amuigh
1.
a.
+–
Nach bhfuil a gceart acub fhéin ann le freastal don áit amuigh — do chúrsaí na talún srl., chuile chúrsaí ach cúrsaí tí.
Fág an obair amuigh fúthub féin — 'siad is lú a aireos í — fág obair na talún srl. fúthu fhéin, ní aireoidh siad chomh mór leatsa í (fc. isteach)
TUILLEADH (5) ▼
Tá Seán amuigh in éadan a ghnaithe.
Is moch ar maidin atá tú amuigh.
Ní bhíonn sé amuigh go mbíonn an lá caite.
Bí amuigh más leat a bheith in am — bí ag imeacht srl.
Beidh tú luath go leor amuigh (ag obair). Is iomaí oíche sa teampall orainn!
+–
Is gearr amuigh thú — ní i bhfad atá tú imithe.
Nach fada amuigh é seo — nach fada atá sé imithe.
TUILLEADH (16) ▼
Má bhíonn sé mórán achair eile amuigh, ní fhanfaidh mise leis, ná cuid d'fhanacht.
Bhí mé amuigh domhain san oíche aréir.
Bíonn sé sin amuigh ó oíche go maidin.
Chaitheadh sé amuigh ó oíche go maidin.
Níor cheart do dhuine a bheith amuigh in am mharfa na hoíche.
Céard a choinnigh amuigh chomh fada seo thú.
Tá sé amuigh óna theach agus óna pháistí.
Cáide a bheas tú amuigh meas tú?
Shílfeá nach mbeadh Críostaí ar bith amuigh an tráth sin d'oíche.
Is aisteach an tráth é do dhuine ar bith a bheith amuigh.
Nach deireanach a bhí tú amuigh.
Ní ligfeadh an faitíos dhomsa a bheith amuigh chomh deireanach sin.
Ní bheadh a fhios agat céard a bheadh amuigh an tráth sin d'oíche.
Tá an ceann seo (an duine seo) amuigh ó tháinig oíche, agus dheamhan amharc a chonaic muid fós air.
Is mór an t-ionadh nár fhan tú amuigh ar fad ó d'fhan tú an fhad seo.
'Sé an buachaill báire sin ag S. Sh. a choinnigh amuigh é go raibh an oíche caite thar droim.
+–
Tá sé amuigh (imithe amach) faoin tír (faoin tuaith) — ón mbaile mór
Tá sé amuigh ar an Achréidh inniu — fear as an mbaile mór nó fear a bheadh ina chónaí sa mbaile mór.
TUILLEADH (5) ▼
Chaith sé dhá bhliain amuigh sa gcogadh
Tá bád amuigh ar an bhfarraige.
Bhí an bád amuigh ar an domhain.
Bhí siad ag iascach amuigh ar an meath mhóir (áit sa bhfarraige)
Bhí mé amuigh ar meath inné — bhí mé ag iascach ar an bhfarraige i mbád inné
+–
Chonaic mé caoirigh cuideáin eicínt amuigh i mbarr an bhaile inniu.
Amuigh i gContae an Chláir a tharla an scéal sin — thall srl.
TUILLEADH (3) ▼
Bhí sé amuigh uileag go léir ar an sliabh — an-fhada amach nó i bhfad ó láthair ar an sliabh
Tá an bád amuigh uileag go léir ar an bhfarraige.
Bhí A. amuigh sa mbriseadh — sa troid mhóir (cath)
+–
Ar an loch amuigh a dhéananns siad é — tá dhá loch i gceist an loch istigh agus an loch amuigh — an loch íochtair agus uachtair — an loch uachtair atá i gceist anseo
Is fada ón mbaile íochtair an teach amuigh
TUILLEADH (2) ▼
Tá sé amuigh sa teach dóite inniu.
Fear ón áit amuigh (ón taobh ó thuaidh) a bhí dhá inseacht dom ar aonach an Chroisín inniu.
+–
Bhí sé thiar amuigh ar fad — an-fhada siar.
