amuigh
1.
a.
+–
Nach bhfuil a gceart aca(b) fhéin ann le freastal do'n áit amuigh = do chúrsaí na talmhan, etc. chuile chúrsaí, ach cúrsaí tighe.
Fág an obair amuigh fútha(b) féin — 'siad is lugha 'aireochas í = fág obair na talmhan etc fútha fhéin, ní aireocha siad chomh mór leatsa í. (féach isteach)
TUILLEADH (5) ▼
Tá Seán amuigh in éadan a ghna(ithe).
Is moch ar maidin atá tú amuigh.
Ní bhíonn sé amuigh go mbíonn a' lá caithte.
Bí amuigh, má's leat a bheith in am = bí ag imtheacht etc.
Beidh tú luath go leor amuigh (ag obair). Is iomdha oidhche sa teampall orainn!
+–
Is gearr amuigh thú = ní i bhfad atá tú imthighthe.
Nach fada amuigh é seo = nach fada atá sé imthighthe.
TUILLEADH (16) ▼
Má bhíonn sé mórán achair eile amuigh, ní fhanfa mise leis, ná cuid d'fhanacht.
Bhí mé amuigh domhain 'san oidhche aréir.
Bíonn sé sin amuigh ó oidhche go maidin.
Chaitheadh sé amuigh ó oidhche go maidin.
Níor cheart do dhuine 'bheith amuigh in am mharbhtha na h-oidhche.
Céard a choinnigh amuigh chomh fada seo thú.
Tá sé amuigh óna theach agus ó na pháistí.
Cá'ide 'bheidheas tú amuigh meastú?
Shílfeá nach mbeadh Críostuidhe 'bith amuigh an tráth sin d'oidhche.
Is aisteach a' tráth é do dhuine 'bith 'bheith amuigh.
Nach deireannach a bhí tú amuigh.
Ní leigfeadh a' faitchíos dhomsa, 'bheith amuigh chomh deireannach sin.
Ní bheadh fhios agad céard a bheadh amuigh an tráth sin d'oidhche.
Tá'n ceann seo (an duine seo) amuigh ó tháinic oidhche, agus dheamhan amharc a chonnaic muid fós air.
Is mór a' t-iongnadh nar fhan tú amuigh ar fad, ó d'fhan tú an fhad seo.
Sé'n buachaill báire sin ag S. Sh. a choinnigh amuigh é, go raibh an oidhche caithte thar druim.
+–
Tá sé amuigh (imthighthe amach) faoi'n tír (faoi'n tuaith) = ó'n mbaile mór.
Tá sé amuigh ar an Achréidh indiu = fear as a' mbaile mór nó fear a bheadh in a chomhnuidhe sa mbaile mór.
TUILLEADH (5) ▼
Chaith sé dhá bhliadhain amuigh sa gcogadh
Tá bád amuigh ar an bhfairrge.
Bhí an bád amuigh ar an domhain.
Bhí siad ag iascach amuigh ar an bhFeath Mhóir (áit sa bhfairrge).
Bhí mé amuigh ar meath indé = bhí mé ag iascach ar a' bhfairrge, i mbád indé.
+–
Chonnaic mé caoirigh cuideáin eicínt amuigh imbárr a' bhaile indiu.
Amuigh i gConndae an Chláir, 'thárla an scéal sin = thall etc.
TUILLEADH (3) ▼
Bhí sé amuigh uiliog go léir ar a' sliabh = an-fhada amach nó i bhfad ó láthair ar a' sliabh.
Tá'n bád amuigh uiliog go léir ar a' bhfairrge.
Bhí A. amuigh sa mbriseadh = sa troid mhóir (cath)
+–
Ar an loch amuigh a dheana(nn)s siad é = (tá dhá loch igceist an loch istigh agus an loch amuigh — an loch Íochtair agus Uachtair — an loch uachtair atá igceist annseo).
Is fada ó'n mbaile íochtair an teach amuigh
TUILLEADH (2) ▼
Tá sé amuigh sa teach dóighte indiu.
Fear ó'n áit amuigh (ó'n taobh ó thuaidh) a bhí dhá innseacht dom ar aonach a' Chroisín indiu.
+–
Bhí sé thiar amuigh ar fad = an-fhada siar.
Tá'n gamhain thiar amuigh ar a' gcnocán = an-fhada siar ar a' gcnocán.
