thrathnóna san aer.
Níl aon-mhaidin 'san aer, nach dteigheann sé thart, agus is mór a' t-iongnadh nach ndeacha sé thart indiu.
Dheamhan lá 'san aer nach dteagann (dtagann) leitir chuige.
Dheamhan thiomanta seachtmhain 'san aer, nach dteagann punt pinsean isteach sa teach sin, agus nach mór a' mhaith orru(b) é.
Dheamhan Satharn 'san aer, nach dteigheann sé 'na bhaile mhóir, agus ní hí baladh na pluide a bhío(nn)s air, a' toidheacht abhaile.
Uair 'sna naoi n-áird a castaí isteach é, roimhe seo, ach dheamhan Domhnach 'san aer nach dtagann sé anois.
Níl thairis sin de ghnaoi aca(b) air, agus níl aon-oidhche san aer, nach ann istigh atá sé gróigthe ar a chairín ina dheidh sin.
Níl aon lá 'san aer ó cuireadh bannlá(mh) de chóta air, nach mbíodh sé 'steach 's 'amach annseo, agus má bhíodh fhéin, ba ghreannamhail a' chuideachta é.
Tugann a' máighistir dual na druinne dhó chuile lá 'san aer ag a' scoil, agus má thugann féin, tá sé 'cínnt air aon-bhlas múineadh a' chuir air
Níl mí 'san aer, nach dteagann (dtagann) chúig phunta dhéag isteach chuca(b) idir a' dá pháighe.
Bheadh ciall amanntaí, ach is gránda an rud a bheith ar a' gceird sin 'chuile oidhche 'san aer
5.
·
Báisteach as aer í adéarfaí le báisteach meath-throm go leor.
Tá sé báisteach as aer; tá sé cur as aer.
6.
+
Tá an t-aer folláin trom, tais, fuar, te etc) 'san áit sin.
Tá iomarca freigh-fhliuchais 'san aer ann ag fear eitinne = tá'n t-aer ro-thais ag fear eitinne.
TUILLEADH (9) ▼
Tá'n t-aer trom agus plúchtaighthe ann, thar áit eile.
Aer an-mharbhthánta atá ann = aer, trom, meath-mheirbh.
Gheobhfainn mo shlainte thar cionn ann, má's 'sé an t-aer é nó nach hé.
Deir siad go bhfuil aer 'Mheriocá an-chóireamhail ag a' tinneas sin = déanann aer Mheriocá maith a chuir ar dhuine 'bhfuil an tinneas sin air.
Bíonn an t-aer múscaidh, tais i gcomhnuidhe in Árainn, ach déar(f)aí in a dhiaidh sin, go bhfuil sé folláin.
Tá'n t-aer i gcomhnuidhe teann, tirm i bhfad ó'n bhfairrge = bíonn sé cruadh tirm.
Bíonn a' t-aer an-phlúchtaighthe 'sna bailtí móra igcomhnuidhe = trom, agus rudaí mío-fholláine thríd.
Níl aer na tíre seo, feilteach ag na h-éadaighe scagacha sin = tá'n tír seo ro-fhuar ag éadaighe éadtroma.
Tá sé amuigh a' glacadh an aeir dhó fhéin = duine a' spaisteoireacht nó in a shuidhe amuigh.
+
Níor mhór dhuit a dhul ar athrú aeir = athrú go dtí áit eile. Ceaptar go gcuideochadh sin le slainte dhuine.
Má tá mío-shláinte air, b'fhearr dhó 'dhul ar athrú aeir.
TUILLEADH (3) ▼
Mara dteightheá ach síos Gaillimh coicís nó mí, is mór a' t-athrú aeir dhuit é.
D'íosfainn a' t-ádh Mhuimhneach anois, maran athrú aeir a rinne dhom é.
Tá athrú ar an aer ann in a dheidh sin, fharrus an áit seo.
+
Cuideocha sinseáil aeir, go maith leis, ar a' tinneas sin.
Má theigheann tú ar shinseáil aeir, b'fhéidir dhuit téalachan as.
TUILLEADH (3) ▼
Sinseáil aeir a d'oibrigh mo cholainn.
Tá'n ghearradh ghionnach orm, ó tháinic mé ar mhalrait aeir = tá mo ghoile thar cionn agam, ó tháinic mé ar athrú aeir
Má imthigheann tú ar shinseáil aeir, go ceann scatha(mh) feicfe tú fhéin air, nach mbeidh tú casaoid ar do ghoile.
·
Dhéanfadh malrait (athrú) aeir maith dhuit ar an eitinn.
Na daoine 'mbíonn eitinn orra(b), teigheann siad ar fad ar mhalrait aeir.
+
Níor chuir aon-bhean a h-aghaidh le aer (corruair, go h-áithrid is na scéalta cloistear le h-aer) ariamh ba bhreághcha ná í = bean an-bhreagh.
Sí'n bhean is breaghaichte í (breaghcha) 'chuir a h-aghaidh le aer ariamh.
TUILLEADH (4) ▼
Níor chuir aon-duine a h-aghaidh le aer ariamh is gráinne ná í.
Níor facthas a macsamhail ariamh a' cur a h-aghaidh le aer.
Sí'n phlanndóg is dathamhla í thug aghaidh le aer ariamh.
Sháruigh sí le slacht aon-duine a thug aghaidh le aer i gcaith(eamh) an tsaoghail ariamh.
7.
siamsa, eirghe-amach, saoire, nó spaisteoireacht, nó fos sláinte.
+
Gheobhfa sé aer thiar annsiúd, rud nach bhfaighead sé aniar annseo = eirghe-amach, spóirt, siamsa.