Tá an gamhain thiar amuigh ar an gcnocán — an-fhada siar ar an gcnocán
TUILLEADH (5) ▼
Tá sé ag baint mhóna thuas amuigh ar an easca i mbliana — an-fhada suas ar an easca (fc. easca)
Bhí sé ag obair thíos amuigh sa ngarraí agus níor chuala sé mo bhail ó Dhia.
Tá sé ag útamáil leis thoir amuigh le claí ó inné.
Thuas amuigh i Seanadh Mhóinín atá sé ó mhaidin.
Bain do shúil dhe anois muis, mar tá sé thíos amuigh le cladach.
+–
Níl aon deoir amuigh nach bhfuil istigh — teach a mbeadh báisteach anuas ann; droch éadaigh nó drochbhróig
Is fearr amuigh ná istigh an t-ualach sin.
TUILLEADH (2) ▼
Dhá bhfaighinn an méid seo amuigh, bheadh liom.
Níl aon cheo istigh nach bhfuil amuigh nuair a bheas aon deoir caite aige — insíonn sé a mbíonn ina bholg nuair a bhíos aon deoir ólta aige (fc. istigh)
b.
+–
Cén chaoi a bhfuil siad sa teach seo amuigh — sa teach seo in aice linn nó ar aon tsráid linn.
An bhfuil mórán ar cuairt anseo amuigh anocht — sa teach seo amuigh, nó in aice linn
TUILLEADH (12) ▼
Cé hé an strainséara a bhí anseo amuigh aréir?
Fan as seo amuigh nó is donaithe a bheas tú — fan as an teach seo amuigh nó fágfar éalang ort ann
Ná téirigh isteach go dtí iad seo amuigh dubh bán ná dubh buí — ná téirigh isteach go dtí muintir an tí seo amuigh chor ar bith
Nach mór a chaithfeá a dhul isteach go dtí iad seo amuigh.
Fan glan ar an dream (ar an muintir srl.) seo amuigh — na daoine sa teach is gaire dhúinn, nó na daoine atá ar an tsráid srl.
Tá an áit (teach srl.) amuigh ina rachlas — tá achrann nó éirí in airde ar an tsráid nó sa teach atá in aice linn.
Is fada amach uathub seo amuigh a choinnigh sé le fada.
Ná trácht chor ar bith orthub seo amuigh.
Ná labhair chor ar bith leob seo amuigh.
An ndeachaigh siad seo amuigh a chodladh fós — an teach seo amuigh.
An mbeidh an mhuintear seo amuigh ag dul ar an aonach amárach.
Bhí sé seo amuigh ag brath ar é a ionsaí murach gur chuir mise foighid ann.
+–
Feicim francach amuigh ansiúd amuigh ag an gclaí
An dtugann tú aon cheo faoi deara amuigh ansiúd amuigh — amuigh údan
TUILLEADH (2) ▼
Tá mar a bheadh cumraíocht duine amuigh údan
Céard atá amuigh údan? — céard atá amuigh ansiúd
c.
·
Tá sé sásta anois, ach an méid sin a bheith amuigh aige — ráite
Nuair a fuair sé an méid sin cainte amuigh, níor tháinig druid uaidh aríst i gcaithe(amh) na hoíche.
·
Tá baslógaí amuigh acu cheana (síol fataí)
·
Ná feicimse do theanga amuigh agat níos mó nó beidh mé ag gabháil ort an fhad is gheobhas mé teas in do chraiceann.
Bhí a theanga bheag amuigh aige leis an tart.
d.
+–
An bhfuil carnán na duirlinge amuigh fós agat — tugtha go dtí na páirceannaí atá le leasú
Tá sé in am agat an ghlaicín fheamainne sin a bheith amuigh agat feasta.
TUILLEADH (5) ▼
An bhfuil aon bhaol ort an carn aoiligh thiar a bheith amuigh agat fós.
Bhí an t-aoileach amuigh, ach ní raibh sé scartha.
An bhfuil aon iarracht ar an móin a bheith amuigh agat — aon bhaol í a bheith tarlaithe den phortach
Cáide go mbí an lagpholl amuigh agaibh.
Ba cheart go mbeadh an bruach amuigh inniu nó amárach.
2.
+–
Níl aon bheithíoch amuigh is oilce ná an easóg (easóig go hiondúil) — níl aon bheithíoch ann, nó beo, is oilbhéasaí ná í.
