Ainnle
—
ainm a tugtar ar ghasúr a bhíos idóláimh a' gol a's a' fuasaoid; amhlóir; cantalóir; páiste cantalach, drisíneach.
+–
Is tú an ainnle bhradach! (déarfadh máthair le páiste a bheadh a' caoineadh é).
Níl de leithide d'ainnle sa bparáiste.
TUILLEADH (1) ▼
A ainnle bhrada(igh), nach mór a' t-iongnadh nach dtiocfadh iabh ar do bhéal uair eicín!
Ainnle in iontrálacha eile (6)
→
beo 1
Ní beo thú gan a bheith 'spochadh leis an ainnle bhradach sin, a's fios aghad cé'n bealach atá leis.
→
breá
Nach breagh nach mbeadh ciall agad, a's leigean de'n ainnle bhradach sin! Tá sé sin sáthach gártha mar tá sé, a's gan tusa 'bheith spochadh leis, a's a' baint chaoineacháin as (páiste).
A Mh. breathnuigh an bhfeicfeá an bhféadfá an páiste sin a bhréagadh. Tá sé in a ainnle bhradach ag diúgaireacht ó mhaidin
→
Domhnach
InDomhnach féin, ba chóra dhuit ciall a bheith agad, agus gan a bheith ag spochadh leis an ainnle bhradach sin. Níl a fhios agam cé agaibh is measa: thusa nó an páiste
→
dris
Thug sé soiscéal do'n inghin faoin a bheith ag dul chuig na céilidheachaí, ach mo léan géar, b'fhearr dó a bheith ag caint le dris ná a dhul ag bacadh leis an ainnle bhradach siúd. Baoghal uirre siúd fanacht ó chéilidheachaí
→
dána
Deir tú leis an ainnle bhradach sin a thosuigh ag aithléigheamh orm. Anois an bhfuil biseach agad? Nuair a chuaidh mé dhá bhualadh, 'sé'n chaoi ar neartuigh sé ar a mhaidí. Sin é an malrach atá dána. Dubhairt mise go bhfágfainn é go dteagthá-sa agus 'cead agad do rogha rud a dhéanamh leis. Ná ceil an tslat air, anois. Ro-fhada a chosain mise é