bocht
—mar aidiacht agus feidhm ainmfhocal leis, nó amantaí ainmfhocal dáiríre
—
a.
+–
Mar a chéile bocht agus saibhir anois.
Bhí sé ráite sa tairngreacht go dtiocfadh an t-am a mbeadh an gleann chomh mór leis an gcnoc, nó a mbeadh bocht agus saibhir mar a chéile.
TUILLEADH (21) ▼
Is deacair an bocht a aithneachtáil thar an saibhir ar an saol seo.
Roinn le na boicht — daoine bochta
D'fhága sí a cuid airgid le huachta ag na boicht.
Má b'fhíor gur fhága sí sin leath a cuid airgid le roinnt ar na boicht! — dúradh gur fhága sí sin leath a cuid airgid le roinnt amach ar dhaoine bochta, ach chaithfeadh sé gur bréag é.
Is olc an saol ag na boicht é.
Níl breathnú siar ag aon duine ar na boicht — ní chuimhníonn aon duine orthu.
Diabhal leath an cheart le na boicht! Breá nach mbaineann siad amach a gceart fhéin agus gan chuile dhuine a bheith ag magadh fúthub.
Níor thug sé leithphínn déirce ariamh do na boicht.
Gheobhaidh boicht ocras ar a shon sin — ní dhéanfaidh sé sin aon fhóirithint orthub.
Ní chásódh sé lear na mbocht leath chomh maith — ní chásódh sé bris ar bith a d'éireodh don duine bocht (ach chásódh sé bris an duine shaibhir)
Gheobhaidh boicht anó, mura bhfuil ag Dia.
Is gearr de lón do na boicht na cupla scilling ghágach sin atá siad a fháil — ní mórán a bhainfeas daoine bochta as na cupla scilling shuarach (dole) atá siad a fháil.
Caithfidh na boicht a bheith barainneach théis a ndíchill.
Gheobhaidh na boicht rud le déanamh agus an bhliain seo a shárú chor ar bith.
Ní beag do na boicht a raibh orthub agus gan a bheith ag cur ina cheann.
Ba iad na fataí lón na mbocht roimhe seo ach tháinig maith ar an saol ó shin.
Níl tine ná teas ag na boicht istigh ar shlata na Gaillimhe agus nach maith go maireann siad ina dhiaidh sin.
Is ag na boicht a bhíonns an croí mór i gcónaí.
Ní thitfidh mórán dhá chuid airgid ar na boicht ar aon chor, hé brí cé air a dtitfidh sé.
Tá na boicht scriosta aige ag baint a dhá luach amach ar chuile rud.
Ní fearrde na boicht é, ainneoin, más fíor dhó fhéin, nach mbeidís beo murach é.
b.
bocht is nocht: duine ar bith; deoraí an bhéil bheo; mac na sceiche.
+–
Ní raibh duine ná deoraí, bocht ná nocht ann.
Dheamhan bocht ná nocht a bhí ann romham.
TUILLEADH (15) ▼
Nuair a thosaigh an t-achrann, níor fhan bocht ná nocht istigh.
Dheamhan bocht ná nocht a d'fhéad corraí amach inniu ag an díle bháistí sin.
Níor labhair sé le bocht ná nocht ach déanamh ceann ar aghaidh go ndeachaigh sé isteach.
Níl aon chás aige siúd i mbocht ná i nocht. Bainfidh sé a cheart amach nó is cinniúint air é deirimse leat.
Ná cuir araoid ar bhocht ná ar nocht, ar íseal ná ar uasal. Is maith an rud do chuile dhuine a bhealach fhéin a dhéanamh, agus i nDomhnach, is sách rite a théanns sé le cuid de na daoine.
Ní raibh aon cheo le rá ag aon duine leis. Bhí chuile dhuine, idir bhocht is nocht buíoch dó, agus dar a shon nach mbeadh, arae ba bheag an ollóid an duine bocht.
Ní bhfuair bocht ná nocht brabach ariamh air. Bhí sé crua coinneálach ar an rud a bhí aige.
Ná bíodh a fhios ag bocht ná ag nocht do scéal. An rud nach mbeidh a fhios acub, ní dhéanfaidh sé aon imní dhóibh.
Is mairg a ligfeadh a rún le bocht ná nocht. Ar chuala tú ariamh é: is mairg a ligfeadh a rún le bun an chlaí go seasadh sé ar a bharr.
