aer
1.
an rud atá faoi gcuairt dúinn idir an talamh agus neamh; an rud atá os ar gcionn; an spéir, an tsíon.
+–
Tá an t-aer dubh le éanachaí — breactha, druidte
Bhí an t-aer dubh le éanachaí ag féithiú ó dheas.
TUILLEADH (8) ▼
Bhí an t-aer druidte le géabha fiáine (géabha riabhacha) ag dul ó dheas: ag imeacht ón sioc atá siad, is dóigh
Tá an t-aer sách dorcha anocht.
Shílfeá go bhfuil an t-aer thiar ag glanadh agus go bhfuil an duifean ag téalachan ó dheas. Ach tá sé ag cothú i mbun na gaoithe mar sin fhéin.
Tá an dúchan ó cheann thoir go dtí ceann thiar an aeir (aer = spéir)
Bhí sé chomh maith fiachaint (fiachtáil = féachaint) le réaltógaí an aeir a ghealladh dhuit leis an rud a gheall sé.
Bhí seacht n-óige an aeir ag seinm sna crainnte — spideoga, fainleoga, riabhóga, feadóga, fuiseogaí, glasogaí, buíógaí (fc. óige)
Ní fhaca sé an t-aer le saol is aimsir — níor chorraigh sé amach as an teach. Duine a bheadh buailte suas.
Ní leithne an t-aer ná an timpiste (seanfhocal) bíonn an timpiste i chuile áit. Níl a fhios ag duine cá'il fód na timpiste
+–
Tá sé chomh hard leis an aer — rud ard ar bith: duine, cnoc, nó eile.
Tá a cheann buailte ar an aer aige; tá a cheann ag bualadh an aeir; ag scríobadh leis an aer; ag dul thríd an aer.
TUILLEADH (6) ▼
Tá caipín an chnoic sin bord ar bhord le barr an aeir.
Dhá mbeifeá in do sheasamh ar a mhullach agus eisean a bheith ina sheasamh ar shimléar tí. Dhiabhail, leagfá do láimh ar an ngealaigh — dúradh le greann faoi dhuine ard.
Thógfadh sé an gealach den aer, tá láimh chomh fada sin aige.
Dhá fhada (fhaide) suas a cheann is faide ná sin an t-aer.
Níorbh fhearr liom a teanga níos gaire dhom ná an t-aer — bean a mbeadh teanga ghéar aici
Is cumasach an stoithneachán fir é: tá a chloigeann buailte ar an aer.
·
Ní mórán measa atá agam ar an aer dearg sin. Ní fhaca mé ariamh é gan a bhuidéilín a bheith leis — tagann báisteach as an aer dearg nó néalta dearga a bheith ar an spéir.
"An t-aer dearg thiar, gealach agus grian; An t-aer dearg ó thuaidh, bainne ag na buaibh; An t-aer dearg ó dheas, mil ag gach meach (beach); An t-aer dearg thoir, sneachta go fraigh" (ceathrú faidhlíochta ar an aimsir)
+–
Ní raibh le feiceáil agam go bun an aeir ach daoine.
Tá an ghrian ag bun an aeir anois agus is gearr go dté sí faoi.
TUILLEADH (7) ▼
Caithfidh sé go bhfuil sé siar go maith sa lá mar tá an ghrian ag bun an aeir.
Tá an duifean ag bun an aeir (ag íochtar an aeir); tá sé ag dúchan ag bun an aeir. Is gearr uainn an braon.
Ní móide go ndéanfadh sé brí báistí. Tá sé ag gealachan aríst ag bun an aeir.
Ní thaitníonn na cosa gréine sin i mbun an aeir liom. Tá sé tolgadh báistí déarfainn.
B'fhurasta d'aithinte ar a raibh de shaighneáin tráthnóna aréir ag bun an aeir go raibh an tuairt seo air.
Tá bogha ceatha ag cruthú i mbun an aeir. Déanfaidh sé ráig eile
Tá sé an-dúnta i mbun an aeir thiar. Níl trust ar bith agam as nach lá sa gclaí a dhéanfadh sé — tá an t-aer thiar ar fad plúchta agus 'sé mo bharúil go ndéanfaidh sé lá báistí go faoithin dhe
+–
Shílfeá gur anuas as mullach an aeir a thit mé aige, bhí an oiread sin fáilte aige romham — nuair a chuirfeadh duine an-fháilte romhat.
Dheamhan aithne a bhí air nach anuas as mullach an aeir a thit sí aige leis an ngairm bhí aige fúithi.
TUILLEADH (2) ▼
Shílfeá gur anuas as mullach an aeir a thiteanns duine aige, bíonn sé chomh faoilidh fáilteach sin.
Ní fhéadfadh sé a leathoiread comaoin a chur orm, dhá dtitinn anuas as mullach an aeir chuige.
+–
Thit réaltóg anuas ó mhullach an aeir agus driobaill solais uirthi ; an bhfeiceann tú an réaltóig sin thoir i mbuaic an aeir — sa bpointe is airde.
Bhí an ghrian i mbuaic an aeir — sa bpointe is airde den aer.
TUILLEADH (2) ▼
Chloisfeá i mullach an aeir ag grágaíl é.
Chloisfí an allagar a chuir sé as i mullach an aeir.
+–
Chuir sé an oiread iontais orm agus dhá dtiteadh an t-aer ar an talamh.
Níorbh iontaí liom an t-aer ag titim ar an talamh ná an chaint a chaith sé
TUILLEADH (5) ▼
Pádraic: ní bheadh a fhios agat nach dtitfeadh sé. Seán: dhá dtiteadh an t-aer ar an talamh cén chaoi mbeadh sé? (ní dóichíde don aer titim ar an talamh agus ní dóichíde don rud atá i gceist agatsa tarlú ach oiread)
M'anam gurb in é dhá dtiteadh an t-aer ar an talamh
Tá an scéal sin fearacht le dhá dtiteadh an t-aer ar an talamh.
'Sé an cuir i gcás sin cuir i gcás go dtitfeadh an t-aer ar an talamh.
Tá an scéal sin a fhearacht ag an té a bhíodh ag rá má thiteann an t-aer ar an talamh.
