Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Áirdeallach
aidiacht ó áirdeall
+
Tá sé an-áirdeallach = faireach, aireach, áirdeall a bheith ann.
Mada an-áirdeallach é timcheall tighe 'san oidhche = an-aireach
TUILLEADH (10) ▼
Ní mór dhuit a bheith áirdeallach thairis sin ar do ghna(ithe).
Dhá mbeadh sib sáthach áirdeallach, ní raibh aon-ghoir aige a theacht ingan-fhios oraí(bh).
Is maith áirdeallach nach mór duit a bheith, a' siubhal ar na leacrachaí sin.
Ní raibh sé sáthach áirdeallach air fhéin an chéad uair, nó gur buaileadh síos aríst é = aireach
Ní bhíonn duine leath sáthach áirdeallach, nuair a bhío(nn)s a shláinte aige.
Mada an-áirdeallach é. Ní chorrochadh míoltóg ingan-fhios dó 'san oidhche.
Bí áirdeallach, faitchíos a n-ionnsóchadh sé thú ingan-fhios.
Tá na "peelers" chomh h-áirdeallach anois, a's nach féidir a' síleadh a dhéanamh ingan fhios dóib.
Dhá áirdeallaighe, dhá mbeidh tú, imreocha siad ort, cuirfe mise geall.
Tá agad a bheith áirdeallach thairis sin, a's gur fánach an chaoi a mbéar(f)aidhe thall ort.

Féach freisin

Áirdeallach in iontrálacha eile (17)

 
Mara mbí tú an-áirdeallach, is furasta a dhul as a' mbealach ann.
 
beo 2
Dubhairt mé leat a bheith áirdeallach; a's gan a dhul in goireacht rud a' bith do bheo na crúibe.
 
bior
Bí áirdeallach leis a' mbior sin, nó cuirfe tú faoi shúil duine eicínt é.
 
M'anam muise go bhfuair tú amach an ceann a chuireas é fhéin thar a fhulainn. Mise a bhí faoin mbara inné in éindigh leis. Dheamhan dhá mhéaróig uirre againn. Deir tú leis in a dheidh sin a chuireadh suas ar a cheathrú chuile uair í, le athghreim a bhreith. Sin é atá áirdeallach air fhéin!
 
danra
Is dan(d)ra an diabhal de rud an tiúb seo a bhaint amach anois agus an "puncture" a dheasú. Níl ann ach go bhfuil an "tyre" indiaidh a chéile agus mara gcuirtear isteach an tiúb go fíor-stuama aríst tiocfaidh sí amach agus pléascfaidh sí … Bí áirdeallach!
 
deara
Chuir sí faoi ndeara dhom mo bhróga a ghlanadh ag an dorus. Diabhal mé go sílfeá gur teach mór atá aice, tá sí cho h-áirdeallach sin faoi
 
deis
An bhfeiceann tú nach bhfuil deis bhainte ar bith ar an nglas sin ó'n taobh amuigh. Tá glas eile annseo le cur mara mbeidh aon-duine ins an teach. Is diabhlaí áirdeallach iad, ach is cosamhail nach mór dóib sin. Tá an áit seo faoi ghaduidhes (gaduidhthe) as éadan
 
deoin
Mara marbhuighidh sé S. ar chaoi ar bith ní dhá dheoin é. (tá rún a mharbhtha aige). Níl cruinneál ná oireachtas nach ag faire air atá sé go gcriogaidh sé é. Ach tá an fear eile féin sáthach áirdeallach. Is maith nach mór dhó a bheith ar a mhaidí muis, nó tiubharfaidh sé siúd faoi é uair eicínt
 
Shíl mé go raibh ní ba mhó drabhláis ná sin sa ngiota éadaigh sin, agus níor thug mé diomallú ar bith air. An-áirdeallach féin a bhí mé dhá ghearradh. Gheobhaidh sé cnáimh le crinneadh díol an dá ghúna a bheith ann
 
Thóig mé staic dheas de mhaide donn-réidhe thuas 'sa bportach anuiridh, agus chuir mé d'anró orm fhéin a thabhairt anuas abhaile annseo. Chaith mé annsin amuigh é, go dteighinn dhá shnoidheachan nuair a gheobhainn ionbhadh air. Dhá lá a bhí sé ann, nó gur scuabadh é de shiubhal oíche. Ar an mbaile soir a chuaidh sé freisin. Fuair mé lorgachaí na gcos, agus bearnaidheachaí leagtha go talamh amach go C. na gC. Ghoidfidís an tsúil amach as do cheann a dhearbhráthair mo chroidhe thú, mara mbeitheá dubh-áirdeallach
 
drad
Níor mhór do dhuine a bheith an-áirdeallach nuair a bheadh sé ag cur na ndornán isteach innte sin, faitíos an draid
+
droim
Bí áirdeallach nó cuirfidh tú an buicéad sin druim ar ais. Má dhóirteann tú an t-uisce sin ar fud an urláir, beidh rud ar a shon agad
TUILLEADH (1) ▼
Fear an-áirdeallach a bhí annsin ag tiomáilt mótair. Ní óladh sé deoir ná snig. Agus feacha in a dheidh sin gur cuireadh de dhruím seoil é. Cuireadh agus i lár an lae ghléigil freisin. Dheamhan carr a chuaidh ariamh cheana ins an áit ar cuireadh é. Deir siad nach leithne an t-aer ná an timpiste. Is minic amhlaidh é, inDomhnach
 
drámh
Tá tú ag ceilt drámhasaí i gcaitheamh na h-oíche, agus níl a fhios agam nach bhfuil tú ag ceilt mhámhasaí freisin, dhá mbeadh na daoine sáthach áirdeallach
+
dóigh 1
An bhfuil a fhios agad an chruach atá ar leiceann thiar an bhóthair agamsa. Níl fód slán istigh in a corp. Tá sí in a bog-eibhinn fré chéile. Is maith an dóigh í, agus cho h-áirdeallach agus atá lucht na "lorries" i mbliana faoi mhóin thirm a fháil. Diabhal an raibh sí baoghal ar cho dona siúd an uair a rinneadh í. D'ól sí an t-uisce ar fad ó shoin
TUILLEADH (1) ▼
Má fhaghaimse an dóigh, bainfidh mé deatach as, ach is mór m'fhaitíos nach bhfuighead. Tá sé an-áirdeallach le goirid, agus leig sé faoi go mór ins an nglaodhmaireacht, thar agus mar a bhí sé. Measaim go mbraitheann sé nach bhfuil aon-iarracht fanta ag na daoine air, agus nach mór dó a bheith ar a shon féin feasta
 
dóirt
Tá sí ag dóirteadh le fánaidh anois is san ngaoith. Ní mór dóibh a bheith áirdeallach. Is fánach an chaoi a gcaithfí thart an seol. Tá an-ropadh ann. Is gearr a bhéas siad ag dul siar má mhaireann an chóir sin, ach níor dóighide rud dó, ná a theacht in a lagar as deireadh an lae