TUILLEADH (5) ▼
Tá sé 'baint mhóna thuas amuigh ar an easca imbliadhna = an-fhada suas ar an easca (féach "easca").
Bhí sé ag obair thíos amuigh sa ngarraidhe, agus níor chuala sé mo 'bhail ó Dhia'.
Tá sé ag útamáil leis, thoir amuigh le claidhe, ó indé.
Thuas amuigh i Seana Mhóinín atá sé ó mhaidin.
Bain do shúil dhe anois, muis, mar tá sé thíos amuigh le cladach.
+–
Níl aon-deor amuigh nach bhfuil istigh = teach a mbeadh báisteach anuas ann; droch éadaigh nó droch-bhróig.
Is fearr amuigh ná istigh an t-ualach sin.
TUILLEADH (2) ▼
Dhá bhfaghainn a' méid seo amuigh, bheadh liom.
Níl aon cheo istigh nach bhfuil amuigh, nuair a bheidheas aon-deoir caithte aige = innsigheann sé a mbíonn in a bholg nuair a bhíos aon-deoir ólta aige (féach istigh).
b.
+–
Cé'n 'chaoi bhfuil siad sa teach seo amuigh = sa teach seo in aice linn nó ar aon-tsráid linn.
'Bhfuil mórán ar cuairt annseo amuigh anocht = sa teach seo amuigh, nó in aice linn.
TUILLEADH (12) ▼
Cé hé an strainséara 'bhí annseo amuigh aréir?
Fan as seo amuigh, nó's donuighthe a bheidheas tú = fan as a' teach seo amuigh, nó fágfaidhear éalang ort ann.
Ná teirigh isteach go dtí iad seo amuigh, dubh bán, ná dubh buidhe = ná teirigh isteach go dtí muinntir an tighe seo amuigh, chor a' bith.
Nach mór a chaithfeá a dhul isteach go dtí iad seo amuigh.
Fan glan ar a' dream (ar a' muínntir etc) seo amuigh = na daoine sa teach is goire dhúinn, nó na daoine atá ar an tsráid etc.
Tá'n áit (teach etc) amuigh in a rachlas = tá achrann nó eirghe in áirde ar a' tsráid nó sa teach atá in aice linn.
Is fada amach uatha(b) seo amuigh a choinnigh sé le fada.
Ná trácht chor a' bith orra(b) seo amuigh.
Ná labhair chor a' bith leo(b) seo amuigh.
'ndeacha siad seo amuigh' chodladh fós = an teach seo amuigh.
'mbeidh an mhuinntear seo amuigh ag (d)ul ar an aonach ambáireach.
Bhí sé seo amuigh a' brath air é 'ionnsuighe, marach gur chuir mise foighid ann.
+–
Feicim franncach amuigh annsiúd amuigh ag a' gclaidhe
'Dtugann tú aon-cheo faoi deara amuigh annsiúd amuigh = amuigh údan.
TUILLEADH (2) ▼
Tá mar a bheadh cumraidheacht duine amuigh údan.
Céard 'tá amuigh údan? = céard atá amuigh annsiúd.
c.
·
Tá sé sásta anois, ach an méid sin a bheith amuigh aige = ráidhte.
Nuair a fuair sé an méid sin cainnte amuigh, níor tháinic druid uaidh aríst igcaithe(amh) na h-oidhche.
·
Tá baslógaí amuigh aca cheana (síol fataí)
·
Ná feicimse do theanga amuigh agad níos mó, nó beidh mé gabhail ort, an fhad's gheobhfas mé teas in do chraiceann.
Bhí a theanga bheag amuigh aige, leis a' tart.
d.
+–
'Bhfuil cárnán na dúirlinge amuigh fós agad = tugtha go dtí na páirceannaí atá le leasú.
Tá sé in am agad an ghlaicín fheamuinne sin a bheith amuigh agad feasta.
TUILLEADH (5) ▼
'Bhfuil aon-bhaoghal ort an carn aoiligh thiar a bheith amuigh agad fós.
Bhí an t-aoileach amuigh, ach ní raibh sé scartha.
'Bhfuil aon-iarracht ar a' móin a bheith amuigh agad = aon-bhaoghal í 'bheith tárluighthe de'n phortach.
Cá'ide go mbí an lag-pholl amuigh agaibh.
Ba cheart go mbeadh an bruach amuigh indiu nó ambáireach.
