Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Bocht
mar aidiacht a's feidhm ainm-fhocal leis, nó amanntaí ainm-fhocal dáiríre
a.
+
Mara chéile bocht a's saidhbhir anois.
Bhí sé ráidhte sa tarngaireacht go dtiocfadh a' t-am a mbeadh an gleann chomh mór leis a' gcnoc, nó mbeadh bocht a's saidhbhir mara chéile.
TUILLEADH (21) ▼
Is deacair a' bocht 'aithneachtáil thar a' saidhbhir ar a' saoghal seo.
Roinn le na boicht = daoine bochta.
D'fhága sí a cuid airgid le h-udhachta ag na boicht.
Má b'fhíor gur fhága sí sin leath a cuid airgid le roinnt ar na boicht! = dubhradh gur fhága sí sin leath a cuid airgid le roinnt amach ar dhaoine bochta, ach chaithfeadh sé gur bréag é.
Is olc a' saoghal ag na boicht é.
Níl breathnú siar ag aon-duine ar na boicht = ní chuimnigheann aon-duine orthu.
Diabhal leath 'cheart le na boicht! Breagh nach mbaineann siad amach a gceart fhéin, a's gan 'chuile dhuine a bheith a' magadh fútha(b).
Níor thug sé leithpighinn déirce ariamh do na boicht.
Gheobha boicht ocras, ar a shon sin = ní dhéanfa sé sin aon-fhóirithint orra(b).
Ní chásóchadh sé lear na mbocht, leath chomh maith = ní chásóchadh sé bris ar bith ad'eireochadh do'n duine bocht (ach chásóchadh sé bris an duine shaidhbhir).
Gheobha boicht anshógh, mara bhfuil ag Dia.
Is gearr de lón do na boicht, na cupla scilling ghágach sin atá siad a fhaghail = ní mórán a bhainfeas daoine bochta as na cupla scilling shuarach ("dole") atá siad a fhaghail.
Caithfe na boicht a bheith barrainneach th'éis a ndichill.
Gheobha na boicht rud le déanamh a's an bhliadhain seo a shárú, chor a' bith.
Ní beag do na boicht a raibh orra(b), a's gan a bheith a' cur in a cheann.
Badh iad na fataí lón na mbocht roimhe seo, ach tháinic maith ar a' saoghal ó shoin.
Níl teine ná teas ag na boicht istigh ar shlata na Gaillimhe, a's nach maith go maireann siad 'na dheidh sin.
Is ag na boicht a bhío(nn)s an croidhe mór i gcomhnuidhe.
Ní thuitfe mórán dhá chuid airgid ar na boicht ar aon-chor, hébrí cé air a dtuitfe sé.
Tá na boicht scriosta aige, a' baint a dhá luach amach ar 'chuile rud.
Ní fearrde na boicht é, aindeoin, má's fíor dhó fhéin, nach mbeidís beo, marach é.
b.
Bocht a's nocht = duine ar bith; deoruidhe an bhéil bheo; mac na sceiche.
+
Ní raibh duine ná deoruidhe, bocht ná nocht ann.
Dheamhan bocht ná nocht a bhí ann rómham.
TUILLEADH (15) ▼
Nuair a thosuigh an t-achrann níor fhan bocht ná nocht istigh.
Dheamhan bocht ná nocht a d'fhéad corruighe amach indiu, ag a' díle bháistighe sin.
Níor labhair sé le bocht ná nocht, ach déanamh ceann-ar-aghaidh go ndeacha sé isteach.
Níl aon-chás aige siúd i mbocht ná i nocht. Bainfe sé a cheart amach nó's cinneamhaint air é, deirimse leat.
Ná cuir araoid ar bhocht ná ar nocht, ar íseal ná ar uasal. Is maith an rud do 'chuile dhuine a bhealach fhéin a dheanamh, a's inDomhnach is sáthach righte a theighea(nn)s sé le cuid de na daoine.