Níl aon bhean amuigh is íogaire ná í — ann, beo
TUILLEADH (19) ▼
Níl aon deoch amuigh is fhearr ná an t-uisce nuair a bheas duine ina chall.
Níl aon obair amuigh ab fhearr liom ná an gréasaíocht dhá mbeadh mo roghain agam (roghain = rogha. I bhfocla den tsórt seo, tá an tuiseal tabharthach in áit an tuisil ainmnigh agus ní cloistear an tuiseal ainmneach anois ach i gcorrleagan seasta — "togha agus rogha na tíre". Chuidigh an fhilíocht go mór leis an athrú seo — "is tú mo rogha(in) thar mhná an domhain" agus leaganachaí dá samhail)
Níl aon ól amuigh is fhearr ná an poitín, abraíodh a rogha duine a rogha rud.
Thógfainn í thar aon obair amuigh — thógfainn í chun tosaigh ar aon obair; 'sí an obair í ab fhearr liom
Ní miste liom céard adéarfas aon duine — 'sé an sagart is gnaíúla amuigh é.
'Sí an toirneach an tsíon is measa amuigh.
Níl aon bhád amuigh is fhearr ná an chorrach mar tá curachóirí oilte ina bun.
'Sí an cailín Domhnaigh an bhean is measa amuigh. Bíonn a cuid éadaigh Domhnaigh uirthi Domhnach is dálach chomh maith le chéile, agus ní bhíonn déantús maitheasa ar bith inti ach i gcónaí dhá gléas fhéin agus dhá déanamh fhéin suas (cur síos ar an gcailín Domhnaigh)
'Sé an sagart an fear is measa amuigh le aon chaidéis a chur air.
Thar aon bhean amuigh, ná cuir aon chaidéis choíchin ar bhaintreach. Bíonn drocheascainí aici. Is olc í eascainí baintrí.
'Sé an slaghdán an galra is gorálaí amuigh. Ní féidir é a chur amach as do chrioslaigh ó gheobhas sé greim uair amháin.
'Sé an slaghdán samhraidh an slaghdán is measa amuigh.
Níl aon leagan amuigh adeir siad, is measa ná leagan ó asal.
Farra an Mhárta an farra is measa amuigh — gaotalach
'Siad na daitheachaí an phian is measa amuigh, agus ní dhéantar trua ar bith don té a mbíonn siad air.
'Sé scéal Chéataigh an scéal is fhearr amuigh — níl aon ghair ag aon scéal eile dhár chuala mise ariamh air.
'Siad amhráin Raiftearaí na hamhráin is deise amuigh, dhá mbeadh an saol ag caint.
Níl aon earra amuigh inchinnte ar a an tae.
Faigh thusa beatha eile amuigh chomh maith le na fataí.
3.
a.
amuigh aige: le n-íoc leis.
+–
Tá go leor airgid amuigh ag na siopaí ar fud na tíre — tá go leor fiacha le n-íoc ag muintir na tíre le lucht na siopaí
Dhá bhfaigheadh sé isteach a bhfuil d'airgead amuigh aige, bheadh sé ina ridire — dhá n-íoctaí leis a bhfuil le n-íoc ag daoine leis, bheadh sé an-tsaibhir (fc. ridire)
TUILLEADH (21) ▼
Caitheadh sé sneachta ar lorg a bhfuil amuigh aige ansin siar — ní fheicfidh sé aon phínn go brách dhá bhfuil le n-íoc leis ag muintir na háite sin siar.
Má tá airgead amuigh aige air sin, baineadh sé a shúil de.
D'fhéadfadh sé foireann nua a chur isteach lena bhfuil amuigh aige, ach drochsheans go bhfeicfidh sé mórán go brách dhe (fc. foireann)
Tá cuid mhaith amuigh aige nach bhfeicfidh sé go sleibhe.
Má tá rud amuigh aige ar an saol seo, déanfaidh sé dhá uireasa — ní íocfar leis é; níl na daoine in ann a gcuid fiacha a íoc
Tá go leor fiacha amuigh ag lucht siopaí anois agus níl a fhios agam cén chaoi a n-íocfar iad — níl a fhios sin.
