Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Caidhleadh
briathar
Cadhladh freisin adeirtear i 1 thíos
1.
cárnán, meall cruinnighthe, cual, caidhl, nó caidhlín a dhéanamh de rudaí; rudaí a shocrú i mullach a chéile in a gcual.
+
Chaith mé an oidhche a' breathnú air a' caidhleadh (nó a' cadhladh) suas na bpighneachaí. 'Sé a chrap leis a raibh 'san imirt = bhí sé a' gnothachtáil, a's é a' cur pighneachaí in a gcual i mullach a chéile.
Tá tú dhá gcaidhleadh dólom = tá tú a' gnothachtal phighneacha a's a' déanamh caidhlín díob, ar feadh an achair.
TUILLEADH (8) ▼
Déan na leithpighneachaí sin a chadhladh suas (ch)ugad fhéin annsin.
Chonnaic mé thiar annsin thiar é (an gasúr) ar ball a's é caidhleadh suas chloch in a gcárnán — a' déanamh tighthe beaga dhó fhéin mar dhóigh dhe!
Shíl mé gur dhubhairt mé leat an mhóin sin a chaidhleadh suas i mullach a chéile, a's gan í a fhágáil in a ciseach mar sin! Ach is beag a' mhaith rud a' bith a rádh leat. Tá tú ro-neamh-áirdeamhail ar fad.
Bailigh a bhfuil de chlocha ar a' gcúl sin, a's déan iad a chaidhleadh suas in éindigh annseo. Cuirfeamuid ar na leachtaí aríst iad, nó tárlóchamuid amach ar a' mbóthar le ciseogaí iad.
Níor mhór a bhfuil de chlocha sa ngarrdha sin a phiocadh a's iad a chaidhleadh suas in áit eicínt as a' mbealach, má's linn é 'leigean amach 'un féir imbliadhna. Tá an draoi cloch air.
'Séard a b'fhearr dhuit a dhéanamh leis a' mionudhas móna sin, í a chaidhleadh suas aisti fhéin in áit eicínt, a's í 'thabhairt abhaile 'sna cléibh nó i málaí.
Is fhearr dhuit a bhfuil de scriocháin (screacháin, creacháin) ar 'chuile iomaire, a chaidhleadh suas le chéile in a gcárnáinín, a's iad a thabhairt abhaile trathnóna igcléibh an asail.
B'fhearr duit na sclamhairí sin a chaidhleadh suas in a gcárnán, a's bruighfeamuid do na muca iad.
2.
a' caidhleadh sneachta, báistighe, urchar etc. = do do phlúchadh, do dhalladh leo; é 'bheith 'caitheamh sneachta, báistighe etc. chomh tréan a's nach mbadh léar dhuit tada; sneachta, báisteach etc. a's gaoth leo, a's iad in t'aghaidh.
+
Tá sé a' caidhleadh sneachta, báistighe etc. = dá gcur go tréan; dá séideadh; dá gcur a's gaoth leo; a' roilleadh.
Cá mbeitheá a' gul (a' dul)? Nach bhfeiceann tú a' caidhleadh sneachta é.
TUILLEADH (3) ▼
Ní bheidh an oidhche ineolta (insheolta?) aríst anocht. Tá sé a' caidhleadh báistighe mar bheadh Dia dhá rádh leis anois.
Go bhféacha Dia ar aon-chréatúr atá amuigh anocht. Saothrócha siad é, a's an chaoi 'bhfuil sé a' caidhleadh sneachta.
Tabhair caidhleadh air! Tá ceann faoi ar a' lá ar fad anois. Is míllteach an aimsir í, ní ceasacht ar Dhia é!
+
Bhí mé do mo chaidhleadh le báisti(gh).
Ba é an lá ba mheasa é 'chonnaic mé ariamh. Ní leigfeadh sé luch as poll ná diabhal as Ifreann. Bhí mé do mo chaidhleadh le báisti(gh), a's gan fiú's a' cóta mór fhéin orm.
TUILLEADH (7) ▼
Dheamhan coisméig de'n bhealach nach raibh mé do mo chaidhleadh le sneachta, a's cé'n bhrigh ach nar léar dhom troigh de'n bhóthar.
Fuair sé garbh indiu é muis. Bhí sé dhá chaidhleadh le sneachta ó d'fhága sé Gaillimh, go dtáinic sé abhaile.
Is beag a' dochar dhó a bheith sínte fhéin, má bhí sé dhá chaidhleadh le sneachta ar feadh an lae mar sin, a's gan fascadh ná dídean aige, ach mar bheadh lorg coise na bó ar a' gcneagaire (Féach "cneagaire")
Shoraidh dhíot nar fhan mar bhí tú, a's gan a dhul i gcleitheamhnas thú 'bheith do do chaidhleadh le sneachta mar sin. (D)ar ndóigh, ní chorróchadh aon-fheithideach beo amach a leithide d'oidhche.
Shíl mé go srianfainn abhaile é, ar chuma eicínt, ach th'éis cupla uair do mo chaidhleadh le báisti(gh), ba mhaith liom agam tigh Bh. N. Mh. Chaith mé cupla uair ann go dtáinic aith-deal aige.
D'fhéadfá 'rádh go raibh muid idteannta. Muid dhár gcaidhleadh le piléir a's le "shell"annaí, a's gan dul ar ar n-aghaidh, ná ar ar gcúl aghainn! A's gan-fhios cé'n puinnte a bpléascfadh ceann aca(b) sin, a's a ndéanfadh sé smiodairíní de chéad againn in éindigh.
'Is maith an bádóir a bhío(nn)s ar a' talamh' adeir siad. B'fhéidir dhá mbeadh sé annsiúd, a's é dhá chaidhleadh le urchair, go mbadh bheag a' mhaith é. Ní bhíonn aon-chíos ar a' gcainnt.

Caidhleadh in iontrálacha eile (5)

 
Bhí an fear thiar dhá chaidhleadh le clocha. Dheamhan d'fhaitíos a bhí air (aige) roimhe in a dhiaidh sin!
 
D'árduigh sé in a gheal-stoirm a's muid leath-cuain. Bhí muid dhár gcaidhleadh le fairrge cháithte, a's cuilíní bána ar an uisce is 'chuile áit. B'ait na bádóirí muid, a's talamh a dheanamh chor a' bith.
 
Is mór an mí-fhollántas a bheith do do chaidhleadh le deatach chuile phuinnte mar sin
 
dairt
Bhí mé ag teacht anoir as an oíche cheana, agus ní fhaca tú aon-ghábh ariamh mar a ndeacha mé ann. Bhí a raibh de ghasúir uiliog ar an mbaile faoi réir faoi mo chomhair ag bóithrín na bF. agus bhí mé do mo chaidhleadh le dairteacha aca, as sin anoir go dtí an gleann. Níor caitheadh cloch na miarthóig (méaróg) liom gan "doubt". Ó a fuair mise an gó sin tharm, tiocfaidh uisce le fánaidh aríst shul (d)á fheicfear mise aríst i mbaile Bh.
 
dubh 3
D'fhan siad thuas annsin go raibh an cheapach dubhuighthe aca aindeoin go raibh siad dhá gcaidhleadh le sneachta. Dheamhan duine ar na mbaile nach raibh na bonnaidheachaí le splainc aige, agus iadsan i muinín a gcroidhe agus a gcruite ag deargadh talmhana