Cab
—ainm-fhocal; firinscneach
—Tá "clab" in áit "cab" anois ionann's uileag, nuair is é an béal nó na liopaí atá i gceist, ach tá "cabaire", "cabaireacht" an-choitcheannta fós a's deifridheacht eatorra a's "clabaire" "clabaireacht"
1.
clab, béal, pus.
+–
Dún do chab (annamh).
Tá na caib (na caba) a' stolladh i gcomhnuidhe agad = bíonn tú i gcomhnuidhe a' cur díot.
TUILLEADH (1) ▼
Tiubharfa mé isteach ar a' gcab dhuit é, mara dtuga tú aire dhuit fhéin! = buailfe mé thú.
2.
a.
liopa.
·
Abair 'ab ab' a's na buail do dhá chab faoi chéile (Rud nach féidir a dhéanamh. Caithtear a' dá chab a bhualadh faoi chéile le "ab" "ab" a rádh mara gcuirteá píosa páipéar eatorra).
b.
bruach, bord. "Cab ar chab" = bord ar bhord; go béal; go buinne bruach; go drad chomh h-árd le … ; ar aoirde, ar chomh-aoirde le …
+–
Tá'n taoille cab ar chab leis a' mbóthar thoir ag an D. Mh. anocht. = tá sí bord ar bhord leis a' mbóthar; chomh h-árd leis an mbóthar.
Nuair a bheadh lán-mhara rabharta mhóir ann, d'eireochadh sí (an tuile) cab ar chab le claidhe na dúirling[e]
TUILLEADH (9) ▼
Bhí tuile na h-abhann, an geimhreadh seo caithte cab ar chab le barr an chnocáinín sin. Badh shin é an fuarloch aghad a mhic ó!
Tá na 'maingeails' cab ar chab le barr an chlaidhe anois.
Ná líon níos mó é nó cuirfe tú thar maoil é. Nach bhfeiceann tú go bhfuil sé cab ar chab le béal a' tubáin
'Sé ar líon sé é (an cliabh) cab ar chab leis a' bhfiacail. Níor chuir sé maoil a' bith air. Baoghal ar an leaduidhe siúd aon-anró a chur air fhéin ag iomchur chléibh.
Is le bheith d'uireasbha móna dhuit a bheith i gcleitheamhnas an phortaigh siúd. Tá'n t-uisce eirighthe indiu ann cab ar chab leis a' mbinnse.
Mara dteighe [tú] dhó go deas anois, dóirtfe tú cuid dhe, arae tá sé cab ar chab le béal a' tsoithigh.
Tá barr na cruaiche cab ar chab le fraigh an tighe.
Bhí taoscán maith turnapaí aige. Bhí siad cab ar chab le stuaic na 'cribeach'.
Tá'n fánán aníos líonta (le clocha) aníos cab ar chab le ucht an aird. Is beag an caitheamh le fánadh a bheidheas ann, ach iad siúd a bheith réidh leis."
+–
Tá'n t-uisce cab ar chab leis (le bruach an bhóthair) a's cab as a chionn = tá sé a' cur thar maoil ar a' mbóthar de bheagán.
Tá sé thar a bheith cab ar chab leis. Tá sé cab as a chionn faoi seo.
TUILLEADH (4) ▼
Ní cab ar chab leis atá sé ach cab as a chionn.
Má chuireann tú mórán eile uisce de bhiseach air sin, cuirfe tú cab as a chíonn é. = cuirfe tú thar maoil é.
Bhí an taoille cab ar chab liom a's cab as mo chionn = bhí mé folctha ag an taoille.
Tá sí cab ar chab leis, a's cab as a chionn = bean mhór le h-ais fir.
3.
scothach feasóige ar an smig, as suas go dtí an béal go minic.
+–
Sean-fhear a bhfuil cab air, é = claimhreach feasóige ar a smig (Achréidh).
Ní féidir gurab é 'Cab Dubh' sin thíos a bhí ann (leasainm ingeall ar Chab a bheith air).
TUILLEADH (10) ▼
Ba chóir dhuit cab a leigean suas, má's leat a bheith in do chliamhain aige siúd.
Cá'id ó bhearr sé an cab?
Dhéanfadh an cab feasóige atá air cóta fíonnaigh de dhuine.
Is annamh a d'fheicfeá cab a' bith anois, mar a bhfeicfeá ar chorr-shean-fhear é. Tá cab breagh gaedhealach ar Sheán — fós.
Nach in a chab a bheadh an teolthaidheacht ag dreanncaidí!
Roimhe seo bhíodh cab ar chuile spailpín dá dtagadh aniar, ach d'fheicfeá chuile dhuine dhíobhth' glan bhearrtha anois.
Rug sé ingreim caib air, a's thosuigh sé dhá streachailt. Marar fhob sé an tsean-fheasóg fhiannach a tharraingt amach as a ghéill as cosa i dtaca!
Thug sé lán a ghlaice dá chab leis, de'n iarracht sin = í a strachailt dhe.
Maran tú shílea(nn)s mé 'bheith adhartha (simplidhe, sodhantach) agad, go bhfaighe tú mo shean-chab le tarraingt mar sin!
Scread chasta ar a chab broghach!
Cab in iontrálacha eile (6)
→
fiacail
Is diabhlaí an taoille a bhí ann anocht. Bhí an chéibh go fiacail aice = bhí sí aníos cab ar chab le urlár na céibhe
→
dual 2
Chaith sé dual na druinne de bháisteach aréir. Tá chuile chlaise 'soir annsin ag dul thar bruach. 'Bhfeiceann tú an trinse sin thíos agus í cab ar chab leis an mbóthar