B'fhearr gan bocht ná nocht a ligean isteach mura ligtear isteach chuile dhuine as éadan. Beidh clamhsán eile aríst ann.
Dheamhan beannú a dhéanfadh sé sin do bhocht ná do nocht. Duine dúnárasach dorcha atá ann.
Tá bocht is nocht acub mar a chéile. Níl maith aon duine a bhaint as margadh.
Tá an ealaín chéanna ag siúl leob fré chéile, idir bhocht is nocht.
Is aon chineál amháin iad idir bhocht is nocht — 'sé'n dream amháin (na daoine céanna, an mianach céanna daoine) iad idir bhocht is nocht.
Ní ligfinn do bhocht ná do nocht siúl orm go gcinneadh orm.
+–
'Nuair a théanns bocht go nocht, téann sé go gabháil éadain'; 'nuair a théanns boc go hursain, is mian leis a dhul go gabháil éadain' (dhá leagan ar an seanfhocal céanna) — nuair a fhaigheanns bodach orlach, is mian leis banlámh a thógáil; nuair a fhaigheas duine greim ar an saol, beidh sé ar siúl go mbí an saol uileag aige má fhéadann sé; Put a beggar on horseback, and he will ride to hell. ("Gabháil éadain" — fc. gabháil)
Is deacair é a cheansú anois, arae ar chuala tú ariamh é: nuair a théanns bocht go nocht, tiocfaidh sé go gabháil éadain
TUILLEADH (10) ▼
Má fhaigheann sé cead a chomhairle fhéin anois, dheamhan a fhios céard a dhéanfas sé: nuair a théanns bocht go nocht, téann sé go gabháil éadain.
B'fhurasta a aithinte ar an imeacht a bhí faoi go ndéanfadh sé rud eicínt as a dheireadh. Is deacair an seanfhocal a shárú: nuair a théanns bocht go nocht, téann sé go gabháil éadain.
Ní mór guaim a chur air anois nó dheamhan a fhios céard a chaithfeadh sé ina cheann a dhéanamh. Nuair a théanns bocht go nocht, is mian leis a dhul go gabháil éadain.
Ní fhanóidh ceannús ceann ar bith air théis an méid sin, arae, mar adeir fear Mhaigh Cuilinn, nuair a théanns boc go hursain, is mian leis a dhul go gabháil éadain.
Ní chónóidh sé anois go dté sé sa Dáil ó d'éirigh leis a chosa a chur i dtaca chor ar bith. Nuair a théanns bocht go nocht, téann sé go gabháil éadain tá a fhios agat
Is maith nach mór a bheith san airdeall anois air, mar ó théanns bocht go nocht, bíonn sé ag iarraidh a dhul go gabháil éadain.
Tá an náire caillte aige agus ó théanns bocht go nocht, téann sé go gabháil éadain (chun drabhláis atá i gceist anseo).
Tá sé ag déanamh aos díobhaill ar fad anois, ach b'fhurasta a aithinte ó thosaigh sé chor ar bith gurb in é an bhail a bheadh air: ó théanns bocht go nocht, is mian leis a dhul go gabháil éadain.
Tiocfaidh sé chun drabhláis críochnaithe anois ó thosaigh sé ar an ól aríst. Má théann bocht go nocht, téann sé go gabháil éadain, mar adeir an seanfhocal.
Níl cló stiúrtha ar bith anois air, níl sin, ach deile cén chóir a bheadh ar a leithide. Ó téanns bocht go nocht, téann sé go gabháil éadain.
c.
is buí le bocht a bhfaighidh sé; déirce le bocht a bhfaighidh sé: is beag a shásódh an duine bocht. An darna leagan is mó a bhíos i gceist anois, ach bhí an chéad leagan ag seandaoine. Tá an seanfhocal seo agus lom-aistriú air ag Seán Ó Neachtain i Stair Éamainn Uí Chléire — yellow with poor what he gets).
+–
Is buí bocht leis an méid sin fhéin a fháil — is díon déirce leis an méid sin fhéin a fháil; tá sé buíoch as ucht an méid sin fhéin; tá sé sásta as ucht a bhfuair sé mar is géar a bhí sé i ndiaidh aon cheo a fháil.
Is buí bocht leis an scilling fhéin a fháil.