Cé'n uair a fuair mise aon-aer, ná aon-eirghe amach? = cé'n uair a d'fhéad mé an baile a fhágáil, agus a dhul a' lorg siamsa ná fos-sláinte in áit eile.
TUILLEADH (1) ▼
Is mór a' t-aer dhuit, bualadh síos go Bóthar na Trágha ar feadh coicíse = is mór an t-eirghe-amach duit é.
+
'Is mise an t-óigfhear a ghlacfas fós leat, agus nach n-éileocha bonn spré; A bhéarfas aer bailtí mór (dh)uit agus arán ar tuaith; Ceol a's spóirt gach aon-oidhche Dhomhnaigh, dhá dteigheamuid ar cuairt; A's beidh fáilte mhór ag mo mhíle stór rómham a' gabhail a' Droighneán Donn (ceathramha de'n "Droighneán Donn")
Tá aer bailtí mór aige = eirigheann sé amach agus ionnsuigheann sé na bailtí móra, go bhfaghann sé siamsa ionnta (nó follántas nó athrú aeir, nó scíth nó a samhail)
TUILLEADH (4) ▼
Níl aon-tsástuigheacht aige ann, go bhfagha sé aer a' bhaile mhóir.
Sin é an fear agad, a thiubhras aer a' bhaile mhóir dhá bhean, ní (hé) fhearacht sin ag daoine eile é.
Badh cheart dhuit a dhul ar aer an bhaile mhóir (faoi aer a' bhaile mhóir) go ceann tamaill.
Is maith a rinne tú é 'thapú: is corr-uair a fhagha(nn)s duine an deis a dhul ar aer an bhaile mhóir.
+
Aer a' tsaoghail = siamsa, eirghe-amach, a' baint faic amach; imthighthe ar rothaí an tsaoghail
Is beag an imnidhe atá air, ag imtheacht le aer a' tsaoghail.
TUILLEADH (15) ▼
Tá sé igcomhnuidhe imthighthe le aer a' tsaoghail.
Ní dheanann sé comhnuidhe 'bith ach imthighthe le aer a' tsaoghail
Sin é atá fághail aer a' tsaoghail = is aige atá aer a' tsaoghail
Ní sheasfa aer a' tsaoghail igcomhnuidhe dhó
Cé bhacfadh le obair, chomh uain's fhéadfas duine imtheacht leis, le aer a' tsaoghail.
Tá na réigiúin fré chéile siubhalta aige, ag imtheacht le aer a' tsaoghail
Is dhó is fusa imtheacht le aer a' tsaoghail: sé is lugha aireochas é.
Níl aon-ghoir ag daoine bochta a bheith 'comártas le daoine móra a fhéadfas gacha le lá a chaithe(amh) imthighthe le aer a' tsaoghail.
Ní comártas a' bith dhuitse boicíní a fhéadfas airgead a chaitheamh le aer a' tsaoghail.
Chaith sé 'raibh aige le aer a' tsaoghail.
Nuair a bhí aige fanacht ó (de) aer a' tsaoghail, níor fhan sé uaidh.
Is furasta a dhíol d'aer a' tsaoghail a thabhairt do'n duine bocht anois.
Bhí dhá chroidhe aige sin, nuair a bhíodh sé ag imtheacht ar aer an tsaoghail.
Chaith sé seal fada ar aer a' tsaoghail, ach deir siad nuair a stopas a' síol go stopa an fuirseadh = nuair a bhío(nn)s an t-airgead ídighthe, caithfear cúl a thabhairt do'n eirghe amach agus do'n dreabhlás.
Bhain sé píosa maith amach ar aer a' tsaoghail, a's ní sheasann rud a' bith ach tamall.
+
A' déanamh aeir (fuaim 'w' ar 'mh' annseo) = ag imtheacht ar aer a' tsaoghail; ag aermuidheacht, a' lorg siamsa, nó fos-slainte nó ar eirghe amach.
Tá sé deanamh aeir imBóthar na Tragha ar a' saoghal seo, chuala mé
TUILLEADH (12) ▼
'Sí cuid a' bheagán a chuid maitheasa siúd, mara bhfagha sé a dhul a' déanamh aeir.
Níl Domhnach a' bith, nach mbíonn sé imthighthe a' déanamh aeir dhó fhéin.
Tá an saoghal bruigheanach fámuirí, ag dul thart a' déanamh aeir i mbliadhna.
Ní fhaca mé an oiread i gcaith(eamh) an tsaoghail, a's tá 'deanamh aeir ag an gCéibh indiu.
Tá sé in ainm's a bheith imthighthe thart soir, a' déanamh aeir ach dar liom péin, gur faoi lámha dochtúirí atá sé a' gabhail, ach go bhfuil siad fhéin dhá cheilt sin.
Tá'n iomarca cruadhóige orm, le dhul a' déanamh aeir indiu.
Lucht déanamh aeir (lucht déanta corr-uair) atá ionnta(b) sin
Tá an t-uathbhás fámuirí agus lucht deanamh aeir thart siar i mbliadhna.
Tá mé brath ar a dhul a' déanamh aeir dhomh fhéin scath(amh)
Siúd í an cailín atá ag eirghe amach a's a' deanamh aeir dhi fhéin.
Ní fheiceann muide de mhaith ina dhiaidh aon-lá sa mbliadhain. Ach é ag imtheacht ag gabhail 'Laddy OLee' (nó Eileen ó'na Ruan) a's a' deanamh aeir.
Cá'r chaith tú 'déanamh aeir imbliadhna?

