Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
buail isteach
+
Nach ort atá an coimhthigheas (deirtear (caoi-fhios)) nach mbuailfeadh isteach = nach thú a airigheas cuthal nó cuideáin ionnad fhéin, nach dtiocfadh isteach.
Ní leigfeadh an choimhthigheas (an cuthaileacht; an faitchíos etc.) dhom bualadh (drannadh, dhul, etc.) isteach.
TUILLEADH (1) ▼
Bhuail sé isteach idir chlár agus chuinneog

buail isteach in iontrálacha eile (50+)

 
Ná fág an t-airgead sin annsin faitíos na heirimisce. Cá bhfios duit cé a bhuailfeadh isteach agus a chuirfeadh crúib air ingan fhios duit. Ní fear cneasta é gach fear dhá dteagann ar do theallach!
 
fios
Ní raibh fios rúin ná soiscéil agamsa cé a bhí ann, ach gur bhuail sé isteach chugam, agus gur dhúirt sé gur thusa a [chur] chugam é
 
Thainig an bullán mór sin aige isteach an bhearna chugam trathnóna agus thoisigh sé ag bualadh na mbeitheach orm. Dheamhan a leithide d'fhudarnéis a chonnaic tú ó chuaigh tú in ord Mhuire agus a bhí ionn. Shíl mé nach bhféadfainn a chur amach chor ar bith
 
fána
Bhí an-bháirí scadán annseo le cupla lá. Arú inné, bhí an fharraige salach leo. Ach tá siad gaibhte le fánaidh. Isteach faoi na sean-chladaigh se'agaibhse atá siad anois. Buailfidh siad annseo aríst gan mórán achair.
 
Buail isteach ann go fánach mar dhoigh dhe gur soir chuig an S. atá tú ag dul, agus má fhaghann tú deis ar bith tarraing anuas é
 
Dheamhan táirm a' bith a bhuail é a' clabaireacht go dtáinic sé sin isteach.
 
Caith dhíot a' coimhightheas, a's buail isteach. 'Ní bhíonn fear náireach éadálach' tá fhios aghad.
 
Bhuail a' t-ocras céadtach mé — sliabh gortach nó rud eicínt — ar Árd Bh. an T. M., a's shíl mé dheamhan a' baile a d'fheicfinn go bráth. Marach leisce é 'dhúiseacht, ghabhfainn isteach go dtí P. Ph. go bhfaghainn roisín bidh a dhúinfeadh mo ghoile go dteagainn abhaile.
+
Ó bhí mé a' gabhail a' bealach, bhuail mé isteach.
TUILLEADH (1) ▼
Buaileadh suas faoi bhealach é, a's b'éigean dó a dhul isteach i dteaichín a bhí ar shúil a' bhóthair, go leigeadh sé an oidhche thairis ann.
 
beo 2
An greim a d'ith mé, chuaidh sé go beo isteach in m'fhiacail a's bhuail doightheachaí mé, a's dheamhan forus ná suaimneas a thug siad dhom aríst i gcaitheamh na h-oidhche.
+
D'fhuadaigh an gála isteach ar thanuidheachan í, nó gur buaileadh í, imbéal na trágha.
TUILLEADH (1) ▼
Bhuail sé a chleite fhéin isteach sa gcomhrádh, ionnann's dhá mbadh duine foghlumta é, fearacht a' chuid eile = bhuail sé a ladar fhéin ann.
+
Séiplíneach óg a bhuail faoi, a's é ar a' gceird sin, a' bánú tighthe, a's a' déanamh créatúlacht' ar bhaintreabhachaí. Níor chuir a' séiplíneach aon-araoid air, gur ionnsuigh sé fhéin é, idtosach. Annsin dubhairt a' séiplíneach leis, go mbeadh a' féar fós a' fás ar urlár a phárlúis. Tháinic a' méid sin isteach fíor. Níl cloch ar fhuaid a' tighe mhóir indiu (scéal faoi thighearna talmhana a ndearna séiplíneach eascanaidhe air, má's fíor).
TUILLEADH (2) ▼
Bhuailfeadh fear a' bith faoi é, dhá n-eirigheadh leis greim a fhaghail isteach air, ach coinneocha sé siúd uaidh thú le na dornaí.
Má eirigheann leis breith isteach chor a' bith ort, tá tú buailte faoi aige, ar ionntú an tsuip.
 
