Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

caidhleadh (29)

 
Bhí an fear thiar dhá chaidhleadh le clocha. Dheamhan d'fhaitíos a bhí air (aige) roimhe ina dhiaidh sin!
+
Chaith mé an oíche ag breathnú air ag caidhleadh (nó ag cadhladh) suas na bpínneachaí. 'Sé a chrap leis a raibh san imirt — bhí sé ag gnóthachtáil, agus é ag cur pínneachaí ina gcual i mullach a chéile.
TUILLEADH (23) ▼
Tá tú dhá gcaidhleadh dólom — tá tú ag gnóthachtáil phínneacha agus ag déanamh caidhlín díobh ar feadh an achair.
Déan na leithpínneachaí sin a chaidhleadh suas chugat fhéin ansin.
Chonaic mé thiar ansin thiar é (an gasúr) ar ball agus é ag caidhleadh suas chloch ina gcarnán — ag déanamh tithe beaga dhó fhéin mar dhóigh dhe!
Shíl mé gur dhúirt mé leat an mhóin sin a chaidhleadh suas i mullach a chéile agus gan í a fhágáil ina ciseach mar sin! Ach is beag an mhaith rud ar bith a rá leat. Tá tú ró-neamhairdiúil ar fad.
Bailigh a bhfuil de chlocha ar an gcúl sin agus déan iad a chaidhleadh suas in éindí anseo. Cuirfidh muid ar na leachtaí aríst iad nó tarlóidh muid amach ar an mbóthar le ciseogaí iad.
Níor mhór a bhfuil de chlocha sa ngarraí sin a phiocadh agus iad a chaidhleadh suas in áit eicínt as an mbealach más linn é a ligean amach chun féir i mbliana. Tá an draoi cloch air.
Séard ab fhearr dhuit a dhéanamh leis an mionús móna sin, í a chaidhleadh suas aisti fhéin in áit eicínt agus í a thabhairt abhaile sna cléibh nó i málaí.
Is fhearr dhuit a bhfuil de screacháin (creacháin) ar chuile iomaire a chaidhleadh suas le chéile ina gcarnáinín agus iad a thabhairt abhaile tráthnóna i gcléibh an asail.
B'fhearr duit na sclamhairí sin a chaidhleadh suas ina gcarnán agus bruithfidh muid do na muca iad.
Tá sé ag caidhleadh sneachta, báistí srl. — dá gcur go tréan; dá séideadh; dá gcur agus gaoth leo; ag rilleadh.
Cá mbeifeá ag dul? Nach bhfeiceann tú ag caidhleadh sneachta é.
Ní bheidh an oíche insheolta aríst anocht. Tá sé ag caidhleadh báistí mar a bheadh Dia dhá rá leis anois.
Go bhféacha Dia ar aon chréatúr atá amuigh anocht. Saothróidh siad é agus an chaoi a bhfuil sé ag caidhleadh sneachta.
Tabhair caidhleadh air! Tá ceann faoi ar an lá ar fad anois. Is millteach an aimsir í, ní ceasacht ar Dhia é!
Bhí mé do mo chaidhleadh le báistigh.
Ba é an lá ba mheasa é a chonaic mé ariamh. Ní ligfeadh sé luch as poll ná diabhal as ifreann. Bhí mé do mo chaidhleadh le báistigh, agus gan fiú is an cóta mór fhéin orm.
Dheamhan coisméig den bhealach nach raibh mé do mo chaidhleadh le sneachta, agus cén bhrí ach nár léir dhom troigh den bhóthar.
Fuair sé garbh inniu é muis. Bhí sé dhá chaidhleadh le sneachta ó d'fhága sé Gaillimh go dtáinig sé abhaile.
Is beag an dochar dhó a bheith sínte fhéin, má bhí sé dhá chaidhleadh le sneachta ar feadh an lae mar sin, agus gan foscadh ná dídean aige ach mar a bheadh lorg coise na bó ar an gcnagaire (fc. cnagaire)
Shoraidh dhíot nár fhan mar a bhí tú agus gan a dhul i gcleithiúnas thú a bheith do do chaidhleadh le sneachta mar sin. Ar ndóigh, ní chorródh aon fheithideach beo amach a leithide d'oíche.
Shíl mé go srianfainn abhaile é, ar chuma eicínt, ach théis cupla uair do mo chaidhleadh le báistigh, ba mhaith liom agam tigh Bh. N. Mh. Chaith mé cupla uair ann go dtáinig aiteall aige.
D'fhéadfá a rá go raibh muid i dteannta. Muid dhár gcaidhleadh le piléir agus le shellannaí agus gan dul ar ár n-aghaidh, ná ar ár gcúl againn! Agus gan a fhios cén pointe a bpléascfadh ceann acub sin agus a ndéanfadh sé smiodairíní de chéad againn in éindí.
'Is maith an bádóir a bhíonns ar an talamh,' adeir siad. B'fhéidir dhá mbeadh sé ansiúd, agus é dhá chaidhleadh le urchair, go mba bheag an mhaith é. Ní bhíonn aon chíos ar an gcaint.
 
D'ardaigh sé ina ghealstoirm agus muid leath cuain. Bhí muid dhár gcaidhleadh le farraige cháite, agus cuilíní bána ar an uisce i chuile áit. B'ait na bádóirí muid agus talamh a dhéanamh chor ar bith.
 
Is mór an mífhollántas a bheith do do chaidhleadh le deatach chuile phointe mar sin
 
dairt
Bhí mé ag teacht anoir as an oíche cheana agus ní fhaca tú aon ghábh ariamh mura ndeachaigh mé ann. Bhí a raibh de ghasúir uileag ar an mbaile faoi réir faoi mo chomhair ag bóithrín na bF. agus bhí mé do mo chaidhleadh le dairteacha acu, as sin anoir go dtí an gleann. Níor caitheadh cloch na méaróig liom gan doubt. Ó fuair mise an gó sin tharm, tiocfaidh uisce le fána aríst shula fheicfear mise aríst i mbaile Bh.
 
dubh 3
D'fhan siad thuas ansin go raibh an cheapach dubhaithe acu ainneoin go raibh siad dhá gcaidhleadh le sneachta. Dheamhan duine ar na mbaile nach raibh na bonnaíochaí le splainc aige, agus iadsan i muinín a gcroí agus a gcruite ag deargadh talúna