+–
Idir an t-aer agus an talamh — samhlaítear gurb eo leath bealaigh idir na flaithis agus an domhan seo.
Nuair a bhí Dia ag caitheamh Aingeal an Uabhair agus na haingle eile amach as na flaithis, dúirt Mícheál Ardaingeal leis dhá leanfadh sé dhá láimh gur gearr go mbeadh na flaithis bánaithe aige. 'Mar atá siad bíodh siad, mar sin,' adeir Dia. Agus an chuid acub a bhí in ifreann, d'fhanadar ann; an chuid acub a bhí ar neamh, d'fhanadar ann, agus an chuid acub a bhí idir an t-aer is an talamh d'fhanadar ann, agus tá siad idir an t-aer agus an talamh ó shin (sliocht as scéal faoin gcaoi ar caitheadh Aingeal an Uabhair as na flaithis)
TUILLEADH (9) ▼
Deir siad nach bhfuil ríochan ar bith lena bhfuil d'ainsprideannaí idir an t-aer is an talamh agus nach bhfágfaidís duine ar bith beo murach ag súil go ligfidh Dia isteach go flaithis iad Lá an Bhreithiúnais.
Is mó na hainsprideannaí, adeir siad, atá idir an t-aer agus an talamh ná in ifreann fhéin.
Ag imeacht idir an t-aer agus an talamh a chonaic sé an rud, sábhála Dia sin
Sin é an chaoi a bhfeicfidh duine iad, idir an t-aer is an talamh, diúltaí muide dhóibh!
Chonaic sé an sonda ag dul thairis; idir an t-aer is an talamh — a cheann ionann is buailte ar an aer aige agus a cosa i ndáil le ag scríobadh na talúna.
Tá prugadóir (purgadóir) idir an t-aer is an talamh deir siad.
Chuala muid ariamh gur idir an t-aer is an talamh a bhí purgadóir.
Idir an t-aer is an talamh atá na hanamnachaí bochta ag cur a bpeiriachaí dhíobh (fc. peiriachaí)
Má bhíonn peiriachaí le cur dhíot agat ag fáil bháis dhuit, idir an t-aer is an talamh a chaithfeas tú iad a chur dhíot.
+–
Tá báisteach ar an aer anocht — is furasta a aithne ar an aer go gcaithfidh sé báisteach.
Tá an ghealach ar an aer le uair an chloig — ina suí
TUILLEADH (7) ▼
Tá an ghrian go hard ar an aer fós (nó ard ar an spéir)
Chomh cinnte agus atá grian ar aer, sin é atá ann
Chomh siúráilte agus atá grian ar aer, tiocfaidh sé anocht.
Bhí sé ina hóró lae agus an ghrian ar an aer.
Ba bheag le go raibh an ghealach ar an aer nuair a chorraigh sé amach
Bíonn an ghrian ard ar an aer agus an lá ársaithe go maith shul is mian leis an leaba a fhágáil.
Tá an ghrian maolaithe siar go maith ar an aer anois.
+–
Tá an-dúchan san aer thiar (thoir)
Tá an ghrian siar (íseal, anuas) san aer anois.
TUILLEADH (11) ▼
D'éirigh sé suas san aer — d'éirigh sé de chothrom talún.
Bíonn na héanlaith ar eiteallach san aer — sa spéir.
Chonaic mé aeroplane ag dul siar san aer (spéir freisin; bíonn an dá leagan chomh coitianta lena chéile anseo)
Nach áibhéil an lear uisce atá san aer, míle buíochas le Dia! — déarfaí nuair a chaithfeadh sé báisteach mhór.
Ní fhéadfadh mórán eile báistí bheith san aer théis a dhíchill — nuair a chaithfeadh sé go leor tuilte
Tá mianach seaca san aer anocht — é fuar, mar a bheadh sioc air.
Tá rosamh (smúit, ceo, srl.) san aer (fc. rosamh)
Tá fuacht an gheimhridh san aer anocht.
Bhí an-ghoile agam ann, murab é an t-aer a rinne dhom é.
Níl goimh ar bith san aer adeir siad in Árainn — ní call aon bhó a chur isteach ann i gcaitheamh na bliana.
Tá an slaghdán bradach sin ag imeacht san aer — ní call é a thógáil ó dhuine eile, tá síol an ghalra ar eiteallach thart san aer
+–
Tá speiricín an teampaill mhóir an-fhada suas san aer (fc. speiricín)
Tá an buimbiléad siúd ar bharr an tí achar maith san aer (in aer = an-ard, fc. buimbiléad)
TUILLEADH (11) ▼
Is airde san aer é ceann an teampaill mhóir adeir siad, ná barr loch Coirib.
'Sí an ceann is faide suas san aer í.
Is mór an intreacht (intleacht) atá ag daoine agus a bheith in ann a dhul suas san aer mar sin.
Bhí sé fad t'amhairc suas san aer.
Tá a bharr an-ard in aer.
Tá tithe i Meiriceá agus is áibhéil go deo an airde san aer atá siad.
Tá sé an-airde san aer, ach níl tiús na téagar ar bith ann — fear ard
Tá sé sínte san aer ach níl reimhreacht biorán stoca ann — fear ligthe ard caol
Tá sé ina shlait san aer ach 'sé mo mheas go bhfuil sé lag sna glúine — tá sé ard, ach measaim go bhfuil sé lag
Tá sé in ann cloch a chur an-achar (an-airde) san aer.
Téann urchar gunna an-airde san aer.
+–
Níl aon duine faoi bhéal an aeir is grinne ná é — níl aon duine faoin ngréin ghil is grinne ná é.
Má tá sé faoi bhéal an aeir an té is oilce ná é, is iontas é.
TUILLEADH (2) ▼
Níl a mhacasamhail de leadaí faoi bhéal an aeir.
Dhá gcuirteá slat ar chuile ríocht faoi bhéal an aeir, ní bhfaightheá aon dream a bheadh inchurtha síos leob sin.
+–
Níl aon áit faoin aer is breácha ná é — faoi bhéal an aeir.
'Sé an talamh is fearr faoin aer é.
