Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
breathas
Achréidh
mí-ádh, tubaiste, cat mara, diabhal, ábhailleacht, ciotaíl.
+
Nach ar do láimh atá an breathas go gcaithfidh sí an millteanas a dhéanamh! — nach thú atá ábhailleach; nach ort atá an fonn millteanais?
Tá breathas an domhain air; tá an-bhreathas air — tá sé contráilte mioscaiseach.
TUILLEADH (4) ▼
Ní fhaca mé do leithide ariamh le breathas.
Níl cinneadh ar bith lena chuid breathais!
Is mór an t-ionadh, nach ligfeá den bhreathas uair eicínt.
D'imigh an deabhac (diabhal) ort le breathas!

breathas in iontrálacha eile (9)

 
Murach gur casadh isteach thusa chugainn ní bheadh an fhudairnéis seo sa teach. Don riabhach dhuit nach áit eicínt eile a thug ort fhéin. Tá an breathas ort i gcónaí
 
Tá an breathas ar an gcinceach sin le scaradh. Déanann sí sprus fré chéile ar an dá luath agus a mbeireann duine uirthi.
 
Dhá mba agamsa a bheadh an chlann atá aige, chuirfinn cló stiúrtha eicínt orthu thar mar atá orthu: sin nó mharóinn iad. Tá an breathas críochnaithe orthu seachas putaí ar bith eile
 
arsa
'Nach mór an breathas atá oraibh,' arsa Riocard, arsa seisean, 'go ligfidh sibh a gcuid caorach isteach ormsa'
 
Is fadó fiannach an lá nár ól sé deoir ar bith. Thug sé suas uilig é. Ní théadh sé go maith dhó. Bhíodh an breathas air ag troid dhá mbeadh súmóigín ar bith ólta aige
 
docht 2
Is diabhlaí docht a d'fháisc sé é. Caithfear an pionsúr a chur ina éadan. Tá breathas ar a lámha — rud ar bith a rachas sé a láimhseáil
 
Ag iarraidh duine eicínt a dhonú atá tú leis an maide sin? Leag uait as do láimh ar fad é. Tá an breathas ar do láimh, tá sin. Is diachta ghéar nach mbeadh ciall duit feasta choíchin
 
Mura bhfaighe sé a chuid airgid agus a chuid dualgais, is cantalach an éadáil é. Tá an breathas air mar shagart — tuarastal; íocaíocht Nollag, Cásca, coirce agus eile (Achréidh)
 
Chuir sé soipín luiche eadrainn, agus thosaigh sé dhár saighdeadh ag iarraidh orainn smugairle a chaitheamh thar an soipín. Bhí muid fhéin inár bpleibeanna chomh mór an uair sin agus go raibh muid aige ar sheol na braiche. Ansin chuir sé faoi ndeara dhúinn dúshlán a chéile a thabhairt, agus na dornaí a thomhais le chéile. Ba ghearr, mo léan, go raibh sé ina Chath na bPunann. Ní raibh splanc chéille againn an uair sin. Ach bhí breathas eicínt airsean. Mhairfeadh sé go deo ar an gceird sin