Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

easca (30)

+
Níl sé ionrásta ag a' bhfiadh an bealach sin a shiubhal amach sa ngeimhreadh, nuair a bhío(nn)s dubh-luachair na bliadhna ann, a's an easca báithte.
TUILLEADH (1) ▼
Is ait a chruthóchas siad, má fhéadann siad bealach cairr a dhéanamh thríd an easca bháidhte údaidh.
 
Bhí sé chomh maith dhó a dhul a' deargadh ar easca chriathraigh le dul a' deargadh ar a' gcurásach siúd. Níl a' tabhairt ann.
 
bruach
Bíonn an easca sin bun-tirm go maith sa samhradh. Well bheadh sí in araidheacht í 'shiubhal. Ach sa ngeimhreadh, ní shiubhailfeadh an fiadh í. Bíonn na fiodáin atá innte, a' cur thar bruach (féach fiodáin).
 
buail
Níl baoghal a' bith ort a dhul amudha, má leanann tú an casán atá buailte thríd an easca.
 
(D)ar ndóigh (ndú) má tá a chloigeann thuas ar thórainn T. na n-U. níl fhios cé'n buinneán criathraigh atá ann! Ach dheamhan mórán maitheasa cuid maith dhi — Easca bhog bháithte.
 
amuigh
Tá sé 'baint mhóna thuas amuigh ar an easca imbliadhna = an-fhada suas ar an easca (féach "easca").
 
fia
Ní shiúilfidh an fiadh an easca siúd th'éis na báistí seo. Níl ann ach go raibh sé in araíocht ag asal a dhul ann mar bhí sé, ach ní ghabhfaidh an duine fhéin ann anois
 
fuar 2
Cén talamh atá aige anois, fiafraím díot? Eascaí fuara agus cíocraí. Cáil an talamh cuir?
 
Is fuar-sceirdeach an áit é an portach ar an gcreatalach seo. Dhá mbeitheá thuas ar an easca siúd inniu, bheárrfadh an ghaoth seo thú ann. Tá mé crapha as, míle buíochas le Dia
 
dalba
Garrdha dalba é sin. Bhí sé cho maith dhuit a dhul amach i lár easca shléibhe agus tosuighe dhá saothrú le bualadh faoi'n ngarrdha sin. Th'éis ar chaith mé de dhúthracht leis dhá leasú, agus dhá shocrú agus dhá thriomú, chinn orm aon-bharr slachtar a bhaint ariamh dó (de). Bheadh sé fliuch de do sheacht míle buidheachas. Tá máithreach an uisce faoi
 
Is mó an deacracht an easca ná soir ar an gcruadhtan déarfainn (talamh cruadh). Ní fhéadfadh an easca sin gan a bheith deacair. Nach bhfuil sí in a bog-eibhinn
 
Tá madadh aige siúd agus dhealóchadh sé na caoirigh buineanna ó na réitheanna le ionntú do bhoise. Dhealóchadh, dhá mbeadh míle caora ann. Chonnaic mé dhá dhéanamh thuas i lár na h-easca é
 
de
Tá an easca taobh thiar de loch ar fad triomuithe anois
 
Má tá tú indon do chosa a choinneál tirm, scaithín eile, tá muid ionann agus ag deireadh na h-easca annseo
 
Corruigh amach. Ní mór duinn an easca a bheith bailighthe againn shul má theigheann an ghealach faoi. Tá sí ag diúltú dá solus anois féin. Is contabhairt é an criathrach seo le cíocraí agus caoch-phuill. Fuair mé mo dhóthain cheana dhó …
 