TUILLEADH (4) ▼
Níl a leithide de bhodach faoin aer.
Ní bhfaightheá anglóir faoin aer is measa ná é.
Tá na daoine is feiliúnaí agus is suáilcí faoin aer ann.
Má tá sé in áit ar bith faoin aer, tá sé róghar dhúinn — drochdhuine, nó duine nárbh fhearr beo é
+–
Is fhearr dhuit a dhul amach faoin aer agus gan a bheith craptha istigh ansin i gcónaí.
B'fhearr liom féin amuigh faoin aer ná istigh.
TUILLEADH (6) ▼
Dhéanfadh sé maith do dhuine bheith amuigh faoin aer scaití
Is mór an follántas bheith faoin aer inniu.
Amuigh faoin aer atá sé ag obair i Meiriceá — mar a bheadh sé le obair thalún, ag déanamh bóthair srl.
Nuair a thiocfas an lá breá in aice chúnamh Dé, féadfaidh tú siúl isteach is amach faoin aer.
Ba mhór an rath ort corrgheábh a thabhairt amach faoin aer, tharas a bheith cuibhrithe istigh ansin i gcónaí.
Is suarach an ailím do dhuine a bheith amuigh i gcónaí faoi aer na hoíche.
+–
Níl aon cheo ó aer go talamh nach bhfuil a fhios aige (ó neamh ná néal) — tá sé eolasach ar chuile mhíle rud.
Níl aon ghabha ó aer go talamh a sháródh é.
TUILLEADH (11) ▼
Níl aon scéal ó aer go talamh nach n-inseodh sí dhuit, pé ar bith cá gcloiseann sí iad — bíonn chuile bharr nuaíochta agus chuile chuid aithris aici.
'Sé an seanfhear is rianúla ó aer go talamh é — níl seanchas ná scéal ar bith ag gabháil uaidh; tá fiannaíocht agus scéalta i mbarr bhachall aige.
Níl aon áit ó aer go talamh nár shiúil sé.
Níl aon stalcáinín fir ó aer go talamh is urchóidí ná é sin le cur chuige ná uaidh.
Níl aon amhrán ná port ó aer go talamh nach bhfuil ar bharr a ghoib aige.
Ní feasach mé ó aer go talamh céard a bhí sé a dhéanamh ann.
Níl aon rud ó aer go talamh nach bhfuil a láimh ann — bíonn a phlé le chuile obair agus chuile chúrsa dhá mbíonn ag imeacht
Cá bhfios domsa ó aer go talamh céard a thug anoir iad.
Ní bheadh a fhios agat ó aer go talamh céard a dhéananns siad lena saothraíonn siad.
Ní thuigim ó aer go talamh cén ciméar a bhuail é gur phós sé an scubaide sin.
Ní bheadh a fhios ag duine ó aer go talamh cén deis mhaireachtála atá air.
+–
Bhí sé ag cur uisce go haer — duine a bheadh ag cur uisce ard san aer den bhóthar nó den chriathrach agus é ag siúl air
Tá sé ag cur móna go haer — sleádóir ar a mhine ghéire ag baint mhóna.
TUILLEADH (4) ▼
Bhí sé ag cur créafóige go haer — duine ag spré nó ag fódú talún go tréan
Bhí sé ag cur feamainne go haer — dhá líonadh, dhá píceáil srl.
Chuir sé clocha go haer — duine ag cur amach bleaisteannaí nó ag plé le clocha; nó capall sna caor thinte ar bhóthar garbh srl.
Bhí an lorry ag cur leathchlocha go haer le neart siúil.
+–
Níl puth as aer — lá lag
Níl fleaim as aer (fuaim Bhéarla ar an bhfocal fleaim — flam) — tá calm, lagar, nó téagla ann
TUILLEADH (14) ▼
Ní raibh puth as aer ("lá lag" a thabharfadh bádóirí air)
Ní chorródh sé amach dhá mbeadh puth as aer (fleaim, siolla, geoladh, deannóid, smeámh)
"Dhá mbeadh sé ag cur shneachta, agus gan fleaim as an aer; ach é ag titim ina charnaí le grasta Mhic Dé" (as seanamhrán — Caitlín Triall. Fleaim — an fhuaim Ghaeilge a chuala mé thuas air, ach flam i gcónaí sa gcaint i gCois Fharraige)
Níl smeámh nó deannóid as aer anocht.
Ní thiocfadh sé chun farraige dhá mbeadh smeámh as aer.
Dhá mbeadh puth as aer, ní chorródh sé amach de leic an teallaigh
Ag Cora an Chaisleáin a tháinig an lagar (.i. téagla) orainn, agus ní raibh fleaim as aer uaidh sin aniar.
Bhí lán an tseoil (.i. de chóir) againn go Matal ach níor fhan puth as aer uaidh sin amach.
Is maith a shaothraigh na bádóirí an geábh sin le lagar. Ní raibh smeámh as aer acub.
Is aoibhinn an lá é. Níl deannóid as aer.
Níor shéid aon lá as aer ba mheasa ná é — drochlá báistí nó gála
Níor shéid sé deoir as aer nach bhfuair mé — fuair mé an bháisteach ar fad
Ba í an oíche ba mheasa a shéid as aer í le báistigh agus clocha sneachta
Níor shéid a leithide de bháisteach as aer ariamh; níor shéid sí as aer ariamh báisteach ba mheasa ná í.
+–
Níl deoir as aer anois; níl braon, sileadh, snig, as aer anois — níl sé ag báisteach.
Ní chuirfidh (shéidfidh, chaithfidh srl.) sé deoir as aer anocht.
TUILLEADH (10) ▼
Tá sé triomaithe anois. Níl sé ag cur deoir as aer
Ní chorródh sé amach dhá mbeadh deoir as aer.
Má bhíonn cosúlacht deoir as aer air, 'sí an áit istigh a áit
Ní raibh oiread agus deoir as aer agus ní thiocfadh sé amach na dhiaidh sin d'uireasa a chóta mór.
Ritheann sé isteach má fheiceann sé deoir as aer.