2.
+–
Níl aon-bheithidheach amuigh is uilce ná'n easóg (easóig go h-iondamhail) = níl aon bheithidheach ann, nó beo, is oilbhéasaighe ná í.
Níl aon-bhean amuigh is íogmhaire ná í = ann, beo.
TUILLEADH (19) ▼
Níl aon-deoch amuigh is fhearr ná'n t-uisce, nuair a bheidheas duine ina chall.
Níl aon-obair amuigh ab fhearr liom ná a' gréasuidheacht dhá mbeadh mo roghain agam (Roghain = rogha. I bhfocla de'n tsórt seo, tá'n tuiseal tabharthach in áit an tuisil ainmnigh, agus ní cloistear an tuiseal ainmneach anois, ach igcorr-leagan seasta — "togha agus rogha na tíre". Chuidigh an fhilidheacht go mór leis an athrú seo — "is tú mo rogha(in) thar mhná an domhain" agus leaganachaí dá samhail).
Níl aon-ól amuigh is fhearr ná an poitín, abruigheadh a rogha duine, a rogha rud.
Thógfainn í thar aon-obair amuigh = thógfainn í un tosa(igh) ar aon-obair; sí'n obair í a b'fhearr liom
Ní miste liom céard déarfas aon-duine — sé'n sagart is gnaoidheamhla amuigh é.
Sí'n toirneach an tsíon is measa amuigh.
Níl aon-bhád amuigh is fhearr ná'n chorrach, mar tá currachthóirí oilte ina bun.
Sí'n cailín Domhnaigh an bhean is measa amuigh. Bíonn a cuid éadaigh Domhnaigh uirre Domhnach a's dálach chomh maith le chéile, agus ní bhíonn déantús maitheasa a' bith innte, ach i gcomhnuidhe dhá gléas fhéin agus dhá déanamh fhéin suas (cur síos ar an gcailín Domhnaigh)
Sé'n sagart an fear is measa amuigh, le aon-chaidéis a chuir air.
Thar aon-bhean amuigh, ná cuir aon-chaidéis coidhchin ar bhaintreabhach. Bíonn droch-eascainidhe aice. Is olc í eascainidhe baintreabhaighe.
Sé'n slaghdán an galra is gurálaighe amuigh. Ní féidir é 'chuir amach as do chrioslaigh, ó gheobhfas sé greím uair amháin.
Sé'n slaghdán samhraidh an slaghdán is measa amuigh.
Níl aon-leagan amuigh adeir siad, is measa ná leagan ó asal.
Farradh an Mhárta, an farradh is measa amuigh = gaothtalach.
'Siad na doightheachaí an phian is measa amuigh, agus ní dhéantar truaighe a' bith do'n té 'mbíonn siad air.
'Sé scéal Chéadtaigh an scéal is fhearr amuigh — níl aon-ghoir ag aon-scéal eile dhár chuala mise ariamh air.
'Siad amhráin Rafteri, na h-amhráin is deise amuigh, dhá mbeadh an saoghal a' cainnt.
Níl aon-earradh amuigh inchínnte ar a 'tae.
Fagh thusa beatha eile amuigh, chomh maith le na fataí.
3.
a.
Amuigh aige = le'n íoc leis.
+–
Tá go leor airgid amuigh ag na siopaí ar fud na tíre = tá go leor fiacha le'n íoc ag muinntir na tíre le lucht na siopaí.
Dhá bhfaghadh sé isteach a bhfuil d'airgead amuigh aige, bheadh sé in a ridire = dhá n-íoctaoi leis, a bhfuil len íoc ag daoine leis, bheadh sé an-tsaidhbhir (féach ridire).
TUILLEADH (21) ▼
Caitheadh sé sneachta ar lorg a bhfuil amuigh aige annsin siar = ní fheicfe sé aon-phighinn go bráthach, dhá bhfuil le n-íoc leis, ag muínntir na h-áite sin siar.
Má tá airgead amuigh aige ar sin, baineadh sé a shúil de.
D'fhéadfadh sé fuireann nuadh a chuir isteach, le na bhfuil amuigh aige, ach droch-sheans go bhfeicfe sé mórán go bráthach dhe (féach "fuireann").
Tá cuid mhaith amuigh aige, nach bhfeicfe sé go sleibhe.