Féach freisin

Aer in iontrálacha eile (50+)

 
Is fear gan faitíos (gan mórán faitiais, gan a dhath faitiais etc.) thú agus a dhul abhaile in t'aonraic an bealach sin 'chuile oíche san aer
 
Tá tigh Sh. Th. follasach inniu thar mar a bhí sé inné. Bhí smúit san aer inné
 
Tá léinteachaí na bfrugaisí caite in aer. Diabhal a bhfuil sé achar ar bith ó a rinne mise ceann aca do Sheán annseo, ach dheamhan a chos a chaifeadh í. "Leis an tír a bheith ag tabhairt sunntais dom", adeir sé. "Ní bhíonn siad sin anois ach ar shean-daoine". "T'anam cascarha ón diabhal" adeirimse leis. "Tá sí sách maith agad. Chaith fir ab fhearr ná thú iad, agus ba bheag an locht a bhí aca orra".
 
Níl rud ar bith a bhíos cho fágha leis an duine scaití. Tá beithigh eile indon snámh nó imeacht san aer, nó rud eicínt a mharú, ach dheamhan treóraíocht ar bith san duine
 
Tá sé in am a dhul abhaile. Feacha an fáinne bán ar an aer. Bheadh sé th'éis an ceathair a chlog
 
Bhí sé fánach agam a bheith ann in imeacht uair an chloig. Ní bheadh ná le bád aeir
 
féar
Níl aon-ghnatha ag duine ar bith bualadh faoi theach a dhéanamh, mara bhfuil riar eicínt airgid aige fhéin. Níl aon-ghoir aige air. Ní bheathuíonn an féar an phis. Bheadh duine go deas dhá gcaitheadh sé é a chaitheamh in aer, agus é leath-dhéanta aige. Ní mór do dhuine fios a bheith aige go bhfuil sé indon cailleadh leis, go bhfuil sin
 
calm
Ní raibh smeámh as aer, ach é 'na chalm chríochnuighthe.
 
A dhearbhráthair mo chroidhe thú, tá canndáil ar a chuid scéalta anois. Dheamhan lá 'san aer, nach dtagann duine eicínt de lucht na Gaedhilge sin thiar chuige a' piocadh as. Tá sé 'na ridire aca(b) le tobac a's airgead.
 
carn
Níor léar dhuit do láimh arae bhí an t-aer plúchtaí uileag a's é 'cárnadh sneachta.
 