Ní ormsa is mó atá rud amuigh aige.
Mura mbeadh amuigh aige ach a bhfuil amuigh aige orainne, ní bheadh mórán údair clamhsáin aige.
Tá cuid mhaith amuigh aige, de bharr mine (plúir), nach bhfuil na daoine in ann a íoc.
Cuirfidh sé próiseannaí amach go gairid faoina bhfuil amuigh aige (próiseannaí = processes)
Bainfidh sé chuile phínn ariamh dhá bhfuil amuigh aige amach má chuireann sé próiseannaí amach.
Chuala mé go raibh próiseannaí le cur amach ag an Land Commission faoi na riaráistí atá amuigh acub.
Tá an t-airleacan caite anois aige mura n-íoca sé a bhfuil amuigh ag an mbainc air.
Tá cuid mhaith riaráistí amuigh ag lucht an airgid acraí — tá cuid mhaith fuílleach airgid acraí le n-íoc le lucht an airgid acraí.
Is drochdhíolaí é nár íoc ariamh a raibh amuigh ag J. air — ní raibh aon rath leis ag íocaíocht nuair nár íoc sé a raibh ag dul do J. uaidh.
Tá an dá phunt sin ag gabháil domsa — is fada amuigh agam iad.
Tá dhá lá oibre amuigh agam air — agus is dóigh nach bhfeicfidh mé aon phínn go brách ar a shon.
Tá luach an fhéir amuigh fós.
B'fhearr dhó a bhfuil amuigh ag an mbainc air a íoc amach ar aon láimh amháin agus gan a bheith ag sceidínteacht leis.
Tá an méid sin airgid amuigh agam le dul chun chúig bhliana agus níl mé ag fáil saoradh ná séanadh faoi.
Is fada fiannach an punt sin amuigh. Tá mé réidh leis déarfainn.
+–
Is fada an méid sin amuigh aige — nuair a buailfí duine déarfaí seo lena chur i gcéill go mba mhaith an oidhe a bhuailte é, nó go raibh an bualadh tuillte aige.
Tuilleadh ghéar den diabhal aige. Is fada an méid sin amuigh aige — is fada a theastaigh an méid sin buailte nó guaime uaidh.
TUILLEADH (2) ▼
Is maith a rinne tú é, greadadh maith a thabhairt dó ó fuair tú faoi do neart é mar is fada an méid sin amuigh aige fhéin.
Níl trua ar bith agamsa do Ph. mar is fada an bualadh sin amuigh aige — is fada sin.
+–
Ní féidir go bhfuil an punt amuigh uileag agat! — caite, nó íoctha ar earraithe
Má tá a bhfuair tú amuigh anois agat, ní bhfaighidh tú níos mó mar níl sé ann.
TUILLEADH (1) ▼
Is beag an dochar dhuit náire bheith ort, má tá an méid sin airgid amuigh agat ó mhaidin inniu agus gan tada agat dhá bharr.
b.
amuigh air: le n-íoc aige.
+–
Tá cuid mhaith amuigh orm anois agus gan aon tseifte ó neamh agam lena íoc — tá cuid mhaith fiacha orm agus gan aon tslí agam lena n-íoc
Níl amuigh orm anois ach cupla punt agus b'fhéidir go mbeinn in ann é a íoc as seo go ceann ráithe, in aice chúnamh Dé.
TUILLEADH (20) ▼
Más sin é a bhfuil amuigh ort, ní cás duit é. Féacha mise a bhfuil deich bpunt amuigh orm, agus gan slí dhár dhealbh an ghrian agam lena íoc.
Tá an oiread amuigh orm tigh J. F. agus níl aon ghair agam athrú as go n-íoca mé roinnt dhe.
Ní thabharfainnse luach leithphínne as murach a bhfuil amuigh orm ann.
Caithfidh tú a bheith spleách léithe, lá is go bhfuil airgead amuigh ort ann.
Caithfidh mé rud ar bith is breá leis a chaitheamh agam a ghlacadh faoi go bhfuil fiacha amuigh orm ann.
Dheamhan ab é an oiread sin tráchta a gheobhadh sé uaimse murach a bhfuil amuigh orm ina shiopa.