TUILLEADH (11) ▼
Is buí bocht liom an cupán tae fhéin a fháil mar bhí mé scrúdaithe leis an ocras.
Cuirfidh mise geall go mba buí bocht leis an canta aráin fhéin a fháil, agus é a phlacadh suas tur.
Is buí bocht liom é a fháil a mhic ó! Shíl mé go gcaithfinn é a thabhairt dhá shiúl abhaile in mo throscadh.
Is beag an meas a bheas ar phunt aige an ea! B'fhéidir ar a shon sin go mba buí bocht leis é a fháil!
Mura dtaitníonn siad leis, fágadh sé ina dhiaidh iad. Níl duine ar bith dhá dtóint air, ach b'fhéidir go mba bhuí bocht leis iad a fháil ar ball.
Ní bheadh aon ghair agat trácht ar hocht bpunt leis ar maidin, ach ba bhuí bocht leis é a thairiscint dó tráthnóna.
Ba deacair a díol d'fhear a fháil di scaitheamh, ach is buí bocht léithe cuimleachán ar bith anois — is corrfhear a mbeadh sí sásta leis scaitheamh ach is furasta í a shásamh faoi fhear anois.
Nach iad na caisleáin atá ag titim agus na carn aoileachaí ag éirí! Ba buí bocht léithe fataí agus scadán caoch tamall, ach ní mór léithe gríscíní anois ar chuile bhéilí!
'Tá sé ag dul ar an iasc,' adeir sí, 'mar tá sé gráinithe ar an bhfeoil'. I nDomhnach, shantaigh mé fhéin a rá léithe go mba bhuí bocht leis an ruainne éisc fhéin a fheiceáil ar a chiseoig tamall.
Chleacht sé sin fuílleach ceart go leor, ach is buí bocht anois leis lóistín na hoíche a fháil, ní áirím a mhalrait.
Nach é an saol a d'imigh ón uair ar bhuí bocht le cuid de na daoine gráinnín tae siúcra a fháil ó na comharsanaí!
bocht in iontrálacha eile (50+)
→
faiteach
Is bocht an chaoi do dhuine a bheith chomh faiteach sin ar fad. Céard a fhéadfas aon duine a dhéanamh ort?
Tá feadhnach diabhalta ólta aige inniu. Is bocht nach mbeadh agus é ina éadan ó uair an darna haifreann. Bánóidh sé é fhéin leis. Níl sé ag tógáil ceann ar bith anois as — taoscán; bleánach; scalach maith
→
fearadh
Is fearadh ar an tír an dole seo. Dar príosta, is fearadh ar dhaoine bochta é ar aon nós. Céard a dhéanfaidís murach é?
→
fear
Go lige Dia a sláinte di! Is mór an grá dia a rinne sí agus an dílleachta bocht sin a thabhairt léithe. Fearfaidh Dia agus Muire Mháthair a cuid grá dia uirthi. 'Siad atá i riocht
Níorbh fhiú d'aon duine a dhul ag fiachadh ar an bhfeithideach bocht sin. Níl ann ach na cheithre eite. Is beag le go bhfuil sé i ndiaidh a chéile chor ar bith
→
foilsigh
An corpadóir bradach! 'Sé cóir Dé é an méid sin a éireachtáil dó. Ba bheag aige fhéin dícheannadh a dhéanamh ar chréatúir bhochta. Chuir sé an bhaintreach sin thuas de dhroim tí. Chuir sé faoi ndeara di páipéar a shaighneáil dó ar a cuid talúna agus gan a fhios aici céard a bhí ann ach gur theastaigh cupla cloch mhine uaithi le aghaidh a háilín … Ach foilsíonn Dia an éagóir míle glóire agus moladh leis fhéin. B'fhéidir go bhfaigheadh an cneámhaire ar a mhéis fhéin anois é, agus ní ag amhdú an oilc é, ní mór linn dó
+
→
foirgthe
Ná bac le na Gearmánaigh bochta anois. Tá a ndíol ar a n-aire agus iad foirgthe leis an ocras
TUILLEADH (1) ▼
Dar diagaí tá chuile fhear dhá ardú (i bpáí) ach go bhfóire Dia ar an talmhaí bocht. Tá sé foirgthe ar fad
Chaith mé an lá ag tuineadh leis ag iarraidh é a thabhairt ann ach ní abródh sé drúcht ná báisteach. Téirigh tusa ina éadan anois má thograíonn tú, ach mo chomhairle duit ligean dó ar fad. Is bocht an rud a bheith ag iascach ar pholl gan freagairt
→
frídeoir
Ara is beag é a dhícheall, an frídeoirín bocht caillte. Ar ndóigh ní meáchan atá sé siúd in ann a thógáil. Ceo ar bith ach go dtabharfadh sé do bhéilí chugat sa ngarraí. Sin é an méid.