Ní túisce deoir as aer aige ná seo isteach é
Ar an dá luath agus a gcaithfidh sé an chéad deoir as aer, d'fhágfadh sé na seacht sratha ar an iomaire faitíos a bhfliuchfaí é
Níl aon deoir as aer nach ligeann sé isteach — droch-chóta, drochtheach, drochbhróig srl
Ní chaitheann sé deoir as aer nach bhfuil istigh
Ní choinneodh an tuí sin deoir as aer amach
+–
Tá éadromán an aeir briste — déarfaí seo nuair a bheadh an-bháisteach ann (fc. éadromán)
Níor mhór píosa a chur ar éadromán an aeir — nuair a bheadh síorbháisteach ann
TUILLEADH (7) ▼
Is mór atá éadromán an aeir ag ligean thríd le scaitheamh; níl díon deor in éadromán an aeir le gairid — tá an aimsir briste ar fad le báistigh
Tá sé imithe ag deasú éadromán an aeir mar ní raibh a chuid móna ag triomú dhó — dúradh i ngreann faoi dhuine a raibh sé ag cinnt air a chuid móna a thriomú le báistigh
Is géar a theastódh deasú ó éadromán an aeir ar an aimsir seo — aimsir bháistí
Thiar atá an poll in éadromán an aeir; thiar atá éadromán an aeir pléasctha (tugtha uaidh; fabhtach srl.) — déarfaí seo nuair a bhainfeadh sé tamall maith báistí amach as gaoith aniar
Ní taobh le poll atá sé (.i. éadromán an aeir) ach criathraithe uileag — seo mar fhreagra ar dhuine adúirt go raibh poll ar éadrom an aeir
Tá éadromán an aeir ar anchaoi — aimsir bháistí
Tá an t-éadromán seo atá ag an bhfear thuas ag ligean braonacha móra thríd le seachtain — seachtain ag báisteach i mbéal a chéile
+–
Bolg an aeir — éadromán an aeir; na néalta.
Tá bolg an aeir briste — an-bháisteach ann. Baintear leas as "bolg an aeir" mar éadromán an aeir sna samplaí réamhráite
TUILLEADH (2) ▼
Is cumasach an bolg atá aige mar aer agus é bheith in ann streall a choinneáil caite anuas i gcónaí.
Tá sé in am ag a bholg a bheith ídithe (bolg an aeir) feasta — théis scaitheamh mór a thabhairt ag báisteach
2.
a.
+–
Bíonn sé ag imeacht agus a cheann in aer aige — duine bródúil, postúil
Tá sí chomh spéiriúil ag breathnú agus a ceann in aer aici.
TUILLEADH (2) ▼
Imíonn sé agus a chloigeann thuas san aer aige gan beannú do dhuine ar bith.
An bhfuil aithne agat air sin a d'fheicfeá ag siúl soir an bóthar agus a chloigeann thuas san aer aige.
b.
+–
Chuir sé clocha in aer inniu — phléasc sé nó bhris sé clocha, nó chuir sé den bhóthar iad le teann imeachta
Tá sí in ann claíochaí a chur in aer — bó bhradach nó beithíoch bradach ar bith, nó duine a leagfadh claíochaí
TUILLEADH (18) ▼
Beidh tithe in aer de bharr na stoirme seo — leagtha
Chuir an bomb an teach fré chéile in aer — leag sé é
Cuireadh in aer chuile fhear ar an bhfeadhain acub leis an mine — hardaíodh nó maraíodh chuile dhuine dá raibh ann
Chuir sé in aer é le cuaifeach amháin de dhorna (dorn) — leag sé é lena sheandorna
Ní raibh an bheirt achar ar bith i nglacamas lámh nuair a chuir Seán in aer é — leag; shín; d'fhága ar lár
Ba ghearr an mhoill air é a chur in aer — é a leagan; a shraith a fhágáil ar lár
Ní bhfuair sé tolgán ar bith fhéin an béinneach mór a chur in aer
Cuirfidh sé in aer é as a dheireadh feicfidh tú fhéin.
Tá sé in am an Government seo a chur in aer freisin — iad a chaitheamh amach; iad a chur de dhroim seoil
Sin é an buachaill nach mbeadh ag súmsacht leis, ach é a chur in aer d'aon iarraidh (súmsacht; muga magadh; gan a neart fré chéile a chur sa troid)
Ní bhfuair sé croitheadh ar bith é a chur in aer (croitheadh; tolgán; deacracht)
Chinn air é chuir in aer ainneoin nach cheal a fhiachana é (a fhiachtála: fiachan = fhéachaint) — d'fhéach sé go bog agus go crua lena leagan ach chinn dubh is dubh air
Is géar a theastaigh sé ón gceann céanna a chur in aer
Chuir sé an coca féir in aer d'aon ghualainn amháin — thug sé gualainn don choca féir agus leag sé é
Ar chuala tú go bhfuil an chéibh in aer aríst ag an stoirm aréir?
Chuir an soinneán mór a bhí ann tráthnóna inné a raibh de stocaí sa ngort in aer — leag sé iad
'Sé an gála a chuir in aer an staicín coirce, ach ar ndóigh b'fhurasta cur chuici
Tá sé in aer aríst ag an ngála
c.
+–
Cuirfidh an geimhreadh seo seandaoine in aer — caillfear iad
Má mhaireann an aimsir seo i bhfad, beidh seanbheithígh croite in aer — caillte
TUILLEADH (3) ▼
Ó sháraigh sí an tSeanbhó, is deacair í a chur in aer — ó tháinig sí slán ó fharradh Laethanta na Seanbhó, tá sé doiligh a marú
Tá sé righinithe (seanchapall) agus is doiligh í a chur in aer.
Deir siad gurb é 'gairfean na cuaiche a chuir in aer í — dúradh i ngreann faoi sheanbhó a bhí ar a cailleadh le fada. Ní bhíonn mórán gangaide i ngairfean na cuaiche agus dhá mbeadh seasamh ceatha ar bith inti, thiocfadh sí uaidh
d.
+–
Caitheadh in aer ar fad é — héiríodh as; rinneadh neamhshuim de; caitheadh i gcártaí é. Ligeadh as
Nach iontach a caitheadh na damh(n)saí in aer ar fad agus a raibh de thóir orthub tamall — nach mór an t-ionadh gur ligeadh astu ar fad srl
TUILLEADH (15) ▼
Is diabhaltaí a chaith siad na cártaí in aer ar fad.