Deir tú leis adúirt liom go dtabharfadh sé go dtí Lá Samhna dhom lena bhfuil amuigh orm aige a íoc.
Sin é an lá cairde atá agam anois le na fiacha atá amuigh orm a íoc.
Mura mbí na riaráistí atá amuigh orainn glanta againn roimhe Lá Bealtaine, dheamhan ar dóichidí cleas dhóibh ná próiseannaí a tharraingt orainn.
Tá cúnamh maith glanadh agam ar an leabhar anois ach tá riar eicínt amuigh orm fós (leabhar fiacha an tsiopadóra)
Tá sí sin báite i bhfiacha: tá rud amuigh ag chuile shiopadóir sa tír uirthi.
Tá luach an chulaith sin amuigh fós orm agus is gearr go leanfar mé mar gheall uirthi — go gcuirfear tréas orm
Níor chuir J. aon tréas fós orm faoina bhfuil amuigh orm ann.
Is mór m'fhaitíos gur gearr go leantar muid anois faoi luach an leasú atá amuigh orainn.
Tá sé chomh maith againn éirí as an tógáil go n-íoca muid a bhfuil amuigh orainn i dtosach.
Caithfidh sé go bhfuil pínn mhaith amuigh air anois mar tá sé ag tógáil as éadan ón Nollaig seo ghabh thart.
Ní fheicfidh sé íoctha a bhfuil amuigh air choíchin, hé brí (pé ar bith) cén chaoi ar éirigh leis an oiread sin trust a fháil.
Dúirt sé nach dtrustfadh sé mé faoi níos mó a thabhairt dom go n-íocainn cuid dhá raibh amuigh orm chun tosaigh.
Nach fada a ligeadh leis agus a raibh amuigh air.
Mura dtaga aon athrú ar an saol, cinnfidh orainn leath dhá bhfuil amuigh orainn a ghlanadh.
c.
+–
Tá a bhfuil istigh is amuigh againn caite leis, agus níl sé ag déanamh aon mhaith ina dhiaidh sin — a bhfuil de mhaoin agus d'áirge againn; an méid is fiú muid.
Níl luach leithpínne istigh ná amuigh againn nach bhfuil millte acub.
TUILLEADH (7) ▼
Is beag atá istigh ná amuigh aige anois nach bhfuil an drochbhail curtha aige air.
Níl bonn bán aige anois. Tá a raibh istigh is amuigh aige caite leis an dlí sin — troscán, airgead, talamh, eallach srl.
Tá a bhfuil istigh is amuigh aici cantáilte anois.
Níor fhága siad luach na cianóige istigh ná amuigh aige nár itheadar nó nár chrapadar leob.
Ní íocfaidh a bhfuil istigh is amuigh aige a chuid fiacha.
B'éigean dó a raibh istigh is amuigh aige a dhíol amach, mar bhí an bainc ag teacht anuas air.
Is maith a chuaigh sé as nach mb'éigean dó a raibh istigh is amuigh aige a dhíol amach.
4.
+–
Tá a chois (a láimh, a ghualainn, a ordóig srl.) amuigh aige — curtha as áit; níl sé chomh dona le briseadh.
Ní liúnta (leonta) atá do chois chor ar bith ach amuigh.
TUILLEADH (6) ▼
Má tá do chois amuigh, ní mór dhuit a dhul chuig fear cnámh lena deasú dhuit.
Má tá do rúitín amuigh, is fhearr dhuit a dhul roimpi in am.
Mo chuid tubaiste leis, tá m'alt amuigh agam leis.
Rugthas ar mo chois sa strapa agus tá faitíos orm, mura bhfuil ag Dia, go bhfuil sí amuigh.
Tá a shlinneán amuigh aige.
Más amuigh atá sí nó nach ea, níl aon ghair aige a mheáchan a ligean uirthi fós.
+–
Tá a lúth amuigh aige ag obair (tá a thóin amuigh ag obair)
Beidh a lúth amuigh shula bheas an garraí siúd thuas curtha aige.
TUILLEADH (4) ▼
Má mhaireann dó ar an bhfurú sin, beidh a lúth amuigh shula bheas sé críochnaithe.