Ní raibh aon-cheo le rádh ag aon-duine leis. Bhí 'chuile dhuine, idir bhocht a's nocht buidheach dó, a's dar a shon nach mbeadh, arae ba bheag an ollóid an duine bocht.
Ní bhfuair bocht ná nocht brabach ariamh air. Bhí sé cruadh coinneálach, ar a' rud a bhí aige.
Ná bíodh fhios ag bocht ná ag nocht do scéal. An rud nach mbeidh 'fhios aca(b), ní dhéanfa sé aon-imnidhe dhóib.
Is mairg a leigfeadh a rún le bocht ná nocht. Ar chuala tú ariamh é: is mairg a leigfeadh a rún le bun an chlaidhe, go seasadh sé ar a bhárr.
B'fhearr gan bocht ná nocht a leigean isteach, mara leigtear isteach 'chuile dhuine as éadan. Beidh clamhsán eile aríst ann.
Dheamhan beannú a dhéanfadh sé sin do bhocht ná do nocht. Duine dúnárusach, dorcha atá ann.
Tá bocht a's nocht aca(b) mara 'chéile. Níl maith aon-duine a bhaint as margadh.
Tá'n ealadhain chéadna a' siubhal leo(b) fré chéile, idir bhocht a's nocht.
'Sé'n chineál amháin iad idir bhocht a's nocht = 'sé'n dream amháin (na daoine céadna, an mianach céadna daoine) iad idir bhocht a's nocht.
Ní leigfinn do bhocht ná do nocht siubhal orm, go gcinneadh orm.
+
'Nuair a theighea(nn)s bocht go nocht, teigheann sé go gabhail éadain'; 'nuair a theighea(nn)s boc go h-ursain, is mian leis a dhul go gabhail éadain' (dhá leagan ar a' sean-fhocal céadna) = nuair a fhagha(nn)s bodach ordlach, is mian leis banlámh a thógáil; nuair a fhaghas duine greim ar a' saoghal, beidh sé ar siubhal, go mbí an saoghal uileag aige, má fhéadann sé; Put a beggar on horse-back, and he will ride to hell. ("Gabhail éadain" — féach "gabhail")
Is deacair é a cheannsú anois, arae ar chuala tú ariamh é: 'nuair a theighea(nn)s bocht go nocht, tiocfa sé go gabhail éadain'.
TUILLEADH (10) ▼
Má fhaghann sé cead a chomhairle fhéin anois, dheamhan 'fhios céard a dhéanfas sé: 'nuair a theighea(nn)s bocht go nocht, teigheann sé go gabhail éadain'.
B'fhurast' aithinte ar an imtheacht a bhí faoi, go ndeanfadh sé rud eicínt as a dheire. Is deacair an sean-fhocal a shárú: 'nuair a theighea(nn)s bocht go nocht, teigheann sé go gabhail éadain'.
Ní mór guaim a chuir air anois, nó dheamhan fhios céard a chaithfead sé 'na cheann a dheanamh. 'Nuair a theighea(nn)s bocht go nocht, is mian leis a dhul go gabhail éadain'.
Ní fhanócha ceannus ceann a' bith air th'éis a' méid sin, arae, mar deir fear Mhuigh Cuilinn, 'nuair a theighea(nn)s boc go h-ursain, is mian leis a dhul go gabhail éadain'.
Ní chomhnócha sé anois, go dteighe sé sa Dáil, ó d'eirigh leis a chosa a chuir idtaca chor a' bith. 'Nuair a theighea(nn)s bocht go nocht, teigheann sé go gabhail éadain' tá fhios a'd.
Is maith nach mór a bheith 'san áirdeall anois air, mar ó theighea(nn)s bocht go nocht, bíonn sé ag iarraidh a dhul go gabhail éadain.