Bhíodh togha imirt ansin muis, nó gur caitheadh in aer í.
Bhíodh an-tsiamsa ar na cleis ag na tórraíochaí fadó ach caitheadh in aer ar fad iad le scaitheamh blianta anuas.
Ar nós chuile shórt eile a tháinig don tír ariamh, chaith siad na báiríochaí féin in aer.
Tá an troid caite in aer aige — tá cúl mór tugtha aige dhi; tá sé éirithe aisti.
Tá an t-éirí amach agus an aeraíl caite in aer aige ó phós sé — bhíodh an-tóir aige bheith siúltach agus imithe shular phós sé, ach d'éirigh sé as sin.
Tá an t-iascach caite in aer ar fad acub ar an saol seo.
Sílim nach é an t-achar is faide go gcaitear an dole céanna in aer ar fad — go n-éirítear as
Tá an mhairteoil caite in aer uileag agus b'fhurasta a aithinte
Tá an pósadh caite in aer aríst — bhíodar le pósadh, ach tá an cleamhnas briste aríst
Bhí a fhios agam go maith go gcaithfeadh sé an scoil in aer as a dheireadh — go n-éireodh sé aisti
Bhí sé i gceist go raibh sé siúd le dhul ina shagart, ach 'sé mo mheas gur chaith sé in aer aríst é.
Thosaigh sé ar theach ach beag a rinne sé dhi nuair a chaith sé in aer é.
Fuair sé obair i nGaillimh ach ba gearr a bhain sé aisti gur chaith sé in aer í.
Má chaith sé an saothrú sin in aer, níl aon mhaith a bheith ag iarraidh maitheasa air
3.
+–
Bhí fuisce go haer ann — bhí fuisce go barr bachall ann; bhí neart fuisce ann
Tá airgead go haer aige, agus má tá fhéin is air is fhearr an oidhe é.
TUILLEADH (5) ▼
Tá móin go haer againn fós.
Bhí fataí go haer aige i dtús bliana agus is deacair a chreistiúint go bhféadfadh sé caitheamh a chur iontub ar fad.
Bhí sé ina dhamhsa go haer ann ar a theacht domsa.
Tá féar go haer acub ansiúd fós, hérbí (pé ar bith — fé brí, cérbí, cébí) cén t-uabhar atá orthub nach bhfanann ann (beithígh)
Tá coirce go haer ann — fásta an-ard
+–
Mhol sé go haer é — níor fhága sé fuíoll molta air
Tá siad molta go haer aige.
TUILLEADH (2) ▼
Mhol sé teach na bainse go haer
A mhic ó mo chroí, 'siad atá molta go haer aige
+–
Tá lá go haer fós ann — neart lae; níl baol air a bheith ina oíche; tá lá go Baile Átha Cliath fós ann
Cén smál a bhí oraibh scoireadh chomh luath seo agus lá go haer fós ann.
TUILLEADH (2) ▼
D'éireoidís as obair agus lá go haer ann
Dhá mbeadh lá go haer ann, ba é an mhaith amháin é, mar ní dhéanfaidís buille théis an sé a chlog.
4.
lá (oíche, srl.) san aer: chuile lá beo, chuile lá dhá n-éiríonn air, chuile lá dhár dhealbh an ghrian.
+–
Níl aon lá san aer nach gcaitheann sé píosa anseo — chuile lá
Níl aon oíche san aer nach ndéanann siad geábh imeartha.
TUILLEADH (14) ▼
Níl aon Aoine san aer nach dtéann sé i gcoinne an phinsean.
Sin í a cheird chuile Dhomhnach san aer — ag biorú chlaíochaí
Níl Domhnach san aer nach gcaitheann sé cupla urchar iascaigh.
'Sé an teach ósta an áit chuile thráthnóna san aer.
Níl aon mhaidin san aer, nach dtéann sé thart agus is mór an t-ionadh nach ndeachaigh sé thart inniu.
Dheamhan lá san aer nach dteagann (dtagann) litir chuige.
Dheamhan thiomanta seachtain san aer nach dteagann punt pinsean isteach sa teach sin, agus nach mór an mhaith orthub é.
Dheamhan Satharn san aer nach dtéann sé 'na bhaile mhóir agus ní hí boladh na pluide a bhíonns air ag teacht abhaile.
Uair sna naoi n-aird a castaí isteach é roimhe seo, ach dheamhan Domhnach san aer nach dtagann sé anois.
Níl thairis sin de ghnaoi acub air, agus níl aon oíche san aer nach ann istigh atá sé gróigthe ar a chairín ina dhiaidh sin.
Níl aon lá san aer ó cuireadh banlámh de chóta air nach mbíodh sé isteach is amach anseo, agus má bhíodh fhéin, ba ghreannúil an chuideachta é.
Tugann an máistir dual na droinne dhó chuile lá san aer ag an scoil, agus má thugann féin, tá sé ag cinnt air aon bhlas múineadh a chur air
Níl mí san aer nach dteagann (dtagann) chúig phunta dhéag isteach chucub idir an dá pháí.
Bheadh ciall amantaí, ach is gránna an rud a bheith ar an gceird sin chuile oíche san aer
5.
·
Báisteach as aer í — adéarfaí le báisteach meath-throm go leor.
Tá sé ag báisteach as aer; tá sé ag cur as aer.
6.
+–
Tá an t-aer folláin (trom, tais, fuar, te srl.) san áit sin.
Tá iomarca fraighfhliuchais san aer ann ag fear eitinne — tá an t-aer róthais ag fear eitinne
TUILLEADH (9) ▼
Tá an t-aer trom agus plúchtaithe ann, thar áit eile.
Aer an-mharbhánta atá ann — aer, trom, meathmheirbh
Gheobhainn mo shláinte thar cionn ann, más 'sé an t-aer é nó nach é.