Sin anam bocht eicínt a bhí ar fuaidreamh ar fud an tsaoil ag cur a pheiriachaí dhó (dhe)
→
fága
Tá an fharraige ag míniú anuas aríst. Is furasta a aithinte é, agus a bhfuil de na fágaí sin inti. Rinne an bádóir seol inniu, ach ní dheachaigh sé thar bharr na C. D'fhill sé ar ais aríst. B'oibrithe leis a bhí sí déarfainn. Tá sé saothraithe go maith ag an duine bocht agus fuiríocht calaidh air ansin le seachtain.
+
→
fág
Nach air a bhí an t-ádh go dtáinig an seanriadaire sin abhaile as Meiriceá chuige. Más bocht a frítheadh é, is saibhir a fágadh é (thit airgead an tseanriadaire air)
TUILLEADH (3) ▼
Ná bac leis sin anois. B'fhéidir go raibh sé bocht scaitheamh, ach más bocht a frítheadh é, is saibhir a fágadh é. Deir siad gur fearr "seo é; seo é, ná cá'il sé: cá'il sé"
Fágadh lag lúbach an duine bocht
Chuaigh sé isteach sa mbainc ag iarraidh airgid, adeir tú. Sin é a fhágas bocht é — cruthaíonn sin go bhfuil sé bocht
→
fágtha
Tá an dílleachta bocht an-fhágtha anois, gan duine ná deoraí sa teach ach é fhéin. Dheamhan mórán le dhá bhliain déag é cheapfainn
+
→
fán
Chuaigh sí le fán (an tsaoil) an dílleachta bocht — chaill sí a clú srl.
TUILLEADH (1) ▼
Is mór an babhta ar an duine bocht má chaitheann sé a dhul amach le fán. Cén bhrí ach gur chleacht sé sin fuíoll na bhfuíoll ariamh go dtí an saol seo fhéin!
+
→
fóir
Go bhfóire Dia ar an duine bocht. Is díol trua é
TUILLEADH (4) ▼
Go bhfóire Mac Dé orainn, nach bocht an chaoi atá air!
Go bhfóire an tAthair Síoraí anocht orainn, nach beag an scrupall fear ar bith a chuaigh ag déanamh a leithide de chleas ar dhílleachta bhocht
Go bhfóire Críost ar na créatúir bhochta atá amuigh ar aghaidh na bpiléar!
An bhfuil tú ag fáil fóirín ar bith ar an bpian … is mór is fiú dhuit a dhuine bhoicht gur bhodhraigh an phian ghártha siúd a bhí ort inné. B'fhéidir go dtéaltódh sí i leaba a chéile le cúnamh dé
Ní fhágann sé M. chor ar bith, ach an oiread is fháganns an chaolóid riabhach an chuach. Is maith atá sé dhá saothrú an duine bocht agus ní móide gur fiú an tairbhe an trioblóid (fear a bhí ag caitheamh a bhróga le bean).
Chuaigh fear thart anseo an bhliain cheana agus é gléasta mar a bheadh tincéara ann. Ar a chaomhúint a bhí sé i ngeall ar bhean bhocht eicínt a robáil agus a mharú thart síos. Dheamhan duine beo nach gcuirfeadh sé dalladh púicín air. Siar faoi Chonamara in áit eicínt a rugthas air as a dheireadh agus cuireadh príosúntacht lena ló air. Má cuireadh fhéin, ba mhaith an oidhe sin air, ná ar aon duine eile a dhéanfadh a leithide de chleas.
Ní mór don duine bhocht carraeireacht a dhéanamh le snáth a choinneáil faoin bhfiacail.
+
→
ceal 1
Mura bhfuil brá gill agus bruithshléacht air, ní cheal a shaothraithe é. Ach níl tada ag éirí leis an duine bocht. Tá an díleá ar a chuid.