Tá a sceadamán amuigh aige ag obair (sceadamán = muineál)
Tá mo sceadamán amuigh agam ag sleádóireacht ó mhaidin.
Is mó a d'fheilfeadh néal chodlata dhom ná damh(n)sa — fear a bhfuil a sceadamán amuigh aige ag déanamh bóthair le seachtain.
+–
Tá a thóin amuigh le olc — an-olc air.
Bíodh a thóin amuigh má thograíonn sé — bíodh olc nó stuaic air más breá leis é.
TUILLEADH (2) ▼
Tá a thóin seo thíos amuigh aríst agus gan fhios cén fáth
Níl aon lá dhá n-éiríonn uirthi sin nach é a tóin atá amuigh. Tá sí róstuacach ar fad.
5.
a.
bun amuigh: nuair a bhíos cluiche thart i gcártaí, bíonn an bun amuigh (fc. bun istigh).
+–
Bun amuigh é — tá an cluiche sin thart
Chreidim gur bun amuigh é.
TUILLEADH (6) ▼
Ní féidir go bhfuil an bun amuigh fós — ní féidir gur bun amuigh é.
Murach do chuid ciotaíolasa, ní bun amuigh bheadh ann.
Cén comhaireamh é nó an bun amuigh é?
Sin é a bhfuil de chomhaireamh air — is bun amuigh é.
Dhá leanainn do chuileatasa, ní bun amuigh a bheadh ann.
Dhá mbeadh an oiread den ádh orm agus nach gcuirfinn isteach fút, ní bheadh an bun amuigh.
·
An bhfuil sibhse amuigh — an bhfuil sibh cluiche?
Chreidim go bhfuil sibh ionann is amuigh — beagnach cluiche
b.
·
Tá an samhradh ionann is amuigh — i ndáil le caite
Faoi cheann coicíse eile, beidh an t-earrach amuigh.
6.
·
Láimh istigh agus láimh amuigh (fc. istigh)
amuigh in iontrálacha eile (50+)
→
faiteach
Airíonn an giorria sin nach bhfuil aon chú agamsa. Deirimse leat dhá mbeadh go mbeadh sé faiteach thairis sin. Agus deir tú liom go raibh sé amuigh i nGarraí na hIothlann. Sách gar do na tithe a mhaisce. Gabhfaidh scaoll ansin gan mórán achair muis má mhairimse.
+
→
faitíos
Beidh tú amuigh nó go gcuirtear faitíos ort! Nach bhfuil a fhios agat go bhfuil an bóithrín sin síos síúil, fuagraí muid dea-chomharsanacht orthu, agus síocháin barainneach inniu Dé Máirt!
TUILLEADH (1) ▼
Ná fág an seaicéad sin leis an tine ar fhaitíos na heirimisce. Ghabhfadh na cait sin ag macnas leis ar an bpointe, agus ní chónóidís go streachlaídís isteach i gceartlár na coigilte é. Triomóidh sé amárach amuigh ar an tom
→
fearacht
Tá tú báite go craiceann anois. Ba bheag a chiall thú agus fanacht amuigh faoin mbáistigh, a fhearacht siúd (a fhearacht sin)
→
fiar
Cén diabhal ná deamhan a d'fhága an carr sin amuigh ar fiar ar an mbóithrín? An bhfeiceann sibh nach féidir le duine a dhul síos ná aníos aige?
→
fios
Níorbh fhearr liom ná fios mo shaoil, dhá mbeadh sé anseo. Tá imní orm faoi. Is fada liom amuigh é.
