→
amuigh
easca (30)
+
→
bealach
Níl sé inrásta ag an bhfia an bealach sin a shiúl amach sa ngeimhreadh, nuair a bhíonns dubhluachair na bliana ann agus an easca báite.
TUILLEADH (1) ▼
Is ait a chruthós siad má fhéadann siad bealach cairr a dhéanamh thríd an easca bháite údaí.
→
curásach
Bhí sé chomh maith dhó a dhul ag deargadh ar easca chriathraigh le dul ag deargadh ar an gcurásach siúd. Níl an tabhairt ann.
→
bruach
Bíonn an easca sin buntirim go maith sa samhradh. Well bheadh sí in araíocht í a shiúl. Ach sa ngeimhreadh, ní shiúlfadh an fia í. Bíonn na feadáin atá inti ag cur thar bruach (fc. feadáin)
Ar ndóigh má tá a chloigeann thuas ar thórainn T. na nU., níl a fhios cén buinneán criathraigh atá ann! Ach dheamhan mórán maitheasa cuid maith dhi — easca bhog bháite.
→
amuigh
Tá sé ag baint mhóna thuas amuigh ar an easca i mbliana — an-fhada suas ar an easca (fc. easca)
→
fia
Ní shiúlfaidh an fia an easca siúd théis na báistí seo. Níl ann ach go raibh sé in araíocht ag asal a dhul ann mar a bhí sé, ach ní ghabhfaidh an duine fhéin ann anois
Is fuarsceirdeach an áit é an portach ar an gcreatlach seo. Dhá mbeifeá thuas ar an easca siúd inniu, bhearrfadh an ghaoth seo thú ann. Tá mé craptha as, míle buíochas le Dia
→
dalba
Garraí dalba é sin. Bhí sé chomh maith dhuit a dhul amach i lár easca shléibhe agus tosaí dhá saothrú le bualadh faoin ngarraí sin. Théis ar chaith mé de dhúthracht leis dhá leasú, agus dhá shocrú agus dhá thriomú, chinn orm aon bharr slachtmhar a bhaint ariamh dó (de). Bheadh sé fliuch de do sheacht míle buíochas. Tá máithreach an uisce faoi
Is mó an deacracht an easca ná soir ar an gcruatan déarfainn (talamh crua). Ní fhéadfadh an easca sin gan a bheith deacair. Nach bhfuil sí ina bogeimhin
→
dealaigh
Tá madadh aige siúd agus dhealódh sé na caoirigh baineanna ó na reitheanna le iontú do bhoise. Dhealódh, dhá mbeadh míle caora ann. Chonaic mé dhá dhéanamh thuas i lár na heasca é
Má tá tú in ann do chosa a choinneáil tirim, scaithín eile, tá muid ionann is ag deireadh na heasca anseo
Corraigh amach. Ní mór dúinn an easca a bheith bailithe againn shul má théann an ghealach faoi. Tá sí ag diúltú dá solas anois féin. Is contúirt é an criathrach seo le cíocraí agus caochphoill. Fuair mé mo dhóthain cheana dhó …
Bhí an mhuintir suas an-mholtanach air sin nó gur phós sé an bhean seo. Sílim go bhfuil sí seo doghrainneach go leor. Measaim é. Níl gair ag gamhain ná ag caora a dhul ar a gcuid sléibhe nach bhfuil madraí saighdte iontu agus iad ruaigthe i dtigh deamhain. Agus bíonn sí dólámhach ag iarraidh ar an bhfear an sliabh a chosaint. Roimhe seo, ní chuirfeadh sé aon araoid go deo ar bheithíoch a chasfaí ann, ach m'anam nach é sin dó anois. Tá an-lear sléibhe acu ansiúd freisin: an domhan brách. Is beag a d'aireoidís corrbhearradh a ligean le muintir L., nach bhfuil acu ach dhá spreab ar easca
+
Cá'il an domhain atá san easca! An bhfeiceann tú é sin chor ar bith? — tá an easca an-domhain
TUILLEADH (2) ▼
Níl a fhios cén domhain atá sna portaigh sin. Portaigh easca. Chuaigh mise naoi mbarr cheana sa gcloigeann abhus de mo phortach féin, agus ní raibh tús ná deireadh leis
Má théann tú isteach i ndomhain na heasca sin, tá an tseamair Mhuire agat má fhéadann tú a theacht amach. Tá sí sin chomh bog le gruth fút
→
dáil
Tá a chuid portaigh i ndáil leis an easca. Go deimhin is drochphortaigh iad. Ní tada eile iad
→
dídean
Nuair a théimse ag cúirtéireacht, ní shásódh foscadh chor ar bith mé. Ní mór dom dídean a fháil chomh maith. Is breá an rud brat maith tuí easca os do chionn féin agus do ghearrchaile mná!
Bhí uainín meirbh anseo againn an bhliain cheana — díolúnach beag. Chaith sé cheithre mhí ag ithe as cúl a (ár) nglaice. Shílfeá nach mairfeadh sé ala an chloig an chéad uair. Uan fireann a bhí ann, agus níor cailleadh ariamh é. Ní dhéanfadh duine ar bith tada leis ach a chaitheamh amach. Ach dar príosta scinn sé amach leis an aimsir, agus rinne sé an-reithe. An reithe is fearr a bhí ariamh agam. Ní scarfainn leis ar chuid mhaith murach gur báitheadh é i gcaochpholl ansin thuas ar an easca anuraidh
→
díon 1
Cíb easca nó tuí sheagail: sin iad an díon. Maidir le tada eile níl an buanadas iontu. Nach diabhaltaí an t-aistir a bhíodh orainn fadó go G. na B. ag tarraingt cibé do N.: dhá tarraingt an t-achar sin lena (ár) ndroim. Is fada go ndéanfadh daoine anois é. Dheamhan é, dhá dtiteadh an teach in aon bhrúisc amháin ina mullach cheal dín
→
dúisigh
Dhúisigh muid giorria san easca — bhí sé ina luí nó ina chodladh, nó sínte ann, nó sa leaba dhearg, agus as go brách leis nuair a d'airigh sé muid
→
dúlaí
Nach dúlaí anois a bhí sé ag an bpíopa agus lá anseo an t-am nach raibh aon tobac le fáil in áit ar bith, gur bhuail sé suas trasna na heasca go B. Chuala sé ag duine eicínt — duine eicínt a bhí ag séideadh faoi ar ndóigh — go bhfuair J. Ph. punt tobac as Sasana. Dheamhan méir a bhain sé dhá shrón gur bhuail sé isteach aige idir chlár is chuinneoig. Is suarach an blas déarfainn a fuair J. Ph. air nuair a chuala sé céard a chas an bealach é, agus é féin ag imeacht agus an dúrúch céanna air cheal tobac
→
téigh do
Abair thusa do rogha rud. Dá mbeirtí é istigh i lár easca, níl a fhios aige cén chaoi le dhul do mhóin a bhaint. Beannacht Dé dhuit agus éist liom! Fear ar bith a tháinig ar an bportach le sluasaid i leaba sleáin, is mór atá a fhios aige faoi mhóin go deimhin!
Chuaigh sé thríd an easca (an abhainn, an lochán, an láib, an draoib, an clochar, an cur, an t-arbhar srl.) — siúl nó gluaiseacht thríthi