TUILLEADH (1) ▼
Ní cheal a shaothraithe atá ortsa, a dhuine bhoicht, mura bhfaighe tú braon óil. Shílfeá nach ligfeadh an náire dhuit a bheith ag imeacht ag súdaireacht agus ag sclaibéireacht mar atá tú. Tá do cháil faoin tír.
Ní ag obair atá sé ach ag cipiléireacht léithe. Ach dheamhan éitir sa duine bocht le aon tsaothar crua a dhéanamh.
→
cleite
Nach bocht nach mbeadh sé ag déanamh gaisce as na Céidigh agus gurb iad an cleite is fhearr ina sciathán fhéin iad.
+
→
cliar
Tá sé tinn creatánach agus cliar ann i gcónaí. 'Sé mo mheas go bhfuil a chuid maitheasa ar iarraidh, an duine bocht.
TUILLEADH (1) ▼
Tá casacht agus cliar air anois le coicís, agus dheamhan an beag den duine bocht an méid sin agus gan tuilleadh dhá bhualadh.
Níl cló stiúrtha ar bith ar an duine bocht ar an aimsir seo. Tá sé ag ól agus ag an caitheamh (airgid) faoi is thairis
+
→
conán
Dheamhan duine beo a thiocfadh ag cur aon araoid ar an gconán sin, mura mbeadh an cat mara ar fad air — créatúr bocht nach mbíonn i dtroid ná i mbruíon, ná nach raibh ariamh.
TUILLEADH (1) ▼
Nach gann a chuaigh an saol air go ndeachaigh sé ag cur achrainn ar an gconán bocht sin.
→
cora
Diabhal mé gur mór an scéal é, an duine bocht! Má bhí sé beagmhaitheasach fhéin, dheamhan duine cuideáin ná aitheantais a lig sé thart an bóthar sin thíos ariamh gan cara chainte a bhualadh air, agus mura ndéanadh sé tada eile, chuirfeadh sé chuile dhuine faoi choimrí Dé.
+
Tá mé ag ceapadh go bhfuil sé an-lom an duine bocht, arae feicim a chlann ag dul soir cos-nochta chuig an scoil le bliain.
TUILLEADH (1) ▼
Níl aige, an duine bocht, ach béilí cosnochtaithe.
+
Chomhuain is a bhí an dá sheanfhear bhochta sin ansin ag béal an dorais aige, chaith sé a shaol ag meabhrú do lucht cuarta chuile bhiorán dá bhféadfaidís a dhéanamh orthub a dhéanamh dhóibh. Dheamhan duine sa tír anois nach ag déanamh bioráin air fhéin atá. Níorbh é leathchóir Dé é mura dteagadh cothromacan síneadh na huaire ar ais air fhéin.
TUILLEADH (3) ▼
Dheamhan mórán díol trua í, má tá sí fhéin ag fáil cothromacan síne na huaire anois ó bhean a mic. Dheamhan leath an chirt a dhéanfadh sí léithe, dhá mhéad dhá ndéanadh sí uirthi, arae mharaigh sí fhéin an tseanbhean bhocht a fuair sí sa teach sin roimpi — máthair an fhir.
Foilseoidh Dia é fhéin ar an té a dhéanfas an éagóir. Is iomaí créatúlacht a rinne an diabhlánach sin ar dhaoine bochta, ach tá sé fhéin ag fáil cothromacan síne na huaire anois, agus dheamhan mórán cáis ag aon duine céard a gheobhas sé ach oiread.
M’anam go bhfeicfidh tú go dtabharfaidh an cliamhain cothromacan síne na huaire dhó anois, agus má thugann féin, is beag an scéal é agus an droch-cheann a chaith sé fhéin lena athair bocht.
+
→
cuntanós
Ní fheicim fear ar bith is lú cuntanós ná é don duine bhocht. Cén bhrí, ach gur as an lathaigh a d'éirigh sé fhéin.
TUILLEADH (1) ▼
Duine ar bith a bhfuil aon phínn sa mbainc siúd aige, tá cuntanós dó ann. Ara croithfear lámha leis a mhic ó, agus tá sé ina sir anseo, agus ina sir ansiúd. Ach má théann créatúr bocht isteach ann ag iarraidh trifle ar airleacan, is cam na streillí a chuirfeas siad orthub fhéin leis.