'Mbeadh fhios aghad faoi neamh nó néal, cé'n chóir a bhfuil siad indon na 'h-aeroplanes' sin a chinnireacht chor a' bith san aer. Shílfeá go mbadh deacair dóib é lá gála go h-áithrid, ach deir siad dheamhan cailm a bhío(nn)s orra(b) ach an oiread le lá ar bith.
 
ciste
Fhobair ciste a bheith faighte ag mo shean-athair 'sa gcnocán sin thiar. Neach a tháinic go dtí é a's adubhairt leis a dhul ann, ach ní dhearna sé a chomhairle, arae is fear de mhuinntir Dh. a thug sé leis i leaba C. Bhí leac a' phota nochtuighthe aca(b), nuair a tháinic an marcach — marcach a bhí chomh h-árd leis an aer — go dtí iad, a's d'fhuagair sé orra(b) staonadh. Sin é 'raibh na thimcheall. D'fhan a' ciste mar sin ariamh ó shoin, a's chreidim go bhfanfa, ar ar son se'aghainne.
 
Deir na sean-anndúirí gurb iad an dá rud is siúráilte amuigh Comhar na gComharsan a's Cothromacan Síne na h-Uaire. Well, níl locht a' bith ar Chothromacan Síne na h-Uaire, ach 'sé mo mheas go bhfuil Comhar na gComharsan caithte in aer. D'fheicinnse le mo linn fhéin iad, a's dheamhan ceann oibre dhá mbeitheá a dhéanamh — crapadh an fhoghmhair, a' baint mhóna, ná 'bualadh coirce — nach mbeadh daoine sa mbealach ar a chéile a chongnamh dhuit. Ach dheamhan méitheal a d'fheicfeá in aon-áit anois. Caitheadh an obair sin igcártaí. 'Sé do chloch-neart é, scurach a fhaghail a leigfeadh súgán dhuit, tada leis.
 
Níl ar ar gcuid cearc ach éanachaí coideáin 'chuile lá 'san aer. Tá na trí theach eile imbéal a' doruis againn, a's tá na cearca a' déanamh imirce 'chuile ré soluis. Sé'n chaoi mbíonn sé amanntaí, cinneann orainn iad 'aithneachtáil thar a chéile. Ach arsa tusa, 'ní ghabhann caraid cuid a chéile'.
 
Beidh tú coimhneasach annsin, a's féadfa tú aer a' bhaile mhóir a thabhairt duit fhéin 'chuile lá, a dtogrócha tú, ní hé sin do'n áit seo.
+
baile
Gheobha tú aer bailte mór uaidh.
TUILLEADH (1) ▼
Is breagh an rud do dhuine a dhul ar aer a' bhaile mhóir, corr-uair.
 
bannaí 1
Mise imbannaidhe gur imthigh sí léithe, gan cuid muc ná bó a réidhteach! Nach uirre atá an bheith go gcaithfe sí greadadh léithe 'chuile Dhomhnach 'san aer, a's 'chuile shórt a fhágáil fúmsa le réidhteach!
 
Ní raibh mé ach leath-bealaigh abhaile, nuair a tháinic sé in a dhórtadh as aer orm, a's báitheadh 'chuile shnáth dhá raibh orm.
+
beann
Tá 'chaon bhinn sléibhe dhá bhfaca muid ann chomh h-árd leis an aer.
TUILLEADH (1) ▼
Tá binn de chnoc ann, a's tá barr a' scríobadh leis an aer.
 
Sílim nach craobh mhúr é seo, ach go mbeidh an chuid eile de'n lá briste. Tá an-duibhthean thiar, a's an t-aer dúinte ar fad. Maran ráig toirnighe í.
 
crinn
Bhí an dá phúcán tosuigh a' crinneadh a chéile, chomh uain's mhair flaim a' bith as aer, ach nuair a chuaidh sé ar lagar críochnuighthe, bhuail púcán Ch. S. púcán na n-oileán sa tornáil. Mar sin fhéin, ní fhaca mé aon-gheallta ó tháinic cuimne dhom, a chinnfeadh orra(b).
 
Tá bean agamsa, a's níor mhór dhom cromnasc a chur uirre. Ní mór léithe a dhul a' déanamh aeir gach Domhnach sa mbliadhain, a's cúram a' tighe a fhágáil ormsa.
 
Má thagann cuaibhtheach as calm, níl léigheamh a' bith uirre. Báthadh bád i gConamara, tá bliadhanta beaga ó shoin, a's bhí an lá ar áilleacht. Dream a bhí amuigh a' déanamh aeir, a's bhuail cuaibhtheach iad gan aireachtáil, a's d'ionntuigh sí an bád druim ar ais. Nar ba luaghaidire an trócaire ar Dhia, dheamhan ar fágadh sa gcomhaireamh ceann aca(b), ach duine.
 