Bhuail sé roimhe, nó go raibh neoin bheag, a's deire lae ann, an capall ag gabhail ar scáth na cupóige, a's an chupóg a' gabhail do'n Domhan Soir. Chonnaic sé i bhfad uaidh a's ní ingar dó; botháinín beag, nach raibh bun-chleite isteach ná barr-chleite amach air, ach aon-chleite amháin a' déanamh fasca a's dídin dó (as sean-scéal — "An fear gearr glas")
+
buail
Buaileadh isteach ar cheangal a' ghéill é.
TUILLEADH (10) ▼
Buail isteach idir a' gob a's an tsúil é = isteach díreach i gclár an éadain.
Buail isteach a' gabhail abhaile dhuit.
Bhuail sé isteach chugainn idir chlár a's chuinneog = tháinic sé isteach go dtí muid sa teach.
Buaileann sé isteach 'chuile lá a dteigheann sé an bóthar.
Fuair tú amach é, muis, cé a bhuailfeadh isteach a' breathnú ort = sé'n duine céadna adubhairt tú, an duine nach dtiocfadh isteach a' breathnú ar aon-duine.
'Teacht isteach ag C. Th. a bhuail an sliabh-gortach mé, a's níor fhan eirghe 'mo sheasamh ionnam ar a' toirt boise. Marach gur eirigh Dia liom lún (lón) a bheith ar iomchur agam, bhí mo chnaipe déanta.
Má bhí bualadh an naoi agad, breagh ar leig tú isteach biorach é?
Tá fuigheall na bhfuigheall ag fir oibre 'sna bailte móra ó chuaidh an 'gobhairmint' seo isteach, ach 'siad na feilméaraí atá buailte.
Tá casán buailte isteach go dtí an bhrocach = níor dearnadh casán ná bealach ann, ach chuir síor-shiubhal, as talltú na mbeithidheach, isteach a's amach go dtí an bhrocaigh, cumraidheacht casáin ar a' talamh ann.
Tá bealach buailte ag a' sionnach isteach go dtí an bhrocach 'sa gcreig.
 
buille
D'airigh sé an buille iomradha uirre isteach ar feadh an bhealaigh, ach nuair a bhuail sé caladh, níor léar dhó go raibh duine ar bith sa gcurrach ach é fhéin. Chaithfead sé nar dhuine saoghalta a bhí thiar aigeán a tóin.
 
Buaileadh lubhthar (lobhthachar?) eicínt gan aireachtáil isteach sa mbéal orm as dorus tighe ar a' mBalla Fada.
 
Bhuail sé isteach ar áirdín a' chúil mé.
 
anuas
Rug sé isteach, agus bhuail sé anuas faoi'n urlár é, gan anró 'bith.
 
farra
Tháinig an gamhain fúm d'fharradh, agus bhuail sé isteach in éadan an chlaidhe mé.
 
flith 1
Ní fhaca tusa flith ag dul le cois chapaill ariamh? … Ní hé sin domsa é muis. Is minic a chonnaic mé dhá cur léithi í, dhá mbeadh sí ata. Í fhéin nó muingbheara. Tá an fhlith chuile orlach cho maith leis an muingbheara. Í a bhruith i bpota agus an súgh a chuimilt don at. Ní fuláir í a choinneál cuimlithe léithi nó go dtraoithe sí. Bhainfeadh sí at as duine freisin. Í a théamh as cionn na tine, agus a bualadh le do dhá bhois, agus a cur isteach leis te bruite. Chuir mise le mo láimh annseo í uair a raibh sí ata. Ba gearr a bhí sí ag baint an at aisti.
 
féith 1
Ní raibh féith de mo chroí air a mhic ó, nuair a bhuail sé isteach chugam idir chlár agus chuinneóg = ní raibh mé ag súil leis; ní raibh cuimhne ar bith agam go dtiocfadh sé
 
