Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Arann
éitir, brigh, spreacadh, teacht aniar, mothú, tapa (tapuidheacht).
+
Níl mothú ná arann ann (Conamara — cuirtear an dá fhocal le chéile annsin "mothú" agus "arann", ach má deirtear ceann acu as fhéin, 'sé "mothú" é i.e."níl aon-mhothú ann". 'Sé a mhalrait ar an Achréidh é. Ní chloistear "mothú ná arann", ná "níl aon-mhothú ann" annsin. "Níl aon-arann ann" adeir Muinntear an Achréidh agus tá ciall níos leigthe leis ná faoi Chonamara).
Níl mothú ná arann ann = tá a mheabhair caillte aige, mar bheadh duine 'mbeadh meirbhthean air, duine a bheadh ar meisce, duine bheadh in achar an anama nó a shamhail.
TUILLEADH (8) ▼
Níor fhan mothú ná arann ann ar a' toirt.
Bhí sé caithte ar a' mbóthar gan mothú gan arann.
Níor fhága an t-ól mothú ná arann ann.
Tiubhra mé iarraidh dhuit, nach bhfágfa mothú ná arann ionnad.
Is fada a chaith sé gan mothú gan arann.
Ba beag a' dochar dó 'bheith gan mothú gan arann, agus a' gleáradh buailte fuair sé.
Níl mothú ná arann ann indiu, agus tá'n aithne imthighthe uaidh.
Bhuail míabhán sa gceann mé, agus shíl mé nach bhfanfadh mothú ná arann ionnam. (Mothú = a bheith in araidheacht rudaí a thabhairt faoi deara agus a thuiscint. Arann = mar atá thuas.)
+
Níl aon-arann ann (Achréidh) = níl aon-bhrigh, spreachadh, éitir ann.
Níor fhan arann a' bith ann le goirid.
TUILLEADH (7) ▼
Níl a' t-arann ionnamsa saothar mar sin a dhéanamh anois.
Chomh fada 's bhí arann a' bith ionnam, theighinn i gcoinne an phinsean.
Chomh fada 's bhí éitir ná arann a' bith sa duine bocht, tharraingigheadh sé ar a' teach ósta, agus badh é an 'trumpa' é.
Tá a chuid arann ar iarraidh anois = níl, agus ní bheidh aon-spreacadh ann.
Tá sé as arann uiliog le goirid = níl aon arann ann.
Níl arann a' bith fanta ann, le scathamh.
Is mór a d'imthigh an t-arann as le bliadhain anuas

Arann in iontrálacha eile (5)

 
'A Chaití na Ruan; Nó an truagh leat mise a bheith tínn; Tá'n arainn chaol chruadh; Go búanach in aice mo chroidhe; Mara dtige tú ar cuairt agham; Faoi thuairim an ama seo aríst; Tuitfe mo ghruaig dhíom; A's is dóigh liom nach bhfásfa sí choidhchin' (As "Buachaillín Caol Árd")
 
daigh
Sin doigh ó arainn nó rud eicínt mar sin. Ní brigh í ar chuma ar bith
 
driog
Rug sé annsin orm in aice an ailt. 'Sé a raibh ann go bhfeicfeá lorg ann agus níor tháinic deoir fhola. Ach mara dtáinig, bhí pian ann. Timcheall agus leath-uair in a dhiaidh sin d'airigh mé na driogannaí cráidhte ag snámh suas thrí mo láimh — suas go gualainn, agus níor fhan mothú ná arann i gcrobh mo láimhe. Chuir mé fios ar an dochtúr de léim. Níor mhór dhom féin gur chuir. Dhá bhfágainn leath-uair eile í adeir sé, bhí mo chnaipe déanta. Chaithfí an láimh a bhaint anuas ó'n ngualainn díom
 
déan 1
Shílfeá théis a bheith in a luighe gan cor ná car san bplástar sin (óthar eitinne) ar feadh dhá bhliain go mba mhaith an scathamh go mbeadh a cosa déanta aríst aice, agus bíodh arann fhéin ionnta. Ach deir siad go raibh siúl aice an lá ar baineadh as an bplástar í. Moladh go deó le Dia, is mór a bhíos ag cuid de na daoine le dhul thríd
 
Ní fhaca tú madadh le dúchas ariamh. Well ní fearr duit a fheiceáilt. D'fheicfeá go minic fadó iad. Bhí madadh againn annseo uair: madadh mór gliobach ruadh. Chonnaic mé féin thuas ar an teallach lá é agus é ag ligheachán a chuid uisce féin. Bhuail mé cnap air. Ba mhí-nádúrtha an rud é. Ba ghearr go raibh a chuid súile cho glórach len a bhfaca tú ariamh, agus claon-fhéachaint i gceann aca. Faoi cheann cupla lá, bhí sé ag creathadh ar fad, agus banlá dhá theanga amuigh agus gan mothú ná arann in a ghiall déarfá. Dheamhan asna dhó nach n-eirigheadh ar a chosa deireadh agus thugadh sé farradh 'san aer. Bhí tart céadtach air, agus síon chráidhte aige, agus é ag cur chubhair amach. Dhá bhfeictheá na creaithtí a bhí air. Agus bhíodh sé caithte anuas in a phleibistín 'chuile phuínte. Cailleadh é th'éis cúig nó sé de laetheantaí. Dúchas a bhí air. Is fada go mbeithí dhá bhuachailleacht anois. Chaithfí é