Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
cadhail
briathar
caidhleadh, cadhladh freisin adeirtear i 1 thíos
1.
carnán, meall cruinnithe, cual, caidhl, nó caidhlín a dhéanamh de rudaí; rudaí a shocrú i mullach a chéile ina gcual.
+
Chaith mé an oíche ag breathnú air ag caidhleadh (nó ag cadhladh) suas na bpínneachaí. 'Sé a chrap leis a raibh san imirt — bhí sé ag gnóthachtáil, agus é ag cur pínneachaí ina gcual i mullach a chéile.
Tá tú dhá gcaidhleadh dólom — tá tú ag gnóthachtáil phínneacha agus ag déanamh caidhlín díobh ar feadh an achair.
TUILLEADH (8) ▼
Déan na leithpínneachaí sin a chaidhleadh suas chugat fhéin ansin.
Chonaic mé thiar ansin thiar é (an gasúr) ar ball agus é ag caidhleadh suas chloch ina gcarnán — ag déanamh tithe beaga dhó fhéin mar dhóigh dhe!
Shíl mé gur dhúirt mé leat an mhóin sin a chaidhleadh suas i mullach a chéile agus gan í a fhágáil ina ciseach mar sin! Ach is beag an mhaith rud ar bith a rá leat. Tá tú ró-neamhairdiúil ar fad.
Bailigh a bhfuil de chlocha ar an gcúl sin agus déan iad a chaidhleadh suas in éindí anseo. Cuirfidh muid ar na leachtaí aríst iad nó tarlóidh muid amach ar an mbóthar le ciseogaí iad.
Níor mhór a bhfuil de chlocha sa ngarraí sin a phiocadh agus iad a chaidhleadh suas in áit eicínt as an mbealach más linn é a ligean amach chun féir i mbliana. Tá an draoi cloch air.
Séard ab fhearr dhuit a dhéanamh leis an mionús móna sin, í a chaidhleadh suas aisti fhéin in áit eicínt agus í a thabhairt abhaile sna cléibh nó i málaí.
Is fhearr dhuit a bhfuil de screacháin (creacháin) ar chuile iomaire a chaidhleadh suas le chéile ina gcarnáinín agus iad a thabhairt abhaile tráthnóna i gcléibh an asail.
B'fhearr duit na sclamhairí sin a chaidhleadh suas ina gcarnán agus bruithfidh muid do na muca iad.
2.
ag caidhleadh sneachta, báistí, urchar srl.: do do phlúchadh, do dhalladh leo; é a bheith ag caitheamh sneachta, báistí srl. chomh tréan is nach mba léir dhuit tada; sneachta, báisteach srl. agus gaoth leo, agus iad in t'aghaidh.
+
Tá sé ag caidhleadh sneachta, báistí srl. — dá gcur go tréan; dá séideadh; dá gcur agus gaoth leo; ag rilleadh.
Cá mbeifeá ag dul? Nach bhfeiceann tú ag caidhleadh sneachta é.
TUILLEADH (3) ▼
Ní bheidh an oíche insheolta aríst anocht. Tá sé ag caidhleadh báistí mar a bheadh Dia dhá rá leis anois.
Go bhféacha Dia ar aon chréatúr atá amuigh anocht. Saothróidh siad é agus an chaoi a bhfuil sé ag caidhleadh sneachta.
Tabhair caidhleadh air! Tá ceann faoi ar an lá ar fad anois. Is millteach an aimsir í, ní ceasacht ar Dhia é!
+
Bhí mé do mo chaidhleadh le báistigh.
Ba é an lá ba mheasa é a chonaic mé ariamh. Ní ligfeadh sé luch as poll ná diabhal as ifreann. Bhí mé do mo chaidhleadh le báistigh, agus gan fiú is an cóta mór fhéin orm.
TUILLEADH (7) ▼
Dheamhan coisméig den bhealach nach raibh mé do mo chaidhleadh le sneachta, agus cén bhrí ach nár léir dhom troigh den bhóthar.
Fuair sé garbh inniu é muis. Bhí sé dhá chaidhleadh le sneachta ó d'fhága sé Gaillimh go dtáinig sé abhaile.
Is beag an dochar dhó a bheith sínte fhéin, má bhí sé dhá chaidhleadh le sneachta ar feadh an lae mar sin, agus gan foscadh ná dídean aige ach mar a bheadh lorg coise na bó ar an gcnagaire (fc. cnagaire)
Shoraidh dhíot nár fhan mar a bhí tú agus gan a dhul i gcleithiúnas thú a bheith do do chaidhleadh le sneachta mar sin. Ar ndóigh, ní chorródh aon fheithideach beo amach a leithide d'oíche.
Shíl mé go srianfainn abhaile é, ar chuma eicínt, ach théis cupla uair do mo chaidhleadh le báistigh, ba mhaith liom agam tigh Bh. N. Mh. Chaith mé cupla uair ann go dtáinig aiteall aige.
D'fhéadfá a rá go raibh muid i dteannta. Muid dhár gcaidhleadh le piléir agus le shellannaí agus gan dul ar ár n-aghaidh, ná ar ár gcúl againn! Agus gan a fhios cén pointe a bpléascfadh ceann acub sin agus a ndéanfadh sé smiodairíní de chéad againn in éindí.
'Is maith an bádóir a bhíonns ar an talamh,' adeir siad. B'fhéidir dhá mbeadh sé ansiúd, agus é dhá chaidhleadh le urchair, go mba bheag an mhaith é. Ní bhíonn aon chíos ar an gcaint.