Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Cabach
aidiacht
béal-ráideach; biadánach; béal-scaoilteach; gan fascadh gan chaomhamhaint.
+
Ná bíodh tusa in do thús cainnte leis a' méid sin. Seachain a' mbeitheá chomh cabach a's go gcainnteochthá amach as do bhéal le seo thíos air.
Is beag a' mhaith pear(bh)úl a chuir air sin. Tá sé chomh cabach, a's go mbeidh sé a' déanamh tinnis dhó, go labhruighe sé air.
TUILLEADH (2) ▼
Nach maith a chaithfeadh Cáit chabach é chloisteáil! Cuirfe sí sin anois a leagan fhéin air. Níor leig sí aon-scéal uaithe fós ariamh gan agús a chuir ann.
'Sé bheadh in a riocht, marach chomh cabach a's atá sé. Ach dhá dtionnscl(ochth)á an scéal chor a' bith dhó, badh é scéal 'chuile dhuine é ambáireach nó an lá 'na 'dhiaidh sin."

Féach freisin

Cabach in iontrálacha eile (7)

 
fág
Cabáil! Cá bhfágfá í. Ní le muinntir do mháthar a ghabhfá gan a bheith cabach. Sháraigh siad sin an diabhal le cabáil
 
bannaí 1
Tá sí sin chomh cabach a's gur fada léithe go gcasfa duine eicínt uirre le na tharraingt anuas chuige. Cé'n mhaith bannaidhe béil a chuir ar a leithide sin?
 
beo 1
Níl duine bith beo chomh cabach leis.
 
Tá sí sin an-chabach. Níl aon-smid dhár dhubhairt mé as a comhair, nach bhfuair mé amach aríst in a diaidh.
 
Fuair tú amach muise an té a mbeadh fascadh ann. 'Ar ndú' dhá gcuirtheá slat ar pharáiste, ní bhfuightheá fear is cabaí ná é sin
 
dual 1
Ba dual máthar di a bheith cabach agus cúl a cainte a bheith léithe.
 
Bhí rud a dhéanamh léithe: gan a leigean isteach annseo níos mó, má tá sí cho cabach sin