Borradh
1.
a.
fás, snobhthach, méadú, attachan, teacht suas.
+–
Tá an-bhorradh faoi'n gcur = fás, teacht suas.
Is áidhbhéil an borradh atá faoi mo dhuine = is iongantach a' fás atá sé a dhéanamh.
TUILLEADH (12) ▼
Is cumasach a' borradh atá fúithe le cupla bliadhain, bail ó Dhia a's ó Mhuire uirre.
Níl aon-rud amuigh is mó 'mbíonn borradh fúithe ná'n raithneach.
Cuirfe an múirín báistighe seo borradh faoi chuile shórt.
Tá borradh breagh faoi'n arbhar ar an aimsir seo.
Beidh borradh a' teacht faoi lá a' bith feasta anois.
Bhí dhá oiread borradh faoi'n gcuid eile a's tá faoi'n aircín sin, a's shílfeá nach leath-chuma 'bith 'rinneadh air, ach an oiread le ceachtar acu.
B'fhurast' aithinte nach raibh sé folláin a's an borradh a bhí faoi a' teacht suas dó.
Mara gcaithtear go maith leis sin, anois, tiocfa an borradh atá faoi roimhe = ní mór togha beathú 'thabhairt dó, nó tiocfa an fás mór atá sé 'dheanamh in aghaidh.
Níl borradh 'bith faoi.
Shoraidh dhíot, mara bhfuil sé in am agad borradh thairis sin a bheith fút.
Borradh dona a dhéanfas sé mara bhfagha sé malrait córach.
Is deacair dhó borradh theacht faoi, a's a' tsiléig a leigeadh ann.
b.
Bíonn borradh an éin (an éinín) gé, nó borradh na raithnighe nó na sailighe faoi dhuine nó faoi rud, nuair a mhéaduigheas nó fhásas sé an-mhear.
+–
Tá borradh an éin gé faoi = tá sé a' méadú mar bheadh éinín gé nó goisín ann.
'Mo S. mór breagh, a's borradh an éin gé faoi'.
TUILLEADH (4) ▼
Bhí borradh an éin gé, faoi chuile dhuine ariamh acab sin = ní raibh duine a' bhfeádhain de'n mhianach sin, nach raibh borradh an éin gé faoi.
Tá borradh an éinín gé faoi, a's ní ó'n ngaoith 'thug sé é.
Tá borradh na raithnighe faoi.
Is olc a' rud borradh an éin gé mar sin a bheith faoi pháiste roimh 'aois.
2.
+–
Thosuigh an cut a' borradh ar a' teallach, go raibh sé 'cur taobháin a' tighe amach dhe. 'Má's mar sin é' adeir sé, ag (d)ul amach a' dorus dó 'ormsa thuitfeas an oighrigheacht anois' (sliocht as mion-scéilín faoi chat).
Bhí mo dhuine a' borradh chugham ar a' teallach = a' cur stiúir achrainn ar fhéin.
TUILLEADH (1) ▼
Leis a' gcaoi 'raibh sé 'borradh chugam, bhí fhios agam go mbadh gheárr go n-ionnsuigheadh sé mé.
+–
'Bhí sé 'borradh a's ag at mar bheadh cat i mála' (leath-fhocal) = duine 'mbeadh an-teacht suas faoi, nó duine 'bheadh a' cur stiúir achrainn air fhéin.
Bhí sé istigh sa gcúinne a's é a' borradh a's ag at mar bheadh cat i mála.
TUILLEADH (3) ▼
Bhí sé a' borradh a's ag at mar bheadh cat i mála le neart fonn achrainn.
Tá sé 'borradh as ag at anois le na bhfuil ithte aige.
'Borradh a's ag at, a's a' ramhrú atá tú 'chuile lá, baile ó Dhia ort.
3.
a' moladh, a' maoidheamh, a' saghdadh, a' séideadh fá.
+–
Tá sé a' borradh leis = duine a mbeadh rud, nó bacainn in aghaidh a's a bheadh cruadhchan in aghaidh na h-anachain, i leaba claonadh, déarfaí sin leis.
Dheamhan blas a rinne eascainidhe an tsagairt air. 'Séard 'tá sé 'borradh leis.
TUILLEADH (7) ▼
Baoghal air siúd loiceadh, 'sé'n chaoi 'bhfuil sé 'borradh leis.
Aindeoin ar buaileadh air, ní dhearna sé ach borradh leis.
Is deacair a chomhairleachan a thabhairt dó. Dhá mbuailtheá dual na druinne [air], ní bheadh sé ach a' borradh leis.
Ní chuirfe an méid sin aon-chúl air. Is mó 'dhéanfas sé borradh leis.
Is fhearr duit gan ceist a' bith a chuir air, mar ní bheidh tú ach a' borradh leis = saghdfa tú tuille é, má tá indán's go gcuirfe tú aithne ná aighneas a' bith air.