Má tá rud amuigh aige, ar a' saoghal seo, déanfa sé dhá uireasbha = ní íocfaidhear leis é; níl na daoine indon a gcuid fiacha a íoc.
Tá go leor fiacha amuigh ag lucht siopaí anois, agus níl fhios agham cé'n chaoi a n-íoc(f)ár iad — níl fhios sin.
Ní ormsa is mó atá rud amuigh aige.
Mara mbeadh amuigh aige, ach a bhfuil amuigh aige orainne, ní bheadh mórán ughdair clamhsáin aige.
Tá cuid mhaith amuigh aige, de bharr mine, (plúir), nach bhfuil na daoine indon 'íoc.
Cuirfe sé próiseannaí amach go goirid faoi na bhfuil amuigh aige (próiseannaí = processes)
Bainfe sé 'chuile phighinn ariamh dhá bhfuil amuigh aige, amach, má chuireann sé próiseannaí amach.
Chuala mé go raibh próiseannaí le cur amach ag an 'Land Commission' faoi na riaráistí atá amuigh acab.
Tá'n t-áirleacan caithte anois aige, mara n-íoca sé 'bhfuil amuigh ag an mbeainnc air.
Tá cuid mhaith riaráistí amuigh ag lucht an airgid acraí = tá cuid mhaith fuighilleach airgid acraí len íoc le lucht an airgid acraí.
Is droch-dhíoluidhe é, nar íoc ariamh a raibh amuigh ag J. air = ní raibh aon-rath leis ag íocuigheacht nuair nar íoc sé a raibh ag dul do J. uaidh.
Tá'n dá phunt sin a' gabhail domsa — is fada amuigh agam iad.
Tá dhá lá oibre amuigh agam air — agus is dóigh nach bhfeicfe mé aon-phighinn go bráthach ar a shon.
Tá luach an fhéir amuigh fós.
B'fhearr dhó, a bhfuil amuigh ag a' 'mbeainnc' air a íoc amach ar aon-láimh amháin, a's gan a bheith 'sceidínteacht leis.
Tá'n méid sin airgid amuigh agam le gul (dul) 'un chúig bhliadhna, agus níl mé 'faghail saoradh ná séanadh faoi.
Is fada fíannach an punt sin amuigh. Tá mé réidh leis déarfainn.
+–
Is fada an méid sin amuigh aige — nuair a buailfidhe duine, déarfaidhe seo le na chur igcéill go mbadh mhaith an aghaidh a bhuailte é, nó go raibh an bualadh tuillte aige.
Tuille ghéar do'n diabhal aige. Is fada an méid sin amuigh aige = is fada a theastuigh an méid sin buailte nó guaime uaidh.
TUILLEADH (2) ▼
Is maith [a] rinne tú é, greadadh maith a thabhairt dó, ó fuair tú faoi do neart é, mar is fada an méid sin amuigh aige fhéin.
Níl truaighe 'bith agamsa do Ph. mar is fada an bualadh sin amuigh aige — is fada sin.
+–
Ní féidir go bhfuil a' punt amuigh uiliog aghad! = caithte, nó íoctha ar earraidhthe.
Má tá 'bhfuair tú amuigh anois agad, ní bhfuighe tú níos mó, mar níl sé ann.
TUILLEADH (1) ▼
Is beag a' dochar dhuit náire bheith ort, má tá an méid sin airgid amuigh agad ó mhaidin indiu, agus gan tada agad dhá bharr.
b.
Amuigh air = le'n íoc aige.
+–
Tá cuid mhaith amuigh orm anois, agus gan aon-tseifte ó neamh agam le'n íoc = tá cuid mhaith fiacha orm, agus gan aon-tslighe agam le na n-íoc.
Níl amuigh orm anois ach cupla punt, agus b'fhéidir go mbeinn indon é íoc as seo go ceann ráithe, in aice chongnamh Dé.
TUILLEADH (20) ▼
Má's sin é 'bhfuil amuigh ort, ní cás duit é. Feacha mise, 'bhfuil deich bpunt amuigh orm, agus gan slighe dhár dhealbh an ghrian agam len' íoc.
Tá'n oiread amuigh orm tigh J. F. agus níl aon-ghoir agam athrú as, go n-íoca mé roinnt dhe.
Ní thiubhrainnse luach leithphighinne as, marach a bhfuil amuigh orm ann.
Caithfe tú 'bheith spleádhach léithe, lá's go bhfuil airgead amuigh ort ann.