Tá an náire caillte aige, a's ó theighea(nn)s bocht go nocht, teigheann sé go gabhail éadain ('un dreabhláis atá i gceist annseo).
Tá sé a' deanamh aois díobhchaill ar fad anois, ach b'fhurast 'aithinte ó thosuigh sé chor a' bith, gurb shin é an bhail a bheadh air: 'ó theighea(nn)s bocht go nocht, is mian leis a dhul go gabhail éadain'.
Tiocfa sé 'un dreabhláis críochnuighthe anois, ó thosuigh sé ar an ól aríst. 'Má theigheann bocht go nocht, teigheann sé go gabhail éadain', mar deir a' sean-fhocal.
Níl cló stiúrtha a' bith anois air, níl sin ach d'eile cé'n chóir a bheadh ar a leithide. 'Ó teighea(nn)s bocht go nocht, teigheann sé go gabhail éadain'.
c.
Is buidhe le bocht a bhfuighe sé; déirce le bocht a bhfuighe sé = is beag a shásóchadh an duine bocht. (An darna leagan is mó a bhíos i gceist anois, ach bhí an chéad leagan ag sean-daoine. Tá'n sean-fhocal seo a's lom-aistriú air ag Seán Ó Neachtain i Stair Éamuinn Uí Chléire — "yellow with poor what he gets").
+
Is buidhe bocht leis an méid sin fhéin a fhaghail = is díon déirce leis an méid sin fhéin a fhághail; tá sé buidheach, as ucht a' méid sin fhéin; tá sé sásta as ucht a bhfuair sé, mar is géar a bhí sé indiaidh aon-cheo a fhaghail.
Is buidhe bocht leis an scilling fhéin a fhaghail.
TUILLEADH (11) ▼
Is buidhe bocht liom a' cupán tae fhéin a fhaghail, mar bhí mé scrútaighthe leis an ocras.
Cuirfe mise geall go mbadh buidhe bocht leis, an cannda aráin fhéin a fhaghail, a's é a phlacadh suas tur.
Is buidhe bocht liom é 'fhaghail a mhic ó! Shíl mé go gcaithfinn é 'thabhairt dhá shiubhal abhaile in mo throsca.
Is beag a' meas a bheidheas ar phunt aige an eadh! B'fhéidir ar a shon sin, go mbadh buidhe bocht leis é 'fhaghail!
Mara dtaithnigheann siad leis, fágadh sé 'na dhiaidh iad. Níl duine a' bith dhá dtoghaint air, ach b'fhéidir go mbadh bhuidhe bocht leis iad 'fhaghail ar ball.
Ní bheadh aon-ghoir agad trácht ar h-ocht bpunt leis ar maidin, ach ba bhuidhe bocht leis é 'thairiscint dó trathnóna.
Ba deacair a díol d'fhear a fhaghail di, scathamh, ach is buidhe bocht léithe cimleachán a' bith anois = is corr-fhear a mbeadh sí sásta leis scathamh, ach is furasta í 'shású faoi fhear anois.
Nach h-iad na caisleáin atá tuitim a's na carn aoileachaí ag eirghe! Badh buidhe bocht léithe fataí a's scadán caoch tamall, ach ní mór léithe gríscíní anois ar 'chuile bhéilí!
'Tá sé ag (d)ul ar an iasc' adeir sí 'mar tá sé gránuighthe ar a' bhfeoil'. InDomhnach shanntuigh mé fhéin a rádh léithe, go mbadh bhuidhe bocht leis, an ruainne éisc fhéin a fheiceál ar a chiseoig tamall.
Chleacht sé sin fuighleach ceart go leor, ach is buidhe bocht anois leis, lóistín na h-oidhche a fhaghail, ní áirmhighim a mhaltraid (mhalrait).
Nach hé an saoghal a d'imthigh, ó'n uair, ar bhuidhe bocht le cuid de na daoine gráinnín tae siúcra a fhaghail ó na comharsannaí!