Is fhearr an réidhteach a ghlacadh le Tom. Ní bheidh tú ach a' borradh leis, má theigheann tú 'un droch-(mh)úineadh leis.
Má tá an dlighe a' cinneamhaint fhéin air, dheamhan a bhfuil sé ach a' borradh leis, a's dhá shaghdadh.
+–
Tá sé 'borradh leis = duine a' saghdadh duine eile; duine a'moladh le duine eile.
Dhá mhéad ámhuilleacht' dhá ndéanfa sé, 'séard a bheidheas an mháthair a' borradh leis = a' cur ar a shon, a's dhá shaghdadh tuille.
TUILLEADH (7) ▼
I leaba bheith dhá chlaonadh, 'séard tá sé a' borradh leis = i leaba bheith 'cur chomhairle nó aithne air, is amhla tá sé dhá shaghdadh tuille.
Is deacair dhó leigean faoi, a's a bhfuil a' borradh leis.
Sin é ubhall na h-aithne, ach is measa an dream atá 'borradh leis ná é fhéin.
Dhá mbeadh splannc a' bith céille agad, ní 'borradh leis an amhlóir sin a bheitheá — ní h-eadh sin.
Ní beag do'n chantalóir sin, a dhonacht a's tá sé cheana, a's gan tusa a bheith 'borradh leis a's dhá splanncadh tuille.
Ní dhéanfadh sé tada as bealach, marach na buachaillí báire atá d'aon-cheird a' borradh leis.
Dhá millead sé 'bhfuil ar a' mbaile, is a' borradh leis, a bheadh an t-athair.
Borradh in iontrálacha eile (33)
→
fliuch 2
Dheamhan méirín fhliuch a leag an máistir faoi dhó ariamh air, agus chuaigh sí soir ag sciolladóireacht air in a dheidh sin. Sin í an mháthair agad: ag borradh le cantalóir de ghasúr. Is gránna é a ceird
→
fáir
Séard atá a dhéanamh leis sin gan fáir ná freagra a thabhairt air ach cead a bheith aige ropadh leis. Nuair a bhéas sé tuirseach, eireóidh sé as uaidh fhéin. Má fhreagraíonn tú é, ní bheidh tú ach ag borradh leis
→
caidéis
Is furasta dhó a bheith imthighthe as a chranna cumhachta le ámhuilleacht a's 'scaibhtéaracht'. Dhá dtagadh sé isteach th'éis duine a mharbhú dheamhan caidéis a chuirfeadh a' t-athair ná'n mháthair air. Sé'n chaoi 'bhfuil siad a' borradh leis.
→
cora
Tá goiní-adhairce in a gcarraidheachaí ar 'chaon leiceann leis, a's sé'n 'chaoi bhfuil an bearradh a' borradh leo(b) (féach "borradh" agus "goin-adhairce").
Bhí an toirneach chéadtach ann, a's bhainfeá deilgne amach le 'chaon scail. A's má badh eadh fhéin, dheamhan a dhath stánadh a rinne mo dhuine. Shílfeá gurb é an chaoi a raibh an toirneach a' borradh leis.
+
→
borradh
Tabh'r'om borradh a chuirfeas mé fúithe seo.
TUILLEADH (10) ▼
Cuir borradh eile fúithe.
Daingnigh isteach an borradh fúithe.
Nuair luighfeas mise ar a' spéice, feacha 'bhféadfá an borradh sin a theannadh isteach faoi na bínn.
Bheadh sí as a lúdrachaí agam, marach gur chlis an borradh.
Cuir borradh faoi'n ngró, nó faoi'n spéice
Ní mór borradh maith faoi na máithreachaí sin le na mbaint (féach "máithreachaí").
Ní mór borradh a chuir faoi, len' árdú = fear a bhí tuithte ar meisce.
Má thuiteann an cuaille siúd ar lár, ní f'leárr dhuit congnamh a's borradh le na tógáil (f'leárr = fuláir).
'Chuir mé borradh cheana faoi'n gCloich Mhóir, a's anois tá'n dárna borradh agham fúithe, a's ní baoghal di tuitim' adeir Frainc Confhaola (file a bhí i gCnoc a' Locha é Frainc Confhaola. 'Sé a rinne "Nóra Bhán", ceann de na h-amhráin is mó a bhfuil gnaoi na ndaoine air faoi na bólaí sin. Bhí sé an-deagh-chainnteach. Deirtear gur chaith sé an chainnt réamhráidhte, tharéis beirt dhá chloinn inghean a phósadh ar a' gCloich Mhóir — baile atá in aice na Tulaighe i gCois Fhairrge. 'Siad an chlann inghean na borraidhtheachaí atá i gceist 'sa gcainnt seo. Leagtar air, gurab é a rinne an rann seo, freisin, faoi Dhoire Thuirc, uair dá'r caitheadh mío-chórtas leis ann, ach ní móide gurab é: "A Dhoire Thuirc, is fada siar thú; Is fada ó ghealaigh, a's is fada ó ghrian tú. Is fada ó oineach (einneach) na mban fial thú; a's is rí-mhór m'fhaitchios gur fada ó Dhia thú.")