iarr
Bhuail sé isteach chugainn gan cuireadh gan iarraidh
 
imir
Cé'n sórt imirt a thug tú orra(b)? Scaoil tú mo dhuine isteach biorach agus bhuail tú do pháirtidhe = níor dhrann sé le cártaí duine de'n chomlán a bhí in aghaidh. Scaoil sé thairis é, ach bhuail sé an té a bhí i gcomhar leis fhéin.
+
Bhí an luing a' doirtim (druidim?) isteach, ariamh, ariamh gur bhuail sí cloch (clo adeirtear i gcomhnuidhe san leagan seo, agus in a mhacsamhail a mbíonn an chuid sin de'n chladach igceist) = bhí sí ag teannadh isteach gur tháinic sí ar an gcuid sin de'n chladach atá faoi chlocha, agus b'éigin di fanacht annsin, mar ní raibh a dhul as aice, de bharr tanuidheachain.
TUILLEADH (2) ▼
Leig tú dó muileata isteach biorach agus fhusacht duit a bualadh = bhí mámh aige a bhuailfeadh dó muileata ag dul thairis, agus b'fhurasta dó é a bhualadh, ach in a leaba sin scaoil sé thairis gnóithte (biorach) é, go dtí an té a raibh an imirt a' teacht chuige.
Tá'n buille feill sa gcúinne. Ní dheacha aon-chárta isteach anocht ann nar buaileadh = imreoir tráthamhail, a mbíodh bualadh chuile chárta dhá gcuirtí faoi aige a bhí ag imirt sa gcúinne.
 
ith
Bhuail an sliabh gortach mé aniar ag tigh Chóilí agus fhobair mé a dhul isteach ag Pheadair a' Ghabha ag iarraidh rud le n-ithe.
 
'Ar ndú' ní shíleann tú gur isteach idteach aicíde a bhuailfinn dhá mbeadh fios na faille agam. Bhuaileas a mhaisce, idir chlár agus chuinneóg
 
Tá fuar-chruit ar an duine bocht ó bhuail an rud sin é. Deir an dochtúr gur fabhtach atá cnáimh an droma, agus go bhfuil sé ag liocadh isteach. Céard a dhéanfadh é sin? Eiteann meastú? … Is gearr a mhairfeas sé agus an deis siúd air
 
Seo níl aon-ghnatha agad fruch frach a theacht ort ar aon-chor. Tá an mhísc déanta anois. Buail isteach go dtí é, agus abair narbh é do chionn tsiocair é, ach go ndeasóidh tú dhó é. Is fhearr sin ná a dhul dhá cheilt air. Gheobhaidh sé amach ar aon-chor gur briseadh é. Níl an oiread fascadh san té a bhris é, agus go bhféadfadh sé a bhéal a choinneál ar a chéile. Innseóidh sé sin don tír é. Is claibín muilinn ceart é
 
daba
Buaileadh isteach ar an straois mé le daba de rud eicínt. Sin é an uair ar chroch mé fhéin mo sheolta liom
 
daigh
Bhuail doigh mé isteach im'imliocán agus shíl mé go raibh mé caillte. Céard a bheadh orm ach an tsnaoim (snaidhm) eile sin. Bhain sí trí lá asam. Chuirfeá amach thrí chró snáthaide mé nuair a leig sí dhom
 
Tá a shliocht orm. Ní bhuailfear an dalladh mullóg cho réidh sin ormsa aríst, agus ní bhuailfí orm an uair sin fhéin é, marach go mb'éigin dom a bheith isteach agus amach 'chuile phuinte ag faire ar bhó a bhí i dtinneas laoigh
 
Marbhuigheadh é le'r buaileadh air ag an scoil, ach b'aon-mhaith amháin é in a dheidh sin. Dallarán gan mheabhair gan éirim a bhí ann. Níorbh fhéidir focal a chur isteach in a chloigeann
 
Deir siad nach bhfuil an pataire beag sin ag T. Sh. daor-bhasctha chor ar bith ag an scoil. Tá a bhfuil in a "chlass" buailte amach aige. Dheamhan a fhios agam cé uaidh a dtug sé é muis, arae leithide an athar de dhallarán níor sheas istigh ariamh i scoil. Agamsa atá a fhios sin. Bhíodh an bheirt againn le h-ais a chéile, agus an uair nach ag gárthaighil a bhíodh sé, bhíodh sé ag diúgaireacht. Sílim nach (nachar) thriomuigh a shúile ó'n lá a ndeachaidh sé isteach ins an scoil go dtí an lá ar fhága sé í.
 
Tá mé ag fuasaoid arainge le seachtain. Dheamhan cor ná cor fágtha ionnam aice. 'Chuile uair dhá ndírighim mé féin, buaileann an driog — driog maith freisin — mé isteach ins na h-asnachaí. Ní fhágann sí puth de m'anáil agam scaithtí. Níl mé indon ionntú ó'n taobh seo anois go dtí an taobh eile. Dheamhan é muis. Má fhéachaim leis, is fear mé a shaothróchas an saoghal. A! Dheamhan brigh innte, ach go gcaithfidh sí a seal a thabhairt mar sin. Caithtear deachma na sláinte a íoc. Níl a dhul uaidh