ainriocht
—foghar: an-riocht — r leathan
—focal coitianta ainriocht i gCois Fharraige agus i gConamara
—
in anchaoi críochnaithe, amhgar, i dteannta, feidheartha (fc. Foclóir an Duinnínigh). Is measa go mór a bheith in ainriocht ná in anchaoi.
+–
Tá na dílleachtaithe bochta sin in ainriocht anois — níl duine ná deoraí acu le fáiteall a dhéanamh dóibh
Ní raibh sé in ainriocht ariamh gur cailleadh an capall air
TUILLEADH (1) ▼
Tá daoine bochta in ainriocht ar an saol seo cheal saothrú
ainriocht in iontrálacha eile (7)
→
beart
Má fhágann tú an baile go deo, beidh tú in ainriocht. Tá tú róchúthail agus cinnfidh ort do bheart a tharraingt chor ar bith.
→
deatach
Níl an puth féin deataí againn anois ó thóg J. Dh. láimh os cionn an tsimléir. Tharraingeodh sé páiste den teallach anois. Roimhe sin, bhíodh púir dheataí ar fud an tí i gcónaí. Bhí muid in ainriocht aige
Nár chuala tú an sagart ag cur síos ar an mac drabhlásach siúd a bhí ann fadó nach ngéillfeadh do chomhairle athar ná máthar gur ghread leis. Nuair a bhí a chuid caite aige, bhí sé in ainriocht. Bhí sé ag tabhairt aire do mhuca, agus bhíodh an oiread sin ocrais air agus go gcaitheadh sé cromadh síos ar a dhá ghlúin agus a dhul ag smailceadh cosamar na muc. Dheamhan leath an chirt a bhí leis nár fhan san áit a raibh sé i mbun a sháithe. Tháinig sé abhaile aríst ina bhromachán bliana, ach dá mba mise an t-athair, is fada uaim amach a choinneodh sé. Meas tú an ligfinn isteach in mo theach é? Dheamhan é muis dá gcuireadh sé a bhundún amach … Ach níor éiligh sé imeacht aríst. Fuair sé luach a chuid drabhláis. Múineann an saol duine
→
droim
Diabhal bréag nach saothraithe an mhóin í nuair a bheas sí amuigh ar an mbóthar acu lena ndroim. Ach níl aon cheo eile ag na daoine ach an ghlaicín mhóna sin anois. Murach í, nach mbeadh muid in ainriocht ar fad. Deir siad gur maith a shaothraíos an droim an bolg. Is maith freisin
→
déanach
Casadh liom lá i nG. í, agus í in ainriocht. Ní fhaca tú duine ar bith ariamh ba bhoichte béal ná í. Thug mé mo phunt deireanach déanach di, mar rinne mé trua di. Meas tú arbh iontaí liom an sneachta dearg ná an lá aonaigh a bhí chugat, í a fheiceáil ag ceannacht cuingir bhullán ansin thoir. Ní fhaca mise aon amharc ar mo phunt ó shin
→
dóigh 1
Ní dóigh rómhaith a bheith i dtuilleamaí talúna ar an aimsir seo, scáth a bhfuil beithígh ag dul. Tá siad an-mhór anuas ar ala na huaire. Ach b'fhéidir dóibh feabhsú amach anseo i dtús féir. Mura bhfeabhsaí, beidh na daoine in ainriocht