Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
airdeallach
aidiacht ó airdeall
+
Tá sé an-airdeallach — faireach, aireach, airdeall a bheith ann
Mada an-airdeallach é timpeall tí san oíche — an-aireach
TUILLEADH (10) ▼
Ní mór dhuit a bheith airdeallach thairis sin ar do ghnaithe.
Dhá mbeadh sibh sách airdeallach, ní raibh aon ghair aige a theacht i ngan fhios oraibh.
Is maith airdeallach nach mór duit a bheith ag siúl ar na leacrachaí sin.
Ní raibh sé sách airdeallach air fhéin an chéad uair nó gur buaileadh síos aríst é — aireach
Ní bhíonn duine leath sách airdeallach nuair a bhíonns a shláinte aige.
Mada an-airdeallach é. Ní chorródh míoltóg i ngan fhios dó san oíche.
Bí airdeallach faitíos a n-ionsódh sé thú i ngan fhios.
Tá na peelers chomh hairdeallach anois agus nach féidir an síleadh a dhéanamh i ngan fhios dóibh.
Dhá airdeallaí dhá mbeidh tú, imreoidh siad ort, cuirfidh mise geall.
Tá agat a bheith airdeallach thairis sin agus gur fánach an chaoi a mbéarfaí thall ort.

Féach freisin

airdeallach in iontrálacha eile (16)

 
Mura mbí tú an-airdeallach, is furasta a dhul as an mbealach ann.
 
beo 2
Dúirt mé leat a bheith airdeallach agus gan a dhul i ngaireacht rud ar bith do bheo na crúibe.
 
bior
Bí airdeallach leis an mbior sin nó cuirfidh tú faoi shúil duine eicínt é.
 
M'anam muise go bhfuair tú amach an ceann a chuireas é fhéin thar a fhulaing. Mise a bhí faoin mbara inné in éindí leis. Dheamhan dhá mhéaróig uirthi againn. Deir tú leis ina dhiaidh sin a chuireadh suas ar a cheathrú chuile uair í le athghreim a bhreith. Sin é atá airdeallach air fhéin!
 
danra
Is danra an diabhal de rud an tiúb seo a bhaint amach anois agus an puncture a dheasú. Níl ann ach go bhfuil an tyre i ndiaidh a chéile agus mura gcuirtear isteach an tiúb go fíorstuama aríst, tiocfaidh sí amach agus pléascfaidh sí … Bí airdeallach!
 
deara
Chuir sí faoi ndeara dhom mo bhróga a ghlanadh ag an doras. Diabhal mé go sílfeá gur teach mór atá aici, tá sí chomh hairdeallach sin faoi
 
deis
An bhfeiceann tú nach bhfuil deis bhainte ar bith ar an nglas sin ón taobh amuigh. Tá glas eile anseo le cur mura mbeidh aon duine sa teach. Is diabhlaí airdeallach iad, ach is cosúil nach mór dóibh sin. Tá an áit seo faoi ghadaís (gadaithe) as éadan
 
deoin
Mura maraí sé S. ar chaoi ar bith ní dhá dheoin é (tá rún a mharfa aige). Níl cruinneáil ná oireachtas nach ag faire air atá sé go gcnioga sé é. Ach tá an fear eile féin sách airdeallach. Is maith nach mór dhó a bheith ar a mhaidí muis, nó tabharfaidh sé siúd faoi é uair eicínt
 
Shíl mé go raibh ní ba mhó drabhláis ná sin sa ngiota éadaigh sin, agus níor thug mé diomalú ar bith air. An-airdeallach féin a bhí mé dhá ghearradh. Gheobhaidh sé cnáimh le crinneadh díol an dá ghúna a bheith ann
 
drad
Níor mhór do dhuine a bheith an-airdeallach nuair a bheadh sé ag cur na ndornán isteach inti sin faitíos an draid
+
droim
Bí airdeallach nó cuirfidh tú an buicéad sin droim ar ais. Má dhóirteann tú an t-uisce sin ar fud an urláir, beidh rud ar a shon agat
TUILLEADH (1) ▼
Fear an-airdeallach a bhí ansin ag tiomáilt mótair. Ní óladh sé deoir ná snig. Agus féacha ina dhiaidh sin gur cuireadh de dhroim seoil é. Cuireadh agus i lár an lae ghléigil freisin. Dheamhan carr a chuaigh ariamh cheana san áit ar cuireadh é. Deir siad nach leithne an t-aer ná an timpiste. Is minic amhlaidh é, i nDomhnach
 
drámh
Tá tú ag ceilt drámhasaí i gcaitheamh na hoíche, agus níl a fhios agam nach bhfuil tú ag ceilt mhámhasaí freisin dhá mbeadh na daoine sách airdeallach
+
dóigh 1
An bhfuil a fhios agat an chruach atá ar leiceann thiar an bhóthair agamsa. Níl fód slán istigh ina corp. Tá sí ina bogeimhin fré chéile. Is maith an dóigh í, agus chomh hairdeallach agus atá lucht na lorries i mbliana faoi mhóin thirim a fháil. Diabhal a raibh sí baol ar chomh dona siúd nuair a rinneadh í. D'ól sí an t-uisce ar fad ó shin
TUILLEADH (1) ▼
Má fhaighimse an dóigh, bainfidh mé deatach as, ach is mór m'fhaitíos nach bhfaighead. Tá sé an-airdeallach le gairid, agus lig sé faoi go mór sa nglaomaireacht thar is mar a bhí sé. Measaim go mbraitheann sé nach bhfuil aon iarracht fanta ag na daoine air, agus nach mór dó a bheith ar a shon féin feasta
 
dóirt
Tá sí ag dóirteadh le fána anois is sa ngaoith. Ní mór dóibh a bheith airdeallach. Is fánach an chaoi a gcaithfí thart an seol. Tá an-ropadh ann. Is gearr a bheas siad ag dul siar má mhaireann an chóir sin, ach níor dóichíde rud dó, ná a theacht ina lagar as deireadh an lae