clabaireacht
—
síorchaint; síormheilt cainte; a scilligeadh cainte; creimireacht, béadán, cúlchaint nó a leithidí.
+–
An dteagann iamh ar bith ort ach ag clabaireacht?
Bíonn sé ar aon táirm amháin ag clabaireacht i gcónaí.
TUILLEADH (8) ▼
Ara lig de do chuid clabaireacht, agus ná bí do mo bhodhrú léithe. Dheamhan aithne ort nach dtabharfaidh daoine aird ort.
Chaith sé an oíche ag caint is ag clabaireacht, agus gan gair ag aon duine eile a bhéal a oscal aige.
I nDomhnach, níl gnaoi ar bith agamsa ar a chuid clabaireachta sin. Chuile bhall agamsa ach clabaire. Níor thaitnigh clabaire ariamh liom, thar chineál duine ar bith.
Beidh tú ar siúl go dtuga mise luach do chuid clabaireachta duit ó fhada go dtí é.
Dheamhan táirm ar bith a bhuail é ag clabaireacht go dtáinig sé sin isteach.
Tá déanamh maith d'uireasa do chuid clabaireachtsa agam anois bíodh a fhios agat.
Ní clabaireacht a bhainfeas móin daoibh — ní hea sin!
Cáide a chaith sé ar an gclabaireacht siúd?
Féach freisin
→
cab
clabaireacht in iontrálacha eile (11)
→
cíos
Dhá mbeadh aon chíos ar an gcaint, deir (dar) liom fhéin nach mbeadh an oiread clabaireachta ag cuid de na daoine agus a bhíonns acub.
→
fiacail
Má bhíonn duine mín tláth agus gan síomálachaí ar bith a tharraingt air fhéin, leabharsa ní chuirfidh aon duine chuige ná uaidh. Ní bhriseann dea-ghlór fiacail. An iomarca clabaireacht a bhriseas iad
→
diachta
Diachta ghéar gan an Nollaig chéanna tharainn dá mba rud é a dhúnfadh a (bhur) mbéal. Níor thug sibh foras ná suaimhneas dúinn le mí ach í ina leathrann agaibh lena (bhur) mbricfeasta, agus lena suipéar. Nuair a thiocfas sí tiocfaidh sí agus ní fhéadfaidh sibhse ná aon duine eile a dhéanamh lá níos túisce. Breá nach ligfeadh sibh dá gcuid clabaireachta ansin fúithi
Brisfidh mé mo chuid ailt ar dhroichead do smaoise mura lige tú de do chuid clabaireachta. Is deas an buachaill óg thú
+
→
droim
Bíonn gláiféisc agus gardaí an tsaoil mhóir aige. Shílfeá lena chloisteáil ag clabaireacht mar sin go ndéanfadh sé cat agus dá rioball, ach is furasta a chur dhá dhroim ina dhiaidh sin. Níl aon chur leis ann nuair a theagas an crú ar an tairne
TUILLEADH (1) ▼
'Sí do chuid clabaireachta a chuir de dhroim seoil mé. Tá sé ag dul chun seachmaill orm anois. Foighid ort go dtosaí mé aríst é. Ní raibh focal dó (dhe) sin nach raibh agam ó thús go deireadh scaitheamh. Ach tá an chuimhne ag imeacht uaim uileag anois
→
dóigh 1
D'inseoinn dó é, ach ní bhfuair mé an dóigh. Bhí brat acu timpeall air, agus ní chloisfeá méir i gcluais lena raibh de chlabaireacht agus de shioscadh acu. Shílfeá freisin go raibh sé de bheith orthu fanacht ansin nó go n-imíodh seisean. Bhí mé le buile agus le báine, ach d'fhéad mé fuarú sa gcraiceann céanna ar théigh mé ann, ar scáth a raibh d'aird acu siúd orm
→
dún
Nach breá nach ndúnfá do chaiseal agus gan a bheith ag bodhrú na ndaoine le do chuid clabaireachta
Tá sé ag dul thríom fód móna a shá siar in do bhéal, dhá gceapainn go mba rud é a chuirfeadh ó chlabaireacht thú. Nach breá nach dtabharfá scíth do do theanga uair eicínt agus gan a bheith ar an táirm chéanna i gcónaí