→
fliuch 2
Is fliche istigh ná amuigh é — déarfadh duine é a mbeadh a dhóthain ólta aige leis an rud sin a thabhairt le n-inseacht
Bhí mise amuigh ansin thiar lá agus bhuail mé cuisle eistrí gan aireachtáil. Thug mé scríb fúthu agus thóg mé na céadta acu leis an líon. Bhí báid eile fúm is tarm agus gan a fhios acu a raibh siad ann chor ar bith. Dheamhan fios muise ná ag an bhfear fobhairne a bhí liom sa mbád sílim. Thiocfá ar chuisle mar sin scaití
+
→
focal
An dá rud is géire amuigh: dealg láibe agus focal amadáin
TUILLEADH (1) ▼
Bhí sí ag tabhairt cor na bhfocal dó, agus go deimhin má bhí fhéin, sí atá deas air. Diabhal bréag nach bhfuil! Ach cá bhfágfadh sí é? Inín Ú. Bh. Níor fhága sí dual ná slis amuigh
→
freagair
Tá stoiricín ag freagairt amuigh i lár na locha agus choinnigh sé greim uirthi sin nó gur tháinig cúnamh a thug isteach é
Bhí sé chomh maith dom a bheith caite amach i bpoll an tslogaide ansin amuigh ar scáth a bhfuair mé de fhreagairt. Dheamhan a shúil. Tháinig mac siobháin faoi dheireadh. Dúirt mé liom féin ansin go raibh sé in am a bheith ag gliondáil as
Thosaigh an capall ag foléimneach agus ag fiodrince ar fud an gharraí chomh luath agus a chuir mé isteach an bhearna í. Dheamhan a leithide de mhacnas! Shílfeá nach bhfaca sí an áit amuigh cheana le mí. Neart dhíomhaointis!
→
fágtha
Ní fhaca tú aon duine ariamh ba fágtha a bhí an oíche sin ná mise. Bhí mé amuigh i lár an chriathraigh bháite, an oíche chomh dubh le pic, agus mar bharr ar an dathúlacht an t-ocras ag teannadh liom. Shíl mé nach ndéanfainn eolas choíchin as.
→
fáinneog
Bhí maingíní agus bagáistí aige i chuile áit ar an gcarr, más amuigh ar an bhfáinneoig fhéin é. Tá mé ag ceapadh gur beag a d'fhága sé ina dhiaidh ag an teach chor ar bith agus an chaoi a raibh an carr foirgthe.
Tá an t-asal seo amuigh ag fáinneoireacht aríst, théis a bhfuil de cheangal air. Drochrath go deo air! Ní choinneoidh aon gharraí sa tír é — ag dul thart le na claíochaí ag súil go bhfaigheadh sé deis nó bealach amach in áit eicínt.
→
fáinnigh
Chaitheadh muid a bheith amuigh leis an réalt an t-am sin. Is minic a chonaic mé an lá ag fáinniú agus mé ag baint fhátaí tigh Mh. M'anam gur minic a bhí ceathair nó cúig de shúileogaí bainte agam roimh mo bhricfeasta. Nárbh olc an saol é sin!
→
fánach
Bhí cruach mhóna amuigh ar an mbóthar agam anuraidh agus d'imigh sí go fánach. Goideadh dhá chuid di orm
→
fíóg
Dhá bhfaighinn glac fhíógaí le rópaí a chur ar na cocaí féir sin amuigh! Ba cheart go mbeadh dalladh acu thuas i mbarr an bhaile agatsa
→
cadhail
Go bhféacha Dia ar aon chréatúr atá amuigh anocht. Saothróidh siad é agus an chaoi a bhfuil sé ag caidhleadh sneachta.
→
caidhl
Feicfidh tú an chaidhl chloch a rinne mé taobh amuigh ar an duirling agus níl ort ach do láimh a shá isteach faoin gclaí ar a n-aghaidh, agus gheobhaidh tú an scian ansin
→
carcair
Dhá mbeifeá amuigh ar an gcriathrach ar maidin d'aithneofá an áit a mbeadh carcair ghiúsaí arae ní bhíonn deoir drúchta os a cionn. Nach aisteach an t-adhmad í! (Sin é adeirtear)
An té atá ag plé le carraeireacht sna bólaí seo, beidh sé amuigh moch is deireanach.
Gnaitheach maith é. Dhá mbeadh giotamáil ná cipiléireacht ar bith le déanamh timpeall an tí, dhéanfadh sé é, ach maidir le obair amuigh is mó a bheadh sé in do bhealach.
→
cleite
Má chloisimse mórán eile sceaimhínteachta agat, béarfaidh mé ort idir chorp chleite is sciathán agus buailfidh mé do smut amuigh faoin tsráid.