Bhí an mhuintir suas an-mholtanach air sin, nó gur phós sé an bhean seo. Sílim go bhfuil sí seo dórainneach go leor. Measaim é. Níl goir ag gamhain ná ag caora a dhul ar a gcuid sléibhe nach bhfuil madraí saghdtha ionnta agus iad ruaigthe idtigh deamhain. Agus bíonn sí dólámhach ag iarraidh ar an bhfear an sliabh a choisint. Roimhe seo ní chuirfeadh sé aon-araoid go deo ar bheithidheach a chasfaí ann, ach m'anam nach hé sin dó anois. Tá an-lear sléibhe aca annsiúd freisin: an domhan bráthach. Is beag a d'aireochaidís corr-bhearradh a leigean le Muintir L., nach bhfuil aca ach dhá spreab ar easca
+
domhain 1
Cá'il an domhainn atá is an easca! An bhfeiceann tú é sin chor ar bith? = tá an easca an-domhainn
TUILLEADH (2) ▼
Níl a fhios cé'n domhainn atá 'sna portaigh sin. Portaigh easca. Chuaidh mise naoi mbarr cheana 'sa gcloigeann i bhfus de mo phortach féin, agus ní raibh tús ná deireadh leis
Má theigheann tú isteach indomhainn na h-easca sin, tá an tseamair Mhuire agad, má fhéadann tú a theacht amach. Tá sí sin cho bog le gruth fút
 
dáil
Tá a chuid portaigh indáil leis an easca. Go deimhin is droch-phortaigh iad. Ní tada eile iad
 
'Nuair a theighimse ag cúirtéaracht, ní shásóchadh fascadh chor ar bith mé. Ní mór dom dídean a fháil cho maith. Is breagh an rud brat maith tuighe easca as do chionn féin agus do ghearrchaile mná!
 
Bhí uainín meirbh annseo againn an bhliain cheana — dialúnach beag. Chaith sé cheithre mhí ag ithe as cúl a' (ar) nglaice. Shílfeá nach mairfeadh sé ala an chluig an chéad uair. Uan fireann a bhí ann, agus níor cailleadh ariamh é. Ní dhéanfadh duine ar bith tada leis ach a chaitheamh amach. Ach dar príosta sceinn sé amach leis an aimsir, agus rinne sé an-réithe. An reithe is fearr a bhí ariamh agam. Ní scarfainn leis ar chuid mhaith marach gur báthadh é i gcaochpholl annsin thuas ar an easca anuiridh
 
díon 1
Cíb easca nó tuighe sheagail: sin iad an díon. Maidir le tada eile níl an buaineadas ionnta. Nach diabhaltaí an t-aistir a bhíodh orainn fadó go G. na B. ag tarraint cibé do N.: dhá tarraint an t-achar sin le na (n-ar) ndruím. Is fada go ndéanfadh daoine anois é. Dheamhan é, dhá dtuiteadh an teach in aon-bhrúisc amháin in a mullach cheal dín
 
Dhúisigh muid girrfhiadh 'san easca = bhí sé in a luighe nó in a chodladh, nó sínte ann, nó sa leabaidh dhearg, agus as go bráth leis nuair a d'airigh sé muid
 
Nach dúlaidhe anois a bhí sé ag an bpíopa agus lá annseo an t-am nach raibh aon-tobac le fáil in áit ar bith, gur bhuail sé suas treasna na h-easca go B. Chuala sé ag duine eicínt — duine eicínt a bhí ag séideadh faoi 'ar ndú — go bhfuair J. Ph. punt tobac as Sasana. Dheamhan méir a bhain sé dhá shrón gur bhuail sé isteach aige idir chlár agus chuinneoig. Is suarach an blas déarfainn a fuair J. Ph. air an uair a chuala sé céard a chas an bealach é, agus é féin ag imeacht agus an dúthruach céadna air cheal tobac
 
Abair thusa do rogha rud. Dá mbeirtí é istigh i lár easca, níl a fhios aige cé'n chaoi le dhul do mhóin a bhaint. Beannacht Dé dhuit agus éist liom! Fear ar bith a tháinic ar an bportach le sluasaid i leabaidh sleaghain, is mór atá a fhios aige faoi mhóin go deimhin!
 
Chuaidh sé go ceathramha (go tóin, go bléin agus rl.) ins an easca
 
Chonnaic mé é ag dul suas le easca indiu
 
Chuaidh sé thríd an easca (an abhainn, an lochán, an láib, an draoib, an clochar, an cur, an t-arbhar agus rl.) = siubhal nó gluaiseacht thríthe