Dhá mbiorr(uighth)eá an claidhe céadna chuile lá a d'eireochadh ort, sé'n cás céadna é. Bheadh sé curtha in aer aríst ag daoine atá 'gabhail thart a' bóthar.
 
bior
Dheamhan túirne ná sreang, ná oiread a's bior próiste a gheobhfá in aon-teach annseo, anois, dhá gcuirtheá slat ar a' tír. Tá'n obair sin caithte in aer. Isteach go Gaillimh a chuirea(nn)s 'chuile dhuine a chuid abhrais anois, le sníomh. InDomhnach, tá mná óga ar mo bhaile, a's dheamhan a gcos a d'aithneochadh bior próiste, ní áirmhighim a mhaltraid.
 
Bhí sé 'cur bhlioscán in aer amach thar claidhe.
 
Bhí brachlainn ar Bharr na Cora, a bhí 'g (dh)ul míle 'san aer, a's chuaidh bád na Trágha Báine siar 'na dheidh (dhiaidh) sin.
 
Níl aon-bhaile brogús faoi bhéal an aeir, is mó ná'n baile sin. Brogús 'chuile dhuine dhá bhfuil istigh ar 'fhuaid.
 
Chuir sé boimbiléad de bharr ar a' gcruaich choirce a ólfas 'chuile dheoir faoi'n aer = sluigfe an barr a chuir sé ar a gcruaich choirce 'chuile dheor bháistighe dhá gcuirfe sé, níl a' ceann bioruighthe chor a' bith aige i riocht's go silfeadh sí nó go dtligfeadh sí an bháisteach di.
 
Tá na bruithneogaí caithte in aer ar fad anois.
 
Fadó ní theigheadh duine a' bith amach aimsir sheaca gan buadán ar a chosa, ach ní fheicfeá ar aon-duine anois iad. Tá'n faisean sin caithte in aer, mara 'bhfuil muinntear a' tsléibhe fhéin ann. Tá siad sin a' coinneál na mbuadáin a's na seiríní igcomhnuidhe.
 
Dubhairt siad liom, ar a theacht abhaile dhom, go raibh sé ina dhórtadh annseo ó mhaidin, a's dheamhan deoir as aer a buaileadh ormsa.
+
buail
Buail amach faoi'n aer.
TUILLEADH (1) ▼
Bhuail teasbach (teasúch — Achréidh) an bhó, a's as go brách léithe, a's a drioball in aer aice.
 
Is beag a' bualadh a bhío(nn)s ar a' mbóthar sin chor a' bith, cé's moite de mhuinntir na Gaillimhe, a's iad a' déanamh aeir dóib fhéin 'sa samhradh.
 
Chaith sé an dreabhlás in aer. Níl aon-fhear sa bpobal, is bunúsaighe ná é, anois.
 
airde 1
Is mairg dhuit nach gcaitheann in aer do chuid eirghe in áirde, agus a dhul amach in éadan do ghnaithe.
 
aire
Tá sé chomh h-aireach sin ar fhéin; agus nach mian leis scaradh leis a' teínnteán, má tá deoir as aer.
+
aire
Is olc a' ceart é, gur mise a chaithfeas aire a thabhairt do'n teach i gcomhnuidhe a's chuile dhuine eile ag imtheacht le aer a' tsaoghail.
TUILLEADH (1) ▼
Is fearr leis a bheith ag imtheacht le aer a' tsaoghail ná aire a thabhairt dhá theach, ná dhá ghnaithe.
 
airigh
Aireocha na daoine an mhairtfheoil seo a bheith caithte in aer, mar b'iomdha gríscín a d'fhaghadh muid ó thosuigh sí.
+
amach
Teigheann muinntear a' bhaile mhóir amach faoi'n tír, 'chuile Dhomhnach ag deanamh aeir.
TUILLEADH (6) ▼
Ba cheart dhuit a dhul amach faoi'n aer, corr-uair.
Chomh luath agus 'chuaidh mé amach faoi'n aer, tháinic fonn múisc' orm.
Chonnaic mise an tráth a dteigheadh daoine thar pobal, ní áirmhighim thar baile amach (ch)uig tórruidheachaí a' déanamh cleis, ach caitheadh an cheird sin in aer.
Ní lughar liom a' catmara, ná gaolta i bhfad amach a bheith brughadh orm 'chuile lá 'san aer.
Tá'n mhairt-fheoil le caith(eamh) in aer ó'n Nodlaic amach = tar éis na Nodlag.
Caitheadh imirt in aer amach 's amach.