Féach freisin

Bocht in iontrálacha eile (50+)

 
Is bocht an chaoi do dhuine a bheith cho faiteach sin ar fad. Céard a fhéadfas aonduine a dhéanamh ort?
 
Tá feánach diabhalta ólta aige inniu. Is bocht nach mbeadh agus é in a éadan ó uair an darna hAifreann. Bánóidh sé é fhéin leis. Níl sé ag tógáil ceann ar bith anois as = taoscán; bleánach; scallach maith
 
Is fearadh ar an tír an "dole" seo. Dar príosta, is fearadh ar dhaoine bochta é ar aon-nós. Céard a dhéanfaidís marach é?
 
fear
Go leige Dia a sláinte di! Is mór an grádh diadha a rinne sí, agus an dílleachta bocht sin a thabhairt léithe. Fearfaidh Dia agus Muire Mháthair a cuid grádh Dia uirre. Siad atá i riocht
 
Níorbh fhiú d'aonduine a dhul ag fiachadh ar an bhfeithideach bocht sin. Níl ann ach na cheithre eite. Is beag le go bhfuil sé indiaidh a chéile chor ar bith
 
An corpadóir bradach! Sé cóir Dé é an méid sin a eireachtáil dó. Ba bheag aige fhéin dícheannadh a dhéanamh ar chréatúir bhochta. Chuir sé an bhaintreach sin thuas de dhruim tí. Chuir sé faoi ndeara di páipéar a shaighneáil dó ar a cuid talúna agus gan a fhios aice céard a bhí ann, ach gur theastuigh cupla cloch mhine uaithe l'aghaidh a háilín … Ach foillsíonn Dia an éagcóir míle glóire agus moladh leis fhéin. B'fhéidir go bhfuigheadh an cneamhaire ar a mhéis fhéin anois é, agus ní ag amhdú an oilc é, ní mór linn dó
+
Ná bac le na Gearmánaí bochta anois. Tá a ndíol ar a n-aire agus iad foirghe leis an ocras
TUILLEADH (1) ▼
Dar diagaí tá chuile fhear dhá árdú (i bpáighe) ach go bhfoiridh Dia ar an talmhaí bocht. Tá sé foirghe ar fad
 
Is bocht an lot atá ar a chois. Tá an cnáimh ag freagairt ann.
 
Chaith mé an lá ag tuineadh leis ag iarraidh é a thabhairt ann, ach ní abródh sé drúcht ná báisteach. Teirigh tusa in a éadan anois má thograíonn tú, ach mo chomhairle duit leigean dó ar fad. Is bocht an rud a bheith ag iascach ar pholl gan freagairt
 
Ara is beag é a dhicheall an frídeóirín bocht caillte. 'Ar ndó' ní meáchan atá sé siúd indon a thógáil. Ceó ar bith ach go dtiúrfadh sé do bhéilí chugad san ngarraí. Sin é an méid.
 
Sin anam bocht eicínt a bhí ar fuaidreamh ar fud an tsaoil ag cur a phiorfhiachaí dhó (dhe)
 
Sin é a d'fhága ar lár an duine bocht
 
fága
Tá an fharraige ag míniú anuas aríst. Is furasta aithinte é, agus a bhfuil de na fágaí sin inti. Rinne an bádóir seól inniu, ach ní dheachaidh sé thar bharr na C. D'fhill sé ar ais aríst. B'oibrithe leis a bhí sí déarfainn. Tá sé saothraithe go maith ag an duine bocht agus fuiríocht caladh air annsin le seachtain.
+
fág
Nach air a bhí an t-ádh go dtáinig an sean-riadaire sin abhaile as Meiriocá chuige. Más bocht a fríodh é, is saibhir a fágadh é (thuit airgead an tsean-riadaire air)
TUILLEADH (3) ▼
Ná bac leis sin anois. B'fhéidir go raibh sé bocht scathamh, ach más bocht a fríodh é, is saibhir a fágadh é. Deir siad gur fearr "seo é; seo é, ná cáil sé: cáil sé"
Fágadh lag lúbach an duine bocht
Chuaigh sé isteach san mbeainc ag iarraidh airgid, adeir tú. Sin é a fhágas bocht é = cruthaíonn sin go bhfuil sé bocht
 