Caithfe mé rud a' bith is breagh leis a chaith(eamh) agham a ghlacadh, faoi go bhfuil fiacha amuigh orm ann.
Dheamhan ab é an oiread sin tráchta a gheobhfadh sé uaimse marach a bhfuil amuigh orm in a shiopa.
Deir tú leis adubhairt liom, go dtiubhradh sé go dtí lá Samhna dhom le na bhfuil amuigh orm aige a íoc.
Sin é an lá cáirde atá agam anois, le na fiacha atá amuigh orm a íoc.
Mara mbí na riaráistí atá amuigh orainn glanta againn roimhe lá Bealtaine, dheamhan ar dóichidí cleas dhóib ná próiseannaí a tharraingt orainn.
Tá congnamh maith glanadh agam ar a' leabhar anois, ach tá riar eicínt amuigh orm fós (leabhar fiacha an tsiopadóra).
Tá sí sin báithte i bhfiacha: tá rud amuigh ag 'chuile shiopadóir sa tír uirre.
Tá luach a' chulaith sin amuigh fós orm, agus is gearr go lean(f)ar mé mar gheall uirre = go gcuirfear tréas orm.
Níor chuir J. aon tréas fós orm, faoi na bhfuil amuigh orm ann.
Is mór m'fhaitchíos gur gearr go leantar muid anois, faoi luach an leasú atá amuigh orainn.
Tá sé chomh maith againn eirghe as a' tógáil, go n-íocamuid a bhfuil amuigh orainn i dtosach.
Caithfe sé go bhfuil pighinn mhaith amuigh air, anois, mar tá sé 'tógáil as éadan ó'n Nodlaic seo (gha)bh thart.
Ní fheicfe sé íoctha 'bhfuil amuigh air choidhchin, hébrí (pérbith) cé'n chaoi ar eirigh leis an oiread sin 'trust' a fhághail.
Dubhairt sé nach 'dtrustfadh' sé mé faoi níos mó a thabhairt dom, go n-íocainn cuid dhá raibh amuigh orm 'n tosaigh.
Nach fada a leigeadh leis, a's a raibh amuigh air.
Mara dtaga aon-athrú ar a' saoghal, cínnfe orainn leath dhá bhfuil amuigh orainn a ghlanadh.
c.
+–
Tá 'bhfuil istigh 'sa muigh againn, caithte leis, agus níl sé 'déanamh aon-mhaith 'na dheidh sin = a bhfuil de mhaoin a's d'áirge againn; an méid is fiú muid.
Níl luach leithpighne istigh ná amuigh againn, nach bhfuil míllte acab.
TUILLEADH (7) ▼
Is beag atá istigh ná amuigh aige anois, nach bhfuil a' droch-bhail curtha aige air.
Níl bonn bán aige anois. Tá a raibh istigh a's amuigh aige, caithte leis a' dlighe sin = troscán, airgead, talamh, eallach etc.
Tá 'bhfuil istigh a's amuigh aice canndáilte anois.
Níor fhága siad luach na cianóige istigh ná amuigh aige, nar itheadar nó nar chrapadar leo(b).
Ní íocfa a bhfuil istigh a's amuigh aige, a chuid fiacha.
B'éigin dó a raibh istigh a's amuigh aige a dhíol amach, mar bhí an beainnc a' teacht anuas air.
Is maith 'chuaidh sé as nach mb'éigin dó, a raibh istigh a's amuigh aige a dhíol amach.
4.
+–
Tá a chois (a láimh, a ghualainn, a ordóig etc) amuigh aige = curtha as áit; níl sé chomh dona le briseadh.
Ní liúnta (leonta) atá do chois chor a' bith, ach amuigh.
TUILLEADH (6) ▼
Má tá do chois amuigh, ní mór dhuit a dhul (ch)uig fear cnámh, le na deasughadh dhuit.
Má tá do rúitín amuigh, is fhearr dhuit a dhul roímpe in am.
Mo chuid tubaiste leis, tá m'alt amuigh a(gh)am leis.
Rugthas ar mo chois sa strapa, agus tá faitchios orm, mara bhfuil ag Dia, go bhfuil sí amuigh.
Tá a shlinneán amuigh aige.
Má's amuigh atá sí nó nach h-eadh, níl aon-ghoir aige a mheadhchan a leigean uirre fós.