Deir siad go bhfuil aer Mheireacá an-chóiriúil ag an tinneas sin — déanann aer Mheiriceá maith a chur ar dhuine a bhfuil an tinneas sin air
Bíonn an t-aer múscaí tais i gcónaí in Árainn, ach déarfaí ina dhiaidh sin go bhfuil sé folláin
Tá an t-aer i gcónaí teann tirim i bhfad ón bhfarraige — bíonn sé crua tirim
Bíonn an t-aer an-phlúchtaithe sna bailtí móra i gcónaí — trom agus rudaí mífholláine thríd
Níl aer na tíre seo feilteach ag na héadaí scagacha sin — tá an tír seo rófhuar ag éadaí éadroma
Tá sé amuigh ag glacadh an aeir dhó fhéin — duine ag spaisteoireacht nó ina shuí amuigh
+–
Níor mhór dhuit a dhul ar athrú aeir — athrú go dtí áit eile. Ceaptar go gcuideodh sin le sláinte dhuine
Má tá míshláinte air, b'fhearr dhó a dhul ar athrú aeir
TUILLEADH (3) ▼
Mura dtéiteá ach síos Gaillimh coicís nó mí, is mór an t-athrú aeir dhuit é.
D'íosfainn an t-sáith Mhuimhneach anois muran athrú aeir a rinne dhom é
Tá athrú ar an aer ann ina dhiaidh sin tharas an áit seo
+–
Cuideoidh sinseáil aeir go maith leis ar an tinneas sin
Má théann tú ar shinseáil aeir, b'fhéidir dhuit téalachan as
TUILLEADH (3) ▼
Sinseáil aeir a d'oibrigh mo cholainn
Tá an ghearradh ghionach orm ó tháinig mé ar mhalrait aeir — tá mo ghoile thar cionn agam ó tháinig mé ar athrú aeir
Má imíonn tú ar shinseáil aeir go ceann scaitheamh, feicfidh tú fhéin air nach mbeidh tú ag casaoid ar do ghoile.
·
Dhéanfadh malrait (athrú) aeir maith dhuit ar an eitinn.
Na daoine a mbíonn eitinn orthub, téann siad ar fad ar mhalrait aeir
+–
Níor chuir aon bhean a haghaidh le aer (corruair, go háirid sna scéalta, cloistear le haer) ariamh ba bhreácha ná í — bean an-bhreá
'Sí an bhean is breáichte í (breácha) a chuir a haghaidh le aer ariamh.
TUILLEADH (4) ▼
Níor chuir aon duine a haghaidh le aer ariamh is gráinne ná í.
Níor facthas a macasamhail ariamh ag cur a haghaidh le aer.
'Sí an phlandóg is dathúla í a thug aghaidh le aer ariamh.
Sháraigh sí le slacht aon duine a thug aghaidh le aer i gcaitheamh an tsaoil ariamh.
7.
siamsa, éirí amach, saoire nó spaisteoireacht, nó fos sláinte.
+–
Gheobha sé aer thiar ansiúd, rud nach bhfaigheadh sé aniar anseo — éirí amach, spóirt, siamsa
Cén uair a fuair mise aon aer ná aon éirí amach? — cén uair a d'fhéad mé an baile a fhágáil agus a dhul ag lorg siamsa ná fos sláinte in áit eile
TUILLEADH (1) ▼
Is mór an t-aer dhuit bualadh síos go Bóthar na Trá ar feadh coicíse — is mór an t-éirí amach duit é
+–
"Is mise an t-óigfhear a ghlacfas fós leat, agus nach n-éileoidh bonn spré; A bhéarfas aer bailtí mór dhuit agus arán ar tuaith; Ceol is spóirt gach aon oíche Dhomhnaigh, dhá dté muid ar cuairt; Agus beidh fáilte mhór ag mo mhíle stór romham ag gabháil an Draighneán Donn" (ceathrú den Draighneán Donn)
Tá aer bailtí mór aige — éiríonn sé amach agus ionsaíonn sé na bailtí móra go bhfaigheann sé siamsa iontu (nó follántas, nó athrú aeir, nó scíth nó a samhail)
TUILLEADH (4) ▼
Níl aon tsástaíocht aige ann go bhfaighe sé aer an bhaile mhóir.
Sin é an fear agat a thabharfas aer an bhaile mhóir dhá bhean, ní (hé) fhearacht sin ag daoine eile é
Ba cheart dhuit a dhul ar aer an bhaile mhóir (faoi aer an bhaile mhóir) go ceann tamaill.
Is maith a rinne tú é a thapú: is corruair a fhaigheanns duine an deis a dhul ar aer an bhaile mhóir.
+–
Aer an tsaoil — siamsa, éirí amach, ag baint faic amach; imithe ar rothaí an tsaoil
Is beag an imní atá air ag imeacht le aer an tsaoil.
TUILLEADH (15) ▼
Tá sé i gcónaí imithe le aer an tsaoil.
Ní dhéanann sé cónaí ar bith ach imithe le aer an tsaoil
Sin é atá ag fáil aer an tsaoil — is aige atá aer an tsaoil
Ní sheasfaidh aer an tsaoil i gcónaí dhó
Cé bhacfadh le obair chomhuain is a fhéadfas duine imeacht leis le aer an tsaoil.
Tá na réigiúin fré chéile siúlta aige ag imeacht le aer an tsaoil.
Is dhó is fusa imeacht le aer an tsaoil: 'sé is lú aireos é
Níl aon ghair ag daoine bochta a bheith ag comórtas le daoine móra a fhéadfas gacha le lá a chaitheamh imithe le aer an tsaoil
Ní comórtas ar bith dhuitse boicíní a fhéadfas airgead a chaitheamh le aer an tsaoil.
Chaith sé a raibh aige le aer an tsaoil.
Nuair a bhí aige fanacht ó (de) aer an tsaoil níor fhan sé uaidh
Is furasta a dhíol d'aer an tsaoil a thabhairt don duine bocht anois.
Bhí dhá chroí aige sin nuair a bhíodh sé ag imeacht ar aer an tsaoil.
