cab
—ainmfhocal, firinscneach
—tá clab in áit cab anois ionann is uileag nuair is é an béal nó na liopaí atá i gceist, ach tá cabaire, cabaireacht an-choitianta fós agus difríocht eatarthu agus clabaire, clabaireacht.
1.
clab, béal, pus.
+–
Dún do chab (annamh)
Tá na caib (na caba) ag stolladh i gcónaí agat — bíonn tú i gcónaí ag cur díot.
TUILLEADH (1) ▼
Tabharfaidh mé isteach ar an gcab dhuit é mura dtuga tú aire dhuit fhéin! — buailfidh mé thú.
2.
a.
liopa.
·
Abair ab ab agus ná buail do dhá chab faoi chéile (Rud nach féidir a dhéanamh. Caitear an dá chab a bhualadh faoi chéile le 'ab ab' a rá mura gcuirteá píosa páipéar eatarthu)
b.
bruach, bord. Cab ar chab: bord ar bhord; go béal; go buinne bruach; go drad chomh hard le … ; ar airde, ar chomhairde le …
+–
Tá an taoille cab ar chab leis an mbóthar thoir ag an D. Mh. anocht — tá sí bord ar bhord leis an mbóthar; chomh hard leis an mbóthar.
Nuair a bheadh lán mhara rabharta mhóir ann, d'éireodh sí (an tuile) cab ar chab le claí na duirlinge.
TUILLEADH (9) ▼
Bhí tuile na habhann an geimhreadh seo caite cab ar chab le barr an chnocáinín sin. Ba in é an fuarlach agat a mhic ó!
Tá na meaingeals cab ar chab le barr an chlaí anois.
Ná líon níos mó é nó cuirfidh tú thar maoil é. Nach bhfeiceann tú go bhfuil sé cab ar chab le béal an tobáin
'Sé ar líon sé é (an cliabh) cab ar chab leis an bhfiacail. Níor chuir sé maoil ar bith air. Baol ar an leadaí siúd aon anró a chur air fhéin ag iompar chléibh.
Is le bheith d'uireasa móna dhuit a bheith i gcleithiúnas an phortaigh siúd. Tá an t-uisce éirithe inniu ann cab ar chab leis an mbinse.
Mura dté (tú) dhó go deas anois, dóirtfidh tú cuid dhe, arae tá sé cab ar chab le béal an tsoithigh.
Tá barr na cruaiche cab ar chab le fraigh an tí.
Bhí taoscán maith tornapaí aige. Bhí siad cab ar chab le stuaic na cruibeach.
Tá an fánán aníos líonta (le clocha) aníos cab ar chab le ucht an aird. Is beag an caitheamh le fána a bheas ann ach iad siúd a bheith réidh leis.
+–
Tá an t-uisce cab ar chab leis (le bruach an bhóthair) agus cab os a chionn — tá sé ag cur thar maoil ar an mbóthar de bheagán.
Tá sé thar a bheith cab ar chab leis. Tá sé cab os a chionn faoi seo.
TUILLEADH (4) ▼
Ní cab ar chab leis atá sé ach cab os a chionn.
Má chuireann tú mórán eile uisce de bhiseach air sin, cuirfidh tú cab os a chionn é — cuirfidh tú thar maoil é.
Bhí an taoille cab ar chab liom, agus cab os mo chionn — bhí mé folctha ag an taoille.
Tá sí cab ar chab leis, agus cab os a chionn — bean mhór le hais fir
3.
scothach féasóige ar an smig, as suas go dtí an béal go minic.
+–
Seanfhear a bhfuil cab air é — cluimhreach féasóige ar a smig (Achréidh)
Ní féidir gurb é Cab Dubh sin thíos a bhí ann (leasainm i ngeall ar chab a bheith air)
TUILLEADH (10) ▼
Ba chóir dhuit cab a ligean suas más leat a bheith in do chliamhain aige siúd.
Cáid ó bhearr sé an cab?
Dhéanfadh an cab féasóige atá air cóta fíonnaigh do dhuine
Is annamh a d'fheicfeá cab ar bith anois, mar a bhfeicfeá ar chorrsheanfhear é. Tá cab breá gaelach ar Sheán fós.
Nach ina chab a bheadh an teolaíocht ag dreancaidí!
Roimhe seo bhíodh cab ar chuile spailpín dá dtagadh aniar, ach d'fheicfeá chuile dhuine dhíofa glanbhearrtha anois.
Rug sé i ngreim caib air agus thosaigh sé dhá streachailt. Murar ob sé an tseanfhéasóg fhíonnach a tharraingt amach as a ghéill as cosa i dtaca!
Thug sé lán a ghlaice dá chab leis den iarracht sin — í a streachailt dhe.
Muran tú shíleanns mé a bheith adhartha (simplí, saontach) agat, go bhfaighe tú mo sheanchab le tarraingt mar sin!
Scread chasta ar a chab broghach!
cab in iontrálacha eile (4)
→
dual 2
Chaith sé dual na droinne de bháisteach aréir. Tá chuile chlaise soir ansin ag dul thar bruach. An bhfeiceann tú an trinse sin thíos agus í cab ar chab leis an mbóthar