Má chinneann orra(b), cuirfe sé siúd borradh fúthab aríst = má bhíonn siad a' dul ar gcúl, beidh sé ina chúl torraic, nó in a chrann seasta dóib.
Tá'n borradh faoi'n mbrísteachán sin, a's d'eireochadh dhó — beatha mhaith a's neart díomhaontais (nt leathan)
→
ainm
Beidh siad a' borradh leis, go dteighe a ainm (a cháil) faoi'n tír = beidh siad a' saghdadh faoi, agus a' tabhairt ugaigh dhó, rudaí contráilte a dheanamh, go mbí na daoine ar fad a' cainnt air, ar ball.
→
failm
D'ól mé cupla failm den bhláthach úr sin ar ball, ach má d'ól féin sén chaoi a bhfuil sí ag borradh liom, agus ag séideadh tairt orm. Ní bhainfeadh an saol an goirteamas as na runnachaí saillte sin, ná diabhal baint
→
frapa
Is fadó ariamh nach mbeadh "druid" aige sin, marach a bhfuil de fhrapaí ag dul faoi. Ní túisce suaimnithe é, ná a thosós ceann an réitigh seo thoir aríst ag borradh leis. Is maith an fáth: tá sé dhá choinneál saghdha in éadan na Micilíní, mar tá an ghráin aige féin orra, ach ní leigfeadh an faitíos dó drannadh leo in a dheidh sin, marach an "bulaí" mór
→
fulaing
Níl fuilint ar bith agam le teinteachaí ó a tháinig an ghrís seo orm. Sén chaoi a mbíonn an teas ag borradh leis an tochas
→
fréamh
Cuir luaith síos leis an bhfréimh aca (crainnte) agus feicfidh tú fhéin air gur gearr go mbeidh borradh fútha
Má fhaghann sé cois ar bith isteach, mo léan géar daingneochaidh an dearbhráthair leis agus cuirfidh sé borradh agus borradh agus borradh eile faoi, nó nach féidir a chur amach
As deireadh na faidhleála ba mhian leis a dhul ar lághaidheacht, ach diabhal cos an chinn eile nach ag borradh leis an achrann a bhí sé
→
ding
Ní ginn ar bith a thastuigheas uait léithe sin ach spéice maith agus borradh a choinneál léithe, go dtugtaí aníos ar a corr í. Bail ó Dhia ort féin agus ar do chuid geanntrachaí! Níl tú ach ag cur anró ort féin má shíleann tú a scoilteadh
→
dreolán
Ní fhaca mé aon-dreolán d'fhear ariamh in mo shaoghal nach mbeadh in a ghlaodhmaire. Tá sé annsin thíos ag S. G. Ar chuala tú ariamh a leithide de cheolán. Chuirfeadh sé coc achrainn ar John L. Sullivan agus ba mhaith an fear é. Ní fiú le duine ar bith a dhul ag fiachadh air leisce a dhul ag salú a láimhe leis, agus sin é an fáth nar fágadh céir air fadó. Ach níl sin ach ag borradh leis in a dheidh sin
Nach diabhaltaí drisíneach atá sí anois, a bheith ar an gceird sin ar feadh na h-oíche. Shílfeá go mbagróchadh duine eicínt uirre, ach chreidim gur beag an mhaith bagairt uirre. Dhá ndéanthá ní bheitheá ach ag borradh léithe. Is aoibhinn do'n té a gheobhas í dar fiadh
→
drúcht
Ní abraím drúcht ná báisteach leis ach cead a chinn a thabhairt dó. Má theigheann tú ag cur chomhairle air, sén chaoi a mbeidh tú ag borradh leis. A chomhairle fhéin do mhac dhanra. Ní bhfuighidh sé aon-bhás nó go dtuige sé féin é
→
dána
Tá sé an-dána an-dúrainneach má chuirtear araoid ar bith air. An uair a fhéachas tú le foighid a chur ann, ní bheidh tú ach ag borradh leis
→
dúshlán
Diabhal easna dhi nar thug dubhshlán an ghiúistís istigh ins an gcúirt. Tháinig dath na n-uibheachaí lobhtha ar an ngiúistís. "Punt eile uirre sin" adeir sé, an uair a tháinig a chuid cainte dhó. Ní raibh sé ach ag borradh léithe, a dhearbhráthair mo chroidhe. Thug sí a dhubhshlán in athuair. "Dúblóchaidh mé anois é" adeir an giúistis. "Dhá phunt eile ar an mbean sin." Narbh shin í an raicleach agad