Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
cabach
aidiacht
béalráiteach; béadánach; béalscaoilteach; gan foscadh gan chaomhúint.
+
Ná bíodh tusa in do thús cainte leis an méid sin. Seachain an mbeifeá chomh cabach agus go gcainteofá amach as do bhéal le seo thíos air.
Is beag an mhaith pearúl a chur air sin. Tá sé chomh cabach agus go mbeidh sé ag déanamh tinnis dhó go labhraí sé air.
TUILLEADH (2) ▼
Nach maith a chaithfeadh Cáit chabach é a chloisteáil! Cuirfidh sí sin anois a leagan fhéin air. Níor lig sí aon scéal uaithi fós ariamh gan agús a chur ann.
'Sé bheadh ina riocht murach chomh cabach agus atá sé. Ach dhá dtionsclófá an scéal chor ar bith dhó, ba é scéal chuile dhuine é amárach nó an lá ina dhiaidh sin.

Féach freisin

cabach in iontrálacha eile (7)

 
fág
Cabáil! Cá bhfágfá í. Ní le muintir do mháthar a ghabhfá gan a bheith cabach. Sháraigh siad sin an diabhal le cabáil
 
bannaí 1
Tá sí sin chomh cabach agus gur fada léithe go gcasfaidh duine eicínt uirthi lena tharraingt anuas chuige. Cén mhaith bannaí béil a chur ar a leithide sin?
 
beo 1
Níl duine bith beo chomh cabach leis.
 
Tá sí sin an-chabach. Níl aon smid dhár dhúirt mé os a comhair nach bhfuair mé amach aríst ina diaidh.
 
Fuair tú amach muise an té a mbeadh foscadh ann. Ar ndóigh dhá gcuirtheá slat ar pharóiste, ní bhfaightheá fear is cabaí ná é sin
 
dual 1
Ba dual máthar di a bheith cabach agus cúl a cainte a bheith léithe
 
Bhí rud a dhéanamh léithe: gan a ligean isteach anseo níos mó, má tá sí chomh cabach sin