+–
Tá a lúth amuigh aige, ag obair (tá a thóin amuigh ag obair)
Beidh a lúth amuigh, shul (dh)á bheidheas an garraidhe siúd thuas curtha aige.
TUILLEADH (4) ▼
Má mhaireann dó, ar a' bhforú sin, beidh a lúth amuigh, shul (dh)á bheidheas sé críochnuighthe.
Tá a sceadamán amuigh aige, ag obair (sceadamán = muinéal)
Tá mo sceadamán amuigh agam a' sleághdóireacht ó mhaidin.
Is mó a d'fheilfeadh néal chodlata dhom, ná damh(n)sa — fear a bhfuil a sceadamán amuigh aige, a' deanamh bóthair le seachtmhain.
+–
Tá a thóin amuigh le olc = an-olc air.
Bíodh a thóin amuigh, má thogruigheann sé = bíodh olc nó stuaic air, má's breagh leis é.
TUILLEADH (2) ▼
Tá a thóin seo thíos amuigh aríst, agus gan fhios cé'n fáth
Níl aon-lá dhá n-eirigheann uirre sin, nach hé a tóin atá amuigh. Tá sí ro-stuacach ar fad.
5.
a.
Bonn amuigh: nuair a bhíos cluithche thart i gcártaí, bíonn an bonn amuigh (féach bonn "istigh").
+–
Bonn amuigh é = tá'n cluithche sin thart.
Chreidim gur bun amuigh é.
TUILLEADH (6) ▼
Ní féidir go bhfuil an bun amuigh fós = ní féidir gur bun amuigh é.
Marach do chuid ciotaighle-sa, ní bun amuigh bheadh ann.
Cé'n comhaire(amh) é, nó'n bun amuigh é?
Sin é bhfuil de chomhaire(amh) air — is bun amuigh é.
Dhá leanainn do chuileata-sa, ní bun amuigh 'bheadh ann.
Dhá mbeadh an oiread de'n ádh orm, a's nach gcuirfinn isteach fút, ní bheadh an bun amuigh.
·
Bhfuil sibse amuigh = 'bhfuil sib cluithche?
Chreidim go bhfuil sib ionann's amuigh = beagnach cluithche.
b.
·
Tá'n samhradh ionann's amuigh = indáil le caithte.
Faoi cheann coicís' eile, beidh an t-Earrach amuigh.
6.
·
Láimh istigh agus láimh amuigh (féach istigh).
amuigh in iontrálacha eile (50+)
→
faiteach
Airíonn an girria sin nach bhfuil aon-chú agamsa. Deirimse leat dhá mbeadh go mbeadh sé faiteach thairis sin. Agus deir tú liom go raibh sé amuigh i nGarraí na h-Iothlann. Sách gar do na tithe a mhaisce. Gabhfaidh scaol annsin gan mórán achair muis má mhairimse.
+
→
faitíos
Beidh tú amuigh nó go gcuirthear faitíos ort! Nach bhfuil a fhios agad go bhfuil an bóithrín sin síos sidhiúil, fuagraíomuid deá-chomharsanacht orra, agus síochán barainneach inniu Dé Máirt!
TUILLEADH (1) ▼
Ná fág an seaicéad sin leis an tine ar fhaitíos na heirimisce. Ghabhfadh na cait sin ag macnas leis ar an bpuinnte, agus ní chomhnóidís go strachlaídís isteach i gceartlár na coigilte é. Triomóidh sé amáireach amuigh ar an tom
→
fearacht
Tá tú báite go craiceann anois. Ba bheag a chiall thú agus fanacht amuigh faoin mbáistigh ' fhearacht siúd. ('fhearacht sin)
→
fiar
Cén diabhal ná deamhan a d'fhága an carr sin amuigh ar fiar ar an mbóithrín? An bhfeiceann sibh nach féidir le duine a dhul síos ná aníos aige?
→
fios
Níorbh fhearr liom ná fios mo shaoil, dhá mbeadh sé annseo. Tá imní orm faoi. Is fada liom amuigh é.