Tá an dílleachta bocht an-fhágha anois, gan duine ná deóraí san teach ach é fhéin. Dheamhan mórán le dhá bhliain déag é cheapfainn
+
fán
Chuaigh sí le fán (an tsaoil) an dílleachta bocht = chaill sí a cliú agus rl.
TUILLEADH (1) ▼
Is mór an babhta ar an duine bocht má chaitheann sé a dhul amach le fán. Cén bhrí ach gur chleacht sé sin fuigheall na bhfuigheall ariamh go dtí an saol seo fhéin!
+
fóir
Go bhfoire Dia ar an duine bocht. Is díol truaighe é
TUILLEADH (4) ▼
Go bhfoire Mac Dé orainn, nach bocht an chaoi atá air!
Go bhfoire an t-Athair Síorraí anocht orainn, nach beag a scruball fear ar bith a chuaigh ag déanamh a leithide de chleas ar dhílleachta bhocht
Go bhfoire Críost ar na créatúir bhochta atá amuigh ar aghaidh na bpiléar!
An bhfuil tú ag fáil fóirín ar bith ar an bpian … is mór is fiú dhuit a dhuine bhoicht gur bhodhraigh an phian ghárha siúd a bhí ort inné. B'fhéidir go dtéaltódh sí i leabaidh a chéile le cúnamh dé
 
Ní fhágann sé M. chor ar bith, ach an oiread's fhága(nn)s an chaolóid riabhach an chuach. Is maith atá sé dhá saothrú an duine bocht, a's ní móide gur fiú an tairbhe an trioblóid (fear a bhí 'caitheamh a bhróga le bean).
 
Chuaidh fear thart annseo an bhliadhain cheana, a's é gléasta mar bheadh tinncéara ann. Ar a chaomhamhaint a bhí sé ingeall ar bhean bhocht eicínt a rubáil a's a mharbhú, thart síos. Dheamhan duine beo, nach gcuirfeadh sé dalladh púicín air. Siar faoi Chonamara in áit eicínt a rugthas air as a dheire, a's cuireadh príosúntacht le na ló air. Má cuireadh fhéin ba mhaith an aghaidh sin air, ná ar aon-duine eile a dhéanfadh a leithide de chleas.
 
Ní mór do'n duine bhocht carraeracht a dhéanamh le snáth a choingbheál faoi'n bhfiacail.
+
ceal 1
Mara bhfuil bráigill a's bruighshléacht air, ní cheal a shaothruighthe é. Ach níl tada ag eirghe leis a' duine bocht. Tá'n díleághadh ar a chuid.
TUILLEADH (1) ▼
Ní cheal a shaothruighthe atá ort-sa, a dhuine bhoicht, mara bhfagha tú braon óil. Shílfeá nach leigfeadh an náire dhuit a bheith ag imtheacht a' súdaireacht a's a' sclaibéaracht mar tá tú. Tá do cháil faoi'n tír.
 
Is gearr a bhí sé a' ceisniú chor a' bith an duine bocht, gur scuab sé.
 
Ní ag obair atá sé ach a' cipiléaracht léithe. Ach dheamhan éitir sa duine bocht le aon-tsaothar cruadh a dhéanamh.
 
cleite
Nach bocht nach mbeadh sé a' déanamh gaisce as na Céidigh, a's gurb iad an cleite is fhearr in a sciathán fhéin iad.
+
cliar
Tá sé tinn criotánach a's cliar ann i gcomhnuidhe. 'Sé mo mheas, go bhfuil a chuid maitheasa ar iarraidh, an duine bocht.
TUILLEADH (1) ▼
Tá casacht a's cliar air anois, le coigthidhis, a's dheamhan a' beag de'n duine bocht a' méid sin, a's gan tuille dhá bhualadh.
 