Chaith sé seal fada ar aer an tsaoil ach deir siad nuair a stopas an síol go stopa an fuirseadh — nuair a bhíonns an t-airgead ídithe, caithfear cúl a thabhairt don éirí amach agus don drabhlás
Bhain sé píosa maith amach ar aer an tsaoil agus ní sheasann rud ar bith ach tamall
+–
Ag déanamh aeir (fuaim w ar mh anseo) — ag imeacht ar aer an tsaoil; ag aermaíocht, ag lorg siamsa, nó fos-sláinte, nó ar éirí amach
Tá sé ag déanamh aeir i mBóthar na Trá ar an saol seo chuala mé
TUILLEADH (12) ▼
'Sí cuid an bheagán a chuid maitheasa siúd mura bhfaighe sé a dhul ag déanamh aeir.
Níl Domhnach ar bith nach mbíonn sé imithe ag déanamh aeir dhó fhéin
Tá an saol bruíonach fámairí ag dul thart ag déanamh aeir i mbliana.
Ní fhaca mé an oiread i gcaitheamh an tsaoil agus atá ag déanamh aeir ag an gCéibh inniu
Tá sé in ainm is a bheith imithe thart soir ag déanamh aeir, ach dar liom péin gur faoi lámha dochtúirí atá sé ag gabháil, ach go bhfuil siad fhéin dhá cheilt sin
Tá an iomarca cruóige orm, le dhul ag déanamh aeir inniu
Lucht déanamh aeir (lucht déanta corruair) atá iontub sin
Tá an t-uafás fámairí agus lucht déanamh aeir thart siar i mbliana
Tá mé ag brath ar a dhul ag déanamh aeir dhom fhéin scaitheamh
Siúd í an cailín atá ag éirí amach agus ag déanamh aeir dhi fhéin.
Ní fheiceann muide de mhaith ina dhiaidh aon lá sa mbliain. Ach é ag imeacht ag gabháil Laddie O'Lee (nó Eileen ón a Ruan) agus ag déanamh aeir
Cár chaith tú ag déanamh aeir i mbliana?
aer in iontrálacha eile (50+)
→
faitíos
Is fear gan faitíos (gan mórán faitís, gan a dhath faitís srl.) thú agus a dhul abhaile in t'aonraic an bealach sin chuile oíche san aer
→
froigisí
Tá léinteachaí na bhfrogaisí caite in aer. Diabhal a bhfuil sé achar ar bith ó rinne mise ceann acu do Sheán anseo, ach dheamhan a chos a chaifeadh í. 'Leis an tír a bheith ag tabhairt suntais dom,' adeir sé. 'Ní bhíonn siad sin anois ach ar sheandaoine.' 'T'anam cascartha ón diabhal,' adeirimse leis. 'Tá sí sách maith agat. Chaith fir ab fhearr ná thú iad, agus ba bheag an locht a bhí acu orthu.'
→
fágtha
Níl rud ar bith a bhíos chomh fágtha leis an duine scaití. Tá beithígh eile in ann snámh nó imeacht san aer, nó rud eicínt a mharú, ach dheamhan treoraíocht ar bith sa duine
→
fáinne
Tá sé in am a dhul abhaile. Féacha an fáinne bán ar an aer. Bheadh sé théis an ceathair a chlog
→
féar
Níl aon ghnaithe ag duine ar bith bualadh faoi theach a dhéanamh mura bhfuil riar eicínt airgid aige fhéin. Níl aon ghair aige air. Ní bheathaíonn an féar an phis. Bheadh duine go deas dhá gcaitheadh sé é a chaitheamh in aer, agus é leath-dhéanta aige. Ní mór do dhuine fios a bheith aige go bhfuil sé in ann cailleadh leis, go bhfuil sin
A dheartháir mo chroí thú, tá cantáil ar a chuid scéalta anois. Dheamhan lá san aer nach dtagann duine eicínt de lucht na Gaeilge sin thiar chuige ag piocadh as. Tá sé ina ridire acub le tobac agus airgead.
An mbeadh a fhios agat faoi neamh nó néal, cén chóir a bhfuil siad in ann na haeroplanes sin a chinnireacht chor ar bith san aer. Shílfeá go mba deacair dóibh é lá gála go háirid, ach deir siad dheamhan cailm a bhíonns orthub ach an oiread le lá ar bith.
→
ciste
Fhóbair ciste a bheith faighte ag mo sheanathair sa gcnocán sin thiar. Neach a tháinig go dtí é agus adúirt leis a dhul ann, ach ní dhearna sé a chomhairle, arae is fear de mhuintir Dh. a thug sé leis i leaba C. Bhí leac an phota nochtaithe acub nuair a tháinig an marcach — marcach a bhí chomh hard leis an aer — go dtí iad, agus d'fhuagair sé orthub staonadh. Sin é a raibh na thimpeall. D'fhan an ciste mar sin ariamh ó shin, agus chreidim go bhfanfaidh, ar ár son s'againne.
Deir na seanfhondúirí gurb iad an dá rud is siúráilte amuigh comhar na gcomharsan agus cothromacan síne na huaire. Well, níl locht ar bith ar chothromacan síne na huaire, ach 'sé mo mheas go bhfuil comhar na gcomharsan caite in aer. D'fheicinnse le mo linn fhéin iad agus dheamhan ceann oibre dhá mbeifeá a dhéanamh — crapadh an fhómhair, ag baint mhóna, ná ag bualadh coirce — nach mbeadh daoine sa mbealach ar a chéile a chúnamh dhuit. Ach dheamhan meitheal a d'fheicfeá in aon áit anois. Caitheadh an obair sin i gcártaí. 'Sé do chlochneart é scorach a fháil a ligfeadh súgán dhuit, tada leis.
→
cuideáin
Níl ar ár gcuid cearc ach éanachaí cuideáin chuile lá san aer. Tá na trí theach eile i mbéal an dorais againn, agus tá na cearca ag déanamh imirce chuile ré solais. 'Sé an chaoi mbíonn sé amantaí, cinneann orainn iad 'aithneachtáil thar a chéile. Ach arsa tusa, 'ní ghabhann caraid cuid a chéile'.
Beidh tú cóineasach ansin, agus féadfaidh tú aer an bhaile mhóir a thabhairt duit fhéin chuile lá a dtogróidh tú, ní hé sin don áit seo.