→
fliuch 2
Is fliche istigh ná amuigh é = déarfadh duine é a mbeadh a dhóthain ólta aige leis an rud sin a thabhairt len innseacht
Bhí mise amuigh annsin thiar lá agus bhuail mé cuisle eistrí gan aireachtáil. Thug mé scríb fútha agus thóig mé na céata aca leis an líon. Bhí báid eile fúm agus tarm agus gan a fhios aca a raibh siad ann chor ar bith. Dheamhan fios muise ná ag an bhfear fobhairne a bhí liom san mbád sílim. Thiocfá ar chuisle mar sin scaití
+
→
focal
An dá rud is géire amuigh: dealg láibe agus focal amadáin
TUILLEADH (1) ▼
Bhí sí ag tabhairt cor na bhfocal dó, agus go deimhin má bhí fhéin, sí atá deas air. Diabhal bréag nach bhfuil! Ach cá bhfágfadh sí é? Inín Ú. Bh. Níor fhága sí dual ná slis amuigh
→
freagair
Tá stoiricín ag freagairt amuigh i lár na locha, agus choinnigh sé greim uirri sin nó gur tháinig cúnamh a thug isteach é
Bhí sé cho maith dom a bheith caite amach i bpoll an tslugaide annsin amuigh, ar scáth a bhfuair mé de fhreagairt. Dheamhan a shúil. Tháinig mac siúáin faoi dheireadh. Dúirt mé liom féin annsin go raibh sé in am a bheith ag glionndáil as
Thosaigh an capall ag fuiléimneach agus ag fiodarinnce ar fud an gharraí cho luath agus a chuir mé isteach an bhearna í. Dheamhan a leithide de mhacnas! Shílfeá nach bhfaca sí an áit amuigh cheana le mí. Neart díomhaontais!
→
fágtha
Ní fhaca tú aonduine ariamh ba fágha a bhí an oíche sin ná mise. Bhí mé amuigh i lár an chriathraigh bháite, an oíche cho dubh le pic, agus mar bharr ar an dathúlacht an t-ocras ag teannadh liom. Shíl mé nach ndéanfainn eólas choíchin as.
→
fáinneog
Bhí maingíní agus bagáistí aige is chuile áit ar an gcarr, más amuigh ar an bhfáinneóig fhéin é. Tá mé ag ceapadh gur beag a d'fhága sé in a dhiaidh ag an teach chor ar bith agus an chaoi a raibh an carr foirghe.
Tá an t-asal seo amuigh ag fáinneóireacht aríst, th'éis a bhfuil de cheangal air. Droch-rath go deó air! Ní choinneóidh aon-gharraí san tír é = ag dul thart le na claidheachaí ag súil go bhfaigheadh sé deis nó bealach amach in áit eicínt.
→
fáinnigh
Chaitheadh muid a bheith amuigh leis an réalt an t-am sin. Is minic a chonnaic mé an lá ag fáinniú agus mé ag baint fhátaí tigh Mh. M'anam gur minic a bhí ceathair nó cúig de shúileogaí bainte agam roimh mo bhricfeasta. Nar bh'olc an saol é sin!
→
fánach
Bhí cruach mhóna amuigh ar an mbóthar agam anuiridh agus d'imigh sí go fánach. Goideadh dhá chuid di orm
→
fíóg
Dhá bhfaghainn glac fhíógaí le rópaí a chur ar na cocaí féir sin amuigh! Ba cheart go mbeadh dalladh aca thuas i mbarr an bhaile agadsa
→
cadhail
Go bhféacha Dia ar aon-chréatúr atá amuigh anocht. Saothrócha siad é, a's an chaoi 'bhfuil sé a' caidhleadh sneachta.
→
caidhl
Feicfe tú an chaidhl chloch a rinne mé taobh amuigh ar a' dúrlaing, a's níl ort ach do láimh a sháthadh isteach faoi'n gclaidhe ar a' n-aghaidh, a's gheobha tú an scian annsin.
→
carcair
Dhá mbeitheá amuigh ar a' gcriathrach ar maidin, d'aithneochthá an áit a mbeadh carcair ghiumhasaighe arae ní bhíonn deoir drúchta as a cionn. Nach (h-)aisteach a' t-adhmad í! (Sin é adeirtear).
Gnaitheach maith é. Dhá mbeadh giotamáil ná cipiléaracht a' bith le déanamh timcheall a' tighe, dhéanfadh sé é, ach maidir le obair amuigh is mó a bheadh sé in do bhealach.
→
cleite
Má chloisimse mórán eile sceaimhínteacht' agad, béarfa mé ort idir chorp chleite agus sciathán, a's buailfe mé do smut amuigh faoi'n tsráid.
