Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
ainriocht
foghar an-riocht r leathan.
focal coitcheannta ainriocht i gCois Fhairrge agus i gConamara
in an-chaoi críochnuighthe, amhgar, idteannta, feidheartha (féach foclóir an duinnínigh) (Is measa go mór a bheith in ainriocht ná in an-chaoi).
+
Tá na dílleachtaidhthe bochta sin in ainriocht anois = níl duine ná deoruidhe acu le fátall a dhéanamh dóibh.
Ní raibh sé in ainriocht ariamh gur cailleadh a' capall air.
TUILLEADH (1) ▼
Tá daoine bochta in ainriocht ar a' saoghal seo, cheal saothrú.

ainriocht in iontrálacha eile (7)

 
beart
Má fhágann tú an baile go deo, beidh tú in ainriocht. Tá tú ro-chuthal a's cínnfe ort do bheart a tharraingt chor a' bith.
 
daigh
Ní bheadh artha na ndoigheachaí fiacla agad? Tá mé in ainriocht ag doigheachaí
 
Níl an puth féin deataighe againn anois ó a thóig J. Dh. láimh as cionn an tsimléir. Tharraingeochadh sé páiste de'n teallach anois. Roimhe sin bhíodh púir dheataighe ar fud an tighe i gcomhnaí. Bhí muid in ainriocht aige
 
Nar chuala tú an sagart ag cur síos ar an mac drabhlásach siúd a bhí ann fadó nach ngéillfeadh do chomhairle athar ná máthar gur ghread leis. An uair a bhí a chuid caithte aige, bhí sé in ainriocht. Bhí sé ag tabhairt aire do mhuca agus bhíodh an oiread sin ocrais [air] agus go gcaitheadh sé cromadh síos ar a dhá ghlúin agus a dhul ag smalcadh cosamar na muc. Dheamhan leath an chirt a bhí leis nar fhan ins an áit a raibh sé i mbun a shátha. Tháinic sé abhaile aríst in a bhromachán bliana, ach dá mba mise an t-athair, is fada uaim amach a choinneochadh sé. Meastú an leigfinn isteach in mo theach é? Dheamhan é muis dá gcuireadh sé a bhundún amach … Ach níor éiligh sé imeacht aríst. Fuair sé luach a chuid drabhláis. Múineann an saoghal duine
 
droim
Diabhal bréag nach saothruighthe an mhóin í, nuair a bhéas sí amuigh ar an mbóthar aca len a ndruim. Ach níl aon-cheo eile ag na daoine ach an ghlaicín mhóna sin anois. Marach í, nach mbeadh muid in ainriocht ar fad. Deir siad gur maith a shaothruigheas an druim an bolg. Is maith freisin
 
Casadh liom lá inG. í, agus í in ainriocht. Ní fhaca tú duine ar bith ariamh ba bhoichte béal ná í. Thug mé mo phunt deireannach déidheannach di, mar rinne mé truaighe di. Meastú arbh iongantaighe liom an sneachta dearg ná an lá aonaigh a bhí chugad, í a fheiceál ag ceannacht cuingir bhulán annsin thoir. Ní fhaca mise aon-amharc ar mo phunt ó shoin
 
dóigh 1
Ní dóigh ro-mhaith a bheith idtuilleamaí talmhana ar an aimsir seo, scáth a bhfuil beithidhigh ag dul. Tá siad an-mhór anuas ar ala na h-uaire. Ach b'fhéidir dóibh feabhsú amach annseo idtús féir. Mara bhfeabhsuighidh, beidh na daoine in ainriocht