+
→
baile
Gheobhaidh tú aer bailte mór uaidh.
TUILLEADH (1) ▼
Is breá an rud do dhuine a dhul ar aer an bhaile mhóir corruair.
→
bannaí 1
Mise i mbannaí gur imigh sí léithe, gan cuid muc ná bó a réiteach! Nach uirthi atá an bheith go gcaithfidh sí greadadh léithe chuile Dhomhnach san aer, agus chuile shórt a fhágáil fúmsa le réiteach!
→
bealach
Ní raibh mé ach leath bealaigh abhaile nuair a tháinig sé ina dhórtadh as aer orm agus báitheadh chuile shnáth dhá raibh orm.
+
→
beann
Tá chaon bhinn sléibhe dhá bhfaca muid ann chomh hard leis an aer.
TUILLEADH (1) ▼
Tá binn de chnoc ann agus tá a barr ag scríobadh leis an aer.
Sílim nach craobhmhúr é seo, ach go mbeidh an chuid eile den lá briste. Tá an-duifean thiar, agus an t-aer dúnta ar fad. Muran ráig toirní í.
→
crinn
Bhí an dá phúcán tosaigh ag crinneadh a chéile chomhuain is a mhair fleaim ar bith as aer, ach nuair a chuaigh sé ar lagar críochnaithe, bhuail púcán Ch. S. púcán na n-oileán sa tornáil. Mar sin fhéin, ní fhaca mé aon gheallta ó tháinig cuimhne dhom a chinnfeadh orthub.
→
cromnasc
Tá bean agamsa agus níor mhór dhom cromnasc a chur uirthi. Ní mór léithe a dhul ag déanamh aeir gach Domhnach sa mbliain, agus cúram an tí a fhágáil ormsa.
Má thagann cuaifeach as calm, níl léamh ar bith uirthi. Báitheadh bád i gConamara, tá blianta beaga ó shin, agus bhí an lá ar áilleacht. Dream a bhí amuigh ag déanamh aeir agus bhuail cuaifeach iad gan aireachtáil agus d'iontaigh sí an bád droim ar ais. Nár ba lúidire an trócaire ar Dhia, dheamhan ar fágadh sa gcomhaireamh ceann acub ach duine.
→
bioraím
Dhá mbioraíteá an claí céanna chuile lá a d'éireodh ort, 'sé an cás céanna é. Bheadh sé curtha in aer aríst ag daoine atá ag gabháil thart an bóthar.
→
bior
Dheamhan tuirne ná sreang ná oiread agus bior próiste a gheofá in aon teach anseo anois, dhá gcuirtheá slat ar an tír. Tá an obair sin caite in aer. Isteach go Gaillimh a chuireanns chuile dhuine a chuid abhrais anois le sníomh. I nDomhnach, tá mná óga ar mo bhaile agus dheamhan a gcos a d'aithneodh bior próiste, ní áirím a mhalrait.
Bhí brachlainn ar Bharr na Cora a bhí ag dul míle san aer, agus chuaigh bád na Trá Báine siar ina dhiaidh sin.
→
brogús
Níl aon bhaile brogús faoi bhéal an aeir is mó ná an baile sin. Brogús chuile dhuine dhá bhfuil istigh ar a fhuaid.
Chuir sé buimbiléad de bharr ar an gcruaich choirce a ólfas chuile dheoir faoin aer — slogfaidh an barr a chuir sé ar a gcruaich choirce chuile dheor bháistí dhá gcuirfidh sé, níl an ceann bioraithe chor ar bith aige i riocht is go silfeadh sí nó go dteilgfeadh sí an bháisteach di
→
buadán
Fadó ní théadh duine ar bith amach aimsir sheaca gan buadán ar a chosa, ach ní fheicfeá ar aon duine anois iad. Tá an faisean sin caite in aer, mura bhfuil muintir an tsléibhe fhéin ann. Tá siad sin ag coinneáil na mbuadáin agus na seiríní i gcónaí.
→
buail ar
Dúirt siad liom, ar a theacht abhaile dhom, go raibh sé ina dhórtadh anseo ó mhaidin, agus dheamhan deoir as aer a buaileadh ormsa.
+
→
buail
Buail amach faoin aer.
TUILLEADH (1) ▼
Bhuail teaspach (teasúch — Achréidh) an bhó agus as go brách léithe agus a drioball in aer aici.
→
bualadh
Is beag an bualadh a bhíonns ar an mbóthar sin chor ar bith, cé is moite de mhuintir na Gaillimhe agus iad ag déanamh aeir dóibh fhéin sa samhradh.
→
airde 1
Is mairg dhuit nach gcaitheann in aer do chuid éirí in airde agus a dhul amach in éadan do ghnaithe.
→
aire
Tá sé chomh haireach sin air fhéin; agus nach mian leis scaradh leis an tinteán má tá deoir as aer.
+
→
aire
Is olc an ceart é gur mise a chaithfeas aire a thabhairt don teach i gcónaí agus chuile dhuine eile ag imeacht le aer an tsaoil.
TUILLEADH (1) ▼
Is fearr leis a bheith ag imeacht le aer an tsaoil ná aire a thabhairt dhá theach ná dhá ghnaithe.
→
airigh
Aireoidh na daoine an mhairteoil seo a bheith caite in aer, mar b'iomaí gríscín a d'fhaigheadh muid ó thosaigh sí.
+
→
amach
Téann muintir ar an bhaile mhóir amach faoin tír chuile Dhomhnach ag déanamh aeir.
TUILLEADH (6) ▼
Ba cheart dhuit a dhul amach faoin aer corruair.
Chomh luath agus a chuaigh mé amach faoin aer, tháinig fonn múisce orm.
Chonaic mise an tráth a dtéadh daoine thar pobal, ní áirím thar baile amach, chuig tórraíochaí ag déanamh cleis, ach caitheadh an cheird sin in aer.
Ní luar liom an cat mara ná gaolta i bhfad amach a bheith ag brú orm chuile lá san aer.
Tá an mhairteoil le caitheamh in aer ón Nollaig amach — tar éis na Nollag
Caitheadh imirt in aer amach is amach.