+
Is beag a' mhaith dhaoib a dhul a' dréim leis sin, le clo(ich) phuis. Tá sé amuigh go fada.
TUILLEADH (1) ▼
Mara bhfuil mé amuigh, tá do mharc-sa crínnte agam ar chuma ar bith. Bígí 'fáiráilte' nó sin eirigidh as a' gcloich-phuis! = mara bhfuil do mharc-sa scoithte agam, tá mé chomh fada leis ar aon-chor. Tugaigidh cothrom uaib, nó eirigidh as a' gcaitheamh ar fad.
Sí'n ghráinneog an beithidheach is coilgnighe amuigh. Tuige nach bhfaca tú 'riamh na briogadáin ghéara atá uirre? Tá siad chomh géar le snáthadaí.
+
Th'éis a' méid sin, ghlan leis as New York, a's chuaidh sé amach i gceann eicínt de na státaí coimhightheacha atá in iargcúil Mheriocá, a's níor fritheadh scéal ná scuan uaidh tí (ní) ba mhó. 'Chuile sheans gur cailleadh ann amuigh é.
TUILLEADH (1) ▼
Leabharsa is olc an uair ag cur í. Tá sí ro-choimhightheach. 'Bhfeiceann tú dasachaí (gasachaí) réabtha as a lúdrachaí ag an ropadh seo? Mara n-eirighe sé as a' mbáisti(gh) is gearr gur dubhachan a fheicfeas tú amuigh as éadan. Ach mar sin fhéin, ní hé an gairbhshion seo is measa aige. Ba mheasa go mór uair mharbhánta, mhoirteamhail.
Bhí coinicéar de chailligh mhóir as Conamara gróigthe thíos ar a' teallach ann, a's í 'cur púir thobac go dorus dúinte. Is mé a bhí in a dhiaidh uirre, arae bhí mo theanga bheag amuigh d'uireasbha gail an uair chéadna.
Bheadh fhios ag aon-duine beo gurb é a ghoid an coirce. Nach bhfuil a chosamhlacht le na chois! Cé eile a mbeadh fhios aige go raibh an mála sin amuigh sa scioból, a's gur indé roimhe sin a chuir mé ann é?
Deir na sean-anndúirí gurb iad an dá rud is siúráilte amuigh Comhar na gComharsan a's Cothromacan Síne na h-Uaire. Well, níl locht a' bith ar Chothromacan Síne na h-Uaire, ach 'sé mo mheas go bhfuil Comhar na gComharsan caithte in aer. D'fheicinnse le mo linn fhéin iad, a's dheamhan ceann oibre dhá mbeitheá a dhéanamh — crapadh an fhoghmhair, a' baint mhóna, ná 'bualadh coirce — nach mbeadh daoine sa mbealach ar a chéile a chongnamh dhuit. Ach dheamhan méitheal a d'fheicfeá in aon-áit anois. Caitheadh an obair sin igcártaí. 'Sé do chloch-neart é, scurach a fhaghail a leigfeadh súgán dhuit, tada leis.
Ar chuala tú faoi'n mbráthair údan ar tháinic a' codladh céadtach air, a's é ag éisteacht leis an éinín ar a' gcraoibh taobh amuigh dhá fhuinneoig?
+
→
cíos
Tá riaráistí cíosa amuigh air.
TUILLEADH (2) ▼
Chuaidh an t-éadach leapthan sa gcíos, an uair a bhí an báille amuigh go deireannach aice.
'San am a raibh an cíos cléire amuigh, chaitheadh na daoine an ministéara 's an sagart a íoc chomh maith le chéile.
→
cóipís
Dheamhan grásta a' bith ar fhéin ná ar a chuid cóipíse annseo. Dá bhfanadh sé amuigh le na ló, ní chuirfí aon-fhios air, ná cuid de chur.
→
abhaile
Níor thug tú abhaile leat, go bhféadfá aon-cheo a chasadh liomsa. Dream gnaoidheamhail, amuigh a's imbaile, iad mo mhuinntear-sa, ní hé sin do lucht na bhfaochan, a's na mine buidhe é.
+
→
baile
Níl sé le faghail amuigh ná i mbaile = in aon áit.
TUILLEADH (2) ▼
Níl a thuairisc amuigh ná i mbaile.
Ní bhfuair mé amuigh ná i mbaile ariamh ó shoin é.