Breathas
—Achréidh
—
míádh, tubaiste, catmara, diabhal, ámhuilleacht, ciotaighil.
+–
Nach ar do láimh atá an breathas, go gcaithfe sí an millteanas a dhéanamh! = nach thú atá ámhuilleach; nach ort atá an fonn millteanais?
Tá breathas a' domhain air; tá an-bhreathas air = tá sé contráilte, mioscasach.
TUILLEADH (4) ▼
Ní fhaca mé do léithide ariamh le breathas.
Níl cinneadh 'bith le na chuid breathais!
Is mór a' t-iongnadh, nach leigfeá de'n bhreathas uair eicínt.
D'imthigh an deabhac (diabhal) ort le breathas!
Breathas in iontrálacha eile (9)
Marach gur casadh isteach thusa chugainn ní bheadh an fhudarnéis seo san teach. Don riabhach dhuit nach áit eicínt eile a thug ort fhéin. Tá an breathas ort i gcomhnaí
→
cinceach
Tá'n breathas ar a' gcinnceach sin, le scaradh. Deanann sí sprus fré chéile, ar a' dá luath a's a mbeireann duine uirre.
Dhá mbadh ugamsa a bheadh an chlann atá aige, chuirfinn cló stiúrtha eicínt orrú thar mar tá orrú: sin nó mharbhóchainn iad. Tá an breathas críochnuighthe orru, seachas putaigh ar bith eili (eile)
→
arsa
'Nach mór an breathas atá orraí(b)' arsa Riocard, arsa seisean 'go leigfe sibh a gcuid caorach isteach ormsa'.
→
fiannach
Is fadó fiannach an lá nar ól sé deóir ar bith. Thug sé suas uilig é. Ní theigheadh sé go maith dhó. Bhíodh an breathas air ag troid dhá mbeadh súmóigín ar bith óltaí aige
→
docht 2
Is diabhlaí docht a d'fháisc sé é. Caithfear an pionsúr a chur in a éadan. Tá breathas ar a lámha — rud ar bith a rachas sé a laimhseáil
→
donaigh
Ag iarraidh duine eicínt a dhonú atá tú leis an maide sin? Leag uait as do láimh ar fad é. Tá an breathas ar do láimh, tá sin. Is diachta ghéar nach mbeadh ciall duit feasta choíchin
→
dualgas
Mura bhfaghaidh sé a chuid airgid agus a chuid dualgais, is cantalach an éadáil é. Tá an breathas air mar shagart = tuarastal; íocaidheacht Nodlag, Cásca, coirce agus eile (Achréidh)
→
dúshlán
Chuir sé soipín luiche eadrainn, agus thoisigh sé dhár saghdadh ag iarraidh orainn smugairle a chaitheamh thar an soipín. Bhí muid fhéin in ar bpleibeanna cho mór an uair sin agus go raibh muid aige ar sheol na braiche. Annsin chuir sé faoi ndeara dhúinn dubhshlán a chéile a thabhairt, agus na dornaí a thomhais le chéile. Ba ghearr, mo léan, go raibh sé ina Chath na bPunann. Ní raibh splanc chéille againn an uair sin. Ach bhí breathas eicínt airsean. Mhairfeadh sé go deo ar an gceird sin