Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
ainle
ainm a tugtar ar ghasúr a bhíos i dóláimh ag gol agus ag fuasaoid; abhlóir; cantalóir; páiste cantalach; drisíneach.
+
Is tú an ainle bhradach! (déarfadh máthair le páiste a bheadh ag caoineadh é)
Níl do leithide d'ainle sa bparóiste.
TUILLEADH (1) ▼
A ainle bhradaigh, nach mór an t-ionadh nach dtiocfadh iamh ar do bhéal uair eicín!

ainle in iontrálacha eile (6)

 
beo 1
Ní beo thú gan a bheith ag spochadh leis an ainle bhradach sin, agus fios agat cén bealach atá leis.
 
breá
Nach breá nach mbeadh ciall agat agus ligean den ainle bhradach sin! Tá sé sin sách gártha mar atá sé agus gan tusa a bheith ag spochadh leis agus ag baint chaoineacháin as (páiste)
 
A Mh., breathnaigh an bhfeicfeá an bhféadfá an páiste sin a bhréagadh. Tá sé ina ainle bhradach ag diúgaireacht ó mhaidin
 
I nDomhnach féin, ba chóra dhuit ciall a bheith agat agus gan a bheith ag spochadh leis an ainle bhradach sin. Níl a fhios agam cé agaibh is measa: thusa nó an páiste
 
dris
Thug sé soiscéal don inín faoina bheith ag dul chuig na céilíochaí, ach mo léan géar, b'fhearr dó a bheith ag caint le dris ná a dhul ag bacadh leis an ainle bhradach siúd. Baol uirthi siúd fanacht ó chéilíochaí
 
dána
Deir tú leis an ainle bhradach sin a thosaigh ag athléamh orm. Anois an bhfuil biseach agat? Nuair a chuaigh mé dhá bhualadh, 'sé an chaoi ar neartaigh sé ar a mhaidí. Sin é an malrach atá dána. Dúirt mise go bhfágfainn é go dteagtása agus cead agat do rogha rud a dhéanamh leis. Ná ceil an tslat air anois. Rófhada a chosain mise é