Níl cló-stiúrtha ar bith ar a' duine bocht ar an aimsir seo. Tá sé ag ól a's ag a' caitheamh (airgid) faoi 's tairis
 
Nach hí bean a' duine bhoicht í! — coinicéar mór millteach
+
conán
Dheamhan duine beo a thiocfadh a' cur aon-araoid ar a' gconán sin, mara mbeadh a' catmara ar fad air — créatúr bocht nach mbíonn idtroid ná imbruighin, ná nach raibh ariamh.
TUILLEADH (1) ▼
Nach gann a chuaidh an saoghal air, go ndeacha sé a' cur achrainn ar a' gconán bocht sin.
 
cora
Diabhal mé gur mór a' scéal é, an duine bocht! Má bhí sé beag-mhaitheasach fhéin, dheamhan duine coideáin ná aitheantais a leig sé thart a' bóthar sin thíos ariamh, gan carra chainnte a bhualadh air, a's mara ndéanadh sé tada eile, chuirfeadh sé chuile dhuine faoi 'choimrighe Dé'.
+
Tá mé 'ceapadh go bhfuil sé an-lúm a' duine bocht, (lom = lúm) arae feicim a chlann ag (d)ul soir cos-nochttha chuig a' scoil le bliadhain.
TUILLEADH (1) ▼
Níl aige, an duine bocht ach béilidhe cosnochtuighthe.
+
Chomh uain's a bhí an dá shean-fhear bhochta sin annsin ag béal a' doruis aige, chaith sé a shaoghal a' meabhrú do lucht cuarta chuile bhiorán dá bhféadfaidís a dhéanamh orra(b) a dhéanamh dhóib. Dheamhan duine sa tír anois, nach a' deanamh bioráin air fhéin atá. Níorbh é leath-chóir Dé é, mara dteagadh cothromacan síneadh na h-uaire ar ais air fhéin.
TUILLEADH (3) ▼
Dheamhan mórán díol-truaighe í, má tá sí fhéin a faghail cothromacan síne na h-uaire anois ó bhean a mic. Dheamhan leath-chirt a dhéanfadh sí léithe, dhá mhéad dhá ndéanadh sí uirre, arae mharbhuigh sí fhéin an tsean-bhean bhocht a fuair sí sa teach sin roimpe — máthair an fhir.
Foillseocha Dia É fhéin, ar a' té a dhéanfas an éagcóir. Is iomdha créatúlacht a rinne an diabhlánach sin ar dhaoine bochta, ach tá sé fhéin a' faghail cothromacan síne na h-uaire anois, a's dheamhan mórán cáis ag aon-duine céard a gheobhfas sé, ach oiread.
M'anam go bhfeicfe tú go dtiubhra an cliamhain cothromacan síne na h-uaire dhó anois, a's má thugann féin is beag a' scéal é, a's an droch-cheann a chaith sé fhéin len' athair bocht.
+
Ní fheicim fear a' bith is lugha contanás ná é do'n duine bhocht. Cé'n bhrigh, ach gur as an lathaigh a d'eirigh sé fhéin.
TUILLEADH (1) ▼
Duine ar bith a bhfuil aon-phighinn sa mbeainnc siúd aige, tá contanás dó ann. Ara craithfear lámha leis a mhic ó, a's tá sé in a 'sir' annseo, a's in a 'sir' annsiúd. Ach má theigheann créatúr bocht isteach ann ag iarraidh 'trifle' ar áirleacan, is cam na streillí a chuirfeas siad orra(b) fhéin leis.
 
Dheamhan aithne air, an cíosáinín bocht, nach fear ar foghnamh é fhéin.