+
Is beag an mhaith dhaoibh a dhul ag dréim leis sin, le cloich phuis. Tá sé amuigh go fada.
TUILLEADH (1) ▼
Mura bhfuil mé amuigh, tá do mharcsa crinnte agam ar chuma ar bith. Bígí fairáilte nó sin éirígí as an gcloich-phuis! — mura bhfuil do mharcsa scoite agam, tá mé chomh fada leis ar aon chor. Tugaigí cothrom uaibh, nó éirígí as an gcaitheamh ar fad.
'Sí an ghráinneog an beithíoch is coilgní amuigh. Tuige nach bhfaca tú ariamh na briogadáin ghéara atá uirthi? Tá siad chomh géar le snáthadaí.
+
Théis an méid sin, ghlan leis as New York agus chuaigh sé amach i gceann eicínt de na státaí coimhthíocha atá in iargúil Mheirceá, agus níor frítheadh scéal ná scuan uaidh tí (ní) ba mhó. Chuile sheans gur cailleadh ann amuigh é.
TUILLEADH (1) ▼
Leabharsa is olc an uair ag cur í. Tá sí róchoimhthíoch. An bhfeiceann tú dasachaí (gasachaí) réabtha as a lúdrachaí ag an ropadh seo? Mura n-éirí sé as an mbáistigh, is gearr gur dúchan a fheicfeas tú amuigh as éadan. Ach mar sin fhéin, ní hé an gairfean seo is measa aige. Ba mheasa go mór uair mharbhánta mhoirtiúil.
Bhí coinicéar de chailligh mhóir as Conamara gróigthe thíos ar an teallach ann, agus í ag cur púir thobac go doras dúnta. Is mé a bhí ina dhiaidh uirthi, arae bhí mo theanga bheag amuigh d'uireasa gail an uair chéanna.
Bheadh a fhios ag aon duine beo gurb é a ghoid an coirce. Nach bhfuil a chosúlacht lena chois! Cé eile a mbeadh a fhios aige go raibh an mála sin amuigh sa scioból, agus gur inné roimhe sin a chuir mé ann é?
Deir na seanfhondúirí gurb iad an dá rud is siúráilte amuigh comhar na gcomharsan agus cothromacan síne na huaire. Well, níl locht ar bith ar chothromacan síne na huaire, ach 'sé mo mheas go bhfuil comhar na gcomharsan caite in aer. D'fheicinnse le mo linn fhéin iad agus dheamhan ceann oibre dhá mbeifeá a dhéanamh — crapadh an fhómhair, ag baint mhóna, ná ag bualadh coirce — nach mbeadh daoine sa mbealach ar a chéile a chúnamh dhuit. Ach dheamhan meitheal a d'fheicfeá in aon áit anois. Caitheadh an obair sin i gcártaí. 'Sé do chlochneart é scorach a fháil a ligfeadh súgán dhuit, tada leis.
Ar chuala tú faoin mbráthair údan ar tháinig an codladh céatach air agus é ag éisteacht leis an éinín ar an gcraoibh taobh amuigh dhá fhuinneoig?
+
→
cíos
Tá riaráistí cíosa amuigh air.
TUILLEADH (2) ▼
Chuaigh an t-éadach leabthan sa gcíos, nuair a bhí an báille amuigh go deireanach aici.
San am a raibh an cíos cléire amuigh, chaitheadh na daoine an ministéara agus an sagart a íoc chomh maith le chéile.
→
cóipís
Dheamhan grásta ar bith ar fhéin ná ar a chuid cóipíse anseo. Dá bhfanadh sé amuigh lena ló, ní chuirfí aon fhios air, ná cuid de chur.
→
abhaile
Níor thug tú abhaile leat go bhféadfá aon cheo a chasadh liomsa. Dream gnaíúil, amuigh is i mbaile, iad mo mhuintearsa, ní hé sin do lucht na bhfaochan agus na mine buí é.
+
→
baile
Níl sé le fáil amuigh ná i mbaile — in aon áit.
TUILLEADH (2) ▼
Níl a thuairisc amuigh ná i mbaile.
Ní bhfuair mé amuigh ná i mbaile ariamh ó shin é.